Eolas faoi rialacha do na Feisirí

Tá Parlaimint na hEorpa comhdhéanta de 705 Fheisire arna dtoghadh sna 27 mBallstát den Aontas Eorpach méadaithe. Ó 1979, tá na Feisirí á dtoghadh trí vótaíocht chomhchoiteann dhíreach go ceann tréimhse cúig bliana.

Grianghraf den Seomra Tionóil in Strasbourg le linn seisiún iomlánach

Cinneann gach tír di féin conas a reáchtáiltear an toghchán inti, ach caithfidh sí a an comhionannas inscne a ráthú chomh maith le ballóid rúnda. Is le hionadaíocht chionmhar a vótáiltear i dtoghcháin AE. Tá an aois vótála socraithe ag 16 bliana d’aois san Ostair, sa Bheilg, sa Ghearmáin agus i Málta, 17 mbliana d’aois sa Ghréig, agus 18 mbliana d’aois sna Ballstáit eile.

Déantar suíocháin a leithdháileadh bunaithe ar an daonra atá i ngach Ballstát ar leith. Is mná iad níos mó ná aon trian de na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa. Eagraíonn na Feisirí iad féin i ngrúpaí de réir cleamhnachta polaitiúla, seachas de réir náisiúntachta.

Roinneann na Feisirí a gcuid ama ar shlí go mbíonn siad seal ina dtoghlaigh, seal in Strasbourg - mar a dtionóltar 12 shuí iomlánach in aghaidh na bliana - agus seal sa Bhruiséil, mar a mbíonn siad ag freastal ar shuíonna iomlánacha breise, agus freisin ar chruinnithe coiste agus ar chruinnithe den ghrúpa polaitiúil lena mbaineann siad.

Tá na téamaí agus coinníollacha do na Feisirí leagtha amach i Reacht 2009.

Tuilleadh faisnéise:

Ionracas i bParlaimint na hEorpa

Creideann Parlaimint na hEorpa go mbaineann fíorthábhacht le hionracas, trédhearcacht agus cuntasacht ghníomhaíochtaí polaitiúla a Feisirí. Chun é sin a áirithiú, tá líon suntasach rialacha agus beart curtha i bhfeidhm ag an bParlaimint, ar rialacha agus bearta iad a neartaíodh a thuilleadh mar chuid de phróiseas cuimsitheach athbhreithnithe in 2023.

Cód Iompair Feisirí de Pharlaimint na hEorpa

Tháinig an Cód Iompair i bhfeidhm an 1 Eanáir 2013 agus athbhreithníodh é go deireanach in 2023. Is é atá leagtha amach ann mar threoirphrionsabail gur chun leasa an phobail amháin a ghníomhóidh na Feisirí agus go seolfaidh siad a gcuid oibre le neamh-fhéinchúis, macántacht, oscailteacht, dúthracht, ionracas, cuntasacht agus meas ar dhínit agus ar chlú Pharlaimint na hEorpa.

Sa Chód Iompair, tugtar sainmhíniú ar choinbhleachtaí leasa agus ar an gcaoi ar cheart d’Fheisirí dul i ngleic leo agus áirítear leis freisin rialacha ar oibleagáidí atá ar Fheisirí maidir le nochtadh, ar ghníomhaíochtaí iar-Fheisirí agus an Choiste Chomhairligh maidir le hIompar na bhFeisirí.

Cuireann an Cód Iompair oibleagáid ar Fheisirí dearbhú mionsonraithe maidir lena leasanna príobháideacha, dearbhú sócmhainní agus, i gcás inarb iomchuí, dearbhú maidir le feasacht ar choinbhleacht leasa a chur isteach. Anuas air sin, cuireann an Cód Iompair oibleagáid ar Fheisirí a gcruinnithe ar fad a fhoilsiú nuair a dhéantar iad a tharmligean chuig a gcúntóirí, le hionadaithe sainleasa a thagann faoi raon feidhme an Chláir Trédhearcachta agus le hionadaithe ó údaráis phoiblí tríú tíortha. Ní mór do na Feisirí a dhearbhú gur fhreastail siad ar imeachtaí arna n-eagrú ag tríú páirtithe, sa chás ina gcumhdaíonn tríú páirtí ina iomláine nó go páirteach aisíoc speansas taistil, cóiríochta nó cothabhála, nó íocaíocht dhíreach na speansas sin. Tá an fhaisnéis arna soláthar ag na Feisirí ina gcuid dearbhuithe ar fáil ar leathanaigh phróifíle aonair na bhFeisirí, seachas an dearbhú sócmhainní, nach bhfuil ar fáil go poiblí.

