Tuarascáil - A9-0147/2020Tuarascáil
A9-0147/2020

TUARASCÁIL ar chur chun feidhme Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romanaí san Eoraip a chomhrac

4.9.2020 - (2020/2011(INI))

An Coiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile
Rapóirtéir: Romeo Franz
Rapóirtéir don tuairim (*):
Tomáš Zdechovský, an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta
(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta


Nós Imeachta : 2020/2011(INI)
Céimeanna an doiciméid sa chruinniú iomlánach
An doiciméad roghnaithe :  
A9-0147/2020
Téacsanna arna gcur síos :
A9-0147/2020
Díospóireachtaí :
Téacsanna arna nglacadh :

RÁITEAS MÍNIÚCHÁIN - ACHOIMRE AR FHÍORAIS AGUS AR THORTHAÍ

Nós imeachta

I mí na Samhna 2019, cuireadh de chúram ar an rapóirtéir tuarascáil a ullmhú ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach – dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romach san Eoraip a chomhrac.

Ón uair a ceapadh é amach, tá an rapóirtéir ag bailiú faisnéise agus ag brath ar na foinsí seo a leanas, i measc nithe eile:

  Measúnacht Tionchair ar Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach a ndearna Seirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa í;

– tuarascálacha agus staidéir a ndearna an Coimisiún Eorpach, Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, institiúidí ábhartha eile agus eagraíochtaí sochaí sibhialta iad;

  malartú faisnéise leis na geallsealbhóirí institiúideacha ábhartha agus leis an tsochaí shibhialta.

Achoimre ar fhíorais agus ar thorthaí

Is iad na Romaigh an mionlach eitneach is mó san Eoraip. Den phobal Romach san Eoraip, dá bhfuil idir 10 milliún agus 12 mhilliún duine ann san iomlán, cónaíonn thart ar 6 mhilliún Romach san Aontas Eorpach agus tá an chuid is mó díobh ina saoránaigh de thír den Aontas[1]. Cónaíonn cuid mhór de na Romaigh san Eoraip i ndálaí imeallacha i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha araon agus i ndálaí socheacnamaíocha an-dona. Is ag treisiú a chéile atá an t-idirdhealú, an t-eisiamh sóisialta agus an leithscaradh lena bhfuil na Romaigh ag déileáil. Níl ach rochtain theoranta ag na Romaigh ar oideachas ardchaighdeáin, tá deacrachtaí acu maidir le lánpháirtiú sa mhargadh saothair agus níl siad chomh cosanta céanna le daoine eile ar dhífhostaíocht agus ar mhíshocracht fostaíochta, rud a laghdaíonn na deiseanna le haghaidh laghdú na bochtaineachta agus le haghaidh cuimsiú sóisialta tríd an margadh saothair, agus tá sé sin ag teacht le leibhéil ísle ioncaim, le rochtain theoranta ar chúram sláinte ardchaighdeáin agus le drochdhálaí sláinte agus maireachtála. Mar thoradh ar na himthosca sin, is amhlaidh, i gcomparáid le daoine nach Romaigh iad, a fhulaingíonn na Romaigh rátaí mortlaíochta níos airde, ionchas saoil níos ísle agus rioscaí níos mó go bhfaighidh siad bás anaibí de bharr galair ainsealacha agus galair neamhtheagmhálacha, lena n-áirítear ailse[2].

Dar leis an Dara Suirbhé ón Aontas Eorpach ar Mhionlaigh ar fhoilsigh Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha é sa bhliain 2016, “maidir le thart ar 80 % de na Romaigh sna naoi mBallstát den Aontas a bhfuil na pobail Romacha is mó acu, maireann siad faoi bhun thairseach bochtaineachta a dtíre; cónaíonn duine amháin as gach triúr Romach i dteach nach bhfuil aon uisce reatha ann; cónaíonn leanbh amháin as gach triúr leanaí Romacha i dteaghlach ina ndeachaigh duine a luí agus ocras air nó uirthi uair amháin ar a laghad sa mhí roimhe; agus bhí 50% de na Romaigh idir sé bliana d’aois agus 24 bliana d’aois nach raibh i mbun oideachais.” Deimhnítear an treocht sin sa Suirbhé ar Romaigh agus ar Thaistealaithe, 2019 ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, ina léirítear “líon fíor-ard daoine agus leanaí atá ag dul a luí agus ocras orthu uair amháin ar a laghad sa mhí a chuaigh thart” agus ina luaitear gur “mheas geall le leath na Romach agus na dTaistealaithe (45%) sna sé Bhallstát den Aontas go bhfuiltear ag déanamh idirdhealú ina n-aghaidh i gceann amháin ar a laghad de na réimsí den saol” a cumhdaíodh sa suirbhé sa 12 mhí a chuaigh thart[3].

Sa chomhthéacs sin, níltear in ann ach teacht ar an gconclúid go bhfuil na Romaigh ag déileáil le hidirdhealú agus le rochtain neamhchothrom ar sheirbhísí poiblí[4].

Sa bhliain 2011, d’iarr an Coimisiún Eorpach go bhforbrófaí Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach. Chun a áirithiú go mbeidh beartais éifeachtacha i bhfeidhm sna Ballstáit, mhol an Coimisiún go ndearfaí Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach nó, i gcás gurbh ann dóibh cheana féin, mhol sé go gcuirfí in oiriúint iad do spriocanna an Aontais maidir le lánpháirtiú na Romach, agus go mbeadh gníomhartha spriocdhírithe agus cistiú leordhóthanach (cistiú náisiúnta, cistiú ón Aontas agus cistiú eile) ag gabháil leo chun iad a chomhlíonadh. Mhol sé réitigh lena dtabharfaí aghaidh ar na bacainní atá ann cheana ar úsáid níos éifeachtaí a bhaint as cistí an Aontais agus leag sé an bhunsraith síos le haghaidh sásra faireacháin.

Le Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, tugadh spreagadh do na Ballstáit (agus do thíortha an mhéadaithe) cur chuige cuimsitheach a ghlacadh i leith lánpháirtiú na Romach, cuimsiú na Romach a phríomhshruthú trí úsáid a bhaint as ionstraimí beartais, dlí agus cistiúcháin, Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach a ghlacadh agus sásraí comhordúcháin, comhairliúcháin agus faireacháin a chur ar bun. An cuspóir foriomlán a bhí le Creat reatha AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, a thiocfaidh chun deiridh sa bhliain 2020, ná caitheamh cothrom leis na Romaigh agus a lánpháirtiú sóisialta agus eacnamaíoch sna sochaithe Eorpacha a chur chun cinn. Socraíodh leis an gCreat freisin spriocanna sonracha maidir le lánpháirtiú na Romach i ndáil le rochtain na Romach ar oideachas, ar fhostaíocht, ar chúram sláinte agus ar thithíocht, agus iarradh ar na Ballstáit tacú leis sin. Rud ba shonraí fós, iarradh ar na Ballstáit:

– a áirithiú go gcuirfeadh gach leanbh Romach an t-oideachas bunscoile i gcrích;

– na bearnaí idir Romaigh agus daoine nach Romaigh iad a dhúnadh i ndáil le fostaíocht;

– na bearnaí idir Romaigh agus daoine nach Romaigh iad a dhúnadh i ndáil le stádas sláinte;

– na bearnaí idir Romaigh agus daoine nach Romaigh iad a dhúnadh i ndáil le tithíocht agus le fóntais phoiblí (uisce, leictreachas).

Ar leibhéal an Aontais, chuir an Coimisiún Eorpach struchtúir chomhordúcháin agus chomhairliúcháin agus sásraí comhordúcháin agus comhairliúcháin ar bun, shlóg sé cistiú agus thug sé faoi ghníomhaíochtaí chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na gcuspóirí atá i gCreat AE. Mhéadaigh an Coimisiún a idirphlé leis na Ballstáit ar lánpháirtiú na Romach, go háirithe tríd an líonra Pointí Teagmhála Náisiúnta le haghaidh lánpháirtiú na Romach a chur ar bun i mí Dheireadh Fómhair 2012 chun réitigh ar na dúshláin arna sainaithint a phlé.

Sa bhliain 2013, neartaíodh Creat AE maidir le Romaigh le Moladh ón gComhairle maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtiú na Romach[5]. Mar thoradh ar an Moladh sin, cuireadh tuilleadh béime ar dhá réimse chothrománacha, mar atá an frith-idirdhealú agus laghdú na bochtaineachta. Tugadh isteach leis freisin, ón mbliain 2016, oibleagáid tuairiscithe bhliantúil ar na Ballstáit, rud a rannchuidíonn le córas Eorpach faireacháin a fhorbairt. Deimhníodh tiomantas na mBallstát sna conclúidí ón gComhairle i mí na Nollag 2016 maidir le dlús a chur próiseas lánpháirtiú na Romach.

Torthaí na meastóireachta ar Chreat reatha AE maidir le Romaigh agus a mbealach ar aghaidh chuig Treoir ón Aontas tar éis na bliana 2020 maidir le Comhionannas agus Cuimsiú daoine de chúlra Romach.

Creat atá ag éabhlóidiú is ea Creat reatha AE do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach. Meastar gur éacht ann féin gur cuireadh ar bun é agus b’ionann é agus cor cinniúnach do phobail Romacha san Eoraip. Ba é an toradh a bhí air gur cuireadh lánpháirtiú sóisialta na ndaoine de chúlra Romach mar phríomh-mhír ar an gclár oibre beartais Eorpach agus gur cuireadh brú ar na Ballstáit straitéisí náisiúnta a fhorbairt.

Mar uirlis beartais bhoig, áfach, tá sé ina chreatlach le haghaidh comhordú, comhairliúchán agus faireachán beartais agus le haghaidh moltaí beartais spriocdhírithe le haghaidh Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach. Is faoi na rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla cinneadh a dhéanamh ar cé acu a aistreoidh nó nach n-aistreoidh siad na moltaí ina n-acmhainní riaracháin agus ina ngníomhartha nithiúla beartais agus ar conas a dhéanfaidh siad amhlaidh.

Mar thoradh air sin, léirítear sa tuarascáil ón gCoimisiún ar an meastóireacht ar Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach go “meastar gur teoranta ar an iomlán atá an éifeachtacht sa dul chun cinn ar spriocanna maidir le lánpháirtiú na Romach a chomhlíonadh agus go bhfuil difríochtaí móra ann i limistéir dhifriúla agus tíortha difriúla. Fuarthas amach gurb é an t-oideachas an réimse ina ndearnadh an dul chun cinn is mó (bhí feabhsuithe ann ar luathfhágáil scoile, ar oideachas luath-óige agus ar scolaíocht éigeantach, ach chuathas ar gcúl ó thaobh leithscaradh de). Tá feabhas tagtha ar stádas sláinte féinbhraite na Romach ach is teoranta fós atá clúdach leighis. Ní fhacthas aon fheabhas ar rochtain ar fhostaíocht, agus is amhlaidh fiú a tháinig méadú ar an sciar de na Romaigh óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET). Is doiligh fós atá an staid tithíochta Chonacthas roinnt dul chun cinn ar an gcuspóir ginearálta um an mbochtaineacht a chomhrac. Ábhar mór imní fós is ea frithghiofógachas agus fuathchoireacht, cé go bhfuil fianaise ann gur tháinig laghdú éigin san idirdhealú a fhulaingíonn na Romaigh i roinnt réimsí agus iad ag rochtain seirbhísí[6].”

Ar an meán, tháinig laghdú ó 87% sa bhliain 2011 go 68% sa bhliain 2016 ar an líon daltaí Romacha a d’fhág an t-oideachas ar leibhéal meánscoile idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2016. Is an-ard fós atá an céatadán de luathfhágálaithe scoile Romacha i gcomparáid leis an gcéatadán de luathfhágálaithe scoile sa phobal i gcoitinne ar fud na dtíortha uile a ndearnadh suirbhé orthu[7].

Sa bhliain 2019, b’amhlaidh fós a bhí 68% de na Romaigh ag fágáil an oideachais go luath. De bhreis air sin, ní théann ach 18% de na leanaí Romacha ar aghaidh chuig leibhéil oideachais níos airde agus tá neamhláithreachas agus rátaí luathfhágála scoile na Romach i bhfad níos airde ná atá siad i measc catagóirí eile daltaí[8].

Maidir leis an bhfostaíocht, is mór í an bhearna idir Romaigh agus daoine nach Romaigh iad, go háirithe an bhearna atá ann sa líon daoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEET). Tá rátaí fostaíochta na Romach cothrom le thart ar 40% sa chuid is mó de na Ballstáit, agus tháinig meánmhéadú ó 56% go 63% idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2016 ar an líon Romach nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna[9].

Is mór fós atá na difríochtaí ó thaobh tithíochta de, agus thart ar 30% de na Romaigh ina gcónaí i dteaghaisí nach bhfuil aon uisce iontu agus 36% díobh i dteaghaisí nach bhfuil leithreas, cithfholcadán ná seomra folctha iontu[10].

Ba bheag dul chun cinn a rinneadh ar an gcéatadán de na Romaigh/an líon Romach a raibh cumhdach árachais sláinte acu idir an bhliain 2011 agus an bhliain 2016. Is é 76% an céatadán de na Romaigh a bhfuil cumhdach árachais sláinte náisiúnta acu, figiúr atá i bhfad níos ísle ná an céatadán i measc daoine nach Romaigh iad. Is é 68% an céatadán de na Romaigh a mheasann go bhfuil a stádas sláinte ‘go maith’ nó ‘go han-mhaith’. Measann níos mó ná an ceathrú cuid de na Romaigh nach féidir leo tabhairt faoi ghníomhaíochtaí áirithe de bharr a sláinte agus tá fadhbanna fadtéarmacha breoiteachta nó sláinte ag 22% díobh. Luaitear sa Chreat do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach gurb ionann an t-ionchas saoil tráth na breithe san Aontas agus 76 bliana d’aois d’fhir agus 82 bhliain d’aois do mhná. Meastar an t-ionchas saoil a bheith 10 mbliana níos lú do Romaigh. De bhreis air sin, cé go bhfuil an ráta báis naíonán san Aontas cothrom le 4.3 bás in aghaidh gach míle beobhreith, tá fianaise ann go bhfuil an ráta i bhfad níos airde i measc pobail Romacha.

