An Pharlaimint nua agus an Coimisiún nua
Chaith níos mó ná an leathchuid de thoghthóirí incháilithe an Aontais Eorpaigh vóta sna toghcháin Eorpacha an 23-26 Bealtaine. Roghnaigh siad an todhchaí atá uathu.
Anois, tá siad ag súil le bearta nithiúla chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin amhail an t-athrú aeráide, fostaíocht, slándáil, an claochlú digiteach agus an imirce.
Is í Parlaimint na hEorpa an t-aon institiúid AE atá tofa go díreach agus tá sí réidh le dúthracht a chaitheamh chun dul i ngleic leis na ceisteanna seo agus chun a chinntiú go dtoghfar an Coimisiún Eorpach nua ar an mbealach is daonlathaí agus is trédhearcaí.
Tiocfaidh na feisirí úrthofa le chéile in Strasbourg an 2-4 Iúil. Ag an gcéad sheisiún iomlánach den reachtas nua, toghfar uachtarán nua na Parlaiminte chomh maith le 14 leas-uachtarán agus cúigear caestóirí. Déanfaidh na feisirí Eorpacha cinneadh chomh maith maidir le comhdhéanamh bhuanchoistí agus fhochoistí na Parlaiminte.
Sna seachtainí amach romhainn, tionólfar cruinnithe na gcoistí agus toghfar cathaoirligh agus leas-chathaoirligh nua na gcoistí.
Meastar go dtoghfaidh feisirí Eorpacha uachtarán nua an Choimisiúin Eorpaigh le linn an tseisiúin iomlánaigh an 15-18 Iúil. Má éiríonn le hiarrthóir ceadú na Parlaiminte a fháil, cuirfidh sé nó sí a fhoireann nó a foireann le chéile i rith an tsamhraidh. Is faoi rialtais na mballstát a bheidh sé coimisinéirí a ainmniú, i gcomhar le huachtarán nua an Choimisiúin.
Tá ceapadh na gcoimisinéirí ar fad faoi réir fhormheas Pharlaimint na hEorpa. Tar éis an tsamhraidh, beidh ar na coimisinéirí ainmnithe teacht os comhair na gcoistí parlaiminteacha cuí de réir na réimsí freagrachta a bheidh acu. Déanfar measúnú ar a gcumas, a n-oiriúnacht don phost agus a gcur amach ar a gcúraimí. Tar éis na n-éisteachtaí sin, déanfaidh feisirí vótáil ag deireadh mhí Dheireadh Fómhair i dtaobh an dtugann siad nó nach dtugann siad a dtoiliú le ceapadh choláiste na gcoimisinéirí le haghaidh sainordaithe cúig bliana.
An Pharlaimint nua
An chéad rud a bheidh le déanamh ag an bParlaimint nua ná uachtarán a thoghadh; toghfar an t-uachtarán ar feadh dhá bhliain go leith. Tar éis don uachtarán úrthofa dul i mbun cathaoirleachta, toghfaidh feisirí Eorpacha 14 leas-uachtarán na Parlaiminte agus cúigear caestóirí. Chomh maith leis sin, déanfaidh siad cinneadh ar chomhdhéanamh uimhriúil na gcoistí parlaiminteacha. Is sna grúpaí polaitiúla a dhéanfar cinneadh maidir leis na hainmniúcháin do na coistí, déanfar na hainmniúcháin sin a fhógairt le linn an tseisiúin iomlánaigh.
Mar a dtoghtar uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh
Roimh an vótáil, cuirfidh an t-iarrthóir a chlár polaitiúil agus a chuid tosaíochtaí don chúig bliana amach romhainn faoi bhráid na bhfeisirí.
Caithfidh an Pharlaimint uachtarán nua ar an gCoimisiún a fhormheas trí thromlach glan (leath na bhfeisirí atá cheana ann móide duine amháin, i.e. 376). Is iad feisirí Pharlaimint na hEorpa, arna dtoghadh go daonlathach, a thoghann uachtarán an Choimisiúin, rud a chinntíonn go mbaineann dlisteanacht dhaonlathach leis nó léi.
Éisteachtaí na gcoimisinéirí
Déanann an Chomhairle, i gcomhaontú le huachtarán nuathofa an Choimisiúin agus bunaithe ar mholtaí ó rialtais na mballstát, liosta de choimisinéirí iarrthacha a ghlacadh.
Tagann na coimisinéirí ainmnithe sin os comhair na gcoistí parlaiminteacha de réir na réimsí freagrachta a bheadh acu. Cuirfidh feisirí Eorpacha iad faoi dhianscrúdú fada, poiblí agus trédhearcach maidir lena gcumas agus a n-oiriúnacht don phost.
Mar a dtoghtar an Coimisiún Eorpach
Caithfear an Coimisiún ar fad, lena n-áirítear uachtarán an Choimisiúin agus ardionadaí an Aontais don chomhbheartas eachtrach agus slándála, a thoghadh trí thromlach na vótaí a chaitear i vóta ar ghlaoch rolla. Roimh an vóta, cuirfidh an t-uachtarán úrthofa coláiste na gcoimisinéirí agus clár oibre an Choimisiúin faoi bhráid na bhfeisirí.