Ní mór d’Fheisirí bronntanais a fhaigheann siad le linn dóibh ionadaíocht a dhéanamh don Pharlaimint a dhearbhú ina gcáil oifigiúil, ag a bhfuil garluach ar mó é ná EUR 150, faoi na coinníollacha a leagtar síos sna Bearta Cur chun Feidhme maidir leis an gCód Iompair. Déantar bronntanais den sórt sin a thuairisciú sa chlár bronntanas.

Féadfaidh an tUachtarán pionós a ghearradh ar aon Fheisire a fhaightear a bheith ag sárú an Chóid Iompair. Déanann an tUachtarán an pionós sin a fhógairt sa suí iomlánach agus foilsítear in áit fheiceálach é ar láithreán gréasáin na Parlaiminte.

Féach:

An Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí

Is é an Coiste Comhairleach maidir le hIompar na bhFeisirí an comhlacht atá freagrach as treoir a thabhairt d’Fheisirí maidir leis an gCód Iompair a léirmhíniú agus a chur chun feidhme. Arna iarraidh sin don Uachtarán nó tar éis dóibh teagmháil dhíreach a dhéanamh leis, déanann an Coiste Comhairleach freisin measúnú ar sháruithe líomhnaithe ar an gCód Iompair agus tugann sé comhairle don Uachtarán faoin ngníomhaíocht a d’fhéadfaí a ghlacadh. Déanann an Coiste Comhairleach faireachán réamhghníomhach ar chomhlíonadh an Chóid Iompair agus a bhearta cur chun feidhme ag na Feisirí.

Tá an Coiste Comhairleach comhdhéanta d’ochtar comhaltaí. Ceaptar an tUachtarán iad ar bhonn a dtaithí agus ar bhonn na cothromaíochta polaitiúla agus inscne. Gach sé mhí, déanann oifig an Chathaoirligh ar an gCoiste Comhairleach uainíocht ar chomhaltaí an Choiste. Ainmníonn an tUachtarán comhalta amháin do gach grúpa nach bhfuil ionadaíocht á déanamh thar a ceann sa Choiste Comhairleach.

Foilsíonn an Coiste Comhairleach tuarascáil maidir lena chuid oibre gach bliain.

Féach:
7ú téarma parlaiminteach:
8ú téarma parlaiminteach:
9ú téarma parlaiminteach:

Rialacha eile maidir le Trédhearcacht agus Eitic na bhFeisirí

Trédhearcacht agus cuntasacht

Sa bhreis ar na hoibleagáidí atá ar na Feisirí uile faoin gCód Iompair, tá sraith rialacha sonracha curtha i bhfeidhm ag Parlaimint na hEorpa lena bhfeabhsaítear trédhearcacht agus eitic i ngach réimse gníomhaíochta. Tá béim ar leith ar eitic na brústocaireachta.

Rannpháirtíocht brústocairí in imeachtaí

Ní cheadaítear do na heagraíochtaí atá faoi réir rialacha an Chláir Trédhearcachta imeachtaí a eagrú ná a chomhóstáil sa Pharlaimint ach amháin má tá siad cláraithe go cuí ar an gclár.

Tuilleadh faisnéise:

Rialacha maidir le hiar-Fheisirí

Tá cosc ar Iar-Fheisirí brústocaireacht a dhéanamh ar an bParlaimint go ceann sé mhí tar éis dheireadh a sainordaithe. Má dhéanann siad gníomhaíochtaí brústocaireachta tar éis na sé mhí, ní mór dóibh clárú ar an gClár Trédhearcachta. Ceadaítear d’Iar-Fheisirí dul isteach i bhfoirgnimh na Parlaiminte sa cháil sin, ach ní fhéadfaidh siad an rochtain sin a úsáid chun gníomhaíochtaí brústocaireachta a dhéanamh.

Tuilleadh faisnéise:

Tuarastail agus pinsin

Tuarastal na bhFeisirí

Faoin reacht aonair, a tháinig i bhfeidhm i mí Iúil 2009, faigheann na Feisirí, i gcoitinne, an tuarastal céanna.