Dá bhrí sin, meastar gurb é carachtar neamhcheangailteach an chreata reatha an phríomhlaige atá air. Is beartas bog é a bhraitheann go príomha ar thoil pholaitiúil a bheith ag na leibhéil rialtais uile sna Ballstáit le straitéisí náisiúnta a chur i bhfeidhm, lena n-áirítear an acmhainn riaracháin agus buiséid. Ar an drochuair, d’fhorbair formhór na mBallstát straitéisí náisiúnta gan buiséid leordhóthanacha a leithdháileadh dá gcur chun feidhme[11].

Chun é sin a cheartú, molaimid Treoir de chuid AE tar éis na bliana 2020 maidir le Comhionannas agus Cuimsiú daoine de chúlra Romach, rud ar ghníomh reachtach é a bheadh ina cheangal ar na Ballstáit i dtaca leis na spriocanna atá le baint amach maidir le cuimsiú na Romach. Príomhphointe le haghaidh cuimsiú daoine Romacha is ea tacaíocht pholaitiúil tráth atá ciníochas in aghaidh grúpaí mionlaigh difriúla ag méadú go mór. Ní mór na príomh-gheallsealbhóirí a shlógadh go mór, agus na deiseanna a ghabhann leis na huachtaránachtaí ar an Aontas atá le teacht a iniúchadh, chun a áirithiú go mbeidh tiomantas polaitiúil ann do Threoir fhéideartha tar éis na bliana 2020. Leithdháilfear cistiú leordhóthanach mar thoradh ar an gcur chuige sin agus d’fhéadfadh go gcuirfí na straitéisí náisiúnta nó na pleananna gníomhaíochta náisiúnta chun feidhme ar bhealach níos rathúla dá bharr, go háirithe ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil. Ní mór don Aontas a thosaíochtaí polaitiúla agus airgeadais a cheangal leis an Treoir. Beidh cuimsiú daoine de chúlra Romach i measc na dtosaíochtaí nuair a bheidh buiséid áitiúla agus náisiúnta á bhforbairt. Ní mór sásraí faireacháin agus maoirseachta atá níos éifeachtúla agus neartaithe a fhorbairt agus áiritheoidh Coimisiún an Aontais agus na Ballstáit gurb amhlaidh, maidir leis na cistí a leithdháilfear, go gcaithfear go cuí iad agus nach mbainfear mí-úsáid astu má bhíonn treoir le soláthar.

Rud eile a cháintear is ea an úsáid a bhaintear as an gcomhainmneoir “Romach”. Cé gur leagadh béim sa Chreat ar an éagsúlacht atá ann faoin scáth-théarma leathan “Romach”[12], níor aithníodh ann an éagsúlacht atá laistigh de phobal na ndaoine ar de chúlra Romach iad. Maidir leis an téarma “Romach” nó an téarma dúbailte “Sintíoch agus Romach”, a úsáidtear i mbeartais agus pléití de chuid an Aontais, ní léirítear iontu ilchineálacht an mhionlaigh agus, dá bhrí sin, tá daoine de chúlra Romach amhail daoine Kalè, Manúisigh, daoine Lovara, daoine Rissende, daoine Boyash, daoine Domare, daoine Caldaras, daoine Romanichal agus Sintígh den tuairim go bhfuil siad eisiata nó nach bhfuiltear ag labhairt leo. Tá na Romaigh ar cheann amháin de na grúpaí daoine de chúlra Romach san Eoraip. Rud a cháintear go minic i measc daoine den phobal is ea an úsáid a bhaintear as ainmniú grúpa amháin chun cur síos a dhéanamh ar na grúpaí eile i mbeartais agus pléití de chuid an Aontais.

Ar bhonn an fhorais sin, ba cheart ilchineálacht inmheánach an phobail a chur san áireamh i réimsí tosaíochta an bheartais tar éis na bliana 2020 maidir le Comhionannas agus Cuimsiú daoine de chúlra Romach, á áirithiú nach bhfágfar aon duine ar leith amach, lena n-áirítear na daoine sin nach de chúlra eitneach iad, amhail Aisceailígh, Éigiptigh nó Taistealaithe, agus a dtugtar giofóga orthu le teann dímheasa. Ina theannta sin, ba cheart “daoine de chúlra Romach” a bheith ar an ainmniú lena dtagraítear do gach ceann de na grúpaí.

Tá easpa comhleanúnachais i measc na dtosaíochtaí le sonrú ar an gcreat reatha. Ba cheart réimsí téamacha gníomhaíochta amhail rannpháirtíocht pholaitiúil, ealaíona agus cultúr na Romach agus teanga agus stair na Romach a lua go soiléir sa bheartas tar éis na bliana 2020 mar bhearta atá de bhreis ar na ceithre phríomhréimse tosaíochta, mar atá an t-oideachas, an fhostaíocht, an tithíocht agus an cúram sláinte[13].

Chun é sin a bhaint amach ar bhealach éifeachtach, ní mór don Choimisiún Eorpach agus do na Ballstáit aistriú amach ón gcur chuige atharthaíoch (ó bharr go bun) a úsáideadh go príomha chun an creat reatha a fhorbairt agus i dtreo an chur chuige neamh-atharthaíoch. Dá nglacfaí cur chuige ó bhun aníos, chuirfí ar chumas daoine de chúlra Romach páirt níos éifeachtaí a ghlacadh i gceapadh beartas ar gach leibhéal: ní mór baint a bheith ag geallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha (eagraíochtaí neamhrialtasacha, gníomhaithe, saineolaithe, daoine den phobal, etc.) freisin i bhforbairt, cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar na beartais phoiblí tar éis na bliana 2020 maidir le daoine de chúlra Romach. Maidir leis an gcur chuige neamh-atharthaíoch, forbrófar an Treoir ón Aontas tar éis na bliana 2020 maidir le Comhionannas agus Cuimsiú daoine de chúlra Romach ar bhonn sonraí cainníochtúla agus cáilíochtúla níos iontaofa: bunófar na straitéisí amach anseo ar an bhfaisnéis is déanaí atá ar fáil ós rud é gur leithne ná an rochtain a bhí ann sa bhliain 2011 an rochtain a bheidh ar líon níos airde pobal agus ar fhoinsí móra réiteach le staid na Romach a fheabhsú. Ní mór na sonraí sin a úsáid mar bhonn le pleananna gníomhaíochta mionsonraithe réadúla lena ngabhann buiséad réamhshainithe atá réadúil agus leormhaith, rud a chuirtear ar áireamh sna buiséid náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla, de réir mhéid na riachtanas cuimsithe shóisialta atá ag daoine de chúlra Romach.

Dea-chleachtas sa chomhthéacs sin is ea an Conradh stáit a shínigh Stát Baden-Württemberg le Cumann Réigiúnach Gearmánach na Sintíoch agus na Romach. Cuireadh Comhairle chomhpháirteach ar bun sa bhliain 2014. Is iad ionadaithe na Sintíoch Gearmánach agus na Romach Gearmánach i Stát Baden-Württemberg agus freisin ionadaithe an rialtais stáit, na parlaiminte stáit agus na gcumann bardasach stáit na comhaltaí den Chomhairle. Díreofar a gcuid oibre go príomha ar oideachas agus cultúr na Sintíoch agus na Romach a chur chun cinn[14].

