"Más fearr sin, más measa, beimid ann i gcónaí“

Alberto Rinne sé obair dheonach ag díghalrú na sráideanna lena tharracóir nuair a thosaigh COVID-19 An Spáinn, Laguna de Negrillos, León

Is chun leasa a phobail a bhí Alberto ag obair i gcónaí. Mar fheirmeoir orgánach, chuir sé bia ar ardchaighdeán ar fáil do phobal Laguna de Negrillos (León) agus níos faide i gcéin. Ní dhearna COVID-19 mórán difir dá chuid oibre laethúil. Seachas b’fhéidir rud amháin: Thosaigh sé ag obair ar an Domhnach freisin, rud a tharraing aird ar a dhianiarrachtaí agus go deimhin thug Eagraíocht Bhia agus Talmhaíochta na Náisiún Aontaithe suntas de freisin. “Go bunúsach leanamar ag obair ar an mbealach céanna, ach bhí an smaoineamh agam féin agus feirmeoirí eile cuidiú leis na húdaráis na sráideanna agus foinsí poiblí tógálachta eile a dhíghalrú,” a mhíníonn Alberto. “Chuireamar ár smaoineamh i láthair agus thug an rialtas na treoirlínte cuí dúinn.” Níorbh fhada go raibh foireann oibrithe deonacha bailithe ag Alberto. Ba leor teachtaireacht amháin chun iad a mhealladh: “Más féidir linn oibriú le chéile agus ár bpobal níos sine a chosaint nó a shábháil ar ionfhabhtú, déanaimís sin.” D’úsáid oibrithe deonacha a dtarracóirí nuair a d’fhéad siad é agus rinne siad an chuid eile den obair de shiúl na gcos, a léirigh a dtiomantas tacú lena bpobal.

"Tá súil agam go bhfuilimid anois ar bhealach cinnte an téarnaimh“

Viri Chonacthas di gur deis a bhí sa dianghlasáil le feabhas a chur ar a bialann An Spáinn, San Román de Candamo, Asturias

Chuir COVID-19 na mothúcháin trína chéile d’úinéirí bialann ar fud na hEorpa. Sin mar a bhí ag Viri arbh éigean di a bialann ‘El Llar de Viri’ a dhúnadh tráth na dianghlasála sa Spáinn. “Maidir leis an gcinneadh na bialanna ar fad a dhúnadh, tháinig sé aniar aduaidh orainn; ní rabhamar in ann é a chreidiúint. Bhíomar thuas seal thíos seal: neamhchinnteacht ar dtús, agus ansin mearbhall amach is amach. Ach tagann an lá nach féidir leat fanacht díomhaoin níos mó agus go gcaithfidh tú rud éigin a dhéanamh,” a mhíníonn sí. Bhain Viri an buntáiste is fearr as an gcur chuige sin. Thosaigh sí ag ullmhú pacáistí bia dá cliaint agus chuir sí tús le gairdín glasraí. “Nílimid an nóiméad féin ónár gcuid comhábhar”, a deir sí. Tar éis athoscailt na bialainne, ní raibh cinneadh go deo le chomh sásta a bhí Viri éadain chairdiúla a cuid custaiméirí dílse a fheiceáil arís. Cé go bhfuil ábhairín imní fós uirthi faoin todhchaí, is cinnte go mbainfidh sí taitneamh úrnua as gach uile nóiméad a chaithfidh sí leo.

"Fuair mo ghnó cúnamh a bhuíochas do AE“

Isabel Choinnigh sí a gnó ag imeacht a bhuíochas do chúnamh ó AE An Spáinn, Cabo de Palos

An 13 Márta, dhún réigiún Murcia na Spáinne na teorainneacha chun scaipeadh an choróinvíris a smachtú. D’fhág an beart riachtanach sin gur tháinig stad tobann leis an turasóireacht sa cheantar. Tá ionad tumadóireachta ag Isabel Laguardia, agus buaileadh a gnó go dona. B’éigean di an t-ionad a dhúnadh agus ní raibh sí in ann daoine a fhostú don Cháisc agus don samhradh. Ghníomhaigh AE go tapa chun cabhrú le gnólachtaí beaga cosúil leis an gceann sin ag Isabel. Tugadh reachtaíocht nua isteach a lagaigh na rialacha maidir le státchabhair. Is féidir le Rialtas na Spáinne anois airgead a thabhairt níos tapa do ghnólachtaí ionas nach mbeidh orthu scaoileadh le hoibrithe le linn na paindéime. Is féidir le Ballstáit gníomhú go tapa chun tacú le saoránaigh agus cuideachtaí, go háirithe gnólachtaí beaga, a bhfuil deacrachtaí eacnamaíocha acu mar gheall ar COVID-19. Beidh na Ballstáit go léir in ann deontais suas go dtí €800,000 a thabhairt do chuideachta chun freastal ar riachtanais phráinneacha.

