Oibrigh linn 

An bhfuil tú spreagtha ag an deis atá ann tacú go díreach le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa atá tofa go díreach, agus Eoraip níos síochánta, níos sábháilte, níos rathúla agus níos inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de á tógáil acu?

An bhfuil tú ag iarraidh páirt a ghlacadh in eagraíocht dhinimiciúil, chuimsitheach agus ilteangach a chuireann réimse leathan de dheiseanna gairme agus forbartha ar fáil?

Má tá, d’fhéadfadh sé gur post i bParlaimint na hEorpa é an post is ceart duitse!

    

Cén fáth Parlaimint na hEorpa

Ar mhaith leat a bheith ag obair don Aontas Eorpach? Faigh amach cén fáth gur áit iontach oibre í Parlaimint na hEorpa.

    

Conas iarratas a dhéanamh

Fostaíonn an Pharlaimint timpeall 8,000 oifigeach agus ball foirne eile ar fud na hEorpa. Léigh faoin gcaoi ar féidir leat a bheith i d’oifigeach de chuid AE nó post a fháil i gcáil eile.

    

Tréimhsí Oiliúna

Tairgeann an Pharlaimint deiseanna mar oiliúnaithe i réimsí éagsúla do dhaoine ar mhian leo cur lena gcuid eolais ar an Aontas agus ar an mbealach a bhfeidhmíonn sé. Faigh amach na mionsonraí ar fad agus conas iarratas a dhéanamh.

    

Cuairteanna staidéir

Agus tú ar chuairt staidéir, is féidir leat taighde a dhéanamh ar feadh suas le dhá mhí ar ábhair a bhaineann le AE.