Maidir leis na daoine a spriocdhíreofar orthu sa Treoir ón Aontas tar éis na bliana 2020 agus sna Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, níor cheart díriú go príomha ar dhaoine Romacha atá imeallaithe. Ina ionad sin, moltar an infheistíocht i ndaoine óga, mná agus leanaí Romacha (go háirithe iad sin sa bhunscoil a bhfuil deacrachtaí acu dul ar scoil de bharr dhrochstaid airgeadais agus shóisialta a dteaghlaigh) a mhéadú agus na daoine sin a chumhachtú tuilleadh, agus moltar breis airde a thabhairt ar shoghluaisteacht na ndaoine Romacha laistigh den Aontas.

Toisc nach raibh, i dtosach, freagairt don fhrithghiofógachas ar áireamh sa Chreat reatha, bhíothas drogallach bearta soiléire lena dtugtar aghaidh ar an bhfrith-idirdhealú agus ar an bhfrithghiofógachas go sonrach a chur ar áireamh i straitéisí náisiúnta.

Sa Suirbhé a rinne sí ar Romaigh agus ar Thaistealaithe sa bhliain 2019, d’aimsigh an Ghníomhaireacht um Chearta Bunúsacha gur “eispéirigh geall le leath na bhfreagróirí ar Romaigh nó Taistealaithe iad (44%) ciapadh a bhí gríosaithe ag fuath sa 12 mhí roimh an suirbhé”[15]. Mar shampla, tháinig an fhoireann taighde ó Ollscoil Leipzig ar an gconclúid gur minic a thugtar neamhaird ar an méid ollmhór frithghiofógachais atá ann: “Aontaíonn 60 faoin gcéad de na Gearmánaigh leis an ráiteas go bhfuil claonadh ag Sintígh agus Romaigh tabhairt faoin gcoireacht agus is mian le 49.2 faoin gcéad de na Gearmánaigh cosc a chur orthu dul isteach sna hionchathracha.”[16] Anuas air sin, is amhlaidh, i ré an choróinvíris, a cuireadh an locht ar na Romaigh faoi leathadh an víris. Ar an drochuair, tharla sé sin i dtíortha in Oirthear na hEorpa[17]. Dá bhrí sin, chun comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais, ní mór dul i ngleic le cineál sonrach an chiníochais i leith daoine a bhfuil cúlra Romanaíoch acu sna príomhréimsí sa chéad bheartas eile de chuid an Aontais tar éis 2020. Ba cheart bearta coisctheacha agus frithghníomhacha a fhorbairt agus a chur ar áireamh sna beartais tar éis na bliana 2020 maidir leis na Romaigh. Ní mór do na Ballstáit frithghiofógachas a aithint go hoifigiúil mar chineál sonrach ciníochais in aghaidh daoine de chúlra Romach agus ní mór dóibh bearta sonracha ina aghaidh a chur chun feidhme ar aon leibhéal a dhéantar é.

 


TAIRISCINT I gCOMHAIR RÚN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA

ar chur chun feidhme Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romanaí san Eoraip a chomhrac

(2020/2011(INI))

Tá Parlaimint na hEorpa,

 ag féachaint don Chonradh ar an Aontas Eorpach (CAE), don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) agus do Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh,

 ag féachaint don Choinbhinsiún Eorpach chun Cearta an Duine agus Saoirsí Bunúsacha a Chosaint, do Chairt Shóisialta na hEorpa, don Chreat-Choinbhinsiún chun Mionlaigh Náisiúnta a Chosaint, mar aon le tuarascálacha agus moltaí ón gCoimisinéir um Chearta an Duine i gComhairle na hEorpa, ón gCoimisiún Eorpach in aghaidh an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI) agus ó shásraí eile Chomhairle na hEorpa,

 ag féachaint do Dhearbhú Uilechoiteann Chearta an Duine agus do chonarthaí na Náisiún Aontaithe maidir le cearta an duine lena n-áirítear an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Sibhialta agus Polaitiúla, an Cúnant Idirnáisiúnta ar Chearta Eacnamaíocha, Sóisialta agus Cultúrtha, an Coinbhinsiún Idirnáisiúnta maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe Chiníoch a Dhíothú, an Coinbhinsiún maidir le Gach Cineál Idirdhealaithe in aghaidh na mBan a Dhíothú, agus an Coinbhinsiún um Chearta an Linbh,

 ag féachaint do Threoir 2000/43/CE ón gComhairle an 29 Meitheamh 2000 lena gcuirtear chun feidhme prionsabal na córa comhionainne idir daoine gan spleáchas do thionscnamh ciníoch nó eitneach[18],

 ag féachaint do Threoir 2000/78/CE ón gComhairle an 27 Samhain 2000 lena mbunaítear creat ginearálta le haghaidh na córa comhionainne san fhostaíocht agus sa tslí bheatha[19],

 ag féachaint do Chinneadh Réime 2008/913/CGB ón gComhairle an 28 Samhain 2008 maidir le cineálacha agus léirithe áirithe ciníochais agus seineafóibe a chomhrac trí bhíthin an dlí choiriúil[20],

 ag féachaint do Rialachán (CE) Uimh. 1367/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 6 Meán Fómhair 2006 maidir le forálacha Choinbhinsiún Aarhus maidir le Rochtain ar Fhaisnéis, Rannpháirtíocht Phoiblí i gCinnteoireacht agus Rochtain ar Cheartas i gCúrsaí Comhshaoil a chur i bhfeidhm ar institiúidí agus comhlachtaí an Chomhphobail[21],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Aibreán 2011 dar teideal “Creat AE do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach” (COM(2011)0173) agus do na tuarascálacha cur chun feidhme agus meastóireachta ina dhiaidh sin,

 ag féachaint don mholadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013 maidir le bearta éifeachtacha um lánpháirtiú na Romach sna Ballstáit[22], agus do na conclúidí ón gComhairle an 8 Nollaig 2016 maidir le dlús a chur leis an bpróiseas i ndáil le lánpháirtiú na Romach agus an 13 Deireadh Fómhair 2016 maidir le Tuarascáil Speisialta Uimh. 14/2016 ó Chúirt Iniúchóirí na hEorpa,

 ag féachaint do na tuarascálacha ó Pharlaimint na hEorpa ó 2010 maidir le Straitéis an AE maidir le cuimsiú na Romach agus don Tuarascáil maidir leis na gnéithe inscne den Chreat Eorpach do Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú na Romach ó 2013,

 ag féachaint dá rún an 15 Aibreán 2015 maidir le Lá Idirnáisiúnta na Romach – frithghiofógachas san Eoraip agus aitheantas AE do Lá Cuimhneacháin Chinedhíothú na Romach le linn an Dara Cogadh Domhanda[23],

 ag féachaint don rún uaithi an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis na gnéithe de chearta bunúsacha a bhaineann le lánpháirtiú na Romach in AE: frithghiofógachas a chomhrac[24],

 ag féachaint don rún uaithi an 16 Eanáir 2019 maidir le staid na gceart bunúsach san Aontas Eorpach sa bhliain 2017[25],

 ag féachaint don rún uaithi an 12 Feabhra 2019 maidir leis an ngá atá ann le Creat Straitéiseach AE neartaithe tar éis na bliana 2020 do Straitéisí Náisiúnta maidir le Comhtháthú na Romach agus dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh frithghiofógachais[26],

 ag féachaint dá rún an 7 Feabhra 2018 maidir leis an gcomhrac i gcoinne an idirdhealaithe ar saoránaigh de chuid an Aontais iad ar de mhionlaigh iad i mBallstáit AE[27],

