Cúrsaí Oiliúna i bParlaimint na hEorpa 

Tairgeann Parlaimint na hEorpa dhá chineál cúrsa oiliúna: Cúrsaí oiliúna san Ardrúnaíocht (cúrsaí oiliúna Schuman) agus Cúrsaí Oiliúna le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa

Cúrsaí oiliúna san Ardrúnaíocht – Cúrsaí Oiliúna Schuman

Tá íocaíocht ag gabháil le cúrsaí oiliúna Schuman agus is féidir iad a dhéanamh ag ceann d’áiteanna oifigiúla oibre Pharlaimint na hEorpa – an Bhruiséil, Lucsamburg agus Strasbourg – nó ina hOifigí Idirchaidrimh sna Ballstáit.

Ainmníodh na cúrsaí oiliúna as Robert Schuman, duine de phríomhailtirí thionscadal lánpháirtíochta na hEorpa, agus é freagrach as breis agus 70 bliain de shíocháin agus de rathúnas san Eoraip. Mhol sé go ndéanfaí comhthiomsú ar tháirgeadh guail agus cruach na Fraince agus na Gearmáine as a dtiocfadh an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Cruach, arbh as ar fhás agus ar tháinig an tAontas Eorpach. 

  • Cuirfidh cúrsa oiliúna Schuman feabhas ar do chuid oideachais agus ar do chuid gairmoiliúna. Tabharfaidh sé léargas duit ar an obair a dhéanann institiúidí AE agus ar obair Pharlaimint na hEorpa, fóram ríthábhachtach do chinnteoireacht agus do dhíospóireacht pholaitiúil ar leibhéal AE.

    Is féidir cúrsaí oiliúna Schuman a ghabháil de láimh i raon leathan réimsí, amhail beartais inmheánacha agus sheachtracha AE, airgeadas, an dlí, ilteangachas, riarachán, bonneagar agus lóistíocht, cumarsáid nó TF.

    Is fostóir comhionannais deiseanna í Parlaimint na hEorpa; Tugtar spreagadh d’iarrthóirí iarratas a dhéanamh gan beann ar inscne, ar ghnéaschlaonadh, ar chultúr, ar chúlraí eitneacha agus reiligiúnacha nó ar mhíchumas, agus tá cóiríocht réasúnta ar fáil do na hiarrthóirí faoi mhíchumas a n-éiríonn leo, i gcás go mbeadh gá acu leis.

    Mar chuid de thiomantas na Parlaiminte i leith onóir a thabhairt do na hiriseoirí a maraíodh le linn fheidhmiú a gcuid oibre, tairgeann Ard-Stiúrthóireacht na Cumarsáide roinnt cúrsaí oiliúna Schuman i gcuimhne Ján Kuciak, an t-iriseoir iniúchach as an tSlóivéin a dúnmharaíodh i mí Feabhra 2018.

Cén duine ar féidir liom dul i dteagmháil leis?

Téigh i dteagmháil linn le haghaidh aon fhaisnéis bhreise faoi chúrsaí oiliúna Schuman:

Contact: 

Cúrsaí Oiliúna le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa

Is féidir le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa cúrsaí oiliúna íoctha a thairiscint ag a n-oifigí in áitribh Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil (nó in Strasbourg), bunaithe ar chomhaontú le Parlaimint na hEorpa.

Cén duine ar féidir liom dul i dteagmháil leis?

Téigh i dteagmháil linn le haghaidh aon fhaisnéis bhreise faoi shealanna oiliúna le Feisirí Pharlaimint na hEorpa:

Contact: 



Sealanna Oiliúna in Institiúidí Eorpacha eile

Is féidir leat fáil amach faoi na scéimeanna oiliúna de na hinstitiúidí AE eile anseo