"Tá imní fós orm faoi mo bhialann ach níl mé ag éirí as“

Antoine Ag déanamh a dhíchill a bhialann a athbhunú agus cloí leis an scaradh sóisialta ag an am céanna An Spáinn, Valencia

Is sneaicbheár é Salad Planet a fhéachann le táirgí folláine, úra agus áitiúla a chur ar fáil. D’éirigh leis an gcoincheap den ‘bheár sailéad’ ar an bpointe. Níorbh fhada go raibh an-tarraingt ag muintir Valencia air. D’úinéir Salad Planet, Antoine, bhí an tréimhse dhianghlasála ar an rud ba mheasa a d’fhéadfadh tárlú. “B’éigean dom mo bhialann a dhúnadh ón 15 Márta go dtí an 10 Bealtaine. Bhí orm féin agus ar m’fhostaí cur isteach ar shochair dhífhostaíochta,” a deir sé. Ní raibh sé éasca an bhialann a athoscailt ach oiread. Béilí beir leat a bhí ann ar dtús, ach ansin ath-osclaíodh an bhialann. Leath den ghnáthlíon a bhí ceadaithe don taobh amuigh agus anois is é an trian den ghnáthlíon atá ceadaithe istigh. “Tá Salad Planet i lár cheantar gnó Valencia agus mar sin tá an chuid is mó de mo chuid custaiméirí rialta caillte agam ó tharla iad ag teilea-obair go dtí Meán Fómhair. Asam féin atáim faoi láthair, mar go bhfuil mo chomhghleacaí fós faoi dhífhostaíocht shealadach,” a deir Antoine.

"Is iarracht é seo chun cuidiú lenár bpobal agus úsáid a bhaint as an eolas atá againn chun leasa an phobail“

Bibiana, Balbina agus Pilar Thosaigh siad ag táirgeadh masc agus gúnaí cosanta ag úsáid a n-innill déanta bróg An Spáinn, Elda agus Petrer, Alicante

Tá na céadta gréasaí – a dtugtar “aparadoras” orthu sa Spáinn – ag obair le chéile in iarracht chomhordaithe. Óna dtithe féin agus lena n-innill féin, tá siad ag fuáil masc agus gúnaí cosanta do dhaoine agus níl siad ag iarraidh rud ar bith ar ais ar a shon. Ní raibh siad ach ag baint triail as an obair seo nuair a thosaigh ráig an choróinvíris ar dtús, ach anois tá na céadta masc á dtáirgeadh gach lá. Le saothar a lámh, tugann na banghréasaithe a gcuid eolais agus ama go saorálach agus iad ag féachaint le teacht ó dheacrachtaí teicniúla. “Agus muid ag úsáid an innill a úsáidimid chun bróga a fhuáil, tá gá le níos mó díchill agus níos mó cruinnis mar go bhfuil an t-éadach atá sna maisc an-tanaí agus stróiceann sé go héasca”, a deir Pilar. Ainneoin sin, níor ghéill an grúpa nuair a chuala siad go raibh an stoc masc in Alicante ag laghdú. Tá ábhar steirilithe fós á bhronnadh orthu, agus tá siad tiomanta aghaidh a thabhairt ar bhac ar bith a thiocfaidh ina dtreo.

"Leanfaimid orainn ag cur i gcoinne na n-ionfhabhtuithe seo“

Ainhoa Ag obair mar dhochtúir i dteach altranais mar gheall ar ráig COVID-19 An Spáinn, Valencia

Bhí Ainhoa, atá 26 bliana d’aois, ar tí tús a chur lena speisialtóireacht in obstatraic agus gínéiceolaíocht nuair a cuireadh an próiseas ar fionraí mar gheall ar an bpaindéim. Ós rud é gur theastaigh uaithi a bheith páirteach sa chomhrac i gcoinne COVID-19, chinn sí dul ag obair mar dhochtúir i dteach altranais. Sa Spáinn, is i dtithe altranais, áit ina mbíonn go leor de na daoine is leochailí ina gcónaí le chéile, a bhásaigh go leor de na daoine arbh é an coróinvíreas ba chionsiocair lena mbás. Tá neart fós le déanamh sa chomhrac seo, ach is ábhar sóláis d’Ainhoa nár tuairiscíodh aon chás sa teach altranais ina bhfuil sí féin ag obair. Cé gur post sealadach é agus go mbeidh sí ag cur tús lena tréimhse mar dhochtúir ospidéil sula i bhfad, measann Ainhoa gur taithí fhiúntach a bhí ann, idir ghairmiúil agus phearsanta, ós rud é gur fhás sí mar dhuine mar gheall ar na luachanna agus ceachtanna eile a d’fhoghlaim sí ó na daoine aosta. “Tiocfaimid as seo go luath. Éireoidh linn,” a deir sí.

"D'fhoghlaim mé cén chaoi le meaisín fuála a úsáid mar go raibh orm cúnamh a thabhairt“

Elena Tháirg sí beagnach 4,000 masc An Spáinn, Maidrid

Nuair a bhuail an phaindéim an Spáinn, shocraigh Elena cúnamh a thabhairt do dhochtúirí agus d’altraí a bhí ag tarrtháil beatha daoine. D'fhoghlaim sí le fuáil ar sheanmheaisín fuála a máthar agus thosaigh sí ag déanamh masc as éadach a bhí aici sa bhaile. Nuair a bhí 25 masc críochnaithe aici, thug sí chuig teach altranais ina comharsanacht iad. Fuair sí amach faoi ghrúpa a raibh sé geallta ag gach duine ann 200 masc a fhuáil i 5 lá. Thug na póilíní an t-ábhar chucu, bhailigh siad na maisc agus dháil siad ansin iad ón stáisiún póilíní. Chuaigh sí isteach sa ghrúpa sin agus freisin i ngrúpa eile a bhí ag déanamh cótaí saotharlainne don fhoireann leighis i dtithe altranais in Maidrid. Tá Elena anois istigh leis an ngrúpa ar a dtugtar ‘Sponge Cakes’ a bhíonn ag seachadadh brioscaí baile ar thearmainn, ar an gCros Dhearg agus ar eagraíochtaí eile a thugann bia do theaghlaigh faoi mhíbhuntáiste – é sin ar fad le linn di a bheith ag teileaoibriú agus ag tabhairt aire dá triúr clainne.

"Le dlúthpháirtíocht na ndaoine, cuirtear ar na súile dúinn a luachmhaire a bhí flaithiúlacht dhaonna, intleachtúil agus pholaitiúil bhunaitheoirí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa“

Eusebio Déanann sé comhordú ar bhia a dheonaítear d’os cionn 25 000 duine An Spáinn, Tarragona

Déanann Eusebio Alonso Redondo maoirseacht ar Bhanc Bia Tarragona, a chuireann bia ar fáil d’os cionn 25 000 duine ar fud an chúige gach lá. Nótaire atá anois ar scor, tugann Eusebio a chuid ama don iarracht dlúpháirtíochta seo, a fhaigheann roinnt tonaí bia gach lá ó chuideachtaí agraibhia, ó ollmhargaí, ó shiopaí móra agus ó comharchumainn tuaithe. Fiú amháin na teaghlaigh atá ar bheagán airgid, tugann siad ó 10 go 15 euro don bhanc bia chun cuidiú leo siúd nach bhfuil chomh rathúil leo féin. "An bhfuil ann do dhlúthpháirtíocht atá níos teinne ná seo?” a fhiafraíonn Eusebio. Leis ann tacaíocht a thugann daoine ar fud na hEorpa dóibh siúd atá i ngátar, is mór ag Eusebio flaithiúlacht ollmhór dhaonnúil, intleachtúil agus pholaitiúil bhunaitheoirí Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, rud a réitigh an bealach do Chonradh na Róimhe in 1957. Mar a deir Eusebio, "Is docht an ceangal atá idir an grá agus an dlúthpháirtíocht. Agus is é sin ár n-oidhreacht don todhchaí."

