Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Feabhra 2020
EPUB 152kPDF 697k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

IARSCRÍBHINN VIII : RIACHTANAIS MAIDIR LE DRÉACHTÚ GNÍOMHARTHA ARNA NGLACADH I GCOMHRÉIR LEIS AN NGNÁTHNÓS IMEACHTA REACHTACH

1.   Léireoidh gníomhartha an cineál gnímh atá i gceist agus ina dhiaidh sin an uimhir thagartha, ainmneacha an dá institiúid a ghlac iad, dáta a sínithe agus léiriú ar a n-ábhar.

2.   Beidh an méid seo a leanas sna gníomhartha:

(a)   "Tá Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh";

(b)   tagairt do na forálacha faoina nglactar an gníomh, agus na focail "Ag féachaint do" roimh an tagairt sin;

(c)   lua ina bhfuil tagairt do na tograí a tíolacadh, do na tuairimí a fuarthas agus do na comhairliúcháin a seoladh;

(d)   ráiteas ar na cúiseanna ar a bhfuil an gníomh bunaithe, ag tosú leis na focail "De bharr an méid seo a leanas";

(e)   abairt ar nós "tar éis an Rialachán seo a ghlacadh" nó "tar éis an Treoir seo a ghlacadh" nó "tar éis an Cinneadh seo a ghlacadh", agus corp an ghnímh ina dhiaidh sin.

3.   Beidh gníomhartha roinnte ina n-airteagail agus, más cuí, beidh na hairteagail grúpáilte ina gcodanna, ina dteidil, ina gcaibidlí agus ina ranna.

4.   Déanfar an dáta a thiocfaidh an gníomh i bhfeidhm a shonrú san airteagal deireanach den ghníomh, i gcás ina bhfuil an dáta sin roimh nó i ndiaidh an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe.

5.   Beidh an méid seo a leanas i ndiaidh an airteagail dheireanaigh de ghníomh:

-   an fhoclaíocht chuí, de réir fhorálacha iomchuí na gConarthaí, maidir lena infheidhmeacht;

-   "Arna dhéanamh i/in/sa ..." agus an dáta ar síníodh an gníomh ina dhiaidh sin;

-   "Thar ceann Pharlaimint na hEorpa An tUachtarán", "Thar ceann na Comhairle An tUachtarán", agus, ina dhiaidh sin, ainm Uachtarán na Parlaiminte agus ainm Uachtarán–in–Oifig na Comhairle an tráth ar síníodh an gníomh.

An nuashonrú is déanaí: 31 Eanáir 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais