Bileoga eolais faoin Aontas Eorpach 

Cruthaíodh na Bileoga Eolais in 1979 do na chéad dírthoghcháin a bhí ann don Pharlaimint. Tá siad ceaptha léargas simplí, beacht agus gonta ar institiúidí agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh agus ar an ról atá ag an bParlaimint ina bhforbairt a thabhairt do dhaoine nach speisialtóirí iad.

Tá na Bileoga Eolais roinnte ina gcúig chaibidil

Conas a oibríonn an tAontas Eorpach – tugtar aghaidh ar fhorbairt stairiúil AE agus na conarthaí a glacadh i ndiaidh a chéile chomh maith le córas dlí, nósanna imeachta cinnteoireachta, institiúidí agus comhlachtaí, agus maoiniú AE.

An geilleagar, eolaíocht agus caighdeán saoil – mínítear na prionsabail a ghabhann leis an margadh inmheánach agus le cosaint an tomhaltóra agus leis an tsláinte phoiblí, cuirtear síos ar roinnt beartas de chuid AE, mar shampla beartais shóisialta, fostaíochta, thionsclaíocha, fuinnimh agus chomhshaoil, tugtar léargas ar chomhthéacs an aontais eacnamaíoch agus airgeadaíochta (AEA) agus mínítear conas a dhéantar beartais iomaíochta, chánach agus eacnamaíocha a chomhordú agus a ghrinnscrúdú.

Comhtháthú, fás agus poist – mínítear conas a thugann AE aghaidh ar a chuid beartas inmheánach éagsúil: an beartas réigiúnach agus comhtháthaithe, talmhaíocht agus iascach, iompar agus turasóireacht, agus cultúr, oideachas agus spórt.

Na saoránaigh: cearta bunúsacha, slándáil agus ceartas – déantar cur síos ar chearta aonair agus comhchoiteanna, lena n-áirítear iad siúd atá leagtha síos sa Chairt um Chearta Bunúsacha, agus saoirse, slándáil agus ceartas, lena n-áirítear inimirce agus tearmann, agus comhar breithiúnach.

Caidreamh seachtrach AE – cumhdaítear an beartas eachtrach, beartais slándála agus chosanta, an caidreamh trádála seachtrach, an beartas forbartha, cur chun cinn chearta an duine agus an daonlathais, an méadú, agus an caidreamh lasmuigh de chomharsanacht AE.

Dhréachtaigh na ranna beartais agus an tAonad Tacaíochta um Rialachas Eacnamaíoch na Bileoga Eolais agus tá siad ar fáil i 24 theanga. Déantar an leagan ar líne a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta i rith na bliana, a luaithe a ghlacann Parlaimint na hEorpa aon seasaimh nó beartais thábhachtacha.

fact-sheet Background    
 

Bileoga eolais faoin Aontas Eorpach

Má tá uait forléargas breá a fháil ar bheartais an AE agus ar ról na Parlaiminte sna beartais sin, seo túsphointe maith duit. Tá na bileoga eolais gonta ach fós tugtar léargas iomlán iontu agus déantar iad a nuashonrú go tráthrialta.

I gcás aon fhiosruithe, is féidir dul i teagmháil leis an Aonad um Chomhordú Ghníomhaíochtaí Eagarthóireachta agus Cumarsáide