"Tá an bhréagaisnéis chomh tógálach céanna le COVID-19“

David Ag cuidiú le hEorpaigh nádúr agus raon na paindéime a thuiscint An Spáinn, Maidrid

Mar iriseoir atá dírithe ar chúrsaí sláinte, tá ról tábhachtach ag obair David maidir le COVID-19. Clúdaíonn sé preas-chomhdhálacha ó údaráis sláinte na Spáinne. Is ball é de Europa Press, agus trí eolas agus fíricí fíoraithe a chur ar fáil chun bréagaisnéis agus foláirimh bhréige a chosc, cuidíonn sé leis an gcomhrac i gcoinne an víris. Tá sé ag obair ón mbaile agus ag leanúint rialacha dianghlasála, agus mar sin tá an obair níos dúshlánaí. Ach, mar seo, cosnaíonn David é féin agus daoine eile, agus coinníonn sé lucht leannta Europa Press ar an eolas, rud a shábhalann beatha daoine. Agus an phaindéim ag leathadh, tá an dara paindéim mífhaisnéise ag leathadh ina diaidh, le comhairle leighis dhíobhálach agus teoiricí comhcheilge áibhéileacha. Tá réiteach ag an bpreas: nuacht agus anailís atá fíoraithe, eolaíoch agus bunaithe ar fhíricí. Cuireann saineolaithe agus polaiteoirí ón Aontas fís-chomhdhálacha ar bun go rialta le comhairle chun dul i ngleic le tionchar na bréagaisnéise.

"Chun tabhairt faoin dúshlán sin nach raibh a leithéid ann riamh, beidh níos mó nuálaíochta ag teastáil. Tá comhoibriú agus dlúthpháirtíocht ríthábhachtach“

Tomás Ag forbairt vaicsín i gcoinne COVID-19 An Spáinn, Santiago de Compostela

Tar éis di teacht slán as turas drámatúil mar dhídeanaí, aithnítear Mouna sa lá atá inniu ann mar dhuine de na gairmithe is céimiúla i dtionscadal na teicneolaíochta leighis sa tSualainn. Is dochtúir leighis, néareolaí, fiontraí agus pearsa theilifíse í. Tá obair cheannródaíoch déanta ag an Dochtúir Mouna i réimse an leighis choiscthigh agus phearsantaithe. Sa chomhrac i gcoinne COVID, bhí sí ar dhuine de na daoine a chuir tús le tionscnamh príobháideach lena dtabharfar isteach an chéad tástáil antasubstainte COVID-19 sa tSualainn. Tá an tástáil sin bailíochtaithe ó thaobh na heolaíochta de ag Ospidéal Ollscoile Akademiska agus ag Ollscoil Uppsala sa tSualainn. DELETION OF LAST SENTENCE

"Bíodh an grá agus an tsamhlaíocht i ngach ní a dhéanann tú“

Yolanda agus Aitana Cuidíonn siad le seanóirí agus le daoine a bhfuil fadhbanna leighis acu i rith an choraintín An Spáinn, Maidrid

Tá níos mó bagairtí agus dúshláin ann do sheanóirí ag an tráth seo. Tá gach aosghrúpa i mbaol COVID-19 a tholgadh, ach tá baol mór ann go mbeidh drochbhreoiteacht ar sheanóirí má tholgann siad an galar mar gheall ar athruithe a tharlaíonn don cholainn leis an aois agus mar go bhféadfadh fadhbanna eile sláinte a bheith acu. Shocraigh Yolanda agus a hiníon Aitana cúnamh a thabhairt do sheanóirí sa ré dheacair seo. Cinntíonn Aitana go bhfuil a ndóthain le hithe ag a seantuismitheoirí. Cuidíonn sí leis an tsiopadóireacht a fhágann a máthair ar leac an dorais ag na seantuismitheoirí. Bíonn glaonna físe eatarthu ionas nach mothóidh na seantuismitheoirí go bhfuil siad scoite amach go sóisialta. Cuidíonn Yolanda le seanóirí ina foirgneamh féin freisin mar gur daoine iad atá ag brath níos mó anois ar dhaoine eile. Tugann sí amach an bruscar agus bailíonn sí cógais leighis ón gcógaslann. Ar an gcaoi sin déanann sí an saol níos éasca do na daoine sin atá níos soghonta do COVID-19.

"Caithfimis maisc nó ná caithimis? Conas muid féin a chosaint? Dhruid mé an bhearna trí mo chuid saineolais a chomhroinnt agus tá súil agam gur chuir mo theachtaireacht ina luí ar roinnt daoine, ar a laghad, fanacht sa bhaile“

Mindaugas Dochtúir atá ag obair in ospidéal sa Spáinn agus a bhfuil a chuid comhairle do Liotuánaigh á comhroinnt aige ar YouTube An Spáinn, Lleida

Tá diagnóisic shaotharlainne ríthábhachtach sa chomhrac i gcoinne COVID-19 siocair go dtagann faisnéis as an tástáil a bheidh ina cuidiú maidir leis an víreas seo a dhiagnóisiú, maidir le cóireáil a chur ina choinne, agus maidir lena chosc. Tá eolaithe amhail Halin ag obair chun teacht ar na réitigh sin. Is Cipireach Turcach í Halin agus tá sí ag obair go deonach ag cuidiú le tástáil ISP. Agus an oiread sin saineolaithe ag obair chun teacht ar réiteach, tá gealltanas tugtha ag an Aontas go gcuirfidh sé borradh faoin taighde atá ar bun aige, le 47.5 milliún euro do 17 dtionscadal nua a bhaineann le COVID-19.

"Is e atá i gceist leis an dlúthpháirtíocht ná go bhfuil muid toilteanach muid féin a chur i mbaol chun daoine eile a chosaint“

Ignacio Maisc tugtha don Guardia Civil a bhí ag obair gan chosaint An Spáinn, Maidrid

Mar gheall ar na srianta a cuireadh ar bun chun scaipeadh víreas COVID-19 a theorannú, tá athrú ó bhonn tagtha ar ár ngnáthaimh laethúla, siocair é a bheith de cheangal orainn fanacht sa bhaile a mhéid is féidir. Cé go bhféadfadh sé sin duine ar bith a bhuaileadh go trom, is do leanaí, go háirithe, atá difear á dhéanamh aige - tá sé thar a bheith tábhachtach dá bhforbairt agus dá bhfolláine go labhródh leanaí lena gcairde agus lena dteaghlaigh. Sna cúinsí eisceachtúla seo, tháinig Vicky agus Photis ar an smaoineamh go mbeidís in ann saol daoine óga a dhéanamh níos sona agus iad sa bhaile. I dteannta grúpa d’oibrithe deonacha, thosaigh siad sruthú de scéalta sí a chur suas ar líne trí leathanach Facebook Mhúsaem na Scéalta Sí. Tríd an sruthú sin, déanann aisteoirí, láithreoirí, agus polaiteoirí cáiliúla na scéalta sí leanaí is ansa leo a léamh beo ar líne, ag comhroinnt miongháirí agus ag treisiú na dteachtaireachtaí dianghlasála. Ag an am céanna, bíonn na scórtha oibrithe deonacha ag léamh scéalta ar an bhfón, le háthas a thabhairt do leanaí a chaithfidh fanacht sa bhaile.

"Is mian linn a chinntiú go bhfaighidh cách an tacaíocht atá de dhíth orthu“

Patricia Ag cur cuidiú síceolaíoch ar fáil chun deileáil le COVID An Spáinn, Maidrid

Is uirlís chumhachtach é an ceol chun nasc a chruthú idir daoine, go háirithe le linn na tréimhse deacra seo, agus uaigneas ar mhórán againn. Is e sin an fáth a ndearna Sonja, amhránaí sopráin gairmiúil, a leathanach Facebook a úsáid chun daoine a thabhairt le chéile trí dhísréid. Is féidir le ceoltóirí gairmiúla agus amaitéaracha teacht isteach sa tionscadal ceoil seo agus a bheith páirteach ann. An 22 Márta, rinne sí lear mór daoine a thabhairt le chéile chun amhrán náisiúnta na hEorpa a chanadh óna bhfuinneoga ar 6pm.

"Déanann baill foirne in earnáil an fháilteachais an oiread sin níos mó ná a gcion féin ina gcuid oibre, agus is ceart agus is cóir go dtacóimis leo anois“

Sara Ag cuidiú le hearnáil an fháilteachais sa Spáinn agus sa Phortaingéil An Spáinn, Maidrid

Sular bhuail an phaindéim muid, bhí cuideachta Elisabeth ag cruthú deochanna alcólacha, ag baint úsáid as fíon ó na hoileáin Aeigéacha. Chun uchtach a thabhairt do phobal na Gréige le linn phaindéim COVID-19, rinne cuideachta Elisabeth a cuid acmhainní a athdhíriú chun freastal ar riachtanais 13 ospidéal ainmnithe a chuireann cóir leighis ar othair atá buailte ag COVID-19. Tá an t-ospidéal is mó sa Ghréig, an Evaggelismos san Aithin, bainte amach cheana féin ag an chéad lastas d’alcól, agus sroichfidh lastais eile ospidéil ar fud na Gréige thar na trí mhí seo chugainn. 

