Cumainn pharlaiminteacha
I gcomhréir leis na Rialacha lena rialaítear ranníocaíochtaí airgeadais do chumainn pharlaiminteacha (míreanna buiséid 4400 agus 4420), foilsíonn Parlaimint na hEorpa faisnéis áirithe maidir le leithreasuithe arna n-iontráil i míreanna buiséid 4400 (Costas cruinnithe agus gníomhaíochtaí eile na nIar-Fheisirí) agus 4420 (Costas cruinnithe agus gníomhaíochtaí eile Chomhlachas Pharlaimint na hEorpa). Tá sé beartaithe leis na leithreasuithe sin go gcumhdófar caiteachas oibríochtúil incháilithe na gcumann agus caiteachas ar ghníomhaíochtaí a bhaineann le beartas an Aontais Eorpaigh.
Ainm agus seoladh an chomhlachais:
European Parliament Former Members Association, European Parliament, Rue Wiertz 60, B-1047 Brussels
Cuspóir an chistithe:
Caidreamh idir iarFheisirí agus Feisirí reatha na Parlaiminte a chothú trí líonra faisnéise a bhunú agus a úsáid, trí dheiseanna a thabhairt d'iarFheisirí casadh lena chéile, trí fhóram a thabhairt dóibh do chruinnithe, do phléití agus d'imeachtaí cultúrtha, eolaíochta agus sóisialta agus trí theagmhálacha a chur chun cinn idir eagraíochtaí cosúla san Eoraip.
Cúnamh teicniúil ón bParlaimint:
- Saoráidí teanga, lena n-áirítear ateangaireacht i gcúig theanga oifigiúla an Aontais ar a mhéad i gcomhair cruinnithe leath-lae ar áitribh na Parlaiminte (le haghaidh seacht gcruinniú le hateangaireacht in aghaidh na bliana) agus aistriúchán ar bhróisiúir, roinnt alt don suíomh gréasáin agus don Fheasachán, páipéir do chruinnithe, cuirí, téacsanna riaracháin agus miontuairiscí na n-imeachtaí (thart ar 300 leathanach ar an iomlán arna n-aistriú in aghaidh na bliana).
- Soláthar saoráidí amhail seomraí cruinnithe (8 in aghaidh na bliana), Bialann na bhFeisirí dhá uair sa bhliain, ‘bureau de passage’ buan d’iar-Fheisirí sa Bhruiséil agus in Strasbourg, chomh maith le trí oifig sa Bhruiséil do bhaill foirne an chumainn, mar aon le trealamh oifige, fótachóipeálaithe, ríomhairí, teileafóin agus ceithre shuaitheantas rochtana.
- Oiliúnaí amháin (Seal Oiliúna Schuman).
An méid arna dámhachtain (méid deiridh)
2014 | EUR 200.000 |
2015 | EUR 200.000 |
2016 | EUR 210.000 |
2017 | EUR 210.000 |
2018 | EUR 220.000 |
2019 | EUR 230.000 |
2020 | EUR 240.000 |
2021 | EUR 250.000 |
2022 | EUR 260.000 |
An méid arna dámhachtain (méid tosaigh)
2022 | EUR 260.000 |
2023 | EUR 280.000 |
2024 | EUR 300.000 |
Ainm agus seoladh an Chomhlachais:
European Parliamentary Association, 76 allée de la Robertsau, F- 67000 Strasbourg
Cuspóir an chistithe:
Ról fóraim a ghlacadh trí chainteanna, oícheanta faisnéise agus imeachtaí cultúrtha a eagrú d'Fheisirí na Parlaiminte agus do Chomhaltaí Thionól Parlaiminteach Chomhairle na hEorpa chun cuidiú teagmhálacha a dhéanamh i dtimpeallacht chairdiúil agus caidreamh pearsanta agus oibre a chothabháil lena chéile agus le hionadaithe an tsaoil phoiblí. Comhar le Parlaimint na hEorpa i ndáil le gníomhaíochtaí nó gníomhartha a dhéanamh ag a bhfuil gné Eorpach.
Cúnamh teicniúil ón bParlaimint:
Thrí shuaitheantas rochtana.
An méid arna dámhachtain (méid deiridh)
2014 | EUR 200.000 |
2015 | EUR 200.000 |
2016 | EUR 210.000 |
2017 | EUR 210.000 |
2018 | EUR 220.000 |
2019 | EUR 226.977 |
2020 | EUR 209.378 |
2021 | EUR 244.378 |
An méid arna dámhachtain (méid tosaigh)
2022 | EUR 260.000 |
2023 | EUR 280.000 |