Conarthaí a dámhadh 

Foilsiú na faisnéise i dtaobh na gconarthaí a dámhadh sa dá bhliain dheireanacha

Leagtar amach sa Rialachán Airgeadais (RA) na prionsabail chun buiséad ginearálta an Aontais Eorpaigh a chur chun feidhme, lena n-áirítear prionsabal na trédhearcachta in Airteagail 37 agus 38 den Rialachán Airgeadais. Tá rialacha éagsúla ann maidir le foilsiú cuí faisnéise buiséadaí, go háirithe faisnéis ex-post, lena n-áirítear faisnéis faoi chonarthaí arna ndámhachtain. Is iad Airteagal 163 den Rialachán Airgeadais agus pointí 2 agus 3 d’Iarscríbhinn I den Rialacháin Airgeadais na forálacha ábhartha. Meastar go ndearnadh conarthaí a 'dhámhadh' tráth a dhéantar an cinneadh dámhachtana nó, ina éagmais sin, nuair a shínítear an chéad chonradh, a d’fhéadfadh a bheith ina chreatchonradh. Le hAirteagal 38 den Rialachán Airgeadais, déantar foráil maidir le foilsiú na faisnéise i ndáil leis na conarthaí a dámhadh dhá bhliain roimh an bhfoilsiú; is féidir sonraí níos sine a rochtain arna iarraidh sin agus aird chuí á tabhairt ar Rialachán (AE) 2018/1725.

Conarthaí de luach atá comhionann leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 175(1), nó níos mó ná iad;

I gcomhréir le pointe 2.3 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais, ní mór fógra dámhachtana a sheoladh chuig Oifig Foilseachán an Aontais Eorpaigh tráth nach déanaí ná 30 lá féilire tar éis síniú conartha nó creatchonartha de luach atá cothrom leis na tairseacha dá dtagraítear in Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, nó níos mó ná iad.
Ní mór don údarás conarthach fógra dámhachtana a fhoilsiú:
(a) sula síneofar conradh nó creatchonradh de luach atá cothrom nó níos mó ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 175(1) de Threoir 2014/24/AE (Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, arna ndámhachtain de bhun an nós imeachta idirbheartaíochta eisceachtúil faoi phointe 11.1 (b) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais;
(b) tar éis conradh nó creatchonradh a shíniú de luach atá comhionann nó níos mó ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais, má dámhadh é de bhun an nós imeachta idirbheartaíochta eisceachtúil faoi phointe 11.1 (a) nó (c) go dtí (f) d’Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán Airgeadais;
I gcomhréir leis na coinníollacha agus na rialacha mionsonraithe a leagtar síos i bpointe 35.1 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais, ní mór an teorainn ama maidir leis an bhfógra sin a sheoladh a bheith fada go leor chun a áirithiú go ndéanfar an foilsiú sula síneofar an conradh nó an creatchonradh.
Is féidir na tairseacha faoi Threoir 2014/24/AE (Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais) a fháil ar an leathanach gréasáin seo a leanas den Choimisiún Eorpach: https://ec.europa.eu/growth/single-market/public-procurement/rules-implementation/thresholds_ga.

Conarthaí de luach atá faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 175(1)

Sonraítear in Airteagal 163 den Rialachán Airgeadais agus i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais - nach mór do na húdaráis chonarthacha tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin liosta de chonarthaí a fhoilsiú ar a suíomh gréasáin de luach faoi bhun na dtairseach dá dtagraítear in Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais ach atá níos mó ná EUR 15000.Conarthaí modhnaithe

Féadfaidh an t-údarás conarthach conradh nó creatchonradh a mhodhnú gan nós imeachta soláthair nua sna cásanna a liostaítear in Airteagal 172(3) den Rialachán Airgeadais. Faoi phointe 3.3 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais, ní mór liosta conarthaí arna modhnú i gcomhréir le hAirteagal 172(3)(a) go (c) den Rialachán Airgeadais a fhoilsiú, fiú má tá luach an mhodhnaithe lena mbaineann faoi bhun na dtairseach a leagtar síos in Airteagal 175(1) den Rialachán Airgeadais.

