Focal Fáilte

Presentation of the Committee on International Trade by its Chair Bernd Lange.
Interview with Bernd Lange - INTA chair © European Parliament
Fáilte romhat go dtí láithreán gréasáin an Choiste um Thrádáil Idirnáisiúnta (INTA).

Ar an láithreán gréasáin seo gheobhaidh tú cláir oibre agus doiciméid oibre an Choiste, mar aon le faisnéis bhreise amhail nuachtlitreacha INTA, mionsonraí ar na tuarascálacha atá idir lámha agus éisteachtaí.

Ó cuireadh Conradh Liospóin chun feidhme, tá ról cinntitheach ag Parlaimint na hEorpa i sainiú bheartas trádála an Aontais agus is féidir breathnú ar obair na Parlaiminte ina leith sin mar a bheadh coinsias daonlathach an Aontais ann. Tá tábhacht ar leith ag baint leis seo ós rud é gur le comhaontú Pharlaimint na hEorpa amháin is féidir reachtaíocht trádála agus comhaontuithe trádála idirnáisiúnta a chur chun feidhme.

Tá súil agam go mbeidh an láithreán gréasáin seo mar fhoinse faisnéise agus uirlis taighde éifeachtach a chuideoidh le saoránaigh na hEorpa tuiscint níos fearr a fháil ar obair agus imeachtaí INTA, mar aon le beartas trádála an Aontais i gcoitinne.

Go raibh maith agat as do chuairt. Má tá aon cheist eile agat maidir le hobair an Choiste déan teagmháil leis an Rúnaíocht, le do thoil.