"Ní admhaíonn an lucht leighis riamh go bhfuil siad spíonta“

Bogdan, Samo agus Tilen Aip nua curtha i láthair ag haiceatón AE “EUvs.Virus” a d’fhéadfadh cabhrú le dochtúirí agus altraí a thuirse atá siad a mheas An tSlóivéin, Liúibleána

Tá a fhios againn ar fad go bhfuil an lucht leighis i measc laochra na paindéime. Ach is daoine fós iad a dtagann tuirse orthu ar nós an chuid eile againn, cé go bhfuil go bhféadfadh iarmhairtí níos mó a bheith ann ina gcás siúd. “Caithfidh an lucht leighis cabhrú le daoine, sin an post atá acu. Ní bhíonn a fhios acu i gcónaí cén uair ba cheart dóibh nó is féidir leo stopadh, agus is minic nach ritheann sé leo cé chomh tuirseach is atá siad. Sin an uair a tharlaíonn botúin," arsa an Dr. Bogdan Florea. Chun an fhadhb sin a réiteach, bhain an Dochtúir Florea agus a fhoireann leas as Idirlíon na Rudaí Nithiúla. Chruthaigh siad teicneolaíocht le chéile ar a dtugtar BRNoutID: “léann” aip súile an úsáideora agus cuirtear na torthaí i gcomparáid le sonraí gníomhaíochta inchinne. Ag deireadh an phróisis, faigheann an t-úsáideoir torthaí cruinne fíor-ama faoi cé chomh traochta atá sé. Cuireadh an aip i láthair ag an gcéad ócáid haiceatóin uile-Eorpach ar líne EUvs.Virus, ócáid a d’eagraigh an Coimisiún Eorpach. Bhí sé mar aidhm leis an ócáid teacht ar réitigh ar phaindéim COVID-19.

"Tugann feachtas #EMKrepi gnólachtaí agus óige na Slóivéine le chéile chun cuidiú ár ngeilleagar a athsheoladh“

Nika Ag spreagadh daoine óga tús áite a thabhairt do tháirgí agus do sheirbhísí Slóivéanacha le linn ghéarchéim COVID-19 An tSlóivéin, Liúibleána

Agus siopaí áitiúla ar fud na Slóivéine ag dul i ngleic le tionchar na dianghlasála, is ábhar dóchais é an feachtas don “Chárta Óige Eorpach” (#EMKrepi). Is smaoineamh simplí atá i gceist. Faoin gclár, gheobhaidh Slóivéanaigh atá faoi bhun 30 bliain d’aois rochtain ar bhuntáistí éagsúla ag gnólachtaí áitiúla. Is féidir leo tacú le gnólachtaí a gcairde freisin. Is í Gníomhaireacht Óige na Slóivéine (SLOAM) atá i gceannas an tionscnaimh agus spreagann sí daoine óga a n-acmhainneacht a fhorbairt, imeascadh sa sochaí, agus cinntí freagracha a ghlacadh. Tá cárta faighte ag os cionn 120,000 ógánach (40% d’óige na Slóivéine) cheana. “Cuireann an cárta buntáistí éagsúla ar fáil, agus os cionn 70,000 lascaine ar fud na hEorpa san áireamh. Is é an feachtas #EMKrepi an tionscnamh nuálaíoch is deireanaí ón ngníomhaireacht. Cuideoidh sé le daoine óga táirgí agus seirbhísí Slóivéanacha den chuid is mó a fháil sna míonna amach romhainn, agus cuideoidh sé sin lenár ngeilleagar,” a deir Nika Stegovec.