Conarthaí sonracha atá bunaithe ar chreatchonarthaí

Déantar faisnéis a bhaineann le luach agus le conraitheoirí de chonarthaí sonracha agus d’orduithe ceannaigh atá bunaithe ar chreatchonradh le linn aon bhliain airgeadais a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin an údaráis chonarthaigh tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh tar éis dheireadh na bliana airgeadais sin.

Leis na leasuithe ar an Rialachán, tugadh isteach i bpointe 3 d’Iarscríbhinn I den Rialachán Airgeadais an oibleagáid an fhaisnéis sin a fhoilsiú do luach comhiomlán gach creatchonartha, fiú faoi bhun thairseacha na Treorach ach os cionn EUR 15 000.

Seo a leanas na socruithe don fhoilsiú

Déanfar an méid seo a leanas a fhoilsiú ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa, tráth nach déanaí ná an 30 Meitheamh den bhliain dár gcionn:

  • liosta na gconarthaí uile eile ar mó a luach ná EUR 15 000 a dámhadh an bhliain roimhe (ach amháin conarthaí tógála agus conarthaí a fógraíodh a bheith faoi rún), fiú má foilsíodh cuid acu san Iris Oifigiúil freisin le fógra faoi dhámhachtain conartha. go dtéann an fhoráil sin thar na ceanglais rialála, ach go n-áirithítear léi go bhfuil sé níos éasca rochtain a fháil ar na conarthaí go léir arna ndámhachtain ag an bParlaimint;
  • liosta de na conarthaí a modhnaíodh faoi Airteagal 172(3), (a) go (c) den Rialachán Airgeadais i gcás ina bhfuil luach an mhodhnaithe níos airde ná EUR 15 000 agus níos ísle ná na tairseacha a leagtar síos in Airteagal 175(1) den Airteagal Airgeadais;
  • liosta den fhaisnéis i dtaca le luach agus conraitheoirí conarthaí sonracha/orduithe ceannaigh atá bunaithe ar chreatchonradh tar éis conradh sonrach/ordú ceannaigh a thabhairt chun críche nó, mar gheall ar mhéid carnach na gconarthaí sonracha/na n-orduithe ceannaigh a síníodh, is cuma cad é an méid carnach in aghaidh an chreatchonartha (os cionn EUR 15 000);
  • liosta de saineolaithe arna roghnú ar bhonn Airteagal 237 den Rialachán Airgeadais.

Maidir le conarthaí tógála agus conarthaí a ndearbhaítear go bhfuil siad rúnda, dá dtagraítear i bpointe 11.1(g) agus i bpointe (i) d’Iarscríbhinn I FR, ní fhoilsítear a thuilleadh iad ar an idirlíon; ina ionad sin, áirítear iad sa tuarascáil bhliantúil maidir leis na conarthaí a dámhadh a chuirtear faoi bhráid Choiste na Parlaiminte um Rialú Buiséadach.

Soláthar agus conarthaí sonracha bunaithe ar chreatchonarthaí arna ndámhachtain ag na grúpaí polaitiúla

Amhail ó 2019 ar aghaidh, ceanglaítear go díreach le hAirteagal 38(4) den Rialachán Airgeadais arna leasú le Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046, go ndéanfaidh na comhlachtaí a chuireann cistí de chuid an Aontais chun feidhme faisnéis a fhoilsiú maidir le húsáid na gcistí sin. Baineann an ceanglas sin leis na grúpaí polaitiúla. Meastar go bhfuil leithreasuithe a ndéantar bainistiú grúpa orthu i gcomhréir le rialacha ‘Mír 400’ an Bhiúró coibhéiseach le leithreasuithe arna mbainistiú go hindíreach.

Déanfar an fhaisnéis maidir le forálacha Airteagal 38 den Rialacháin Airgeadais agus pointí 3.3 agus 3.4 d’Iarscríbhinn I a bhaineann le bliain airgeadais ar leith a fhoilsiú an bhliain dár gcionn i ndoiciméad arna tharraingt suas ag gach grúpa polaitiúil.