Trédhearcacht agus eitic 

Cuireann trédhearcacht i gcóras daonlathach ar chumas daoine páirt a ghlacadh sa phróiseas cinnteoireachta ar bhealach níos éasca. Ní féidir leis na hinstitiúidí níos mó dlisteanachta ná éifeachtachta a bheith acu ach a fhad agus a bheidh siad cuntasach go hiomlán do shaoránaigh.

Ós institiúid í a dhéanann ionadaíocht ar shaoránaigh AE uile, tá Parlaimint na hEorpa tar éis raon leathan bearta trédhearcachta a chur i bhfeidhm cheana féin agus tá sí tiomanta do níos mó dul chun cinn a dhéanamh sa réimse sin.

I gcomhréir le tiomantas na Parlaiminte don trédhearcacht, is é is aidhm do na huirlisí trédhearcachta go léir a ndéantar cur síos orthu ar an leathanach seo ná grinnscrúdú ar ghníomhaíochtaí na Parlaimint a éascú do dhaoine, go háirithe ar a cuid oibre reachtaí.

    

Rochtain phoiblí ar dhoiciméid

cearta rochtana ar dhoiciméid na Parlaiminte ag daoine, faoi réir na bprionsabal agus na gcoinníollacha a shainmhínítear i Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001.

    

Grúpaí stocaireachta agus an trédhearcacht

Tá saoránaigh na hEorpa i dteideal gníomhaíochtaí na n-institiúidí a leanúint go dlúth agus a fhíorú go bhfuil gníomhaíochtaí stocaireachta cothrom agus cóir.

    

Rialacha iompraíochta iomchuí

Is féidir le daoine a bheith ag súil leis na caighdeáin iompraíochta agus éifeachtúlachta is airde, i gcomhréir le prionsabail an dea-rialacháin agus an dea-rialachais.

    

Liúntas caiteachais ghinearálta

Is féidir leis na Feisirí faisnéis a fhoilsiú ar an mbealach a gcaitheann siad an liúntas caiteachais ghinearálta.

D'fhonn an dea-rialachas a chur chun cinn agus rannpháirtíocht na sochaí sibhialta a áirithiú, seolfaidh institiúidí, comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí an Aontais a gcuid oibre ar dhóigh chomh hoscailte agus is féidir.

(Airteagal 15 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh)