San eoraip, tá ról ag gach duine againn

Tá cáineadh cloiste againn ar fad maidir leis an bhfreagairt don ghéarchéim reatha. B’fhéidir go raibh muid féin ag gearán freisin. Ach tá i bhfad níos mó ar bun ar fud na hEorpa chun dul i ngleic le Covid-19 ná mar atá ar eolas ag daoine faoi láthair.

Is dá bhrí sin a sheolamar an feachtas #AnEoraipInAghaidhCovid19.

Teastaíonn uainn léiriú a thabhairt ar an gcaoi a bhfuil an tAontas Eorpach ag tabhairt aghaidh ar dhrochthionchar na géarchéime seo agus ar an mbealach ar féidir linn teacht tríd le meon Eorpach - meon dlúthpháirtíochta agus aontachta.

Sheolamar an mol seo chun ardán a thabhairt do scéalta ó ghnáthlaochanna na hEorpa. Cuideoidh na scéalta sin linn eolas a scaipeadh faoin gcaoi a bhfuil muintir na hEorpa ag fáil lámh in uachtar ar a gcuid deacrachtaí, faoi na bealaí cliste atá acu chun déileáil leis na deacrachtaí, agus faoin dlúthpháirtíocht a léiríonn siad dá chéile. I ngach scéal feictear duine atá ag obair sa chúlra le linn na géarcheime (taighdeoirí, foireann ospidéil, cairde, comharsana), agus iad ar fad ag déanamh a gcion féin chun an ráig a chomhrac agus difríocht a dhéanamh don phobal.

Seo trí bhealach ar féidir leatsa a bheith páirteach:
  • Inis do do mhuintir agus do do chairde faoi AnEoraipInAghaidhCovid19.eu;
  • Úsáid #AnEoraipInAghaidhCovid19 ar na meáin shóisialta;
  • Ar mhaith leat do scéal #AnEoraipInAghaidhCovid19 a roinnt? Nó ar mhaith leat cabhrú le duine dár laochanna? Bímid sásta cloisteáil uait i gcónaí.
Seol rphost chuig europeans-against-covid19@europarl.europa.eu

Freagairt AE ar an gcoróinvíreas

Faigh an scéal is déanaí faoin bhfreagairt atá á comhordú ag AE ar an ráig den choróinvíreas agus faoina bhfuil á dhéanamh ag Parlaimint na hEorpa.

Mol íoslódála

San áit seo, is féidir an t-ábhar feachtais go léir a bhaineann le comhrac Pharlaimint na hEorpa in aghaidh COVID19 a íoslódáil.