Cuairteanna staidéir 

Cuireann Parlaimint na hEorpa dhá chineál Cuairteanna Staidéir ar fáil: Cuairteanna Staidéir chun Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa agus Cuairteanna Staidéir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa.

Cuairteanna staidéir chuig an Ardrúnaíocht

Tá na cuairteanna staidéir seo ceaptha deiseanna a thabhairt do shaoránaigh, ó na náisiúin uile, atá os cionn 18 mbliana d’aois, staidéar níos doimhne a dhéanamh ar ábhair shonracha a bhaineann le lánpháirtiú na hEorpa. Chomh maith leis sin, tá an fhéidearthacht ann taighde a dhéanamh i leabharlann nó i gcartlanna stairiúla Pharlaimint na hEorpa.

Maireann cuairt staidéir ar feadh uastréimhse dhá mhí. Ní mór d’aon duine a bhfuil cuairt staidéir, tréimhse oiliúna nó conradh fostaíochta i bParlaimint na hEorpa curtha i gcrích cheana aige, fanacht sé mhí roimh iarratas a dhéanamh. Ar an gcaoi chéanna, ní mór d’iarrthóir a bhfuil cuairt staidéir curtha i gcrích aige, fanacht sé mhí roimh iarratas a dhéanamh ar thréimhse oiliúna.

Ba chóir iarratais ar chuairt staidéir a dhéanamh chuig PERS-Studyvisit@ep.europa.eu aon mhí amháin ar a laghad roimh lá tosaithe beartaithe na cuairte, trí na doiciméid seo a leanas a sheoladh:

  1. ráiteas pearsanta ina mbeidh faisnéis mhionsonraithe faoin ábhar ar leith a bhaineann le lánpháirtiú na hEorpa, ar mhian leis an iarrthóir staidéar a dhéanamh air le linn na cuairte, na modhanna ar mhian leis/léi a úsáid (féachaint ar dhoiciméid i leabharlanna nó i gcartlanna na hInstitiúide nó teagmhálacha le hoifigigh speisialaithe) agus na dátaí sonracha ar lena linn ba mhian leis/léi an chuairt staidéir a dhéanamh. Ba chóir don iarrthóir a chur in iúl cén ardstiúrthóireacht agus stiúrthóireacht go baileach ar mhaith leis/léi cuairt staidéir a dhéanamh ann. Is féidir teacht ar eagraghram Ardrúnaíocht Pharlaimint na hEorpa tríd an nasc seo a leanas: organisation.
  2. curriculum vitae (ina bhfuil seoladh poist, don riaracháin).
  3. cóip de do chárta aitheantais bhailí nó do phas.
  4. teastas um thaifead coiriúil nó, faoi réir chomhaontú roimh ré an údaráis inniúil, litir thagartha atá eisithe ag institiúid oideachasúil nó ag fostóir, lena bhfianaítear a dhea-iompar/dea-iompar ina dtagraítear don tréimhse staidéir nó fostaíochta a rinne an t-iarrthóir le linn an dá mhí dhéag roimh an t-iarratas a chur isteach.

A luaithe a bheidh sé faighte amach an féidir leis na ranna nó comhlachtaí de chuid Pharlaimint na hEorpa glacadh  leis an gcuairteoir staidéir, cuirfear in iúl don iarrthóir ar glacadh leis an bhfoirm iarratais.

I gcomhréir leis na rialacha atá i bhfeidhm, ní sheasfaidh Parlaimint na hEorpa costais de chineál ar bith tabhaithe ag cuairteoirí staidéir.

Contact: 

  • Parlaimint na hEorpa - Cuairteanna Staidéir chuig an Ardrúnaíócht 
    Contact data:  
    • Address:

      Chun tuilleadh eolais a fháil nó clárú le haghaidh cuairt staidéir, ba cheart duit teagmháil a dhéanamh le:

    • PERS-Studyvisit@ep.europa.eu 

Cuairteanna staidéir le Feisire de Pharlaimint na hEorpa

Féadfaidh Feisirí deiseanna a thairiscint chun staidéar mionsonraithe a dhéanamh ar ábhair a bhaineann leis an Aontas Eorpach trí thréimhse a chaitheamh in oifig an Fheisire sa Bhruiséil nó in Strasbourg (is féidir gur in Strasbourg a bheadh an cuairteoir lonnaithe i gcás Feisirí a úsáideann a n-oifigí ansin ar bhonn buan). Is é an uastréimhse do chuairt staidéir ná sé seachtaine agus is féidir le cuairteoirí staidéir dul ar misean chuig ionad oibre eile de chuid Pharlaimint na hEorpa (an Bhruiséil nó Strasbourg) freisin.

Chun cur isteach ar cuairt staidéir le Feisire de Pharlaimint na hEorpa, déan iarratas go díreach le do rogha Feisire le do thoil. Is féidir leat liosta Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus a gcuid sonraí teagmhála le fáil anseo.

Ní mór do chuairteoirí staidéir le Feisirí na coinníollacha seo a leanas a chomhlíonadh:

  •  sáreolas a bheith acu ar cheann amháin de theangacha oifigiúla an AE;
  • gan a bheith ceangailte i gconradh fostaíochta ná i ngaol oibre conarthach ar bith le linn a gcuairte staidéir;
  • gan post a bheith acu roimhse seo mar chúntóir parlaiminte  Feisire; agus
  • mura saoránaigh AE iad, ni mór dóibh  ceanglais chónaitheachta agus fostaíochta an Bhallstáit óstaigh a chomhlíonadh sula dtagann siad isteach sa tír chuig a sannfar iad agus do thréimhse iomlán na  cuairte staidéir.

Iarrtar ar gach cuairteor staidéir le Feisire na nithe seo a leanas a chur ar fáil:

  • cóip scanta de phas bailí nó cárta aitheantais náisiúnta;
  • curriculum vitae nuashonraithe; agus
  • ráiteas pearsanta ina sonraítear cén Feisire lena bhfuil siad ag iarraidh taithí oibre a fháil chomh maith leis an gcuspóir agus tréimhse iarrtha na cuairte.

Ní bhfaighidh rannpháirtithe i gcuairteanna staidéir aon liúntas de chineál ar bith. Ar iarratas ón bhFeisire lena mbaineann , d’fhéadfaí cúiteamh airgeadais aon uaire a dheonú don chuairteoir staidéir a bheadh comhréireach le fad na cuairte. : Ní fhéadfaidh méid iomlán an chúitimh don uastréimhse a bheith níos mó ná EUR 1510.

Contact: 

  • Parlaimint na hEorpa-Cuairteanna staidéir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa 
    Contact data: