"Is Fíorais, ní eagla, a chuidíonn le daoine iad féin a chosaint“
Gunnar
Seiceálann sé stádas sláinte na bpaisinéirí agus cuireann sé comhairle fhónta ar fáil
Áit: An Eastóin, Taillinn
Ní mór athoscailt na gcalafort agus na n-aerfort a bhainistiú go cúramach chun cosc a chur ar leathadh an dara ráig de COVID-19. I Taillinn, tá lámh chúnta á tabhairt ag oibrithe deonacha ó Chumann na Croise Deirge san Eastóin. Tá Gunnar ar dhuine de na hoibrithe deonacha sin. “Is é an ról atá agamsa ná déanamh deimhin de go bhfuil na paisinéirí ar fad a thagann isteach curtha ar an eolas mar is cuí agus go bhfuil a fhios acu conas na réamhchúraimí is gá a chur i bhfeidhm chun cosc a chur ar leathadh an víris. Seiceálaimid sláinte na bpaisinéirí agus a dteocht coirp agus tugaimid treoir bhunúsach dóibh”, a deir sé. Bíonn ról tábhachtach ag oibrithe deonacha Chumann na Croise Deirge, cosúil le Gunnar, sna hiarrachtaí chur i gcoinne na ráige seo. Cuireann siad an pobal ar an eolas, roinneann siad faisnéis maidir leis an víreas a chosc, cabhraíonn siad le mífhaisnéis a chosc, agus déanann siad ráflaí agus scaoll a shrianadh. Níl i Taillinn ach sampla amháin de na cathracha iomadúla ar fud na hEorpa atá ag gabháil de thionscnaimh den chineál céanna. Tá an Pharlaimint ag iarraidh teorainneacha AE a athoscailt go mear agus go hiomlán agus gan aon idirdhealú bunaithe ar náisiúntacht a bheith ann chun téarnamh eacnamaíoch AE a áirithiú tar éis phaindéim COVID-19. Faigh tuilleadh eolais anseo https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/security/20200506STO78514/rialuithe-ag-teorainneacha-inmheanacha-limistear-schengen-mar-gheall-ar-covid-19