Focal Fáilte

Presentation of the Committee on Transport and Tourism by its Chair Karima Delli.
Interview with Karima Delli - TRAN chair © European Parliament
Fáilte go dtí suíomh gréasáin an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht i bParlaimint na hEorpa.

Is libhse an suíomh seo. Anseo, aimseoidh sibh in aon áit amháin an fhaisnéis a bhaineann lenár gcuid oibre agus lenár ngníomhaíochtaí sa Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht ar onóir dom a bheith mar chathaoirleach air.

Tá fíorthábhacht leis an gcoiste seo maidir le freastal ar leasanna na saoránach Eorpach a úsáideann na córais iompair ar bhonn laethúil, bíodh iompar poiblí, ar iarnróid, ar bhóithre, ar muir nó san aer i gceist. Déileálann sé freisin le hearnálacha na seirbhísí poist agus turasóireachta.

As seo go ceann dhá bhliain go leith, beidh ar Choiste TRAN a bheith nuálach agus móruchtúil chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin atá romhainn. Maidir leis an gcomhrac i gcoinne an truaillithe agus an téimh dhomhanda, ar an gcéad dul síos: ba cheart d’earnálacha an iompair agus na turasóireachta ról rannpháirteach a ghlacadh maidir le cur chun feidhme na gceanglas a d’eascair as COP21. Ina dhiaidh sin, maidir le cúrsaí eacnamaíocha agus sóisialta, beidh orainn freagraí nithiúla a thabhairt ar mhórfhadhb na dumpála sóisialta atá mar ghéarchéim san earnáil agus atá ag bagairt ar na mílte post.
Ar deireadh, maidir leis an réabhlóid dhigiteach, ní mór dúinn creat a bhunú a cheadaíonn borradh faoi nuálaíochtaí teicneolaíochta, amhail gluaisteáin uathoibríocha, dróin agus an geilleagar comhoibríoch, agus prionsabail na slándála agus cearta na dtomhaltóirí agus na bhfostaithe á n-urramú ag an am céanna.

Cuirimid fáilte romhaibh go dtí suíomh gréasáin an Choiste um Iompar agus um Thurasóireacht i bParlaimint na hEorpa, agus tá súil againn sibh a fheiceáil go luath chun todhchaí na soghluaisteachta san Eoraip a fhorbairt le chéile.