"Cuireann tiomantas, díograis, agus fuinneamh mo chomhghleacaithe agus fhoireann an ospidéil ionadh orm i gcónaí“

Matilde Oibríonn sí mar chuid d’fhoireann i Maidrid chun leapacha ospidéil nua a chur ar fáil dóibh siúd atá go dona tinn leis an gcoróinvíreas An Spáinn, Maidrid

Is ollamh in Ollscoil Complutense agus ainéistéiseolaí in Ospidéal Ollscoile Gregorio Marañón (HGUGM) i Maidrid í Matilde. Le linn na paindéime, chabhraigh sí leapacha nua a chur ar fáil in HGUGM chun cóireáil a chur ar othair i mbaol báis. Leis sin, méadaíodh acmhainn an ospidéil ó 40 othar i mbaol báis a láimhseáil ag aon am amháin chuig 115 othar ag na pointí is measa den ghéarchéim. D’fhág sé sin go raibh na hothair is mó a bhí tinn in ann cóireáil a fháil, agus gur sábháileadh beatha go leor daoine. Tá iontas curtha ar Matilde ag an díograis agus an fuinneamh atá léirithe ag a cuid comhghleacaithe go léir le linn na tréimhse dúshlánaí seo. Lena chinntiú go bhfuil an trealamh a theastaíonn uatha ar fáil ag ár bhfoirne tiomanta leighis, chuir an Coimisiún Eorpach srian leis an méid trealaimh cosanta phearsanta is féidir a dhíol le tíortha lasmuigh den Aontas.

"Is ó na sonraí a fhaighimid treoir chun an phaindéim a bhainistiú“

Amparo Taighdeoir a chuireann dlús le haimsiú cásanna agus leis an tuairisciú ar an staid reatha An Spáinn, Maidrid

Bíonn Amparo ag obair in Instituto de Salud Carlos III, áit a mbíonn an méid is mó eolais is féidir á lorg aici faoi COVID-19 ó chórais mhonatóireachta agus ó fhoinsí sonraí tánaisteacha eile, chun údaráis sláinte áitiúla agus náisiúnta a threorú i mbainistiú na paindéime. Bíonn a foireann páirteach freisin i dtionscadal I-MOVE-COVID-19, a fhaigheann maoiniú ó Fís 2020 AE. San iomlán, roinneadh €47.5 milliún ó chlár Fís 2020 idir 17 dtionscadal taighde arb é is aidhm leo ná tuiscint níos fearr a fháil ar COVID-19 agus an bainistiú cliniciúil a fheabhsú. Tá glao eile ar thograí, ar fiú €45 mhilliún é, ar bun i réimse na teiripice agus na diagnóisice chun dul i ngleic le ráigeanna den choróinvíreas, san am i láthair agus amach anseo, faoin Tionscnamh um Chógais Leighis Nuálacha.

"Cén fáth a gcleachtaim an cheird seo? Chun daoine a chur ar an eolas agus a spreagadh, chun an ghéarchéim dhomhanda seo a chur ina comhthéacs“

Eduardo Glacann sé grianghraif ó líne thosaigh phaindéim COVID-19 An Spáinn, Maidrid

Glacann fóta-iriseoirí mar Eduardo, ar duine d’fhoireann Europa Press é, freagracht ollmhór orthu féin chun léargas a thabhairt dúinn ar a bhfuil ar siúl sa saol mór. Is finnéithe gan ghuth iad ar imeachtaí stairiúla, a bhíonn sa tóir ar an bhfírinne agus a dhiúltaíonn don bholscaireacht agus don tuairimíocht. Cén fáth a bhfuil an ghrianghrafadóireacht tábhachtach dóibh agus, dá réir sin, dúinn go léir? Is teanga chomhchoiteann ár linne iad grianghraif. Cuireann fóta-iriseoirí ord ar anord an tsaoil trí mheán íomhánna chun léargas soiléir a thabhairt dúinn ar a bhfuil ag titim amach ar domhan. Tarraingíonn siad ár n-aird ar rudaí nach dtugaimid faoi deara, ar imeachtaí agus daoine atá i bhfad ónár gcearn féin den Eoraip. Le teacht an choróinvíris, tá borradh tágtha ar an mbréagaisnéis, rud a chuireann bac ar na hiarrachtaí srian a chur leis an bpaindéim. Tá an tAontas Eorpach tiomanta feasacht a mhúscailt ar chontúirt na bréagaisnéise, ní hamháin ó thaobh shláinte an duine de, ach ó thaobh shláinte an daonlathais de freisin. Ar an gcaoi chéanna a gcleachtaimid scaradh sóisialta agus a nímid ár lámha, ní mór dúinn stop a chur le scaipeadh bréagchomhairle agus scéalta mailíseacha.

