Na saoránaigh: cearta bunúsacha, slándáil agus ceartas

Na saoránaigh: cearta bunúsacha, slándáil agus ceartas

Tá sé de cheart ag saoránaigh AE dul ag taisteal, dul chun cónaithe agus dul ag obair ar fud an Aontais. Cuireadh córas éifeachtach ar bun agus forás leanúnach ag teacht air chun na cearta seo a chur chun feidhme go hiomlán. Sa Chairt um Chearta Bunúsacha tugtar le chéile in aon téacs amháin cearta uile an duine aonair, á ngrúpáil de réir roinnt príomhphrionsabal: dínit an duine, saoirsí bunúsacha, comhionannas, dlúthpháirtíocht, cearta na saoránach agus ceartas. Is féidir le gach saoránach achainí a dhéanamh ar an bParlaimint maidir le hábhar ar bith a thagann faoi réimse inniúlachta an Aontais. Cuireann an Tionscnamh Eorpach ó na Saoránaigh ar chumas na saoránach glacadh dlíthe, a meastar a bhfuil gá leo chun críche chur chun feidhme na gConarthaí, a chur chun cinn. Le Conradh Liospóin tugadh roinnt gnéithe nua isteach i réimse na saoirse, na slándála agus an cheartais, lena n-áirítear nós imeachta cinnteoireachta níos éifeachtúla agus níos daonlathaí, cumhachtaí breise do Chúirt Bhreithiúnais AE, agus ról nua do na parlaimintí náisiúnta.