Grúpaí stocaireachta agus an trédhearcacht 

Tá Parlaimint na hEorpa tiomanta don trédhearcacht agus don eitic a chur chun cinn a mhéid a bhaineann le gníomhaíochtaí stocaireachta. I gcomhair le Comhairle an Aontais Eorpaigh agus leis an gCoimisiún Eorpach, baineann sí úsáid as clár coiteann trédhearcachta chun maoirseacht a dhéanamh ar ghníomhaíochtaí ionadaithe sainleasa. Foilsíonn Feisirí de Pharlaimint na hEorpa freisin faisnéis faoin teagmháil atá acu le grúpaí stocaireachta.

Is bunachar sonraí ar líne é an Clár Trédhearcachta ina liostaítear na grúpaí agus na heagraíochtaí a dhéanann iarracht tionchar a imirt ar cheapadh nó ar chur chun feidhme bheartas agus reachtaíocht an Aontais. Tá sé deartha chun léiriú a thabhairt ar na leasanna a ndéantar ionadaíocht orthu ar leibhéal an Aontais agus orthu siúd a ndéantar an ionadaíocht sin thar a gceann, chomh maith leis na hacmhainní airgeadais agus daonna atá tiomnaithe do na gníomhaíochtaí sin.

Cén fáth a bhfuil an t-idirphlé idir institiúidí AE agus grúpaí stocaireachta tábhachtach?

Bíonn institiúidí AE ag idirghníomhú le raon leathan grúpaí agus eagraíochtaí a dhéanann ionadaíocht ar shainleasanna agus a ghabhann de ghníomhaíochtaí stocaireachta. Cuid dhlisteanach agus riachtanach den phróiseas cinnteoireachta is ea déanamh deimhin de go léirítear fíor-riachtanais na ndaoine le beartais AE.

Is féidir le gach cineál ionadaí sainleasa, eolas agus saineolas sonrach a chur ar fáil don Pharlaimint i réimsí iomadúla eacnamaíocha, sóisialta, comhshaoil agus eolaíochta. Is féidir leo ról lárnach a bheith acu san idirphlé oscailte, iolraíoch ar a bhfuil an córas daonlathach bunaithe.

Foráiltear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach creat don chaidreamh trédhearcach agus eiticiúil idir na hinstitiúidí Eorpacha agus ceannairí polaitiúla na hEorpa, ar thaobh amháin, agus idir an tsochaí shibhialta agus comhlachais ionadaíocha, ar an taobh eile, agus féachann sé leis an gcaidreamh sin a chothú.

Tabharfaidh na hinstitiúidí do shaoránaigh agus do chomhlachais ionadaíocha, trí bhealaí iomchuí, an deis a gcuid tuairimí a chur in iúl agus iad a mhalartú go poiblí i ngach réimse de ghníomhaíocht an Aontais; anuas air sin, coimeádfaidh na hinstitiúidí agallamh oscailte, trédhearcach, tráthrialta ar siúl le comhlachais ionadaíocha agus leis an tsochaí shibhialta.

(Airteagal 11 den Chonradh ar an Aontas Eorpach)

An Clár Trédhearcachta

Comhchlár Trédhearcachta ag Parlaimint na hEorpa, ag Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ag an gCoimisiún Eorpach chun a léiriú go bhfuil siad tiomanta do bheith oscailte agus trédhearcach.

Leis an gClár Trédhearcachta tá sé níos éasca do dhaoine faisnéis a fháil faoi ghníomhaíochtaí ionadaíochta sainleasa a bhíonn ar siúl i leith institiúidí AE, mar aon le sonraí staidrimh faoi na páirtithe cláraithe uile.

Iarrtar ar gach ionadaí sainleasa clárú go deonach má thugann siad faoi ghníomhaíochtaí atá ceaptha chun tionchar a imirt go díreach nó go hindíreach ar cheapadh beartas, ar chur chun feidhme beartas agus ar chinnteoireacht in institiúidí AE. Mar sin féin, tá rialacha i bhfeidhm ag gach institiúid chun an creat a neartú, trí chlárú a bheith ina réamhchoinníoll chun gníomhaíochtaí ionadaíochta sainleasa áirithe a dhéanamh. Anuas air sin, ní foláir do gach cláraí cloí leis an gCód Iompair do chláraithe. Is féidir na rialacha ábhartha agus bearta trédhearcachta eile gach institiúide a sheiceáil ar an leathanach seo.

Mar shampla, tá clárú éigeantach chun suaitheantas rochtana a iarraidh ar Pharlaimint na hEorpa. Is ar líne amháin is féidir le hionadaithe sainleasa cláraithe rochtain den sórt sin a iarraidh.

Chomh maith leis sin, ní fhéadfar cuireadh a thabhairt ach d’ionadaithe sainleasa cláraithe amháin mar chainteoirí chuig éisteachtaí poiblí coistí agus tacú le gníomhaíochtaí idirghrúpaí agus grúpálacha neamhoifigiúla FPEnna agus iad a bheith rannpháirteach iontu. Áirithítear le bearta comhlántacha gur féidir le cláraithe na nithe seo a leanas a dhéanamh go héasca: clárú chun foláirimh faisnéise a fháil faoi ghnó an choiste, comh-óstáil a dhéanamh ar imeachtaí agus pátrúnacht a lorg ón Uachtarán.

Leagtar amach sa Chomhaontú Idirinstitiúideach maidir le Clár Trédhearcachta sainordaitheach, agus sa ráiteas polaitiúil a ghabhann leis, cad iad na gníomhaíochtaí ionadaíochta sainleasa nó gníomhaíochtaí stocaireachta a chumhdaítear, an cineál faisnéise a bhfuiltear ag súil leis ó chláraithe, cód iompair do chláraithe agus nós imeachta maidir le gearáin a dhéanamh faoi eagraíochtaí cláraithe.

Déanann Parlaimint na hEorpa, Comhairle an Aontais Eorpaigh agus an Coimisiún Eorpach an Clár Trédhearcachta a oibriú go comhpháirteach. Déanann Ardrúnaithe na dtrí institiúid cur chun feidhme an chomhaontaithe a rialú trí Bhord Bainistíochta agus déanann Comhrúnaíocht ina bhfuil oifigigh ó gach ceann de na trí institiúid oibríochtaí laethúla an chláir a bhainistiú. Is féidir leat na tuarascálacha bliantúla a léamh anseo:

Is féidir leat léamh faoin gcaibidlíocht idir an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún as ar tháinig an comhaontú idirinstitiúideach seo ar an leathanach tiomnaithe seo.

Trédhearcacht maidir le teagmhálacha le grúpaí stocaireachta agus le hionadaithe ó thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad

Foilsiú na gcruinnithe sceidealaithe

Ceanglaítear ar na Feisirí uile faisnéis a fhoilsiú ar líne maidir lena gcruinnithe sceidealaithe le hionadaithe sainleasa a thagann faoi raon feidhme an chomhaontaithe idirinstitiúidigh maidir leis an gclár trédhearcachta agus le hionadaithe údarás poiblí de chuid tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.

Ciallaíonn sé sin aon chruinniú a bhaineann le gnó parlaiminteach (tuarascáil, tuairim, rún, díospóireacht iomlánach nó phráinne) a reáchtáiltear chun tionchar a imirt ar phróiseas ceaptha beartais nó cinnteoireachta na n-institiúidí Eorpacha, bíodh sé i bpearsa nó go cianda.

Tá foilsiú cruinnithe den sórt sin éigeantach do na Feisirí go léir, gan beann ar cibé an bhfreastalaíonn siad go pearsanta ar an gcruinniú nó an seolann siad a gcuid cúntóirí parlaiminteacha thar a gceann.

Foilsítear an fhaisnéis ar chruinnithe ar leathanaigh phróifíle na bhFeisirí.

