"Tá sé níos éasca comhairle a chur ar dhochtúirí atá ag tabhairt aire d’othair COVID a bhuíochas don líonra Eorpach“

Alexis Tugann sé le chéile saineolaithe leighis ó gach cearn den Eoraip chun go roinnfear an chomhairle is fearr faoin gcaoi le cóir leighis a chur ar othair a bhfuil an coróinvíreas orthu An Fhrainc, Lyon

Roimh COVID-19, bhí an tOllamh Alexis Arzimanoglou i gceannas ar @ERN.EpiCARE – grúpa speisialtóirí leighis san Aontas a dhéileálann le cóir leighis d’othair a bhfuil galair neamhchoitianta orthu. Déileálann EpiCARE le titimeas neamhchoitianta agus aimpléiseach. Tá an tOllamh Arzimanoglou agus a fhoireann go gnóthach ag comhairliú dochtúirí ar fud na hEorpa faoi chógais fhritaomacha a úsáid má bhíonn cóireáil fhrithvíreasach á cur ar othair a bhfuil an titimeas orthu. Tríd an gcomhoibriú a bhí bunaithe ag EpiCARE, bhí sé níos éasca seimineáir ghréasáin a eagrú chun go bhféadfadh foirne ó na tíortha is túisce a buaileadh leis an víreas (an Iodáil, an Spáinn agus na Fhrainc) a raibh feicthe acusan a roinnt le dochtúirí ar fud na hEorpa agus níos faide ó bhaile. Tá Córas Tacaíochta do Bhainistiú Cliniciúil COVID-19 curtha ar bun ag AE. Deasc chabhrach é a chruthaíonn naisc thapa idir gairmithe cúraim sláinte agus ospidéil atá páirteach i mbainistiú an choróinvíris.

"Ní mór dúinn dlúthpháirtíocht a léiriú anois níos mó ná riamh“

Marie-Elisabeth Ag cur seirbhísí cúnaimh ar fáil do dhaoine gan dídean An Fhrainc, Bordeaux

Tá Marie-Elisabeth ag obair sa roinn gnóthaí idirnáisiúnta i halla cathrach Bordeaux. Ach fós déanann sí obair dheonach tráthnóntaí le Cros Dhearg na Fraince. Ainneoin na mblianta fada atá caite ag Marie-Elisabeth ag déanamh obair dheonach, ní fhaca sí leithéid Covid-19 riamh. Chinn sí láithreach níos mó ama a chur i leataobh le bheith ag obair le Cros Dhearg na Fraince agus ghlac sí ceannas ar mhisin chúnaimh do dhaoine gan dídean. “Tugaim cuairt orthu trí huaire in aghaidh na seachtaine. Tugaimid bia agus málaí codlata dóibh, agus, b’fhéidir níos tábhachtaí ná sin fós – aird agus aire”, a deir Marie-Elisabeth. “Nuair nach mbím á dhéanamh sin, cabhraím leis an gclár áitiúil ‘aingil chuideachta’ atá i gceannas ar an díghalrú ag an mbealach isteach i dtithe altranais”. Is ceann de thosaíochtaí an Aontais é cúnamh a thabhairt do na Ballstáit dul i ngleic le héigeandálaí sláinte poiblí. Go dtí seo, cuireadh cúnamh éigeandála de €800 milliún ar fáil do na tíortha is mó atá buailte ag an ngéarchéim.

"Trí bhéilí a dháileadh gach lá ar na daoine gan dídean bhíomar in ann ár misean mar sheirbhís phoiblí a chur i gcrích“

Sandrina Chabhraigh siad le hionad dáilte bia do dhaoine gan dídean i bPáras a dhéanamh de spás cultúrtha An Fhrainc, Páras

Níor thóg sé ach sé bliana chun go mbeadh “Carreau du Temple” mar chuid de chroílár Pháras. Gach bliain, téann 300,000 duine ann chun an spórt is fearr leo a chleachtadh, chun breathnú ar sheó, nó chun cuairt a thabhairt ar thaispeántas ealaíne comhaimseartha. Ach ba shuntasaí fós an méid a tharla nuair a bhris COVID-19 amach. Laistigh de sheachtain, bhí tús curtha ag Carreu du Temple le 1,000 béile in aghaidh an lae a dháileadh ar na daoine ba mhó a bhí i ngátar. “Ba mhór an trua go raibh orainn breis agus 50 imeacht cultúrtha agus spóirt a chur ar ceal, ach bhí tionchar na dianghlasála ar dhaoine gan dídean níos measa fós. Bhí ocras orthu agus ní raibh na gnáthfhoinsí dáilte bia ar fáil dóibh níos mó", arsa Sandrina. Agus suíomh 1800 m² aige, b’áit den scoth é Carreau du Temple chun go bhféadfadh an cumann Aurore bia a dháileadh go sábháilte agus go héasca. Ba bhealach iontach é an tionscnamh sin, dar le Sandrina, chun go bhféadfadh Carreau du Temple cloí lena mhisean mar sheirbhís phoiblí.

