Obair atá ar siúl

Léiríonn an Obair atá ar siúl na nósanna imeachta reachtacha atá ar siúl faoi láthair i ngach coiste. Léiríonn gach taifead an cineál nós imeachta atá i gceist, ainm an rapóirtéara agus tugtar le fios arb é an coiste sin an coiste atá freagrach nó an amhlaidh gur iarradh ar an gcoiste a thuairim a thabhairt. Tá nasc freisin sna taifid chuig an bhFaireachlann Reachtaíochta ina dtaispeántar na mionsonraí ar fad don nós imeachta, lena n-áirítear aon doiciméid ábhartha. A luaithe a chríochnaítear nós imeachta ag céim an choiste, vótáiltear air sa seisiún iomlánach agus ansin measfar é a bheith curtha i gcrích.