Slándáil agus Cead isteach 

Nuair atá breis agus 7,000 duine ag obair ar áitribh Pharlaimint na hEorpa agus fáilte á cur roimh níos mó ná 500,000 cuairteoir ag an bParlaimint gach bliain, tá ról riachtanach le cúrsaí slándála maidir lena chinntiú go ritheann an institiúid mar is ceart.

Dá réir sin, cosnaíonn Parlaimint na Eorpa - an t-aon institiúid den Aontas Eorpach a thoghtar trí vótáil chomhchoiteann - daoine agus maoin sna foirgnimh atá aici, agus cuireann sí fáilte chuí roimh na cuairteoirí uile. Déantar é seo tríd an gcothromaíocht cheart a bhaint amach idir leibhéal leormhaith slándála agus meon oscailte traidisiúnta.

Ós rud é go bhfuil sé riachtanach sonraí pearsanta a bhailiú agus a phróiseáil chun a cuid cúraimí a chomhlíonadh go héifeachtach, cuireann Parlaimint na hEorpa béim láidir ar an gceart chun príobháideachta agus oibríonn sí gan stad chun a chinntiú go gcomhlíontar an reachtaíocht atá i bhfeidhm maidir le sonraí pearsanta.

Cosaint sonraí

Próiseálann Parlaimint na hEorpa na sonraí pearsanta a iarrtar ó Fheisirí Pharlaimint na hEorpa (FPE), ón bhfoireann, ó chonraitheoirí, ó chuairteoirí agus ó chomhpháirtithe inmheánacha/seachtracha chun na gcríoch seo a leanas:

  • Rochtain ar áitreabh na Parlaiminte a dheonú;
  • Rochtain ar áitreabh na Parlaiminte a rialú;
  • Imscrúdú a dhéanamh ar theagmhais slándála, fiosrúcháin slándála agus imscrúduithe tánaisteacha; meastóireacht a dhéanamh ar bhagairtí, agus anailís a dhéanamh ar rioscaí do Pharlaimint na hEorpa.

    Físfhaireachas

    Tá córas físfhaireachais ar siúl ag Parlaimint na hEorpa, i mbun monatóireachta ar na hárais agus ar an imlíne. Is chun críocha sábháilteachta agus slándála amháin a úsáidtear an córas. I gcomhréir le treoirlínte ón Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí, tá Beartas Físfhaireachais ag Parlaimint na hEorpa ina leagtar amach tréithe ábhartha uile an chórais, chomh maith le heolas maidir le cosaint sonraí agus sonraí teagmhála. 

    Is féidir leat dul i gcomhairle anseo:

    Contact: