Focal Fáilte

Presentation of the Committee on Regional Development by its Chair Iskra Mihaylova.
Interview with Iskra Mihaylova - REGI chair © European Parliament
Fáilte go láithreán gréasáin an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach (REGI), ar a bhfuilim i mo Chathaoirleach.

Tá Coiste REGI freagrach laistigh de Pharlaimint na hEorpa as forbairt agus comhtháthú beartas réigiúnach an Aontais, mar a leagtar amach sna Conarthaí: tá 43 chomhalta aige. Tá an Cathaoirleach freagrach as bainistiú gach gné d''obair an Choiste: tá tacaíocht aici ó cheithre Leas-Chathaoirleach.

Oibríonn an Coiste go dlúth leis an gComhairle, leis an gCoimisiún Eorpach, le Coiste na Réigiún, le heagraíochtaí comhair idir-réigiúnacha, le húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, chun an creat reachtach d''fhorbairt réigiúnach agus do bheartas comhtháthaithe, lena n-áirítear an ghné uirbeach a mhúnlú. Is gléas infheistíochta cumhachtach maoiniú comhtháthaithe a chuireann le fostaíocht agus fás san Eoraip. Beidh sé ar cheann de na príomhionstraimí a bheidh ar fáil don Aontas agus do na Ballstáit chun geilleagar na hEorpa a athbeochan sa tréimhse 2014-2020 agus ina dhiaidh. Dá bhrí sin, tá tacaíocht pharlaiminteach le cur chun feidhme beartais chomhtháthaithe, agus ar a mhionscrúdú, agus a thionchar foriomlán araon tábhachtach.

Tá ról soiléiraitheanta i mbeartas comhtháthaithe do chathracha mar mheán fáis agus post. Tugann seo rannpháirtíocht le tuiscint ag leibhéal Eorpach i ndéanamh beartais uirbigh: baineann sé le dealramh mar tá beartas comhtháthaithe ar cheann de na príomhuirlisí chun go mbeidh cathracha Eorpacha níos iomaíche.

Ar deireadh, tá sé tábhachtach chun sineirgíocht agus comhlántacht an bheartais réigiúnaigh le beartais eile an Aontais a mhéadú, d''fhonn an infheistíocht is éifeachtaí agus is éifeachtúla a áirithiú d''airgead poiblí.

Nuashonraítear ár láithreán gréasáin go rialta agus soláthraíonn sé faisnéis a chabhróidh leat ár saothar a leanúint: cláir oibre cruinnithe, sruthú gréasáin beo ar ár gcruinnithe, gach dréacht-tuarascáil, tuairim, leasuithe orthu, agus i bhfad níos mó. Tá súil agam go mbeidh sé úsáideach duit.


Iskra Mihaylova
Cathaoirleach an Choiste um Fhorbairt Réigiúnach