"Chinntigh margaí mórdhíola réimse leathan táirgí ainneoin na ndeacrachtaí a bhain le hiompar agus lóistíocht“

Centro Agroalimentare Roma Chinntigh sé go raibh teacht ag muintir na Róimhe ar bhia folláin le linn na dianghlasála An Iodáil, An Róimh

D’imir COVID-19 tionchar ar fhormhór na rudaí a ndearna muid talamh slán díobh roimhe seo. An léiriú is soiléire air sin ná an tsiopadóireacht bhia: Conas is féidir bia a cheannach nuair atá dianghlasáil i bhfeidhm agus formhór na siopaí dúnta? Sa Róimh, bhí daoine in ann brath ar Centro Agroalimentare Roma (Ionad Agraibhia na Róimhe). “Mhéadaigh an t-éileamh ar thorthaí agus glasraí,” a deir duine ón eagraíocht. “Níor stop ár margaí áitiúla ag obair ar chor ar bith agus bhíomar in ann bunearraí ón gceantar a chur ar fáil dóibh siúd a d'fhan sa bhaile.” Chuaigh an eagraíocht céim níos faide fiú. Ó tharla nach raibh roinnt daoine in acmhainn dóthain bia folláin a cheannach, chuaigh sí i gcomhpháirt le grúpaí agus seirbhísí áitiúla chun suas le 2 mhilliún sciar bia a dheonú i Márta agus Aibreán 2020 amháin. Rinneadh comhordú ar a n-iarrachtaí ar líne faoin haischlib #TogetherWeWillDoThis agus chuir Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe béim orthu le gairid.

"Bhíomar riamh in aghaidh an neamhionannais shóisialta“

Foireann "QuestaèRoma'' Chuir siad feachtas físeán ar bun le treoracha maidir le conas cloí le bearta frith COVID-19 An Iodáil, An Róimh

I dtús na tréimhse dianghlasála san Iodáil, bhí mearbhall ar go leor daoine. Ní raibh treoracha an rialtais soiléir i gcónaí agus d’athraigh siad chomh tapa sin go raibh deacracht ag daoine dul i dtaithí orthu. Thuig an Cumann Cultúrtha agus Spóirt, QuestaèRoma (Seo í an Róimh) an deacracht seo agus chinn siad cúrsaí a mhíniú do dhaoine. “Bhí ár gcumann riamh in aghaidh an neamhionannais shóisialta. Eagraímid feachtais, agus imeachtaí cultúrtha agus ceoil ina gcuirtear na ‘mionlaigh shóisialta’ i lár an aonaigh. Nuair a chonaiceamar an méid a bhí ag tarlú le COVID-19, chinneamar go raibh sé ríthábhachtach faisnéis inúsáidte agus intuigthe do chách a tháirgeadh,” a mhíníonn an fhoireann. Chuir QuestaèRoma feachtas físeáin in Iodáilis le chéile a thug míniú ar na rialacha a bhí le leanúint. Le cúnamh ó oibrithe deonacha, aistríodh an físeán go roinnt teangacha eile, mar shampla Volaifis, Béarla, Fraincis, Albáinis agus Rómáinis. Fuair an feachtas aiseolas dearfach ar fud na hIodáile.

"Conas a mhairfeá ceithre mhí ar €735?“

Giuliano Mhair sé ceithre mhí gan tuarastal agus chinn sé obair dheonach a dhéanamh ina chuid ama shaoir An Iodáil, Reggio Emilia