"Ó tharla nach raibh aon ghrúpaí ná múnlaí ann ar dtús chun monatóireacht a dhéanamh ar an eipidéim agus todhchaí na heipidéime a thuar, bhíomar sásta tabhairt faoi“

Dr. Leskovar agus an tOllamh Dr. Cizelj Innealtóirí núicléacha Slóivéanacha a chinn staitisticí tábhachtacha faoi éabhlóid COVID-19 a chur ar fáil do na húdaráis inniúla An tSlóivéin, Liúibleána

Fud fad na hEorpa, tá saoránaigh míshocair faoin todhchaí. Tá na bearta dianghlasála á mbaint de réir a chéile, ach tá baol láidir ann fós go dtiocfaidh an dara rabharta. Ní mór fanacht agus féachaint ar na staitisticí sula mbeidh fhios againn cén uair a mbeimid in ann COVID-19 a chur taobh thiar dínn. Sa tSlóivéin, eisíonn Dr. Matjaž Leskovar agus an tOllamh Dr. Leon Cizelj na staitisticí COVID-19 is deireanaí go rialta agus is pointe tagartha iad anois do na seirbhísí atá i gceannas ar bhearta nua a phleanáil. Níorbh é seo a bhí ar bun acu i gcónaí. I dtús ama, thug siad faoi shamhaltú COVID-19 le teann fiosrachta agus chun breithniú a dhéanamh d’ullmhacht thráthúil - atá tábhachtach san fhuinneamh núicléach. Dírítear sna staitisticí, a fhoilsíonn Rannóg Innealtóireachta an Imoibreora ag Institiúid Jožef Stefan ar leathadh COVID-19 sa tSlóivéin. Déantar cuir i láthair ar chainéal sonrach YouTube.

"Aimseoidh ár saotharlann bealach níos tapa agus níos saoire chun vacsaín a ullmhú“

Roman I gceannas ar fhoireann taighdeoirí atá ag lorg vacsaíní agus cóireálacha leighis COVID-19 An tSlóivéin, Liúibleána

Tá an iliomad staidéar ar an gcoróinvíreas ar bun ar fud na hEorpa agus tá an taighde ar COVID-19 ag teacht chun cinn lá i ndiaidh lae. Tá an tOllamh Dr. Roman Jerala, agus a fhoireann taighdeoirí ag an Institiúid Ceimiceán in Liúibleána, ag cuidiú leis na hiarrachtaí idirnáisiúnta cógais agus vacsaíní a fhorbairt chun an víreas nua a chomhrac. Tá an tAontas Eorpach i dtús cadhnaíochta sa tacaíocht don nuálaíocht agus do chomhordú na n-iarrachtaí taighde domhanda, lena n-áirítear ullmhacht do phaindéimí. Téann a ngníomhaíochtaí i ngleic le heipidéimeolaíocht, freagairt ar ráigeanna, forbairt diagnóisice, cóireálacha leighis agus vacsaíní, agus na hacmhainní a theastaíonn chun an taighde seo a chumasú. Tháinig an Coimisiún agus na haireachtaí náisiúnta ar chomhaontú freisin maidir leis an gcéad phlean gníomhaíochta ERAvsCorona, ina leagtar amach 10 ngníomhaíocht comhordaithe tosaíochta chun an víreas a chomhrac.

"Anuas ar a bheith ag múineadh, déanaim iarracht páistí agus tuismitheoirí a spreagadh“

