Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh

Ceadaíonn an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh do 1 mhilliún saoránach ón gceathrú cuid ar a laghad de Bhallstáit AE a iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach reachtaíocht a mholadh i réimsí a thagann faoi réim a inniúlachta. Tugtar cuireadh d''eagraithe ar thionscnaimh rathúla a dtionscnamh a chur i láthair ag éisteacht phoiblí i bParlaimint na hEorpa os comhair an choiste reachtúil atá freagrach as an ábhar. Ar an leathanach seo, gheobhaidh tú an fhaisnéis go léir a bhaineann le héisteachtaí maidir leis na tionscnaimh ó na saoránaigh.

 European Citizens’ Initiative - How it works