Cad a dhéanfá dá mbeadh iníon 11 bhliain d’aois agat agus mura mbeadh ioncam agat ar feadh ceithre mhí? Cé go mbeadh an-imní ar an gcuid is mó againn, chinn Giuliano go nglacfadh sé roinnt ama chun nascadh leis an dúlra arís agus roinnt obair dheonach a dhéanamh trí mhaisc a dháileadh ar a chuid comharsan. “Táim ag obair le cuideachta a dhéanann criosanna iompair ach dúradh liom dul abhaile ar an 3 Márta. Bhí ar an gcuideachta dúnadh síos agus fostaithe a scaoileadh chun siúil. Bhí orm fanacht go dtí tús mhí na Bealtaine chun airgead dífhostaíochta a fháil: €735 roimh cháin, agus ní bhfuair mé rud ar bith ó shin. Bhí sé an-chrua orm,” ar seisean. Tá bearta á ndéanamh ag AE chun dul i ngleic le cásanna mar sin. Ina measc tá EUR 100 billiún chun daoine a choinneáil ag obair; bia agus cúnamh ábhartha bunúsach dóibh siúd is mó atá i ngátar; agus EUR 37 mbilliún de chistí struchtúracha chun tacú leis an gcúram sláinte, le gnólachtaí agus le hoibrithe.

"Is bealach iontach é leabhair a bhronnadh ar dhaoine chun tacú le teaghlaigh atá i ngátar le linn na géarchéime“

Giuseppina agus Gianfranca Ag dáileadh leabhar ar theaghlaigh atá thíos go mór le géarchéim COVID-19 An Iodáil, Milano

Is focal Seapáinise é “kifubon” a chiallaíonn leabhair a bhronnadh ar dhaoine. Is é sin an t-ainm atá ar thionscadal idirnáisiúnta a bhain an Spáinn, an Fhrainc, an Ghearmáin agus an Iodáil amach in 2019 freisin. Is tionscnamh ar leith é faoina mbronntar leabhair go rialta ar eagraíochtaí carthanachta. Le linn ghéarchéim COVID-19, bhronn an t-ambasadóir síochána mór le rá Prem Rawat níos mó ná 10,000 cóip dá leabhar "Splitting the Arrow: Understanding the business of Life” ar an tionscadal. Tá cáil ar an leabhar mar gheall ar an tionchar a bhí aige ar an dearbhú “Pledge to Peace”, a scríobhadh i gcomhar le hUachtarán Pharlaimint na hEorpa. “Roghnaíodh an leabhar seo de bharr na dteachtaireachtaí dearfacha a chuireann sé in iúl trí na scéalta gearra agus greannmhara atá ann. Baineann sé le daoine a imeascadh, an neart atá ionainn, an deis atá againn cinntí maithe a dhéanamh agus an tsíocháin atá go smior i ngach duine againn", arsa Giuseppina. Dáileadh na leabhair ar thuismitheoirí agus ar leanaí a bhí i gcruachás de dheasca COVID-19.

"Tá a fhios agam anois cad atá i gceist le hEoraip atá láidir agus aontaithe“

Joe Bhí sé ag obair in éineacht le speisialtóirí Iodálacha chun beatha othar leis an gcoróinvíreas a shábháil An Iodáil, Lecco

Trí Lárionad Comhordúcháin Práinnfhreagartha an Aontais, bhí foireann leighis ón Rómáin in ann tacú le hoibrithe cúraim sláinte san Iodáil. Faoi cheannas an Mhaoir Joe Stroescu, d’oibríodar in éineacht le speisialtóirí Iodálacha chun beatha othar leis an gcoróinvíreas a shábháil. Ar an bhfoireann de 3 altra agus 11 dhochtúir, bhí speisialtóirí scamhóg, ainéistéisithe agus saineolaithe dianchúraim agus éigeandála. Rinne siad trí lá oiliúna faoi chóras cúraim sláinte na hIodáile sular thosaíodar ag cur cóir leighis ar othair i mbailte Lecco agus Merate sa Lombaird. Mar a chuir Joe é: ‘Is cuma cá has a dtagaimid. Sa saol seo, is é atá tábhachtach ná an rud a dhéantar. Agus ag an tráth seo, tá sé tábhachtach a bheith dlúthpháirteach le chéile mar gur i dteannta a chéile a bheimíd in ann an cath seo a bhuachan. Is gníomh dlúthpháirtíochta é seo atá tar éis beathaí a shábháil, agus léiríonn sé sin an fíornádúr atá ionainn san Aontas’. An ceart ar fad aige.

