"Ba cheart go mbeadh cothú na síochána sóisialta mar aidhm ag gach rialtas“

Martina Ag tacú le bearta chun poist a shábháil sa tSlóváic Slovakia, An Bhratasláiv

Chuir COVID-19 isteach go mór ar shlándáil poist ar fud na hEorpa, ach tá Martina agus daoine mar í ag obair go crua chun tacú leo siúd is mó atá buailte leis. Ó thosaigh COVID-19, tá a cumann ag cur béim ar an ngá le gníomhaíocht mhear chun cuidiú le fostóirí agus fiontraithe a bhfuil deacrachtaí acu. Cuireann siad na daoine atá ag féachaint le poist a shábháil nó cuideachtaí a neartú chun cinn agus tacaíonn siad leo. “Ba cheart go mbeadh sé mar sprioc choiteann againn an fhostaíocht a choinneáil oiread agus is féidir,” a deir sí. “Ní raibh baol comhiomarcaíochtaí chomh hard ná chomh dáiríre riamh. Mar sin, táimid ag iarraidh idirphlé sóisialta sa tSlóvaic, ar cheart é a chur ar bun ar an leibheál náisiúnta.” Tá sé mar cheann de spriocanna Ionstraim Théarnaimh an Aontais Eorpaigh a bheith ag tacú leis an bhfostaíocht. Tá sé i gceist faoin bplean €31 billiún i ráthaíochtaí a chur ar fáil chun iasachtaí a thabhairt do chuideachtaí Eorpacha sna hearnálacha, réigiúin agus tíortha is mó atá buailte.

"Cabhraímis leo siúd nach féidir leo cabhrú leo féin“

Eva I mbun fiontar sóisialta a bhfuil daoine faoi mhíchumas ag obair ann Slovakia, Michalovce

“Cabhraímis leo siúd nach féidir leo cabhrú leo féin”. I gcás Eva, is é an cuspóir a bhí lena fiontar sóisialta ná saoránaigh atá faoi mhíbhuntáiste a imeascadh agus a gcaighdeán saoil a fheabhsú. Sular bhris COVID-19 amach, bhí 100 duine faoi mhíchumas fostaithe aici agus is é an post a bhí acu ná comhpháirteanna a dhéanamh do charranna agus do mhótair leictreacha. Tháinig athrú air sin de dheasca na paindéime. “Tháinig laghdú 70 % ar an ioncam agus b’éigean dúinn 40 fostaí a scaoileadh chun siúil,” arsa Eva. Chun nach mbeadh orthu dúnadh b’éigean an fiontar a athrú. Chinn roinnt fostaithe a gcuid oibre a dhíriú ar éadach cosanta a dhéanamh. “Rinneamar ar dtús é dár bhfostaithe féin, agus thosaíomar ag tabhairt aghaidh ansin ar riachtanais na gcuideachtaí agus na n-údarás bardasach gar dúinn,” arsa Eva. D’iarr an Pharlaimint go gcuirfeadh AE straitéis uaillmhianach nua maidir le míchumas le chéile, ina mbeadh bearta téarnaimh agus maolaithe chun nach mbeadh tionchar díréireach ag géarchéimeanna sláinte ar nós COVID-19 ar dhaoine atá faoi mhíchumas.

"Seachas a bheith i mo shuí sa bhaile, shíl mé gur cheart do phíolótaí teacht le chéile agus cúnamh a thabhairt“

Roman Úsáideann sé a chuid scileanna mar phíolóta agus a thaithí le halgartaim a mheaitseáil chun soláthairtí leighis a sheachadadh ar fud na tíre Slovakia, An Bhratasláiv

Níor coinníodh gach eitleán san Eoraip ar an talamh le linn na dianghlasála. Sa tSlóvaic, mar shampla, thuig níos mó ná 80 píolóta a bhfuil a n-eitleáin phríobháideacha féin acu gur deis a bhí i ráig COVID-19 chun a bheith ag eitilt níos minice. Ach ní ar mhaithe le pléisiúr. Chun leas an phobail a bheadh sé an uair seo. “Lá amháin bhí 13 aerárthach san aer againn. Bhí sé mar chuspóir againn soláthairtí leighis a thabhairt go dtí tuairim is 250 seoladh laistigh de 120 nóiméad. I measc na “gcustaiméirí” a bhí againn bhí aonaid éigeandála, lucht múchta dóiteáin, ospidéil, an Chros Dhearg nó tithe altranais", arsa Roman. Chuir sé tús lena thionscnamh trí ghlao a dhéanamh ar oibrithe deonacha ar Facebook agus thug rialtas na Slóvaice cead dó ar deireadh. Trí bhogearraí tiomnaithe (a d’fhorbair Artman Technologies, ar a bhfuil Roman ina phríomhfheidhmeannach), déantar iarratais a mheaitseáil leis na píolótaí atá ar fáil trí GPS agus déantar teagmháil leo tríd an ardán PILOTS4PEOPLE.EU.