Is é EUR 10,075.18 tuarastal réamhchánach na bhFeisirí faoin reacht aonair amhail ón 1.7.2023. Tagann an tuarastal ó bhuiséad na Parlaiminte agus tá sé faoi réir cáin AE agus ranníocaíochtaí árachais, arb é tuarastal de EUR € 7,853.89 is toradh dóibh. Féadfaidh na Ballstáit freisin an tuarastal a chur faoi réir cánacha náisiúnta. Tá an buntuarastal socraithe ag 38.5% de bhuntuarastal breithimh de chuid Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Is ann do chúpla eisceacht: Na Feisirí a raibh tréimhse oifige sa Pharlaimint acu roimh na toghcháin in 2009, d’fhéadfaidís rogha a dhéanamh an córas náisiúnta a bhí ann cheana a choimeád le haghaidh tuarastail, le haghaidh liúntas trasnáisiúnta agus le haghaidh pinsean.

Pinsin

Faoin reacht, tá iar-Fheisirí i dteideal pinsean seanaoise a fháil ó 63 bliana d'aois. Is ionann an pinsean agus 3.5 % de thuarastal na bhFeisirí do gach bliain iomlán de shainordú a fheidhmiú, agus an dóú cuid déag den fhigiúr sin in aghaidh gach míosa iomláin breise den sainordú, ach ní mó ná 70 % de thuarastal na bhFeisirí san iomlán é. Is é buiséad an Aontais Eorpaigh a sheasann costas na bpinsean sin.

Maidir le scéim pinsin breise a tugadh isteach do na Feisirí in 1989, dúnadh í do chomhaltaí nua ó mhí Iúil 2009 agus tá deireadh á chur léi de réir a chéile.

Liúntais na bhFeisirí

Cosúil le Comhaltaí parlaimintí náisiúnta faigheann Feisirí de Pharlaimint na hEorpa roinnt liúntas a bheartaítear chun an caiteachas a thabhaíonn siad i gcomhlíonadh a ndualgas parlaiminteach a chlúdach.

Liúntas caiteachais ghinearálta

Tá an liúntas beartaithe chun caiteachas sa Bhallstát toghcháin a chlúdach: amhail costais bhainistíochta oifige, theileafón agus tháillí poist na bhFeisirí, agus ceannach, oibriú agus cothabháil trealaimh ríomhaireachta agus teileamaitice. Laghdófar an liúntas faoina leath i gcás Feisirí, gan leithscéal cuí, nach bhfreastalóidh ar leath líon na suíonna iomlánacha i mbliain pharlaiminteach amháin (Meán Fómhair go Lúnasa).

Is é €4 950 sa mhí méid an liúntais seo in 2024.

Speansais taistil

Tarlaíonn formhór chruinnithe Pharlaimint na hEorpa, amhail na seisiúin iomlánacha, cruinnithe coiste nó cruinnithe de ghrúpaí polaitiúla, sa Bhruiséil nó in Strasbourg. Déantar costas iarbhír na dticéad a cheannaíonn na Feisirí chun freastal ar na cruinnithe a aisíoc leo ar dhoiciméid tacaíochta suas go dtí táille ticéid eitleáin i rang gnó "D" nó den chineál céanna, táille ticéid iarnróid rang a haon nó pacáiste € 0.58 in aghaidh an chiliméadair (teoranta do 1,000 km) do thurais i gcarr a thíolacadh i dteannta an liúntais chothromráta, a ríomhtar de réir achar agus ré an mhisin agus costais eile a bhaineann le taisteal a chlúdach (dolaí mhórbhealaigh, bagáiste breise nó táille áirithinte, mar shampla).

Costais eile taistil

Is minic a chaithfidh Feisirí taisteal taobh amuigh nó taobh istigh den Bhallstát inar toghadh iad i bhfeidhmiú a bhfeidhmeanna, ach chun críocha eile seachas cruinniú oifigiúil (mar shampla, freastal ar chomhdháil nó chun cuairt oibre a dhéanamh).

Chun na críche sin, féadfaidh na Feisirí, i gcás gníomhaíochtaí lasmuigh den Bhallstát inar toghadh iad aisíoc a speansas taistil, cóiríochta agus a speansas bainteach go huasmhéid bliantúil de € 4 886 a fháil. I gcás na ngníomhaíochtaí sna Ballstáit inar toghadh iad, ní aisíocfar ach na speansais iompair le huasmhéid bliantúil arna bhunú de réir tíre.

Liúntas cothaithe laethúil:
  • Íocann an Pharlaimint liúntas cothromráta €350 in aghaidh an lae chun gach speansas eile a bhíonn ag na Feisirí le linn tréimhsí gníomhaíochtaí parlaiminteacha a chlúdach, ar choinníoll go léireoidh siad a láithreacht trí thaifid oifigiúla oscailte a shíniú chuige seo.
  • Laghdófar an liúntas de leath mura ndéanfaidh na Feisirí páirt a ghlacadh i níos mó ná leath de vótaí rollaghlao laethanta na vótaí sa suí iomlánach, fiú má tá siad i láthair. I gcás na gcruinnithe a thionóltar lasmuigh den Aontas Eorpach, is é €175 an cúiteamh (i gcónaí faoi réir síniú cláir), agus speansais chóiríochta á n-aisíoc ar leithligh.

