Liosta de na cuirí chun tairisceana, glaonna ar léirithe spéise agus glaonna ar thograí
 

"I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh, ní mór do Pharlaimint na hEorpa conarthaí chun earraí nó seirbhísí a cheannach a chur amach ar thairiscint phoiblí.

Faoi bhun tairseacha áirithe, féadfar, faoi nósanna imeachta neamhphoiblí, conarthaí a chur amach ar thairiscintí chuig líon teoranta tairgeoirí a bheidh roghnaithe tar éis glao ar léiriú spéise."

"Déantar cuirí chun tairisceana a fhoilsiú go tráthrialta san Fhorlíonadh ar Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (Sraith S) agus is féidir féachaint ar an tsraith sin i mbunachar sonraí TED, atá le fáil saor in aisce agus a dhéantar a thabhairt cothrom le dáta go laethúil. I dtaobh na faisnéise atá foilsithe ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa:
- tá sí neamhfhoirmiúil,
- de ghnáth, níl sí le fáil i ngach ceann de na teangacha oifigiúla,
- ní mhaítear go bhfuil sí cuimsitheach.

Ní thagann sé, in aon chor, in ionad foilsiú oifigiúil na gcuirí chun tairisceana in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh - sraith S."