 ag féachaint dá rún an 13 Márta 2018 maidir le réigiúin atá tite ar gcúl in AE[28],

 ag féachaint dá rún an 25 Deireadh Fómhair 2018 maidir le méadú an fhoréigin nuafhaisistighsan Eoraip[29],

 ag féachaint dá rún an 13 Samhain 2018 maidir le caighdeáin íosta do mhionlaigh in AE[30],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair 2019 dar teideal ‘Tuarascáil ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach’ (COM(2019)0406)[31],

 ag féachaint don teachtaireacht ón gCoimisiún an 4 Nollaig 2018 dar teideal ‘Tuarascáil ar an meastóireacht ar Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta suas go dtí 2020 maidir le Lánpháirtiú na Romach’ (COM(2018)0785)[32],

 ag féachaint do na himeachtaí um shárú dar teideal Neamh-chomhréireacht le Treoir 2000/43/CE maidir le Comhionannas Ciníoch – Idirdhealú leanaí Romacha san oideachas (uimhreacha sáruithe 20142174, 20152025 agus 20152206),

 ag féachaint do Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta,

 ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa maidir le staid na mban Romach SOC/585-EESC-2018,

 ag féachaint do Dhearbhú Poznan Chomhpháirtithe na mBalcán Thiar maidir le Lánpháirtiú na Romach laistigh de Phróiseas an Aontais Eorpaigh um Méadú,

 ag féachaint don Dara Suirbhé ón Aontas Eorpach ar Mhionlaigh agus ar Idirdhealú ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha (EU-MIDIS II),

 ag féachaint do Mholadh Beartais Ghinearálta Uimh. 13 ón gCoimisiún Eorpach i gcoinne an Chiníochais agus na hÉadulaingthe (ECRI),

 ag féachaint do Chlár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe,

 ag féachaint do Léarscáil Bochtaineachta an Bhainc Dhomhanda ó 2016 ina sainaithnítear go soiléir na réigiúin is cúl-aimsithe san Eoraip,

 ag féachaint do na tuarascálacha agus na moltaí ábhartha ó institiúidí taighde agus ó eagraíochtaí na sochaí sibhialta Romani agus eagraíochtaí sochaí sibhialta ar son na Rómáine, lena n-áirítear eagraíochtaí neamhrialtasacha de chuid an phobail Rómhánaigh,

 ag féachaint do na Tionscnaimh Eorpacha ó na Saoránaigh maidir le “Tionscnamh an Mhinorachta SafePack” agus maidir leis an “Beartas Comhtháthaithe ar mhaithe le comhionannas na réigiún agus inbhuanaitheacht na gcultúr réigiúnach”,

 ag féachaint do Riail 54 dá Rialacha Nós Imeachta, mar aon le hAirteagal 1(1)(e) den chinneadh ó Chomhdháil na nUachtarán an 12 Nollaig 2002 maidir leis an nós imeachta i gcomhair údarú a dheonú chun tuarascálacha féintionscnaimh a tharraingt suas agus d’Iarscríbhinn 3 a ghabhann leis an gcinneadh sin,

 ag féachaint do na tuairimí ón gCoiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta, ón gCoiste um Chultúr agus um Oideachas agus ón gCoiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne,

 ag féachaint don tuarascáil ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile (A9-0147/2020),

A. de bhrí go bhfuil na Romaigh ar an mionlach eitneach is mó san Eoraip,

B. de bhrí gur leagadh béim sa Chreat reatha ar an éagsúlacht faoin scáth-théarma leathan “Romach”; de bhrí gur theip air éagsúlcht na daoine sa phobal Romanaí a aithint; de bhrí gur úsáideadh an téarma Romach nó an téarma dúbailte Sintíoch & Romach i ré nuair a rinne lucht déanta cinntí cinneadh ar bheartais na Romach gan fíor-rannpháirtíocht na bpobal Romach agus, dá bhrí sin, go mbraitheann na pobail sin go bhfuil siad coimhithe agus de bhrí nach léiríonn an sainmhíniú seo a úsáidtear i mbeartais agus i bplé an phobail Romanaíoch agus, dá bhrí sin, a cháin siad go minic;

C. de bhrí gur fearr i bhfad a léireofar an éagsúlacht i measc na Romanach sa togra reachtach iar-2020 maidir le Comhionannas, Cuimsiú agus Rannpháirtíocht an phobail Romanaíoch; de bhrí go gcuimsíonn an téarma ‘daoine Rómhánacha’ daoine le cúlra Romach, Kalè, Manúiseach, Lovara, Rissende, Boyash, domare, Kalderash, Romanichild agus Sintíoch; de bhrí go n-áirítear níos fearr leis an sainmhíniú nua, daoine Romanaíocha, fiú iad siúd atá stiogmataithe mar ghiofóga gan cúlra eitneach comhfhreagrach acu, amhail Éigiptigh, daoine Aisceailíocha, nó Taistealaithe;

D. de bhrí go gcónaíonn sciar mór de dhaoine de chúlra Romanaíoch san Eoraip i ndálaí imeallacha i limistéir thuaithe agus i limistéir uirbeacha araon, agus in imthosca socheacnamaíocha an-dona,[33]; de bhrí go ndéantar cearta bunúsacha an duine a bhaint ó fhormhór na ndaoine Romanaíocha i ngach réimse den saol;

E. de bhrí, de réir MIDIS II AE, go gcreideann 61 % de shaoránaigh an Aontais go bhfuil an t-idirdhealú i gcoinne na ndaoine Romanaíocha forleathan ina dtír féin; de bhrí go bhfuil an giofógachas atá fréamhaithe, dianseasmhach agus struchtúrach agus go minic, ar bhonn institiúideach agus rialtais, fós ann ar gach leibhéal de shochaí na hEorpa agus go léirítear é ar bhonn laethúil a aithnítear mar mhórbhac chun acmhainneacht iomlán na ndaoine Romanaíocha a bhaint amach mar shaoránaigh AE a bhfuil cearta bunúsacha, cuimsiú sóisialta agus comhionannas iomlán acu, i ngach réimse den saol, lena n-áirítear tithíocht, oideachas, cúram sláinte agus fostaíocht;

F. de bhrí go bhfuil na daoine Romanaíocha fós ag fulaingt ó leibhéal méadaithe fuathchainte; go háirithe sa phobal, sna meáin shóisialta agus ag daoine poiblí, polaiteoirí agus oifigigh;  de bhrí go bhfulaingíonn siad foréigean póilíneachta freisin, lena n-áirítear pionós comhchoiteann, próifíliú ciníoch, leithscaradh cónaithe agus scoile;  de bhrí go bhfuil gá le bearta sonracha chun an feiniméan sin a chomhrac; de bhrí go n-eascraíonn leibhéal neamhleor cosanta agus rochtain ar cheartas d’íospartaigh an fhoréigin póilíneachta as easnaimh sa smacht reachta, i réimse an cheartais choiriúil, agus go ndéanann údaráis an stáit géarleanúint orthu go minic;

