Cur i láthair

Na hanailísí tacaíochta

Sa bhunachar sonraí seo tá na páipéir taighde a sholáthraíonn seirbhísí taighde éagsúla Pharlaimint na hEorpa, go háirithe grinnanailísí agus faisnéisiú a sholáthraíonn ranna beartais, an tAonad Tacaíochta um Rialachas Eacnamaíoch agus an Stiúrthóireacht um Measúnú Tionchair agus um Breisluach Eorpach. Is é is aidhm leis na doiciméid sin tacú le hobair na gcomhlachtaí parlaiminteacha éagsúla.

Na Ranna Beartais

Tá na ranna beartais freagrach as saineolas agus comhairle beartais a sholáthar chun tacú le gníomhaíochtaí na gcomhlachtaí parlaiminteacha éagsúla, go sonrach na coistí. Ar bhonn anailísí a dhéantar go hinmheánach nó go seachtrach, soláthraíonn na ranna beartais faisnéis neamhspleách, speisialaithe, oibiachtúil ar ardchaighdeán agus atá cothrom le dáta i ngach réimse de ghníomhaíochtaí na Parlaiminte.
Tugann ranna beartais anailísí beartais i réimse leathan formáidí, níos minice ná a mhalairt mar fhreagairt ar iarraidh ó choiste nó ó thoscaireacht den Pharlaimint. Sa bhunachar sonraí seo, tá teacht agat ar théacsanna a réimsíonn ó staidéir agus ó ghrinnanailísí atá sonrach do thír nó do shaincheist go dtí faisnéisiú (briefings). Fónann an t-aschur scríofa do chuspóirí éagsúla trí rannchuidiú go díreach leis an obair reachtach atá ar siúl ag coiste ar leith, nó fónann sé mar fhaisnéisiú do thoscaireachtaí na bhFeisirí

An tAonad Tacaíochta um Rialachas Eacnamaíochta

Soláthraíonn an tAonad Tacaíochta um Rialachas Eacnamaíoch páipéir faisnéisithe d'Idirphlé Eacnamaíoch agus d'Éisteachtaí Cuntasachta a eagraíonn an coiste inniúil den Pharlaimint. Thairis sin, soláthraíonn sé doiciméid cúlra agus táblaí go tráthrialta sa réimse seo

An Stiúrthóireacht um Measúnú Tionchair agus um Breisluach Eorpach

Déanann an Stiúrthóireacht um Measúnú Tionchair agus um Breisluach Eorpach, laistigh de Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa (STPE), taighde a sholáthar i ndáil le gnéithe éagsúla de mheastóireacht ex ante nó ex post ar reachtaíocht agus ar bheartais AE. Sa bhunachar sonraí seo gheobhaidh tú: breithmheasanna mionsonraithe ar mheasúnuithe tionchair (MTanna) a tháirgeann an Coimisiún Eorpach; measúnuithe Tionchair comhlántacha nó ionadacha; Measúnuithe Tionchair ar leasuithe ón bParlaimint; ‘Breithmheasanna Cur Chun Feidhme Eorpacha’ maidir le cur chun feidhme agus éifeachtacht dhlí agus bheartas AE i gcleachtas. Tuarascálacha maidir leis an ‘gCostas a bhaineann le Neamh-Eoraip’ i réimsí beartais ina bhféadfaí éifeachtúlacht fheabhsaithe nó tairbhe na coitiantachta a bhaint amach trí chomhghníomhaíocht ar an leibhéal Eorpach; agus na ‘measúnuithe um Breisluach Eorpach’ lena leagtar amach an réasúnaíocht do thuarascálacha maidir le tionscnamh reachtach a chuireann na coistí ar aghaidh.
Déanann an tAonad um Réamhfhéachaint Eolaíochta (STOA) agus déanann sé taighde agus cuireann sé comhairle straitéiseach ar fáil i réimse an mheasúnaithe roghanna eolaíochta agus teicneolaíochta agus réamhfhéachaint eolaíochta. Tugann sé faoi staidéir chuimsitheacha agus eagraíonn sé ceardlanna faoi fhorbairtí sna réimsí sin, faoi threoir Phainéal STOA ar a bhfuil 24 Fheisire
Teagmhálacha

Policy Department for Economic, Scientific and Quality of Life Policies