"Tá an t-ádh linn a bheith in ann labhairt le daoine ó cheann ceann na tíre“

Saorálaithe SnakSammen.dk Déan teagmháil shóisialta ar an ardán comhrá SnakSammen.dk An Danmhairg, Cóbanhávan

Tá an scaradh sóisialta tábhachtach, ach níor cheart dúinn an teagmháil shóisialta a ligean uainn. Do dhaoine atá uaigneach agus nach bhfuil mórán daoine acu le labhairt leo, tá an saol le linn na paindéime in ann a bheith an-dian orthu. Dá bhrí sin tháinig Cros Dhearg na Danmhairge agus Boblberg (ardán ar líne inar féidir leat cairdeas a dhéanamh le daoine ar bhealach slán agus sábháilte) le chéile agus chruthaigh siad ardán comhrá a ritear ar bhonn deonach dar teideal SnakSammen.dk (‘Labhraímis le Chéile’ i nGaeilge). Éinne nach bhfuil duine éigin acu le labhairt leis, is féidir leo comhrá a chur in áirithe le saorálaí ón gCros Dhearg agus labhairt faoi rud ar bith is mian leo. ‘Tá an t-ádh liom a bheith in ann labhairt le daoine ó cheann ceann na tíre,’ arsa Jane – duine de na saorálaithe. Tá os cionn míle duine tar éis comhrá a chur in áirithe le saorálaí go dtí seo agus, mar gheall ar chomh maith agus atá ag éirí leis, coinneofar an t-ardán ag imeacht i ndiaidh na paindéime.

"Is é an rud is tábhachtaí sa saol ná na nithe fiúntacha a chruthaíonn tú do dhaoine eile“

Rasmus Cabhraíonn sé le daoine atá buailte ag COVID-19 lena gcúraimí laethúla An Danmhairg, Aalborg

Tá líonra 17 000 oibrí deonach curtha ar bun ag Cumann na Croise Deirge sa Danmhairg, a bhíonn ar fuireachas chun cuidiú le daoine atá buailte ag COVID-19 lena gcúraimí laethúla. Cabhraíonn na hoibrithe deonacha leo siúd a bhíonn i mbun leithlisithe lena gcuid siopadóireachta a dhéanamh, a gcuid madraí a thabhairt amach ar shiúlóid agus le teachtaireachtaí praiticiúla eile. Tá Rasmus Lundby ar dhuine de na hoibrithe deonacha sin, agus gach lá tugann sé féin agus a iníon madra le bean atá san áireamh i ngrúpa ardriosca amach ar shiúlóid. "Is múinteoir meánscoile mé, mar sin, caithim go leor ama os comhair an scáileáin agus mé i mbun teagasc fíorúil. Ach ar uairibh, ós rud é go mbím ag tabhairt madra amach ar shiúlóid, bíonn an deis agam an teach a fhágáil agus sult a bhaint as an earrach ghrianmhar", a deir sé. Tá an-tábhacht leis an obair dheonach dar le Rasmus, agus is rud é sin ar mhaith leis a fhágáil le huacht ag a iníon. "Feictear dom, gurb é an rud is tábhachtaí sa saol, ná na nithe fiúntacha a chruthaíonn tú do dhaoine", a deir sé.