Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Meitheamh 2020
EPUB 152kPDF 698k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VII : SEISIÚIN
CAIBIDIL 3 : RIALACHA GINEARÁLTA MAIDIR LE SUÍONNA A SHEOLADH

Riail 167 : Teangacha

1.   Déanfar gach doiciméad de chuid na Parlaiminte a tharraingt suas sna teangacha oifigiúla.

2.   Beidh an ceart ag na Feisirí go léir labhairt sa Pharlaimint sa teanga oifigiúil dá rogha féin. Déanfar ateangaireacht go comhuaineach ar óráidí a thugtar in aon cheann de na teangacha oifigiúla go dtí na teangacha oifigiúla eile agus go dtí aon teanga eile a mheasann an Biúró a bheith riachtanach.

3.   Soláthrófar ateangaireacht i gcruinnithe coiste agus toscaireachta ó na teangacha oifigiúla agus go dtí na teangacha oifigiúla a úsáideann agus a iarrann comhaltaí agus comhaltaí ionaid an choiste nó na toscaireachta sin.

4.   Ag cruinnithe coiste agus toscaireachta a sheoltar in áit eile seachas sa ghnátháit oibre, soláthrófar ateangaireacht ó theangacha agus go dtí teangacha na gcomhaltaí a dheimhníonn go mbeidh siad i láthair ag an gcruinniú. Féadfar, ar bhonn eisceachtúil, na socruithe sin a dhéanamh níos solúbtha. Glacfaidh an Biúró na forálacha riachtanacha.

5.   Tar éis toradh na vótála a bheith fógartha, déanfaidh an tUachtarán rialú maidir le haon iarrataí i ndáil le neamhréireachtaí líomhnaithe idir na leaganacha sna teangacha éagsúla.

An nuashonrú is déanaí: 25 Meitheamh 2020Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais