Uirlis chomparáideach

Cineál torthaí:

Meastacháin: Comhbhailiú arna dhéanamh ag Kantar de na meastacháin náisiúnta atá ar fáil nó de shonraí vótaíochta ag eascairt as na toghcháin agus arna fhoilsiú i mBallstát ar leith tar éis dheireadh na vótála, bunaithe ar institiúidí vótaíochta náisiúnta atá idir iomráiteach agus iontaofa.

Réamh-mheastachán: Is é atá sa réamh-mheastachán de Pharlaimint na hEorpa meastachán ar an gcomhdhéanamh ag eascairt as na toghcháin. Kantar a dhéanann an réamh-mheastachán mar chomhbhailiú de na torthaí toghcháin atá ar fáil, de mheastacháin nó de shonraí vótála a fhoilsítear sna Ballstáit tar éis dheireadh na vótála. Gan dochar do chomhdhéanamh na Parlaiminte nuathofa, tá an réamh-mheastachán bunaithe ar struchtúr na Parlaiminte atá ag dul as oifig.

Sealadach: Comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa bunaithe ar na torthaí náisiúnta sealadacha nó críochnaitheacha ar fáil a bhfoilsítear iad tar éis dheireadh na vótála sna Ballstáit go léir, bunaithe ar struchtúr na Parlaiminte atá ag dul as oifig.

Torthaí sealadacha: Na chéad torthaí arna gcur ar fáil ag údarás toghcháin oifigiúil an Bhallstáit bunaithe ar chomhaireamh de chéatadán de na vótaí.

Torthaí críochnaitheacha: Torthaí mar a bhfógraíonn údarás toghcháin oifigiúil an Bhallstáit iad tar éis na vótaí go léir a chomhaireamh.

Torthaí oifigiúla: Torthaí críochnúla arna bhfógairt ag údarás toghcháin oifigiúil an Bhallstáit iad agus arna bhfíordheimhniú ag an údarás reachtach náisiúnta.

Seisiún reachtach: Torthaí mar a bhfógraíonn Parlaimint na hEorpa nuathofa iad tar éis critéir incháilitheachta a Feisirí a fhíorú.

Parlaimint atá ag dul as oifig: Cumraíocht Pharlaimint na hEorpa mar a bhí sa seisiún parlaiminteach deiridh den reachtas reatha.

Ó 2009, de réir rialacha nós imeachta na Parlaiminte, beidh 25 Fheisire ar a laghad, ar toghadh iad i seacht mBallstát ar a laghad, i ngrúpa polaitiúil.

Íoslódáil agus roinn
Íoslódáil an graf seo