Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa(EPRS) 

Seirbhís taighde inmheánach agus meitheal mhachnaimh Pharlaimint na hEorpa.

Is é an misean atá ag EPRS ná anailís neamhspleách, oibiachtúil agus údarásach ar shaincheisteanna beartais a bhaineann leis an Aontas Eorpach mar aon le taighde ar na nithe céanna a sholáthar d’Fheisirí Eorpacha – agus nuair is iomchuí, do choistí parlaiminteacha – chun cabhrú leo agus iad i mbun a gcuid oibre parlaiminte.

 Soláthraíonn EPRS réimse cuimsitheach táirgí agus seirbhísí, le tacaíocht ó shaineolas inmheánach speisialaithe agus ó fhoinsí eolais i ngach réimse beartais. Ar an gcaoi sin, déantar Feisirí agus coistí a chumhachtú trí eolas, agus cuirtear le héifeachtúlacht na Parlaiminte agus an tionchar a imríonn sí mar institiúid. Tacaíonn EPRS freisin le for-rochtain pharlaiminteach don phobal i gcoitinne agus cuireann sé chun cinn í.

TACAÍOCHT DO NA FEISIRÍ 

    

Taighde do na Feisirí

Táirgeann EPRS freisin réimse cuimsitheach foilseachán atá lán ábhair agus éasca le léamh atá dírithe ar na beartais, ar na saincheisteanna agus ar an reachtaíocht is tábhachtaí de chuid AE. Freagraíonn sí freisin iarrataí ar thaighde agus anailís ó Fheisirí Eorpacha agus a gcuid foirne.

An Traein Reachtach

Déanann uirlis bheochana Sceideal na Traenach Reachtaí faireachán ar dhul chun cinn na bpríomhchomhad reachtach i dtéarma cúig bliana na Parlaiminte reatha.

Reachtaíocht AE ag dul chun cinn

Déanann seisiúin faisnéise ‘Reachtaíocht AE ag dul chun cinn’ anailís ar dhul chun cinn na dtograí reachtacha suntasacha ar fad ag gach céim den nós imeachta reachtach.

Achoimrí ar Ábhair

Soláthraíonn achoimrí ar ábhair mear-rochtain ar na foilseacháin is ábhartha agus atá cothrom le dáta maidir le saincheisteanna beartais an Aontais Eorpaigh.

TACAÍOCHT DON TIMTHRIALL BEARTAIS 

Measúnú Tionchair agus Breisluach Eorpach

Sula ndéanann coistí parlaiminteacha tograí a phlé, soláthraíonn EPRS breithmheas tosaigh ar cháilíocht na measúnuithe tionchair ón gCoimisiún Eorpach. Déanann EPRS anailís freisin ar an tairbhe a d'fhéadfadh bheith ag baint le gníomhaíocht ón Aontas Eorpach amach anseo trí thuarascálacha maidir le 'Costas na Neamh-Eorpa’ sna réimsí beartais ina bhféadfadh comhghníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach dul chun tairbhe na saoránach.

Grinnscrúdú agus Formhaoirsiú ar an bhFeidhmeannas

Sula ndéanann Feisirí Eorpacha togra a phlé, soláthraíonn EPRS faisnéis ar chur chun feidhme agus éifeachtacht dhlíthe agus bheartais AE i gcleachtas. Déanann EPRS faireachán freisin ar an gComhairle Eorpach chun a chinntiú go bhfuil na gealltanais a thug sí ina cuid cruinnithe á gcur i gcrích. Chomh maith leis sin, déanann sé anailís ar fheidhmíocht na bhfreagrachtaí éagsúla atá uirthi, bíodh sin leagtha amach sa dlí nó ar bhonn comhaontuithe idir-rialtasacha.

Measúnú ar Roghanna Eolaíochta agus Teicneolaíochta

Déanann STOA (Measúnú ar Roghanna Eolaíochta agus Teicneolaíochta), a bhfuil painéal d’Fheisirí Eorpacha i gceannas air, measúnú eolaíoch agus teicneolaíoch agus anailís ar shaincheisteanna beartais agus treochtaí atá ag teacht chun cinn.

Anailís ar Threochtaí Domhanda

Déanann EPRS treochtaí fadtéarmacha agus meántéarmacha domhanda, a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an Aontas Eorpach, a aithint, a rianú agus a anailísiú.

    

AN LEABHARLANN

Bunaíodh an leabharlann in 1953. Feidhmíonn sí sa Bhruiséil, i Lucsamburg agus in Strasbourg. Soláthraíonn sí nuachtáin, irisí, leabhair agus ríomhleabhair, leabharlann dlí comparáideach agus cartlann stairiúil don Pharlaimint.

    

Fiosrúcháin ó Shaoránaigh

Ar mhaith leat tuilleadh eolais a fháil faoi ghníomhaíochtaí na Parlaiminte nó faoi shaincheisteanna AE? Tá gach saoránach de AE i dteideal iarratas ar fhaisnéis a sheoladh isteach.