Na hoifigí idirchaidrimh i do thír

Tá Oifigí Idirchaidrimh (EPLOnna) ag Parlaimint na hEorpa i bpríomhchathracha uile AE chomh maith le hoifigí réigiúnacha sna cúig Bhallstát is mó daonra, agus dhá oifig lasmuigh de AE (i Londain agus in Washington).

Tá Oifigí Idirchaidrimh Pharlaimint na hEorpa freagrach as gníomhaíochtaí cumarsáide institiúideacha a chur chun feidhme go háitiúil, agus é mar sprioc dheiridh acu cur le feasacht daoine maidir le tionchar Pharlaimint na hEorpa ar a saol laethúil, agus a rannpháirtíocht i bpróiseas daonlathach na hEorpa a chur chun cinn.

Faigh tuilleadh eolais faoi mhisean na n-oifigí idirchaidrimh

Oifigí ina labhraítear do theanga

lecheile.eu son an daonlathais

Is pobal é lecheile.eu de dhaoine a chreideann sa daonlathas agus ar mian leo fíorbhrí a thabhairt dó agus na chéad toghcháin Eorpacha eile ag druidim linn. Cláraigh anseo chun a bheith rannpháirteach— dá mhéad daoine a chaitheann vóta is ea is láidre a bheidh ár ndaonlathas!

Cuairt ar an bParlaimint

Tar go bhfeicfidh tú féin an chaoi a ndéantar dlí de thograí agus an áit a mbíonn cead cainte ag do FPE faoina bhfuil i ndán don Eoraip. Tá réimse gníomhartha is féidir a dhéanamh sa Bhruiséil agus in Strasbourg ionas go mbeidh rud éigin a oireann duitse ann, má thagann tú i d'aonar, leis an teaghlach nó i ngrúpa.

Cuardaigh d'Fheisire Cuardaigh d'Fheisire: Cuairt ar an bParlaimint

Bileoga eolais faoin Aontas Eorpach

Má tá uait forléargas breá a fháil ar bheartais an AE agus ar ról na Parlaiminte sna beartais sin, seo túsphointe maith duit. Tá na bileoga eolais gonta ach fós tugtar léargas iomlán iontu agus déantar iad a nuashonrú go tráthrialta.

Cuardaigh d'Fheisire Cuardaigh d'Fheisire: Bileoga eolais faoin Aontas Eorpach

Labhair amach

An bhfuil rud éigin le rá agat? Má tá, labhair amach! Déan achainí chuig an bParlaimint má cheapann tú go bhfuil sárú á dhéanamh ar dhlíthe AE i do thír féin nó déan teagmháil leis an Ombudsman Eorpach má tá idirghabhálaí ag teastáil uait. Is féidir leat freisin feachtas a thosú trí thionscnamh ó na saoránaigh a sheoladh chun dlíthe nua a ghlacadh go díreach.

Cuardaigh d'Fheisire Cuardaigh d'Fheisire: Labhair amach