Jerneja Ag múineadh scoile ó chian An tSlóivéin, Liúibleána

Tá an scolaíocht bhaile, in éineacht leis an éiginnteacht faoin uair a fhillfidh siad, ag dul dian ar roinnt páistí. Cinntíonn an múinteoir bunscoile Jerneja go bhfuil a cuid daltaí fós ag foghlaim agus go bhfuil páirt á glacadh acu sna ceachtanna in ainneoin na géarchéime. Ina theannta sin, tá sí ag iarraidh caidreamh idirphearsanta a thógáil idir leanaí agus a dtuismitheoirí agus a chinntiú go bhfuil tuiscint acu ar a chéile agus go bhfuil siad buíoch dá chéile. Thug go leor tuismitheoirí le fios go mbraitheann na páistí uathu a gcairde scoile agus thug roinnt acu le fios go mbraitheann siad uathu a múinteoir. Dúirt Jerneja go mbíonn sí i dteagmháil le tuismitheoirí i gcónaí agus go ndéanann sí gach ar féidir léi chun cumarsáid a dhéanamh leo siúd nach bhfuil ríomhairí agus an teicneolaíocht chuí ann. Baineann sí úsáid as aipeanna éagsúla chun cumarsáid a dhéanamh leis na tuismitheoirí. Tá a huimhir ghutháin acu chun gur féidir leo labhairt léi faoi riachtanais a clainne. “Braithim uaim iad”, arsa Jerneja. Dar léi go bhfuil buntáiste amháin ag baint leis an gcianfhoghlaim, áfach. “Tá níos mó cruthaitheachta agus comhoibrithe feicthe agam ná mar atá le blianta”.

"Ba léir dom go gcaithfinn cuidiú“

Vladimir Ag cinntiú gur féidir le comaitéirí dul chun na hoibre An tSlóivéin, Liúibleána

Mar thoradh ar ráig COVID-19, ní raibh de rogha ag cuideachtaí tacsaí ar fud na hEorpa ach tabhairt faoi chur chuige cruthaitheach. Tá go leor cuideachtaí tacsaí ag tairiscint seirbhísí seachadta bia agus cógas leighis. Mar sin féin, tá go leor daoine a bhfuil deacrachtaí fós acu a mbealach a dhéanamh chun na hoibre. Sa tSlóivéin tá an córas iompar poiblí dúnta síos go sealadach mar gheall ar phaindéim COVID-19. Nuair a chuala an tiománaí tacsaí Vladimir Vidaković go raibh comhghleacaí lena mháthair ag siúl ar feadh uair an chloig gach lá le dul chun na hoibre, chinn sé í a thiomáint saor in aisce. Nuair a chonaic sé go raibh an deacracht chéanna ag go leor daoine eile, thosaigh sé ag tairiscint a sheirbhísí do phobal níos mó. Tá dlúthpháirtíocht mar seo le feiceáil ar fud na hEorpa. Ó cuireadh tús leis an tréimhse dhianghlasála, measann Cónaidhm Thiománaithe Tacsaí Mhaidrid go bhfuil thart ar 75,000 turas saor in aisce déanta ag a gcuid tiománaithe agus iad ag seachadadh othar nó trealamh leighis.

"Theastaigh uaim cabhrú le daoine a bhí i ngátar“

Jelena Táirgeann sí maisc a bhfuil géarghá leo d’oibrithe cúraim sláinte An tSlóivéin, Liúibleána

Tá tionscal an fhaisin ag obair le chéile le roinnt seachtainí anuas. Tá cuideachtaí móra atá déanamh masc, fallaingí ospidéil agus díghalráin lámh ina monarchana agus tá cuideachtaí beaga ag deonú airgid. Is minic le healaíontóirí agus dearthóirí a bheith ar an gcéad dream a thugann cúnamh don tsochaí nuair is gá. Bíonn ealaíontóirí nuálach agus tagann siad aníos le smaointe nua agus bíonn siad tiomanta don obair chruthaitheach atá leagtha amach acu. Chuaigh an dearthóir faisin Jelena Proković i gcomhpháirtíocht le dearthóirí faisin eile, le dearthóirí feistis, le stílithe agus le lucht fuála faoin tionscnamh ‘Mask_Sign’. Tionscnamh é sin trína ndearnadh maisc chosanta a fhuáil ó mhaidin go faoithin. Tá os cionn 1,000 masc cadáis cruthaithe acu do dhaoine fásta agus na céadta masc do leanaí. Tá siad sin deonaithe acu do dhaoine atá sna grúpaí is soghonta agus d’fhostaithe in institiúidí sláinte agus cúraim shóisialta.