G. de bhrí nach leor an frithghiofógachas a chomhrac tríd an reachtaíocht atá ann cheana maidir le frith-idirdhealú;  de bhrí gur cheart do Bhallstáit AE a léiriú go bhfuil rún daingean acu fáinne fí an fhrithghiofógachais a bhriseadh, go háirithe sna déileálacha a bhíonn ag daoine Rómhánacha le húdaráis riaracháin áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta, comhionannas agus neamh-idirdhealú a chosaint dá saoránaigh Romanaíocha, agus leas iomlán a bhaint as cearta bunúsacha an duine;

H. de bhrí go bhfuil foréigean agus marú mar thoradh ar an gciníochas in aghaidh na ndaoine Romanaíocha; de bhrí go bhfuil ciapadh fuathspreagtha agus coireanna fuatha fós ard i gcoinne daoine Romanaíocha agus nach dtuairiscítear formhór na dteagmhas fuathspreagtha;

I. de bhrí, de réir EU MIDIS II in 2016, go bhfuil cónaí ar 80 % de dhaoine Romanaíocha i naoi mBallstát de chuid an Aontais Eorpaigh a bhfuil na daonraí Romanaíocha is mó acu faoi bhun thairseach a dtíre maidir le bochtaineacht; de bhrí go mbíonn an bhochtaineacht mar thoradh ar an mbochtaineacht agus gur spreagthóir í don fhrithghiofógachas, don eisiamh san oideachas, san fhostaíocht, sa tsláinte agus sa tithíocht araon; de bhrí gur príomhsprioc de Straitéis 2020 AE maidir le fás cliste, inbhuanaithe agus cuimsitheach é 20 milliún duine, lena n-áirítear daoine Romanaíocha, a bhaint as baol bochtaineachta;  de bhrí go raibh laghdú 3.1 milliún ar líon na ndaoine atá i mbaol bochtaineachta nó eisiaimh shóisialta idir 2008 agus 2017, tá AE fós i bhfad ón sprioc atá ag Eoraip 2020 an líon sin a laghdú 20 milliún faoi 2020;

J. de bhrí go bhfuil gach tríú duine ag a bhfuil cúlra Romanaíoch ag cónaí i dtithíocht gan uisce buacaire agus duine as gach 10 i dtithíocht gan leictreachas; de bhrí nach bhfuil leithris nó cithfholcadán faoi dhíon ag ach díreach níos mó ná a leath acu, agus go bhfuil 78 % de na Romanaithe ina gcónaí i dtithíocht phlódaithe;  de bhrí go bhfuil líon mór daoine Romanaíocha fós ina gcónaí i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla, neamhshláinteacha agus neamhrialta faoi dhálaí maireachtála anróiteacha; de bhrí nach bhfuil doiciméid aitheantais ag go leor acu agus go bhfuil easpa árachais liachta acu[34];

K. de bhrí go ndéantar idirdhealú ar 43 % de na Romaigh agus iad ag iarraidh tithíocht a cheannach nó a fháil ar cíos agus nach bhfuil siad eolach a ndóthain ar a gcearta ó thaobh an chomhionannais de; de bhrí gur cheart cearta maoine a thabhairt chun rialtachta nuair is féidir, go háirithe i suíomhanna neamhfhoirmiúla; de bhrí gur cheart bearta tionlacain leordhóthanacha a bheith ag gabháil le deireadh a chur le suíomhanna neamhfhoirmiúla (díbirtí), lena n-áirítear tithíocht mhalartach a thairiscint;  de bhrí nach ndearnadh aon bhearta dlíthiúla nó polaitiúla in aghaidh na mBallstát chun deireadh a chur le leithscaradh cónaithe, díshealbhú éigeantach agus rochtain ar thithíocht d’ardchaighdeán a áirithiú;  de bhrí go bhfuil tionchar diúltach ag drochrochtain ar thithíocht agus ar fhóntais phoiblí, amhail uisce glan agus sláintíocht, ar an oideachas, ar an bhfostaíocht agus ar thorthaí sláinte agus go mbíonn tionchar diúltach acu ar chuimsiú sóisialta ar an iomlán;

L. de bhrí go bhfanann ionchas saoil agus stádas sláinte na ndaoine Romanaíocha i bhfad níos ísle ná i gcás daoine neamh-Romanaíocha i ngach tír Eorpach; de bhrí gurb ionann an t-ionchas saoil tráth breithe in AE agus 76 bliana d’fhir agus 82 bliana do mhná, agus de bhrí go meastar i gcás na ndaoine Romanaíocha go bhfuil sé 10 bliana níos ísle; de bhrí gurb é 4.3 beobhreith an ráta básmhaireachta naíonán in AE, agus go bhfuil fianaise ann go bhfuil an ráta i bhfad níos airde i measc na bpobal Romanaíoch;

M. de bhrí go bhfuil rátaí an-ard neamhlitearthachta agus luathfhágáil na scoile ann i measc go leor Romach; de bhrí nach bhfreastalaíonn ach leanbh amháin as gach beirt Romach ar réamhscoil nó naíonra, agus leanann sciar beag díobh le scolaíocht tar éis dóibh an t-oideachas éigeantach a chríochnú; de bhí go bhfuil 50 % de Romaigh idir sé bliana d’aois agus 24 bliana d’aois nach bhfuil i mbun oideachais; de bhrí nár chuir ach 21 % de mhná Romacha agus 25 % d’fhir Romacha oideachas meánscoile (ISCED3) nó níos airde i gcrích; de bhrí, in 2019, gur fhág 68 % de leanaí Romacha an t-oideachas go luath in ainneoin sprioc 10 % ó Cheart AE do na Romaigh roimhe seo agus straitéis EU2020; de bhrí nach ndeachaidh ach 18 % de na leanaí Romacha ar aghaidh chuig leibhéil oideachais níos airde agus go raibh neamhláithreachas agus rátaí luathfhágála scoile i measc dhaltaí Romacha i bhfad níos airde ná i measc catagóirí eile daltaí; de bhrí go bhfagann mídhiagnóis idirdhealaitheach leanaí Romacha mar leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais, go bhfuil líon díréireach leanaí Romacha ag freastal ar scoileanna do leanaí faoi mhíchumas, rud a scarann iad ón ngnáthchóras scoile agus a fhágann gur minic a chuirtear oideachas ar cháilíocht níos ísle orthu; de bhrí gur feiniméan atá fós i gcleachtas ag Ballstáit é deighilt dhíreach agus indíreach leanaí Romacha;

