Focal Fáilte

Presentation of the Subcommittee on Human Rights by its Chair Pier Antonio Panzeri.
Interview with Pier Antonio Panzeri - DROI chair © European Parliament
Fáilte chuig an bhFochoiste um Chearta an Duine (DROI) de Pharlaimint na hEorpa.

Áirítear ar phríomhimeachtaí an Fhochoiste na hábhair go léir a bhaineann le cearta an duine, le cosaint mionlach agus le cur chun cinn luachanna daonlathacha, cé go gclúdaíonn a shainchúram geografach tíortha lasmuigh d''AE.

Ar phríomhimeachtaí DROI tá a áirithiú go bhfuil cearta an duine ar thús cadhnaíochta bheartas eachtrach na hEorpa agus go bhfuil cearta an duine á bpríomhshruthú sna réimsí uile beartais.

Buaicphointe amháin dár gcuid oibre is ea Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta a dhámhtar ar dhaoine aonair nó ar eagraíochtaí a chomhraiceann ar son chearta an duine. Is é is aidhm dúinn freisin freagairt do sháruithe ar chearta an duine ar fud an domhain chomh tapa agus is féidir trí ghuth a thabhairt do na daoine is mó a bhíonn buailte leis an sáruithe sin.

Is mór againn ionchur agus faisnéis atá cothrom le dáta a fháil ó chosantóirí ar chearta an duine, ó shaoránaigh agus ó ENRanna agus bainimid úsáid as an ionchur agus as an bhfaisnéis sin. Déantar sruthú gréasáin ar ár gcruinnithe agus is féidir féachaint orthu ar líne. Is trí láithreán gréasáin an Choiste um Ghnóthaí Eachtracha (AFET) amháin go fóill atá rochtain ar na (dréacht-)tuarascálacha, na leasuithe agus na tuairimí arna dtarraingt suas ag DROI ós rud é go dtarlaíonn an vótáil chríochnaitheach in AFET.

Lean sinn ar Facebook agus ar Twitter@EP_HumanRights.