Forálacha a bhaineann leis an bhfoireann

Féadfaidh na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa a gcuid cúntóirí féin a roghnú, laistigh de líne bhuiséadach atá sainithe chuige sin ag an bParlaimint agus i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar síos i gCaibidil 5 de Bhearta Cur Chun Feidhme Reacht na bhFeisirí.

In 2024, is é EUR 28 696 in aghaidh an Fheisire atá san uasmhéid mhíosúil atá ar fáil. Ní dhéantar an méid sin a leithdháileadh ar na Feisirí, ach is amhlaidh go n-íoctar é, i bpáirt, mar thuarastal leis na cúntóirí a chomhlíonann na coinníollacha agus a bhfuil conradh bailí acu agus, i bpáirt, leis na húdaráis cánach ioncaim ábhartha.

Tá cineálacha éagsúla cúntóirí ann ar féidir le Feisirí iad a fhostú.

Déanann an Pharlaimint cúntóirí creidiúnaithe, a bhíonn ag obair sa Bhruiséil, i Lucsamburg nó in Strasbourg, a fhostú go díreach. Féadfaidh Feisirí triúr cúntóirí creidiúnaithe, nó ceathrar faoi choinníollacha áirithe, a earcú. Tá 25% ar a laghad den líne bhuiséadach le haghaidh cúntóirí parlaiminteacha curtha ar leataobh do chúntóirí creidiúnaithe.

Tugann cúntóirí áitiúla cúnamh do na Feisirí sa Bhallstát inar toghadh iad. Is gníomhairí íocaíochta formheasta a dhéanann na conarthaí sin a riar agus ráthaíonn siad go gcomhlíontar na forálacha a bhaineann le slándáil shóisialta agus le rialacha cánach. Is féidir le conarthaí na gcúntóirí áitiúla a bheith ina gconarthaí fostaíochta nó ina gconarthaí soláthair seirbhíse.

Féadann oiliúnaithe seal oiliúna a dhéanamh in áitreabh na Parlaiminte nó sa Bhallstát inar toghadh an Feisire.

Ní fhéadfaidh an caiteachas iomlán le haghaidh cúntóirí áitiúla agus oiliúnaithe dul thar 75 % den líne bhuiséadach atá ann le haghaidh cúntóirí parlaiminteacha. Ní fhéadfadh an caiteachas ar sholáthraithe seirbhíse, áfach, dul thar 25 % den líne bhuiséadach sin.

Le haghaidh tuilleadh faisnéise i dtaobh luach saothair, féach anseo.

Tá méideanna uasta inchomparáide leis sin leagtha síos do dhaoine dlítheanacha a sholáthraíonn seirbhísí agus go ghníomhairí íocaíochta.

Féadfaidh roinnt Feisirí dul i ngrúpáil le chéile chun duine amháin nó níos mó de chúntóirí creidiúnaithe nó de chúntóirí áitiúla a earcú. Cinneann siad eatarthu féin cén chaoi a roinntear amach na costais.

Ní fhéadfaidh Feisirí daoine atá i ndlúthghaol leo a fhostú mar chúntóirí. Ní fhéadfaidh a gcuid cúntóirí a bheith ag gabháil d’aon ghníomhaíochtaí seachtracha a d’fhéadfadh coinbhleacht leasa a chruthú.

Déantar ainmneacha nó ainmneacha corparáide na gcúntóirí uile a fhoilsiú ar láithreán gréasáin na Parlaiminte ar feadh ré a gconarthaí, mura rud é go bhfuil maolú air sin faighte acu ar chúiseanna slándála cuíréasúnaithe.

Toghcháin Eorpacha agus náisiúnta i bhfigiúirí.

Is é an foilseachán seo an bunachar sonraí is iomláine agus is cuimsithí atá ar fáil ina gcumhdaítear forbairtí polaitiúla ar fud an Aontais Eorpaigh, agus ina n-amharctar siar ar thorthaí toghcháin agus comhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa go dtí an chéad thoghchán díreach a bhí aici in 1979. Ina theannta sin, tugann an tAthbhreithniú forléargas freisin ar na toghcháin náisiúnta a bhí ann le déanaí i ngach Ballstát de chuid AE.