"Ceapaimid go bhfuil sé de dhualgas orainn, mar víreolaithe, páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí taighde domhanda maidir le Covid-19“

Caroline Tá sí i ndiaidh a hiarrachtaí taighde arna gcistiú ag AE a athdhíriú chun staidéar a dhéanamh ar Covid-19 agus chun cóireálacha féideartha a shainaithint An Fhrainc, Montpellier

B’ionann ráig Covid-19 agus cor cinniúnach do lear mór víreolaithe ar fud na hEorpa. Shocraigh roinnt acu, cosúil le Caroline, iarrachtaí taighde leanúnacha a chur ar sos fiú, chun díriú ar SARS-CoV-2 – an víreas atá freagrach as Covid-19. “Is é is aidhm do mo thionscadal arna chistiú ag AE – darb ainm ANTIViR – staidéar a dhéanamh ar na meicníochtaí cosanta nádúrtha i gcoinne fliú A agus VEID-1. Shocraigh mé agus taighdeoirí eile ó institiúid IRIM go raibh sé de dhualgas orainn, mar víreolaithe, páirt a ghlacadh sna hiarrachtaí taighde maidir le Covid-19”, a mhíníonn Caroline. “Táim i mbun tionscadal eile darb ainm FluAttack arb é is aidhm leis drugaí le haghaidh chóireáil an fhliú a shainaithint. Táimid ag tástáil na ndrugaí sin faoi láthair, mar aon le móilíní agus eastóscáin nádúrtha eile, chun comhdhúile gníomhacha i gcoinne Covid-19 a shainaithint.” Níorbh fhéidir aistriú den sórt sin a dhéanamh gan tacaíocht ó AE. Cuireann cistiú AE ar chumas na dtaighdeoirí obair go héifeachtach agus freagairt go mear, rud a áirithíonn todhchaí níos sábháilte dúinne go léir.

"Bhí daoine níos uaigní agus níos buartha ar gheall ar an ngéarchéim. Bhí orm cabhrú leo“

David Cuireann sé glao ar sheanóirí uair sa tseachtain chun cabhrú leo éalú ón uaigneas An Fhrainc, Páras

Tá an dianghlasáil deacair do sheanóirí agus tá go leor díobh i mbaol agus iad scoite amach ón bpobal. Cruthaíodh ‘Paris en Compagnie’ (Páras i gComhluadar) do na daoine sin. Faigheann an cumann, le tacaíocht ó Chomhairle Cathrach Pháras, cúnamh ó na céadta duine chun nasc a chruthú le seanóirí. Uair sa tseachtain, glaonn na saorálaithe ar sheanóirí chun sos a thabhairt dóibh ón uaigneas, éisteacht leo agus a ndícheall a dhéanamh beagán sonais a roinnt dóibh. Tá David Reviriego ar dhuine de na hoibrithe deonacha sin: ‘Chuaigh sé i bhfeidhm go mór orm nuair a chuala mé scéalta faoi sheanóirí a bhí níos aonaraí, níos uaigní agus níos buartha mar gheall ar COVID-19. Is measa a bhí cúrsaí dóibh ó tháinig an dianghlasáil i bhfeidhm, mar sin ba chéim fíornádúrtha domsa é páirt a ghlacadh in Paris en Compagnie. Má tá aon rud dearfach ag eascairt as an ngéarchéim seo, creidim gurb é sin gur tharraing sé aird ar an gcás ina bhfuil seanóirí agus go gcaithfimid beart a dhéanamh á réir.’

"Is féidir le daoine a bhfuil suim acu dul ag ceannach ár mapa a úsáid chun teagmháil a dhéanamh lena dtáirgeoirí áitiúla“

Celine agus Ludovic Ag cuidiú le táirgeoirí áitiúla teacht slán as dianghlasáil COVID-19 An Fhrainc, Beaumontel

Ní luaitear go minic iad, ach is iad is measa atá buailte ag an ndianghlasáil sa Fhrainc. Ó tharla gurbh éigean do mhargaí amuigh faoin aer, do bhialanna agus do cheaintíní scoile dúnadh síos, cuireadh isteach go mór ar tháirgeoirí áitiúla. Sa Normainn, tháinig ceist chun cinn: conas daoine a spreagadh a gcuid ceannacháin a dhéanamh go háitiúil sa tréimhse dheacair seo? Tháinig Réigiún na Normainne agus an cumann áitiúil atá freagrach as Rollon - an t-airgeadra áitiúil - ar réiteach i bhfoirm mapa réigiúnaigh, atá ar fáil ar líne ón 8 Aibreán. Cuireann an mapa, “Le Rendez-Vous de Normands” [Teacht le chéile na Normánach], sonraí teagmhála ar fáil d’os cionn 1,200 táirgeoir áitiúil. I measc na dtáirgí atá ar fáil tá torthaí agus glasraí, iasc agus bia mara, feoil, agus táirgí bainne. Chuathas i gcomhairle leis an mapa os cionn 3,000 uair ó seoladh é.