N. de bhrí go mbíonn ar na Romaigh dul i ngleic le hidirdhealú agus iad ag lorg rochtain ar thionscnaimh fostaíochta amhail an Ráthaíocht don Aos Óg, de bhrí gur minic nach mbíonn sé d’acmhainn ag Seirbhísí Poiblí Fostaíochta freastal orthu, nó go mbíonn cleachtais idirdhealaithe indíreacha á gcur i bhfeidhm acu; de bhrí go raibh an ráta d’obair ar íocaíocht i measc na Romach idir 20-64 bliana d’aois, arb ionann é agus 43 %, i bhfad níos ísle ná meánráta Eorpach 70 % in 2015, de bhrí go bhfuil staid na ndaoine óga i bhfad níos measa, go bhfuil 63 % de Romaigh idir 16-24 bliana d’aois ann nach bhfuil i mbun fostaíochta, i mbun oideachais ná i mbun oiliúna (NEET), i gcomparáid le meánráta AE 12 %, de bhrí go dtaispeántar éagothromaíocht shuntasach idir na hinscní, gur daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna iad 72 % de mhná óga de chúlra Romach, i gcomparáid le 55 % d’fhir óga Romacha; de bhrí go bhfuil 43 % d’fhir Romacha agus 22 % de mhná Romacha i gcineál éigin d’obair ar íocaíocht; de bhrí, le glacadh Cholún Eorpach na gCeart Sóisialta, gur tugadh suntas don cheart bunúsach atá ag gach duine chun dul i mbun oibre agus do neartú na gceart sóisialta, a mbeidh dea-thionchar mar thoradh orthu ar saol na ndaoine i ngrúpaí imeallaithe, amhail na Romaigh; de bhrí nach bhfuil sé de rogha ag go leor Romach, toisc iad a bheith atá ag maireachtáil ar imill na fíorbhochtaineachta, ach glacadh le poist ag a bhfuil tuarastal i bhfad faoin tuarastal íosta, agus b’éigean do chuid eile díobh maireachtáil trí ghníomhaíocht neamhfhoirmiúla a dhéanamh amhail dramh-mhiotal nó buidéil phlaisteacha a bhailiú agus ba mhó an seans dá bharr go ndéanfaí dúshaothrú ar na daoine sin;

O. de bhrí go n-aithnítear i dtuarascálacha seachtracha agus i dtuarascáil ón gCoimisiún Eorpach in 2019 ar chur chun feidhme na straitéisí náisiúnta maidir le lánpháirtiú na Romach go gcuimsíonn tosca ratha cineálacha cur chuige trasnacha, trasearnálacha agus comhtháite chun dul i ngleic leis an idirdhealú agus eisiamh ilghnéitheach, agus gur idirdhealú trasnach atá ann i gcoinne mná Romacha, Romaigh LADT agus Romaigh faoi mhíchumas; de bhrí go luann na tuarascálacha as measc na dtosaíochtaí gur gá tacú leis an rochtain atá ag Romaigh ar cheartas agus le béim ar íospartaigh idirdhealaithe trasnaigh, agus ar an acmhainneacht ag comhlachtaí comhionannais déileáil le hidirdhealú i gcoinne Romach;

P. de bhrí gurb iad mná Romacha go háirithe atá thíos maidir le cearta na mban agus is minic a dhéantar cineálacha géaraithe ciaptha ó bhéal, go fisiciúil, go síceolaíoch, go ciníoch agus deighilt eitneach orthu i saoráidí cúraim sláinte mháthartha; de bhrí go gcuirtear mná Romacha i seomraí deighlte le seomraí folctha agus áiseanna itheacháin deighilte; de bhrí, i roinnt Ballstát, go ndearnadh cleachtais chórasacha aimridithe éigeantaigh agus comhéignigh mná Romacha agus nach raibh siad in ann cúiteamh leordhóthanach a fháil, lena n-áirítear airgead cúitimh, as na sáruithe ar a gcearta daonna a tharla;

Q. de bhrí go mbaineann éagóir chomhshaoil go rialta le rioscaí sláinte agus iarmhairtí diúltacha do Romaigh agus de bhrí go bhfuil tionchar díréireach ag ualaí comhshaoil orthu, go bhfuil rochtain níos lú acu ar acmhainní agus ar sheirbhísí comhshaoil, agus go ndéantar idirdhealú ina gcoinne ina gceart chun faisnéise, ar rannpháirtíocht i gcinnteoireacht agus ar rochtain ar cheartas i gcúrsaí comhshaoil;

R.  de bhrí gur cuireadh ar an gclár oibre beartais Eorpach, le cruthú an chéad Chreata Eorpaigh do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, gur ghá feabhas a chur ar staid na Romach, gur cruthaíodh struchtúir agus líonraí institiúideacha ríthábhachtacha agus gur cuireadh brú ar na Ballstáit Straitéisí Náisiúnta a fhorbairt chun aghaidh a thabhairt ar a n-easnaimh; de bhrí, cé go gcuirtear le torthaí na meastóireachta ar Chreat AE atá ann faoi láthair, go bhfuil sé ríthábhachtach go leanfar de Straitéisí Náisiúnta maidir le Cuimsiú na Romach, faoi threoir togra tar éis 2020, agus go bhfeabhsófar iad, agus go n-iarrtar ar na Ballstáit comhlíonadh neartaithe a dhéanamh orthu, agus go ndéanfaí úsáid spriocanna níos ceangailtí a chur chun cinn chun cur leis an ngealltanas agus leis an gcuntasacht; de bhrí gur gá na straitéisí náisiúnta a phríomhshruthú i mbeartais earnála náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla chun iad a chur chun feidhme ar bhealach níos fearr, mar aon le húsáid níos éifeachtúla a bhaint as maoiniú AE, go háirithe i gcás tionscadal lánpháirtithe fadtéarmach;

S. de bhrí go bhfuil gá le togra reachtach maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas, agus gur cheart é a fhorbairt ar bhonn sonraí imdhealaithe cainníochtúla agus cáilíochtúla níos réadúla a bheith bailithe le tacaíocht ó Eagraíochtaí Sochaí Sibhialta Romacha (AM 87), lena n-áirítear na heagraíochtaí sin ón leibhéal áitiúil;

T. de bhrí gur cuid de chultúr agus luachanna na hEorpa é cultúr na Romach agus gur rannchuidigh Romaigh le saibhreas cultúrtha, éagsúlacht, geilleagar agus stair choiteann (AM 89); de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach sa chomhtháthú sóisialta ag cosaint agus neartú na hoidhreachta cultúrtha a bhaineann le mionlaigh náisiúnta sna Ballstáit;

U. de bhrí go bhfuil na Ballstáit freagrach as Straitéisí Náisiúnta maidir le Cuimsiú na Romach a fhorbairt agus a chur chun feidhme go héifeachtach i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta; de bhrí gur cheart cistiú leormhaith a leithdháileadh ó bhuiséid áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta na mBallstát chun na Straitéisí Náisiúnta tar éis 2020 maidir le Cuimsiú Daoine de Chúlra Romach a chur chun feidhme agus iad a chomhlánú le cistiú AE; de bhrí gur cheart sásraí faireacháin, maoirseachta agus smachtbhannaí éifeachtúla agus neartaithe a fhorbairt; de bhrí nach mór do AE agus do na Ballstáit a áirithiú go leithdháilfear na cistí ar na cuspóirí agus tionscadal ag a mbeidh an tionchar ionchasach fadtéarmach is mó ar staid na Romach agus go gcaithfear i gceart iad agus nach mbainfear mí-úsáid astu;

V. de bhrí go bhfuil thart ar leath de na Romaigh san Eoraip ina gcónaí taobh amuigh den Aontas Eorpach; de bhrí go bhfuil achrann ar leith fós ag baint lena staid i bhformhór na dtíortha is iarrthóirí, tíortha is iarrthóirí ionchasacha agus tíortha comharsanachta; de bhrí go bhféadfaidh tionchar láidir ag an Aontas Eorpach ar a staid tríd an gcaibidlíocht aontachais mar aon le trí chúnamh airgeadais a sholáthar;