"Táimid ag déanamh ár ndíchill chun cabhrú leis na pobail áitiúla agus leis na seirbhísí sláinte“

Antonio agus Francesco Tá comhlaí riospráide á ndéanamh acu le priontálaí 3D An Iodáil, Varese

Ag Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin san Iodáil, is gnách le Antonio Piscia a bheith ag ceapadh páirteanna speisialtachta d’eolaithe. Nuair a dúnadh saotharlanna de bharr na dianghlasála, thug sé faoi chomhlaí riospráide a dhéanamh le priontálaí 3D. Tá a chomhghleacaí, Francesco Scaffidi-Argentina, tar éis 22 díobh a sheachadadh ar ospidéal in Varese. ‘Tá taighdeoirí an JRC ag obair ar go leor rudaí éagsúla atá nasctha le géarchéim COVID-19. Is maith linn, i seirbhísí teicniúla agus tacaíochta JRC, a bheith ag cabhrú le pobail áitiúla agus le seirbhísí sláinte bealach ar bith is féidir linn,’ arsa Antonio. I láithreacha eile JRC sa Bheilg, sa Ghearmáin agus san Ísiltír, táthar ag deonú trealamh leighis agus soláthairtí eile don phobal áitiúil agus do sheirbhísí sláinte. ‘Táimid ag taispeáint do na pobail áitiúla agus dár gcomhshaoránaigh san Eoraip gur mór againn linn iad agus go dtacóimid leo pé slí is féidir’, a deir Bainisteoir Suímh JRC, Rien Stroosnijder.

"Rinneamar oiriúnú ar ár ngnólacht chun leanúint ag obair“

Maurizio Rinne sé athchóiriú ar línte monaraithe a chuideachta chun maisc a tháirgeadh agus dheonaigh sé ar an gceantar iad An Iodáil, Reggio Emilia

Mar gheall ar an ngá atá le maisc agus trealamh cosanta eile san Eoraip le gairid, bhí gá le solúbthacht thionsclaíoch go leibhéal nach bhfacthas riamh cheana roimh Covid-19. “B’éigean don earnáil lóistíochta athshainniú a dhéanamh ar a samhlacha eagrúcháin, agus táimidne ar fheabhas aige sin. Táimid solúbtha, bainimid tairbhe as digiteáil an tslabhra soláthair agus tá an cumas bainistíochta againn chun na riachtanais reatha a bhaint amach agus féachaint i dtreo na todhchaí ag an am céanna”, a deir Maurizio. Rinne a chuideachta athchóiriú láithreach ar roinnt dá línte monaraithe a bhí dírithe ar éadach, agus modhnaíodh iad chun maisc a tháirgeadh. “Ghlacamar páirt in éileamh ar chistiú réigiúnach ach táimid fós ag fanacht ar an gcinneadh. Idir an dá linn, tá 3,500 masc deonaithe ar an gceantar againn”, a mhíníonn Maurizio.

"A bheith i láthair agus cúnamh a thabhairt – sin ár bhfreagra ar an ngéarchéim“

Francesco, Chiara agus Rosario Déanann oibrithe deonacha ó thionscnamh “Pronto Spesa” Chros Dhearg na hIodáile siopadóireacht agus seachadadh earraí grósaera do na grúpaí is mó atá i mbaol An Iodáil, Certaldo

I gcathair Certaldo san Iodáil, bíonn grúpaí oibrithe deonacha ó Chros Dhearg na hIodáile le feiceáil ag siúl suas agus síos na pasáistí i siopaí grósaera. Is cuid den tionscnamh “Pronto Spesa” é seo, trína ndéantar earraí riachtanacha a sheachadadh chuig na daoine a dteastaíonn siad uathu. Tá Francesco, Chiara, agus Rosario i measc na n-oibrithe deonacha sin. Nuair a d'iarr an Aireacht Sláinte ar an bpobal áiteanna plódaithe a sheachaint, chinn siad go raibh sé in am acu lámh chúnta a thabhairt. “B’éigean do go leor teaghlach inár gceantar teagmháil a dhéanamh le Coiste Chros Dhearg na hIodáile in Certaldo,” a mhíníonn siad. “Céard eile a dhéanfadh muid ach cúnamh a thairiscint dóibh.” Caitheann oibrithe deonacha na Croise Deirge éide agus trealamh cosanta pearsanta cuí agus oibríonn siad i bhfoirne. Faigheann siad iarratais laethúla ón bpobal agus tagann siad le chéile chun cuidiú leis na grúpaí is leochailí: daoine aosta, daoine faoi mhíchumas agus daoine a bhfuil a n-imdhíonacht lag.