"Ní laoch ná saighdiúir mé. Níl ionam ach cúramóir a thugann aire d’othair a dteastaíonn cúram síciatrach uathu“

Brigitte Altra san aonad geiriatrach in ospidéal síciatrach An Fhrainc, Lyon

Is altra í Brigitte in ospidéal síciatrach Vinatier à Bron, in Rhône na Fraince. Rinneadh atheagar ar an ospidéal chun freastal ar othair COVID-19. Cuireadh go leor othar abhaile le go mbeadh leapacha ar fáil d'othair os cionn 65 bhliana d'aois a raibh COVID-19 tolgtha acu agus ar theastaigh cúram ospidéil uathu. Ní mór do na hothair agus don fhoireann cloí le rialacha an-docht, ach tá néaltrú ar an-chuid d'othair Brigitte agus cruthaíonn sé sin fadhbanna mar nach féidir leo an t-eolas a choinneáil i gcuimhne. Dar le Brigitte gurb í an ghné dhaonna is tábhachtaí agus aire á tabhairt do na hothair sin ach go gcuireann bearta cosanta áirithe isteach ar an gcumarsáid, mar shampla masc ar na cúramóirí. Tá Brigitte agus a comhghleacaithe ar a míle ndícheall chun an cúram is fearr dá bhfuil ann a chur ar na hothair. Bhí srian ar chuairteanna fiú sular thosaigh an gaibhniú agus baineann na cúramóirí úsáid as an nguthán agus as fís-chomhdháil chun na hothair a chur i dteagmháil lena muintir.

"A chúramóirí, níl sibh in bhur n-aonar. Tá ár síceolaithe pobail, ár ndochtúirí ginearálta, agus ár síciatraithe ar fáil 24/7“

Eric Ag cur ar chumas na bhfoirne leighis ar na línte tosaigh tacaíocht shíceolaíoch a fháil ar an nguthán trí bheolíne SPS An Fhrainc, Páras

Cé gur ábhar misnigh iad na figiúirí sa chomhrac i gcoinne na paindéime, tá cúramóirí agus gairmithe sláinte eile ag éirí spíonta. Ar an drochuair, tá leibhéil imní agus struis i measc oibrithe sóisialta agus leighis ag dul i méid an t-am ar fad. Chun aghaidh a thabhairt ar an bhfadhb seo, tá an eagraíocht SPS (Soins aux Professionnels en Santé) [Cúram do Ghairmithe Sláinte] ag tairiscint tacaíocht shíceolaíoch agus cúnamh síceolaíoch saor in aisce ó mhí na Samhna 2016 i leith. Tá líne chabhrach acu atá saor in aisce, anaithnid agus faoi rún. Cuireadh glaoch ar an líne chabhrach os cionn 2,500 uair ón 23 Márta i mbliana. Tháinig na glaonna as gach cearn den Fhrainc agus tháinig beagnach aon trian acu ó réigiún Île-de-France. Tá ráta freagartha 100% ag an tseirbhís, a chuireann tacaíocht 24/7 ar fáil do chúramóirí, altraí agus dochtúirí atá ag fulaingt le himní, tnáitheadh nó fadhbanna a bhaineann leis an obair. Agus tréimhse fhada caite acu ag tabhairt aire d’othair de ló is d’oíche, teastaíonn ár dtacaíocht ó chúramóirí anois. Tá sé mar mhisean againne a bheith in éineacht leo, tacú leo agus cuidiú leo sa chomhrac i gcoinne COVID-19.

"Tacaíonn gairmithe Cognac le comhiarracht, rud atá ag luí lena luachanna“

Patrick Ag eagrú táirgeoirí Cognac chun tacú le hospidéil, seirbhísí éigeandála, poitigéirí agus saotharlanna An Fhrainc, Cognac

Seans gur mar gheall ar vodca de chuid na Sualainne is mó a bhfuil aithne agat ar Chuideachta Absolut. I bhfianaise phaindéim an choróinvíris, tá a hacmhainní á ndíriú aici anois ar dhíghalrán lámh a tháirgeadh. Tá eatánól tugtha ag Absolut do KiiltoClean Ab — cuideachta ghlantóireachta a oibríonn ar fud Oirthear na hEorpa — chun cuidiú lena chinntiú go bhfaigheadh baill foirne leighis sa tSualainn an díghalrán lámh atá de dhíth orthu. Fud fad na hEorpa, tá cuideachtaí feicthe againn, agus iad ag athrú an dóigh a n-oibríonn siad chun tacú leis an gcomhrac i gcoinne an choróinvíris.

