Martin SONNEBORN
Martin SONNEBORN

Feisirí Neamhcheangailte

an Ghearmáin - Die PARTEI (an Ghearmáin)

Dáta Breithe : ,

Curriculum vitae Martin SONNEBORN

Leagan bunaidh : DE


Curriculum vitae   (Is ar an bhFeisire amháin atá an fhreagracht maidir le haon fhaisnéis a fhoilsítear)

An leagan is deireanaí: 27/01/2023

Oideachas (cáilíochtaí agus dioplómaí)

  • 1971-1984 : Oiliúint mar dhuine den chléir (ardteist i meánscoil Chaitliceach)
  • 1985-1985 : Oideachas san eolaíocht mhíleata: beartas slándála, balaistíocht agus ealaín chogaidh (seirbhís bhunúsach san arm)
  • 1986-1986 : Coireacht eagraithe (oiliúint mar bhróicéir árachais)
  • 1993-1993 : Dochtúireacht (ar an ‘Toradh Ceimiceach Candamach in Iompraíocht an Chatalaithe Fótóin lena ngabhann Méadú ar an gCumhacht Ionradaíochta’ sa réimse ‘Quantum Gravity and Field Theory’ in Ollscoil mór le rá MIT sna Stáit Aontaithe) nár críochnaíodh, ach nár tosaíodh ach oiread.
  • 1987-1994 : Staidéar ar an iriseoireacht, teanga agus litríocht na Gearmáinise agus an eolaíocht pholaitiúil in Münster, i Vín agus i mBeirlín. Tráchtas máistreachta atá lán le bradaíl; Níor tarraingíodh siar an teideal go dtí seo ach níl sé i mo sheilbh faoi láthair

Gairm bheatha

  • 1994-1999 : Intéirneacht ag an iris ‘Titanic’ (an Ghearmáin, an Ostair agus an Eilvéis) a bhfuil cáil idirnáisiúnta uirthi
  • 2000-2005 : Príomheagarthóir na hirise ‘Titanic’
  • 2006-2014 : Ceann Roinne ag SPIEGEL, nach bhfuil chomh mór sin le rá a thuilleadh ar bhonn idirnáisiúnta (cé gur sa rannóg is dáiríre atá sé: TURSCAR)
  • 2006-2014 : Tuairisceoir iniúchta ag ZDF; Teistiméireachtaí: Agallaimh le Deutsche Bank, tionscal na cógaisíochta
  • 2014-... : Feisire de Pharlaimint na hEorpa. Comhalta den Choiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile agus den Toscaireacht don chaidreamh le Leithinis na Cóiré (Ambasadóir K-Pop). Comhalta ionaid den Choiste um Ghnóthaí Bunreachtúla (‘Cén fáth a bhfuil an Bhreatain agus an Eilvéis á gcaitheamh amach as AE againn seachas an Pholainn, an Ungáir agus an Bhulgáir?’). Vóta cinntitheach maidir leis an tacaíocht do tharrthálaithe ar muir agus maidir le cearta paitinne vacsaíní a tharscaoileadh le linn na paindéime. Persona non grata san Asarbaiseáin in 2018 agus 2019 faoi seach

Gníomhréim pholaitiúil

Oifigí sealbhaithe i bpáirtí polaitíochta nó i gceardchumann náisiúnta

  • 2004-... : Cathaoirleach Náisiúnta, DIE PARTEI

Gníomhaíochtaí eile

  • 2006-... : Údar, léachtaí agus léamha

Teagmháil

Bruxelles

Parlement européen
Bât. ALTIERO SPINELLI
08G354
60, rue Wiertz / Wiertzstraat 60
B-1047 Bruxelles/Brussel
Strasbourg

Parlement européen
Bât. WINSTON CHURCHILL
M04008
1, avenue du Président Robert Schuman
CS 91024
F-67070 Strasbourg Cedex