"Tá sé ríthábhachtach tacú leis na daoine sin is mó atá i ngátar“

Marco Léiríonn an obair dheonach do Chros Dhearg na hIodáile go bhfuil tábhacht le gach beart le linn géarchéime An Iodáil, An Róimh

Is tionscnamh de chuid Chros Dhearg na hIodáile é “Il tempo della gentilezza” atá ar bun ar fud na tíre. Cabhraíonn na céadta oibrí deonach leo siúd is mó atá thíos le géarchéim COVID-19 trí sheirbhísí riachtanacha a chur ar fáil dóibh, ar nós earraí grósaera agus cógais a sheachadadh. Déanann Marco D’Amico obair dheonach don tionscnamh sa Róimh. “Glacadh an grianghraf agus earraí á n-ullmhú lena seachadadh. Creidim go láidir gur gá tacaíocht agus cúnamh a thabhairt dóibh siúd is mó atá i ngátar le linn COVID-19.” ar seisean. Creideann Cros Dhearg na hIodáile go gcaithfidh an chlisteacht, an tsábháilteacht agus an cineáltas a bheith i gcroílár na mbeart a dhéanann sí faoi láthair. Maíonn sí go bhfuil tábhacht le gach beart, is cuma más nótaí spreagtha a fhágtar ar fhuinneog otharchairr, maisc agus éadach cosanta a bhronnadh, nó fiú béilí a chur ar fáil don lucht leighis atá ann.Beidh buiséad fadtéarmach uaillmhianach de chuid an Aontais ríthábhachtach chun borradh a chur faoin ngeilleagar arís agus chun Eoraip atá glas agus digiteach agus a bhfuil teacht aniar inti a chur chun cinn tar éis COVID-19. Tuilleadh eolais: https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/priorities/an-buisead-fadtearmach

"Ní théann an t-ocras ar coraintín“

Mircea Ag cur athúsáid an fharasbairr bia chun cinn An Iodáil, Pescara

Tugann Fondúireacht Banco Alimentare Onlus cúnamh do 1,500,000 duine san Iodáil, trí fharasbarr bia a sheachadadh ar 7,500 eagraíocht charthanach. Le dhá mhí anuas, tháinig méadú 40% ar líon na n-iarratas ar chúnamh bia san Iodáil mar thoradh ar phaindéim COVID-19. Bhí méadú os cionn 60% i roinnt réigiún. D’fhan an Banc Bia ar oscailt ós rud é go gcuireann sé seirbhís ríthábhachtach ar fáil don tír. Go dtí seo in 2020, tá 30,000 tonna bia seachadta ag Fondúireacht Banco Alimentare Onlus agus í ag brath go mór ar chúnamh Eorpach chun a hoibríochtaí a chur i gcrích. Nuair a dhéanann siad seachadadh, fanann an fhoireann lasmuigh, cinntíonn siad go bhfanann daoine scartha amach go sábháilte óna chéile agus míníonn siad do dhaoine nach bhfágfar ocras ar aon duine. “Tharla mar a bheadh súnámaí dlúthpháirtíochta”, a mhíníonn Uachtarán na fondúireachta, Giovanni Bruno. Labhair Maria, oibrí deonach as Salerno, faoin scéal freisin. “Leis an ráig seo, tháinig méadú ar líon na ndaoine atá ag tabhairt faoi obair dheonach. Tá tocht orm aige. San am i láthair, tá dualgas orainn níos mó seachas níos lú a dhéanamh,” a deir sí.