"D’fhéadfaimis bogadh níos tapa inár n-aonar, ach rachaimid níos faide le chéile!“

Jérémy, Jean-Christophe agus Virgile Cabhraíonn siad le gnólachtaí ar bhuail an ghéarchéim go dona iad An Fhrainc, Strasbourg

Is comhpháirtithe gnó iad Jérémy, Jean-Christophe agus Virgile ar leo an comhlacht in Strasbourg a chuir an t-ardán “Sauve Ton PRO!” (sauvetonpro.fr) ar bun. Suíomh gréasáin neamhbhrabúis, saor in aisce atá ann, a chabhraíonn le ceannaithe ar gá dóibh a ngnólachtaí a dhúnadh. A bhuí leis an tionscnamh sin, féadann tomhaltóirí tacú le gnólachtaí áitiúla trí dhearbháin a cheannach le caitheamh ag deireadh na dianghlasála, ionas go mbeidh sreabhadh airgid ag na ceannaithe a chuideoidh leo teacht tríd an ngearchéim. De bhreis ar thionscnaimh den chineál sin, vótáil Parlaimint na hEorpa chun €37 míle milliún a chur ar fáil chun tacú le gnólachtaí agus oibrithe. Chomh maith leis sin, lena chinntiú go dtiocfaimid as an ngéarchéim seo agus muid níos láidre, tá an tAontas Eorpach ag obair cheana féin ar bhuiséad nua chun na críche sin.

"Tá cúram ag teastáil freisin ón dream a thugann cúram“

Marie Soláthraíonn sí béilí d’fhoirne ospidéil, rud a thugann faoiseamh beag do dhream atá faoi bhrú uafásach An Fhrainc, Páras

Is bainisteoir margaíochta í Marie le comhlacht a mbíonn baint ollmhór acu leis an gcócaireacht agus theastaigh uaithi a cion a dhéanamh chun cuidiú leo siúd atá sa bhearna bhaoil sa chomhrac in aghaidh na paindéime. Leis an tionscadal “Les chefs avec les soignants” (Cócairí ar son na n-oibrithe leighis), spreagann sí úinéirí bialainne atá ar oscailt fós (trí bhéilí a sheachadadh) chun páirt a ghlacadh ann agus béilí a thairiscint d’oibrithe leighis. Tá tábhacht ar leith ag baint le béile maith mar chuid de ghnáthamh laethúil na bhfoirne leighis atá ag dul i ngleic le tréimhse dhúshlánach: is féidir leis an deis teacht le chéile lena gcomhghleacaithe agus a scíth a ligean an-mhaitheas a dhéanamh dóibh. Tá go leor eagraíochtaí tar éis páirt a ghlacadh sa tionscadal trí chomhábhair a sholáthar do na béilí, agus tá údaráis áitiúla agus iriseoirí ag déanamh a gcion féin chun tacú leis an dea-obair. Ar fud na hEorpa, tá lámh chúnta á tairiscint ag tíortha, réigiúin agus cathracha éagsúla dá gcomharsana. Ag an am céanna, tá suas le €800 milliún ar fáil ó Chiste Dlúthpháirtíochta an Aontais Eorpaigh chun cuidiú lenár mBallstáit an coróinvíreas a chomhrac.

"Ní ann do bhealach as an ngéarchéim seo ach an dlúthpháirtíocht“

David Déanann sé bainistiú ar chomhordú san aonad éigeandála An Fhrainc, Páras

Cé go bhfuil David ag obair anois chun a bheith ina fheidhmeannach sláinte, oileadh é ina theicneoir saotharlainne. Cé nach dochtúir le leigheas é, tá obair á déanamh aige san ospidéal ina bhfuil sé faoi oiliúint, ag cuidiú leis an gcomhordú san aonad timpistí agus éigeandála. Agus cúrsaí mar atá faoi láthair, tá géarghá le baill foirne nach oibrithe leighis iad: chun cúram a dhéanamh de thascanna amhail athstocáil, eagrúchán, agus othair a phróiseáil chun an t-ualach ar dhochtúirí agus altraí a laghdú, chun go mbeidh siad in ann díriú ar shláinte na n-othar. Fearacht go leor daoine eile ar fud na hEorpa, léiríonn David an dlúthpháirtíocht atá ag teastáil ó dhaoine agus ó fhorais chun an ghéarchéim seo a láimhseáil.