Soláthar Poiblí 

I gcomhréir leis an Rialachán maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh (Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 2018/1046 (An Rialachán Airgeadais)), tá sé de cheangal ar Pharlaimint na hEorpa cuirí chun tairisceana a eisiúint chun earraí, seirbhísí agus oibreacha a cheannach.

Folaíonn na prionsabal éagsúla lena rialaítear na nósanna imeachta a bhaineann leis an soláthar poiblí prionsabal na trédhearcachta, agus leis sin, is gá poiblíocht iomchuí a dhéanamh roimh ré agus na nósanna imeachta sin á seoladh.

1. An soláthar poiblí lena ngabhann foilsiú fógra conartha

Baineann an fhaisnéis atá sa roinn seo le conarthaí poiblí Pharlaimint na hEorpa, faisnéis a dhéantar a fhoilsiú i gcomhréir le Pointí 3 agus 4 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais agus ar bhonn Phointe 5 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais, ar gá fógra i dtaca le foilseachán ina leith a fhoilsiú in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh (IO). Ba cheart na foilseacháin ar an suíomh seo a thuiscint mar fhoilseacháin de chineál neamhfhoirmeálta agus ní ghlacann siad ionad an fhoilseacháin oifigiúil in IO. Is trí bhíthin fógraí conartha arna bhfoilsiú i sraith S d'Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh a fhoilsítear na cuirí chun tairisceana dá dtagraítear sa roinn seo agus féadfar teacht orthu i mbunachar sonraí TED, a thugtar cothrom le dáta go laethúil ar an Idirlíon.

Faoi bhun thairseacha na Treorach, féadfar na tairiscintí a sheoladh chuig líon teoranta tairgeoirí a bheidh roghnaithe tar éis glao ar léiriú spéise. Áirítear sa roinn seo freisin na glaonna ar léiriú spéise.

Tá na doiciméid tairisceana le haghaidh nós imeachta soláthair phoiblí ar fáil freisin do gach cuireadh chun tairisceana ar an liosta.

2. Conarthaí le luach os cionn EUR 15 000 ach faoi bhun na dtairseacha a thagann faoi Threoir 2014/24/AE, arna seoladh trí nós imeachta idirbheartaithe

Baineann an fhaisnéis sa roinn seo le conarthaí poiblí Pharlaimint na hEorpa arna bhfoilsiú i gcomhréir le Pointe 3 d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais.

Leis an bhfoilseachán seo, féadfar eilimintí sár-riachtanacha na gconarthaí arna seoladh faoi nós imeachta idirbheartaithe, lena n-áirítear an spriocdháta chun tairiscintí a fháil agus an tseirbhís iomchuí ar cheart dul i dteagmháil léi, a shainaithint. Leis an nasc thíos, tugtar rochtain ar chomhad Excel ina bhfuil na conarthaí de réir Ard-Stiúrthóireacht Pharlaimint na hEorpa.

Is iad na tairseacha is infheidhme faoi Threoir 2014/24/AE amhail ón 1 Eanáir 2022 amach ná:

  • EUR 140 000 i gcomhair conarthaí soláthair agus seirbhísí
  • EUR 5 382 000 i gcomhair conarthaí oibreacha