"Nuair a thuigeamar go raibh an chéad chás dúchasach os ár gcomhair, chabhraigh sé linn leathadh an víris a mhaolú“

Annalisa D’aimsigh sí an chéad othar le COVID san Eoraip An Iodáil, Codogno

An 20 Feabhra, rinne an dochtúir Annalisa Malara cinneadh a chur cruth eile ar fad ar an saol. Shábháil an cinneadh sin Mattia Maestri ón mbás, othar a raibh cóir leighis á cur aici air, agus shábháil sé go leor eile nach é fud fad na hEorpa. Ba é Mattia Maestri, taighdeoir 37 mbliana d’aois, an chéad chás dúchasach de COVID-19 san Eoraip. Ainneoin gur ógánach lúfar é Mattia, bhí drochbhail air. De bhrí gur toradh diúltach a bhí ar na tástálacha go léir a cuireadh air, chinn Annalisa é a thástáil le haghaidh an choróinvíris. Ag féachaint siar di anois, tuigeann Annalisa go rabhthas in ann bearta srianta agus coisctheacha a chur i bhfeidhm san Iodáil agus i dtíortha eile na hEorpa mar gheall gur thug siadsan rabhadh ródaigh lom láithreach. Is iad an dlúthpháirtíocht idirnáisiúnta agus an comhar eolaíoch, dar léi, an dá ní is tábhachtaí chun dul i ngleic leis an bpaindéim. "Tá súil agam go léireoidh mo scéalsa go bhféadfaidh duine ar bith againn an saol a athrú, beag beann ar cé sinn féin nó ar cá mbímid ag obair, ach ár gcúram a dhéanamh go macánta agus go dúthrachtach. Tá súil agam freisin go mbeidh an Eoraip níos aontaithe agus níos láidre dá bharr, mar nach féidir an ceann is fearr a fháil ar a leithéid seo d’éigeandáil gan tarraingt le chéile mar aon mhór-náisiún amháin.

"Tá sé ríthábhachtach cur i gcoinne na bréagaisnéise ar bhealach simplí, spraíúil“

Sarah Ag tacú le meáin shaora, neamhspleácha An Iodáil, An Róimh

Is tréimhse stairiúil í seo don Eoraip, tráth a bhfuil sé deacair cumarsáid a dhéanamh agus níos deacra fós faisnéis chruinn a aimsiú. Nuair a thosaigh an phaindéim, chinn Sarah ‘Coffee al Fly’ a sheoladh. Is podchraoladh saor in aisce é seo a phléann ceisteanna éagsúla, mar shampla conas dul i dtaithí ar an scaradh sóisialta, oideachas airgeadais agus ceannasacht na hEorpa. Gach seachtain pléann Sarah an nuacht is déanaí le comhghleacaithe agus cairde, agus iad ag féachaint le cuntas cruinn agus tuiscint a fháil ar imeachtaí na seachtaine. Ar an gcaoi seo, tá sí ag cuidiú oideachas a chur ar dhaoine a dteastaíonn uatha níos mó a fháil amach faoi roghanna ár rialtas maidir le géarchéim COVID-19. D’iarr Feisirí de Pharlaimint na hEorpa go gcuirfí foinse faisnéise Eorpach ar fáil lena chinntiú go mbeadh teacht ag gach duine ar nuacht atá bunaithe ar fhíricí. D’iarr siad ar chuideachtaí meán sóisialta aghaidh a thabhairt ar bhréagaisnéis agus ar fhuathchaint freisin. Trína podchraoladh, cuireann Sarah na héisteoirí ar a suaimhneas agus ceartaíonn sí míthuiscintí, agus é mar aidhm aici síocháin agus dlúthpháirtíocht a chothú le linn na tréimhse eisceachtúla seo.

