Treoir faoin seisiún iomlánach

Treoir faoin seisiún iomlánach?

Tugann an doiciméad seo freagra ar cheisteanna praiticiúla agus eagraíochtúla maidir le feidhmiú inmheánach na seisiún iomlánach:

  • ról agus freagrachtaí gach comhalta nó gach rannpháirtí i bhfeidhmiú an tseisiúin iomlánaigh
  • dátaí, sprioc-amanna agus féilirí an tseisiúin iomlánaigh
  • socruithe maidir le rochtain ar an Seomra Tionóil, ar na háiléir agus ar sheomraí cruinnithe eile
  • eagar agus reáchtáil tréimhsí difriúla na seisiún iomlánach (díospóireacht, vótaí, tráth na gceisteanna, suíonna sollúnta)
  • na doiciméid a bhaineann le gníomhaíochtaí an tseisiúin iomlánaigh

I gcás inarb iomchuí, déantar tagairt do Rialacha Nós Imeachta na Parlaiminte agus d'Airteagal ábhartha na rialacha sin.

Cé air a bhfuil an Treoir seo dírithe?

Is do gach duine atá bainteach le gníomhaíochtaí an tseisiúin atá an treoir seo: na Feisirí, na cúntóirí, daoine ó institiúidí Eorpacha eile, foireann riaracháin Rúnaíocht na Parlaiminte, iriseoirí agus go deimhin aon saoránach a mbeadh spéis aige i bhfeidhmiú an tseisiúin iomlánaigh.

Teagmháil

Eolas agus doiciméid tosaíochta