Déan teagmháil linn 

Teagmhálacha preasa do Pharlaimint na hEorpa, don Uachtarán agus do na Grúpaí Polaitiúla. Tá sonraí teagmhála don chúnamh closamhairc agus do na saoráidí closamhairc ann freisin.

Seirbhís preasa Pharlaimint na hEorpa 

Cuireann seirbhís preasa Pharlaimint na hEorpa faisnéis chruinn agus neamhchlaonta faoi ghníomhaíochtaí parlaiminteacha ar fáil d’iriseoirí agus tairgeann sí cúnamh praiticiúil agus teicniúil.  Tá ár bpreasoifigigh ar fáil chun faisnéis a thabhairt do ghairmithe na meán maidir le clár oibre reachtach na Parlaiminte agus chun iad a chur ar an eolas faoin tairiscint chlosamhairc atá ar fáil dóibh.

Seirbhís preasa an Uachtaráin 

Bíonn Foireann Chumarsáide Uachtarán Pharlaimint na hEorpa ag plé le cúrsaí uile an phreasa agus na meán a bhaineann go díreach leis an Uachtarán.

Seirbhís preasa na ngrúpaí polaitiúla 

Tá seirbhís phreasa ag gach ceann de ghrúpaí polaitiúla Pharlaimint na hEorpa a chuireann eolas ar fáil faoina gcuid gníomhaíochtaí agus a dhéileálann le fiosruithe ó na meáin.

Tacaíocht agus seirbhís closamhairc 

Tugann Parlaimint na hEorpa tacaíocht do ghairmithe sna meáin a bhíonn ag tuairisciú faoi ghníomhaíochtaí na Parlaiminte, tríd an ábhar agus na saoráidí teicniúla don fhísléiriú, léiriú raidió, léiriú ilmheán agus léiriú grianghraf a chur ar fáil. Mar chuid dár dtairiscint, atá ar fáil san Ionad Ilmheán, tá meascán d’imeachtaí beo, achoimrí nuachta ar ghníomhaíochtaí PE, radhairc léiriúcháin ón gcartlann agus tuairisciú ar imeachtaí tábhachtacha.

 

Seirbhís Urlabhraí Pharlaimint na hEorpa 

Oifigigh phreasa a labhraíonn Gaeilge