"D’aistrigh muid an táirgeadh ó éadaigh go maisc. Ba é sin an rud ba cheart a dhéanamh“

Anna Ag fostú mná leochaileacha i dtáirgeadh masc in-athúsáidte An Iodáil, Verona

Is cúis bróid don Bottarga Gourmet Fish Shop i Málta freagracht a bheith á glacadh air féin aige as a chinntiú go dtugtar bia go leor do bhaill foirne ospidéil ar an líne tosaigh. Tá a chuid ama tugtha saor in aisce acu chun béilí a ullmhú do phearsanra ag ospidéal Mater Dei. Dar leis na cócairí, is é sin an bealach ar féidir leo rannchuidiú leis na hiarrachtaí i gcoinne na paindéime agus a mbuíochas a léiriú dóibh siúd atá á gcur féin i mbaol chun cuidiú le daoine atá breoite. Ar fud na hEorpa, tá daoine ag baint úsáid as a gcuid scileanna agus as a gcuid acmhainní chun tacú lenár laochra cúraim sláinte.

"Tá an todhchaí inár lámha féin; ná coinnímis inar bpócaí iad“

Isinnova Priontaí 3D, maisc, comhlaí comhbhrúiteora, agus soláthairtí leighis An Iodáil, Brescia

Sheol Julie (an bunathóir) agus Cathy grúpa Facebook ‘Les Petites Mains Bruxelloises pour des Blouses’. Tugann deontóirí braillíní leapa, clúdaigh dhuivé nó éadaigh bhoird agus déanann oibrithe deonacha, ar gnách iad ag fuáil mar chaitheamh aimsire, gúnaí díobh d’oibrithe cúraim sláinte. Go dtí seo, tá níos mó ná caoga gúna tugtha ag an ngrúpa d’ospidéil agus do thithe altranais. Tá Julie agus Cathy ar lorg tuilleadh oibrithe deonacha, chun éileamh ar 500 gúna a shásamh.

"Faigh déanta é“

Massimo Ag táirgeadh maisc aghaidhe lena fhoireann nua de 450 duine An Iodáil, Bologna

Is é atá in ‘Vizinho Amigo’, arb aistriúchán é ar ‘Comharsan Cairdiúil’, ná grúpa d’oibrithe deonacha atá ag tabhairt cúnaimh dóibh siúd is mó atá i mbaol an víreas a tholgadh, amhail daoine scothaosta agus daoine breoite. Ós rud é gurb iad na grúpaí daoine sin is troime a bhuailtear nuair a thogann siad an víreas, moltar go láidir dóibh gan teacht le chéile le daoine eile, lena n-áirítear in ollmhargaí nó i siopaí poitigéara. Sin an uair a dhéanann na ‘comharsana cairdiúla’ a mbeart. Bailíonn siad iarratais agus téann siad ag iopadóireacht le haghaidh bia, cógas agus aon earraí riachtanacha eile, agus déanann iad a sheachadadh do dhaoine, ar leac a ndoirse. Tá siad ag obair fosta le feasacht a ardú maidir lena seirbhísí, trí bhileoga eolais a sheachadadh sa cheantar áitiúil agus trí bheith ag obair le húdaráis áitiúla. Bhí an meon dlúthpháirtíochta sin le feiceáil fosta idir Ballstáit an Aontais, go háirithe ina dtreo siúd is troime atá buailte ag an bpaindéim. Mar shampla, sheol an tSlóvaic maisc agus díghalrán chuig an Iodáil, agus sheol an Astair lámhainní agus díghalrán chuig an gCróit. Tá cóir leighis á tabhairt in ospidéil sa Ghearmáin d’othair as an Iodáil agus as an bhFrainc atá i mbaol báis, agus thairg an tSeicia cultacha cosanta don Iodáil agus don Spáinn. Is samplaí foirfe iad sin den dóigh a bhfuil muid an teacht tríd an ngéarchéim, agus muid le chéile.