Tuilleadh faisnéise:  Cód Iompair d’Fheisirí Pharlaimint na hEorpa maidir le macántacht agus trédhearcacht: Airteagal 7 - Foilsiú na gCruinnithe.

Dearbhú ionchuir

Ceanglaítear ar rapóirtéirí agus rapóirtéirí don tuairim na heintitis nó na daoine óna bhfuair siad ionchur maidir le cúrsaí a bhaineann leis an ábhar i dtrácht a liostú in iarscríbhinn a ghabhann lena dtuarascálacha nó lena dtuairimí.

Is féidir le liosta den sórt sin raon an tsaineolais sheachtraigh agus na rannchuidithe seachtrach a d’iarr an rapóirtéir, a ghlac sé nó, go pointe áirithe, a chuir sé san áireamh a léiriú. Tar éis a ghlactha i gcoiste, foilsítear an liosta ansin in éineacht leis an tuarascáil agus tugtar léargas do dhaoine leis fúthu sin óna bhfuair an rapóirtéir ionchur sula gcuirtear tús leis an vótáil chríochnaitheach ag an bParlaimint ina hiomláine.

Tá sé neamhspleách ó fhoilsiú na gcruinnithe le hionadaithe sainleasa, ach is féidir le Rapóirtéirí úsáid a bhaint as chun a ndearbhuithe maidir le cruinnithe le hionadaithe sainleasa a chomhlánú.

Dearbhú tacaíochta d’idirghrúpaí agus do ghrúpálacha neamhoifigiúla eile

Is grúpálacha neamhoifigiúla iad idirghrúpaí atá curtha ar bun ag comhaltaí aonair chun críche malartaithe tuairime neamhfhoirmiúla a reáchtáil ar shaincheisteanna sonracha agus chun teagmhálacha idir na Feisirí agus an tsochaí shibhialta a chur chun cinn.

Ní fhéadfaidh ach grúpaí stocaireachta atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí a eagraíonn idirghrúpaí nó grúpálacha neamhoifigiúla eile ar áitribh na Parlaiminte trí thacaíocht a thairiscint dóibh, nó trína n-imeachtaí a chomh-óstáil.

Ní foláir do chathaoirligh na n-idirghrúpaí dearbhú bliantúil ar aon tacaíocht a fhaightear a dhéanamh, bíodh sin in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil (e.g. cúnamh rúnaíochta) agus ní foláir dóibh é a nuashonrú go bliantúil. Is féidir rochtain a fháil ar na dearbhuithe sin ar fad agus ar liosta comhaltaí gach idirghrúpa ag an nasc thíos (féach ‘Tuilleadh faisnéise’).

Ceanglaítear ar chomhaltaí grúpálacha neamhoifigiúla freisin aon tacaíocht a fhaightear thar ceann grúpáil neamhoifigiúil, bíodh sin in airgead tirim nó tacaíocht chomhchineáil, a dhearbhú ina ndearbhú maidir le leasanna príobháideacha faoi dheireadh na míosa ina dhiaidh sin.

Tuilleadh faisnéise:  Rialacha Nós Imeachta:Riail 35 - Idirghrúpaí agus Riail 35a - Grúpálacha neamhoifigiúla; Idirghrúpaí i bParlaimint na hEorpa.

Idirghníomhú na foirne le hionadaithe sainleasa

Ceanglaítear ar bhaill foirne na Parlaiminte, agus go deimhin ar státseirbhísigh uile AE, a neamhspleáchas gairmiúil agus pearsanta a choimeád.

Ní foláir dóibh gníomhú ar bhealach atá comhsheasmhach le neamhspleáchas a seasamh agus le prionsabal an ionracais, de réir mar a leagtar síos é sna rialacháin foirne.

Chuige sin, tá roinnt moltaí Praiticiúla ann d’oifigigh phoiblí i dtaobh idirghníomhú le hionadaithe sainleasa.