Cuardaigh

Teagmháil

Téacsanna comhpháirteacha

I gcás nach féidir leis an bParlaimint agus leis an gComhairle teacht ar chomhaontú ar an gcéad léamh nó ar an dara léamh, cuirtear an t-ábhar faoi réir ‘idir-réitigh’ (Riail 76). Déanann an Coiste Idir-réitigh, atá comhdhéanta de chomhaltaí den Chomhairle agus a gcomhlíon d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa (Riail 77), téacs comhpháirteach a ghlacadh más rud é go dtagann sé ar chomhaontú (Riail 78). Cuirtear an téacs sin faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle ina dhiaidh sin lena ghlacadh (an tríú léamh).