Údarás 

Amhail ón 1 Eanáir 2017, tá córas nua clárúcháin i bhfeidhm maidir le Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus le Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha.

Leagtar amach le Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 22 Deireadh Fómhair 2014 maidir le reacht agus cistiú páirtithe polaitiúla Eorpacha agus fondúireachtaí polaitiúla Eorpacha (‘Rialachán Uimh. 1141/2014’) na rialacha nua atá le leanúint agus cuirtear Údarás um Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha (‘an tÚdarás’) ar bun.

http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX:32014R1141 

Tá an tÚdarás curtha ar bun chun Páirtithe Polaitiúla Eorpacha agus Fondúireachtaí Polaitiúla Eorpacha a chlárú, a rialú agus smachtbhannaí a fhorchur orthu de bhun Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 1141/2014.

Is féidir teacht ar shuíomh gréasáin an Údaráis ag: http://www.appf.europa.eu .