"Ceannaigh béile inniu, chun a áirithiú go mbeidh na bialanna anseo amárach“

Global Shapers Tacaíonn siad le bialanna agus siopaí caife An Iodáil, an Róimh

Chun scaipeadh COVID-19 a chomhrac, bhí ar go leor gnólachtaí a dhúnadh. Mar thoradh air sin, tá fírinne eacnamaíoch dheacair le sarú ag go leor bialanna agus siopaí caife. San Iodáil, tá ardán Save One Seat seolta ag mol Global Shapers chun a chur ar chumas daoine bannaí bia a cheannach inniu ó na bialanna is fearr leo agus iad a úsáid nuair a bheidh an éigeandáil thart. Tugann sé seo cead do ghnólachtaí cistí láithreacha a ghlacadh chun a gcostais reatha a chumhdach, agus is féidir le húsáideoirí tnúth le béilí a phleanáil lena gcairde agus lena dteaghlaigh. Tá AE ag tacú le gnólachtaí atá ag tabhairt aghaidh ar streacailtí comhchosúla. Mar shampla, tá an Ciste Eorpach Infheistíochta tar éis €8 mbilliún a shlógadh chun cuidiú le 100,000 cuideachta ar a laghad atá thíos leis an ráig.

"Cuidím le hospidéil teacht ar na huirlisí is sofaisticiúla chun COVID-19 a aimsiú“

Claudio Cuireann sé oiliúint ar oibrithe cúraim sláinte i dteicnící diagnóisice móilíní An Iodáil, An Róimh

Sa chás tromhchúiseach seo atá ag athrú go tapa ó lá go lá, ní mór do mhuintir na hEorpa teacht le chéile, chun an ceann is fearr a fháil ar COVID-19. Baineann Claudio leas as a chuid scileanna nuálacha sa bhitheolaíocht mhóilíneach lena chion féin a dhéanamh. Mar dhuine d’fhoireann Servizi Diagnostici, tá saineolas aige ar dháileadh táirgí diagnóiseacha do shaotharlanna, agus ar réitigh a aimsiú do sholáthróirí cúraim sláinte ar fud na hEorpa. Chun comhar a éascú idir na Ballstáit, tá cead tugtha ag an Aontas trealamh sláinte a cheannach ar bhonn comhpháirteach lena chinntiú go bhfuil teacht ar sholáthairtí sláinte ar phraghas réasúnta, is cuma cén áit a bhfuil tú san Eoraip.

"Tá an leigheas á lorg agam ar mo shon féin, ar son mo chuid cairde, agus ar son na hEorpa go léir“

Giuseppe Tá cóir leighis riachtanach á forbairt aige tríd an taighde nuálach An Iodáil, Ancona

Is as Fragagnano ó dhúchas Giuseppe Bungaro, a ainmníodh mar dhuine de 100 Eccellenze Italiane tar éis dó Comórtas an Aontais Eorpaigh d’Eolaithe Óga a bhuachan. Tríd an teiripe ocsaigine hipearbarach, tháinig Giuseppe ar bhealach chun coilm riospráide iomarcacha a sheachaint agus cóireáil a chur ar chomharthaí niúmóine ó SARS-CoV-2. Teastaíonn ón Aontas borradh a chur faoina leithéid de thaighde, agus cuidiú le taighdeoirí teacht ar vacsaín go tapa tríd an maoiniú ar thaighde atá ann cheana. Mar shampla, leis an €47.5 milliún ó chlár Fís 2020 atá le caitheamh ar 17 dtogra taighde, d’fhéadfaí tuiscint níos fearr a fháil ar COVID-19 agus, leis sin, feabhas a chur ar an mbainistiú cliniciúil.

"Tá feistí atá éasca le húsáid, atá go hiomlán uathoibrithe agus a bhfuil intleacht shaorga acu ag teastáil ó dhochtúirí atá ag dul i ngleic leis an ngéarchéim seo“

Filippo and Marco Tá teicneolaíocht nua á forbairt acu a chuidíonn le hothair COVID-19 análú An Iodáil, Parma

I gcás roinnt daoine, is féidir le COVID-19 a bheith ina shiocair giorra anála agus, i gcás roinnt eile, deacrachtaí anála tromchúiseacha. Chun dul i ngleic leis an nganntanas aerálaithe d’othair sna cásanna sin, chruthaigh Marco agus Filippo, lena ngnólacht nuathionscanta Omnidermal, an tAonad Análaithe Uathoibríche. Leis an taithí atá acu beirt ar fheistí leighis agus uathoibriú cógaisíochta a fhorbairt, tá súil acu go mbeidh siad in ann cuidiú le hothair a bhfuil COVID-19 orthu anáil níos fearr a dhéanamh. Leis an Tionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha, comhpháirtíocht sláinte na hEorpa, táthar ag cur dlús leis an bpróiseas forbartha cógas, ag forbairt léargas eolaíoch nua, agus ag cruthú acmhainní nua le cur ar fáil don phobal taighde. De bhreis air sin, tá cuid de na tograí sin ag dul chun tairbhe d’othair cheana féin.

