Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach

Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach

Fáilte go suíomh gréasáin na mBileog Eolais. Cruthaíodh na Bileoga Eolais in 1979 do na chéad dírthoghcháin a bhí ann don Pharlaimint. Tá siad ceaptha léargas simplí, beacht agus gonta ar institiúidí agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh agus ar an ról atá ag an bParlaimint ina bhforbairt a thabhairt do dhaoine nach speisialtóirí iad.

Tá na Bileoga Eolais roinnte ina gcúig chaibidil: (1) Conas a oibríonn an tAontas Eorpach; (2) An geilleagar, eolaíocht agus cáilíocht saoil; (3) Comhtháthú, fás agus poist; (4) Na saoránaigh: cearta bunúsacha, slándáil agus ceartas agus (5) Caidreamh seachtrach AE.

Dhréachtaigh na ranna beartais agus an tAonad Tacaíochta um Rialachas Eacnamaíoch na Bileoga Eolais agus tá siad ar fáil in 24 theanga. Déantar an leagan ar líne a athbhreithniú agus a thabhairt cothrom le dáta go rialta i rith na bliana, a luaithe a ghlacann Parlaimint na hEorpa aon seasaimh nó beartais thábhachtacha.

Conas a oibríonn an tAontas Eorpach

Forbairt stairiúil AE agus na conarthaí a glacadh i ndiaidh a chéile chomh maith le córas dlí, nósanna imeachta cinnteoireachta, institiúidí agus comhlachtaí, agus maoiniú AE.

An geilleagar, eolaíocht agus cáilíocht saoil

An margadh inmheánach, cosaint tomhaltóirí agus an tsláinte phoiblí; beartais shóisialta, fostaíochta, thionsclaíocha, fuinnimh agus chomhshaoil; an t-aontas eacnamaíoch agus airgeadaíochta, cánachas agus seirbhísí airgeadais.

Comhtháthú, fás agus poist

An beartas réigiúnach agus comhtháthaithe agus na comhbheartais talmhaíochta agus iascaigh; iompar, turasóireacht agus líonraí tras-Eorpacha; cultúr, oideachas agus spórt.

Na saoránaigh: cearta bunúsacha, slándáil agus ceartas

cearta aonair agus comhchoiteanna, agus an Chairt um Chearta Bunúsacha; saoirse, slándáil agus ceartas, lena n-áirítear beartais inimirce agus tearmainn.

Caidreamh seachtrach AE

Beartais eachtracha agus forbartha agus an caidreamh trádála; cur chun cinn chearta an duine agus an daonlathais; an méadú agus an caidreamh lasmuigh de chomharsanacht AE.

Clár

Is féidir breathnú ar na Bileoga Eolais de réir caibidle agus rannóige agus iad a íoslódáil nó iad a léamh ar líne. Is féidir gach Bileog Eolais a shábháil aisti féin.