skip to content
 
 

Beathaisnéis

Rugadh Martin Schulz an 20 Nollaig 1955 agus tógadh é in Hehlrath na Gearmáine in aice theorainn na hÍsiltíre agus na Beilge. Bhí dúil aige riamh sna leabhair agus i ndiaidh na scoile rinne sé tréimhse oiliúna le díoltóir leabhar. In 1982 d'oscail sé siopa leabhar dá chuid féin in Würselen, agus d'éirigh thar barr leis sa ghnó sin ar feadh 12 bliain.

Thosaigh a ghairm pholaitiúil agus é 19 bliain d'aois nuair a chuaigh sé le Páirtí Sóisialach Daonlathach na Gearmáine. Agus é 31 bliain d'aois, ba é an maor ab óige a toghadh riamh ar Nordrhein Westfalen, post a bhí aige ar feadh 11 bliain.

Ó 1994 i leith, is Feisire de Pharlaimint na hEorpa é Martin Schulz agus tá seal caite aige mar chomhalta de roinnt mhaith coistí. Bhí sé ina chomhalta den fhochoiste um Chearta an Duine agus ina dhiaidh sin ina chomhalta den Choiste um Shaoirsí Sibhialta agus um Ghnóthaí Baile. Tá sé ina cheannaire ar na Feisirí sa Pháirtí Sóisialach Daonlathach (PSD) ó 2000 i leith agus toghadh é ina dhiaidh sin mar Leas-Uachtarán ar na Feisirí Sóisialacha.

In 2004, toghadh é ina cheannaire ar an dara grúpa is mó i bParlaimint na hEorpa. Mar cheannaire ar na Sóisialaigh agus na Daonlathaigh sa Pharlaimint, rinne sé gach iarracht ar son an cheartais shóisialaigh, poist agus forás a chur chun cinn, na margaí airgeadais a athchóiriú, an t-athrú aeráide a chomhrac, an comhionannas a chothú agus Eoraip níos láidre agus níos daonlathaí a chur ar bun.

Toghadh Martin Schulz ina Uachtarán ar Pharlaimint na hEorpa an 17 Eanáir 2012 le sainordú dhá bhliain go leith le 387 vóta.

Tá sé pósta agus beirt chlainne aige agus is breá leis an léitheoireacht, an stair agus an pheil.
Tá "Il Gattopardo" le Tomasi di Lampedusa agus leabhair uile de chuid Eric Hobsbawn ar na leabhair is fearr leis.

CV

  • Printíseach (díoltóir leabhar) (1975-1977)
  • Poist i siopaí leabhar agus tithe foilsitheoireachta éagsúla (1977-1982).
  • Úinéir ar shiopa leabhar (1982-1994).
  • Comhalta, Biúró an Pháirtí Shóisialaigh agus Dhaonlathaigh agus an Coiste Feidhmeannach Feidearálach (ó 1999).
  • Ionadaí PSD, Ionadaí um Chaidreamh AE (ó 2009).
  • Comhairleoir Bardasach, Würselen (ó 1984).
  • Maor Würselen (1987-1998).
  • Feisire de Pharlaimint na hEorpa (ó 1994).
  • Comhordaitheoir an Ghrúpa Shóisialaigh, an Fochoiste um Chearta an Duine (1994-1996).
  • Comhordaitheoir an Ghrúpa Shóisialaigh, an Coiste um Shaoirsí Sibhialta agus Ghnóthaí (1996-2000).
  • Cathaoirleach, Grúpa PSD, Parlaimint na hEorpa (2000-2004).
  • An Chéad Leas-Chathaoirleach, an Grúpa Sóisialach (2002-2004).
  • Cathaoirleach, an Grúpa Sóisialach (2004-2009).
  • Cathaoirleach, Grúpa S&D (ó 2009).
  • Uachtarán Pharlaimint na hEorpa (ó Eanáir 2012).