"Is láidre sinn le chéile“

Grúpa oibrithe deonacha ag obair sa tSeirbhís Leighis Éigeandála Anpas Emilia Romagna, An Iodáil Oibrithe deonacha ag ullmhú do lá eile leis an tSeirbhís Leighis Éigeandála An Iodáil, Parma

Tá eagraíochtaí pobail ag teacht le chéile ar fud na hEorpa chun dlúthpháirtíocht a léiriú le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Tá Anpas Emilia Romagna ar cheann de na grúpaí sin agus é ag cur seirbhísí éigeandála leighis ar fáil do chuid de réigiúin na hIodáile is mó atá i gcruachás. Chun cuidiú leo ina gcuid oibre, cinntíonn RescEU - cuid den Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta - gur féidir le tíortha rochtain a fháil go tapa ar an trealamh leighis a theastaíonn uatha. Ciallaíonn sé sin go bhfuil rochtain ag gach Ballstát anois ar an gcéad stoc-charn rescEU riamh de threalamh leighis, amhail aerálaithe agus maisc chosanta, faoin Sásra Aontais um Chosaint Shibhialta.

"Cinnte, tá eagla orm. Tá eagla orainn uile. Ach is é an saghas eagla é a chuireann brú orainn fanacht agus an galar a throid“

Claudia Ag obair mar dhochtúir i rannóg Éigeandála COVID in ospidéal in Milano An Iodáil, Milano

Is gaistreintreolaí í Claudia atá i mbun dualgais faoi láthair i rannóg Éigeandála COVID in ospidéal Fatebenefratelli Sacco in Milano. I measc na gceithre rannóg COVID atá cruthaithe ag an ospidéal, tá rannóg Claudia ag tabhairt aire do na hothair is breoite agus is éagobhsaí. Tá formhór na 40 othar faoina cúram ag brath ar análaitheoirí, agus aistrítear líon ard acu chuig aonaid dianchúraim ar deireadh. Maraon le go leor dochtúirí ar fud na hEorpa, rinne Claudia a post a chur in oiriúint do na riachtanais atá ann faoi láthair. Lena chur ar chumas na foirne leighis an obair dhúshlánach seo a dhéanamh, tá cistí breise curtha ar fáil ag an Aontas d’ospidéil ar fud na hEorpa agus tá sé ag cur le táirgeadh feistí leighis trí ghlaonna ar tháirgeadh trealaimh a eisiúint agus idirbheartaíocht a dhéanamh maidir le solárthairtí nua.

"Ní raibh mé riamh chomh hullamh is atá mé anois“

Francesco Francesco, An Iodáil Cláraithe mar oibrí deonach le Anpas Emilia Romagna An Iodáil, Parma

Tá Francesco lonnaithe in Parma, ceann de réigiúin na hIodáile is mó atá thíos le ráig COVID-19. Mar thiománaí otharchairr don tSeirbhís Éigeandála Leighis (Assistenza Pubblica), tá an-éileamh ar a chuid seirbhísí chun tacú leis an bpobal áitiúil agus iad ag tabhairt aghaidh ar an ngéarchéim. Chun tacú le hoibrithe deonacha agus foirne leighis trasna na hEorpa, tá an tAontas ag cinntiú soláthar trealaimh leighis trí mhéadú a dhéanamh ar tháirgeadh feistí agus trealaimh leighis, agus trí idirbheartaíocht a dhéanamh do sholáthairí nua do na réigiúin is mó atá i gcruachás.