"Teastaíonn níos mó cúnaimh ó fhiontraithe, go háirithe iad siúd a chruthaíonn poist“

Jan Ag streachailt ag iarraidh a bhialann a shábháil Slovakia, Zemplinska šírava

Níl sé éasca bialann a rith ó thosaigh ráig an choróinvíris. Samhlaigh nach mbeadh aon ioncam agat ar feadh beagnach dhá mhí agus nach dtiocfadh aon laghdú ar na costais atá ort. Fiú agus tú ag athoscailt, bheadh ort infheistíocht bhreise a dhéanamh agus dul i ngleic le níos lú custaiméirí. Dúradh le Jan ar an 31 Márta nár mhór dó a bhialann a dhúnadh agus an deichniúr fostaithe a sheoladh abhaile. Tá laghdú 50 % ar líon na gcustaiméirí ó d’oscail sé arís. “Teastaíonn níos mó cúnaimh ó fhiontraithe, go háirithe iad siúd a chruthaíonn poist,” arsa Jan. “Cruthaíonn fiontair bheaga agus mheánmhéide 80 % de na poist ar fad agus tá níos mó tacaíochta ag teastáil uathu.” Tuigeann Parlaimint na hEorpa an imní atá ar Jan. “Níl mórán ama againn. Caithfimid gníomhú go práinneach agus go cróga mar go dteastaíonn freagairt láithreach ó shaoránaigh, gnólachtaí agus geilleagair na hEorpa. Tá na saoránaigh ag súil le bearta cróga. Tá sé in am againn beart a dhéanamh anois", arsa Uachtarán na Parlaiminte David Sassoli agus é ag caint le ceannairí an Aontais le linn físchomhdhála. Tá tuilleadh eolais anseo: https://www.europarl.europa.eu/news/ga/headlines/eu-affairs/20200611STO81008/david-sassoli-ta-deis-againn-anois-an-eoraip-a-athdhearadh

"Táim fíor-bhuíoch as an deis a bheith i mo shaorálaí le Cumann na Croise Deirge sa tSlóvaic“

Veronika Cabhraíonn sí le muintir na Slóvaice a d’fhill ar an tír agus iad i gcoraintín ar feadh dhá sheachtain Slovakia, Banská Štiavnica

De bharr COVID-19, tá níos mó am saor ag roinnt saoránaigh Eorpacha ná a bhí acu riamh. Bhreathnaigh Veronika ar an am saor sin mar oscailt súl. “Thuig mé láithreach gur deis a bhí ann a bheith i mo shaorálaí le Cumann na Croise Deirge,” a mhínigh sí. “Nílim i mo shaorálaí ach ar feadh tréimhse ghairid, ach tá a fhios agam go leanfaidh mé leis nuair a bheidh sé seo go léir thart. Cuireann sé áthas an domhain orm a bheith in ann cúnamh a thabhairt do mo phobal.” Déanann Veronika obair dheonach ag ceann de na hionaid choraintín arna reáchtáil ag rialtas na Slóvaice, áit a gcuireann saorálaithe ó Chumann na Croise Deirge cúnamh ar fáil oíche agus lá agus seacht lá na seachtaine do shaoránaigh atá tar éis filleadh ar an Slóvaic le dhá sheachtain anuas. Tugann sí cúnamh dóibh leis an bpróiseas clárúcháin, déanann sí béilí a dháileadh agus cuireann sí cúnamh eile ar fáil de réir mar is gá. “Bímse ag súil le mo chulaith cosanta bán a chur orm, creid é nó ná creid! Is aoibhinn liom a bheith ag obair le foireann comhghleacaithe áille a bhfuil an paisean céanna acu is atá agam chun cabhrú le daoine atá i gcruachás,” a dúirt Veronika.

"Tá tábhacht le cosaint a thabhairt dár n-oibrithe sláinte. Ní féidir linn COVID-19 a stopadh gan iad“

Lucia agus Šimon Chruthaigh siad ardán chun cabhrú le hoibrithe sláinte ar an líne thosaigh agus le daoine leochaileacha Slovakia, An Bhratasláiv

Bhunaigh Lucia agus Šimon ‘Kto Pomôže Slovensku’ – ‘Dream a chuidíonn leis an tSlóvaic’ – chun daoine a eagrú agus síntiúis a bhailiú chun trealamh bunriachtanach a cheannach d’oibrithe sláinte. Tar éis míosa, bhí beagnach 1 mhilliún euro bailithe acu ó chuideachtaí agus as síntiúis aonair. Fuair foirne leighis agus daoine a bhíonn ag obair le daoine soghonta (e.g. in áiteanna ina dtugtar cúnamh cónaitheach) na mílte nithe a bhí ag teastáil uathu a bhuíochas don eagraíocht – lena n-áirítear mascanna, aerálaithe, cultacha cosanta agus díghalráin. Tacaíonn an tionscnamh freisin le hionaid shíceolaíocha do dhaoine de gach uile aois. Thug Ballstáit an Aontais cúnamh dá chéile freisin. Tháinig 26 thír le chéile, le cúnamh ón Aontas, chun trealamh, vacsaíní agus cógais fhrithvíreasacha a cheannach i bpáirt le chéile. Cé go bhfuil saoránaigh Eorpacha ag comhordú na hoibre ina dtíortha féin, tá comhpháirtithe Eorpacha eile réidh le tacú leo sa chomhrac i gcoinne an choróinvíris.