Ós rud é go bhfuil seirbhísí leighis atreoraithe le linn na paindéime, níl fáil ag roinnt saoránach ar na dochtúirí, ar na fiaclóirí, ar na fisitheiripeoirí, agus ar na síceolaithe a bhíonn acu de ghnáth. Chruthaigh Mindaugas, atá ina dhochtúir é féin, leathanach Facebook inar féidir le daoine ceisteanna leighis a chur agus comhairle a fháil go mear (laistigh de 10 nóiméad agus 24 uair a chloig, ag braith ar phráinn na hiarrata). Ní hamháin go ndéantar comhairle leighis bhunúsach a sholáthar d’othair, ach laghdaítear ualach na bhfoirne leighis atá ag an líne thosaigh agus sábháiltear airgead poiblí a threorú go cúraimí atá neamhriachtanach nó neamhphráinneach.