"Ní gá gurb ionann cabhair agus éacht, níl ag teastáil ach an gníomh daonnúil“

Sara Déanann sí maisc d’oibrithe cúraim sláinte An Spáinn, Maidrid

Cé gur gá dúinn fanacht sa bhaile chun srian a chur le scaipeadh an víris, ní fhágann sé sin nach féidir linn cuidiú leo siúd atá i mbearna bhaoil na ráige seo. Bheartaigh Sara cuidiú leis na hoibrithe cúraim sláinte trí mhaisc a tháirgeadh í féin, óna baile i Maidrid. Cé gur múinteoir í sa ghnáthshaol, thapaigh sí an deis ó dúnadh na scoileanna chun dlúthpháirtíocht agus comhbhá a léiriú don chomhphobal mórthimpeall uirthi. Is iomaí sampla atá feicthe againn, ar fud na hEorpa, de ghníomh an duine aonair a dhéanann difear do na sluaite. Tá sé ríthábhachtach an muintearas a chur chun cinn mar chuid dár gcomhrac in aghaidh an víris. Gabh do bhuíochas inniu le daoine de do lucht aitheantais a bhfuil an cur le chéile Eorpach á chur chun cinn acu ar a mbealach féin.

"Is nasc é an ceol anois, údar spreagtha agus nirt atá ann“

Ana María Seinneann sí ceol óna balcóin ag am lóin An Spáinn, Albacete

Le gníomh cineálta amháin, is féidir go leor eile a spreagadh chun gnímh. Is amhlaidh a bhí sé i gcás Ana María agus a fir céile, ar veidhleadóirí iad beirt, a chinn ceolchoirm gan choinne a chur ar siúl dá gcomharsana óna mbalcóin féin. An lá dár gcion, ó bhalcóin eile, thug duine dá gcomharsana tionlacan vióla dóibh, agus an lá arú sin, thug comharsa eile arís tionlacan sacsafóin. Bíonn an chomharsanacht ag fanacht gach lá anois lena gceolchoirm meán lae, a thugann ugach dóibh agus a chuireann i gcuimhne dóibh nach bhfuil siad ina n-aonar ag an tráth cinniúnach seo. Ar fud na hEorpa, feictear daoine den phobal ag cur a gcuid buanna féin chun tairbhe mar chuid de #AnEoraipInAghaidhCovid19. An féidir leatsa do phaisean féin a chur chun tairbhe do phobail áitiúil? San Eoraip, tá ár gcion féin le déanamh ag gach duine againn. Is in éindí le chéile a thiocfaimid slán as an ngéarchéim seo.

"Tuigimid chomh mór is atá daoine ag brath orainn, agus ní ligfimid síos iad“

Cecilia Feirmeoir déiríochta. Ag leanúint den obair lena chinntiú go mbeidh earraí riachtanacha ar fáil i gcaitheamh na géarchéime An Spáinn, Villaquejida, León

Tá feirm dhéiríochta ag Cecilia agus a fear céile: níl aon duine eile ach iad ag obair ar an bhfeirm chun an táirgeadh a choinneáil ar bun. Tá siad ag leanúint orthu ag obair le mórtas le linn na géarchéime lena chinntiú go mbeidh táirgí bunúsacha ar nós bainne ar fáil do na teaghlaigh atá ag brath air. Faigheann siad tacaíocht ó Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh, mar a fhaigheann go leor feirmeacha teaghlaigh áitiúla. Anois níos mó ná riamh, tá siad an-bhrodúil as gach a ndéanann siad: tá fhios acu go bhfuil daoine ag brath orthu chun leanúint ag soláthar táirgí riachtanacha a ndéanann muid neamhshuim dóibh go hiondúil. Agus leanfaidh siad orthu ag obair go crua le linn na géarcheime seo, is cuma cé chomh deacair is atá sé.