W. de bhrí gur cheart rannpháirtíocht chomhionann agus cumhachtú na Romach i gcinnteoireacht, ó gach leibhéal, a áirithiú ar bhonn níos fearr: ba cheart baint mhór a bheith ag geallsealbhóirí áitiúla, réigiúnacha, náisiúnta agus Eorpacha (eagraíochtaí neamhrialtasacha, gníomhaithe, saineolaithe, daoine den phobal, etc.) i bhforbairt, cur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar na beartais phoiblí tar éis na bliana 2020 maidir le daoine de chúlra Romach;

X. de bhrí gur minic a fhágtar an chuid is mó de na pobail faoi mhíbhuntáiste de chuid na bpobal Romach ar lár agus go n-eisiatar iad ó na tairbhí a ghabhann leis na cláir náisiúnta um chuimsiú mar gheall ar theorainneacha sna modheolaíochtaí mapála a úsáidtear nuair a bhíonn na pobail is mó atá i ngátar á sainaithint; de bhrí gur cheart spriocdhíriú a dhéanamh sna hanailísí, nuair a dheartar cláir idirghabhála, ar an limistéar geografach beacht agus ar líon na dteaghlach, agus líon na ndaoine atá ag déileáil le heisiamh socheacnamaíoch;

Y. de bhrí gur cheart cuspóirí cuimsithe na Romach a ailíniú le cuspóirí cothrománacha an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe leis an bPlean Téarnamh, leis an gCreat Airgeadais Ilbhliantúil nua do 2021-2027, leis an gComhaontú Glas don Eoraip, le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, leis an Seimeastar Eorpach, le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe na Náisiún Aontaithe 2030, leis an gComhbheartas Talmhaíochta nua, leis an gCiste um Aistriú Cóir, leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, leis an Straitéis Eorpach Dhigiteach , le Straitéis FBM le haghaidh Eoraip inbhuanaithe agus dhigiteach; de bhrí gur príomhphointe le haghaidh chuimsiú na Romach is ea tacaíocht pholaitiúil; de bhrí go bhfuil gá geallsealbhóirí príomha ag gach leibhéal a shlógadh, lena n-áirítear sa Chomhairle, chun gealltanas polaitiúil agus cuntasacht pholaitiúil na mBallstát a áirithiú;

Z. de bhrí go raibh ann d’fhrithghiofógachas inar sochaithe leis na céadta bliain agus gur cuireadh i bhfeidhm é ar an mbealach is gránna le linn an Uilelosctha, nuair a díothaíodh tuairim is 500 000 Romach; de bhrí go raibh beagnach 500 bliain sclábhaíochta ann do Romaigh ar an gcríoch ina bhfuil an Rómáin inniu, de bharr an fhrithghiofógachais; de bhrí nach raibh na Romaigh in ann leas éifeachtúil agus suntasach a bhaint as forbairt shocheacnamaíoch leantach ár sochaithe de bharr idirdhealaithe agus eisiamh sóisialta leis na céadta bliain; de bhrí gur fágadh ar lár iad agus mar iarmhairt air sin gur tháinig méadú ar na héagothromaíochtaí idir na Romaigh agus an pobal i gcoitinne; 

AA. de bhrí gur chonacthas le géarchéim COVID-19 go bhfuil staid na bpobal imeallaithe de chuid na Romaigh atá i gcompúin agus lonnaíochtaí plódaithe ag dul in olcas, go bhfuil an ciníochas, an t-idirdhealú, an t-eisiamh, an foréigean póilíneachta agus dearcthaí frithghiofógachais i gcoinne na Romach níos measa le linn don víris scaipeadh, agus gur mó an baol atá ann do dhaoine Romacha COVID-19 a tholgadh mar gheall ar rochtain theoranta a bheith acu ar chúram sláinte, uisce óil, sláintíocht agus bia leordhóthanach; de bhrí go leagadh béim shoiléir le géarchéim COVID-19 nach mór do AE agus dá Bhallstáit dul i ngleic go práinneach le cuimsiú na Romach; de bhrí gur cheart do na Ballstáit tacaíocht éigeandála agus cúram leighis a sholáthar chun scaipeadh an víris a theorannú, de bhrí go bhfuil baol ann gurb é an daonra Romach is mó a bheith thíos le hiarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ghéarchéim COVID-19 agus go ndéanfar níos measa na neamhionannais atá ann faoi láthair i ngach réimse tosaíochta um chuimsiú na Romach;

 

Togra reachtach AE maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas;  togra straitéiseach, tosaíochtaí agus cistiú leormhaith tar éis 2020

1. ag tabhairt dá haire go bhfulaingíonn daoine Romacha frithghiofógachas buanseasmhach, ar cineál ciníochais ar leith é, agus go bhfuil na rátaí bochtaineachta agus eisiamh sóisialta is airde san Eoraip mar thoradh air; ag tabhairt dá haire gurb oth léi, in ainneoin forbairt leanúnach shocheacnamaíoch in AE agus iarrachtaí chun cuimsiú na Romach ag leibhéal AE agus ag an leibhéal náisiúnta a áirithiú, nár tháinig feabhas ar staid fhoriomlán na Romach in AE; go minic mar gheall ar an bhfrithghiofógachas agus ar an easpa toil pholaitiúil atá ann; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bharr sin, dea-shampla a léiriú agus ‘beartas príomhshruthaithe na Romach’ a thabhairt isteach chun dearcach na Romach a chomhtháthú ag gach céim agus leibhéal de na beartais, cláir agus tionscadail phríomhshrutha, ach gan an cur chuige spriocdhírithe a chur as an áireamh, agus chun idirdhealú i mbeartas AE i gcoitinne a sheachaint agus chun idirdhealú dearfach agus obair ghníomhach for-rochtana do Romaigh a éascú; á iarraidh ar na Ballstáit an conair seo a leanúint agus beartais a chruthú a cabhraíonn le cuimsiú gníomhach na Romach inár sochaithe;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas, a thíolacadh, bunaithe ar mheasúnú tionchair cuimsitheach agus i mbun comhairliúchán córasach le Romaigh, saineolaithe Romacha (ar son na Romach) agus ENRanna ón leibhéal náisiúnta, réigiúnach agus go háirithe ó leibhéal an phobail mar aon le geallsealbhóirí eile a bhfuil spéis acu ann amhail Comhairle na hEorpa agus FRA; á mheas go bhféadfadh an togra seo a bhunú ar Airteagal 19(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh mar ghníomhaíocht iomchuí chun idirdhealú eitneach na Romach a chomhrac; ag iarraidh ar an gCoimisiún ilchineálacht inmheánach an phobail a chur san áireamh i réimsí tosaíochta an togra tar éis 2020, á áirithiú nach bhfágfar aon duine ar lár, agus an t-ainmniú ‘Romach’ a úsáid agus é ag tagairt do ghrúpaí Romacha i mbeartais agus pléití an Aontais tar éis 2020; á thabhairt dá haire gur cheart rannpháirtíocht chothrom na Romach sna réimsí uile den saol poiblí, rannpháirtíocht pholaitiúil, agus teanga, ealaíona, cultúr, stair na Romach a lua go soiléir i dtogra AE tar éis 2020 do Romaigh, mar bhearta atá de bhreis ar na ceithre phríomhréimse tosaíochta, mar atá an t-oideachas, an fhostaíocht, an tithíocht agus an cúram sláinte;

3. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go dtabharfaidh an togra tosaíocht do bhaint amach dea-thionchar suntasach; ba cheart dó gnéithe socheacnamaíocha a chomhcheangal le cur chuige bunaithe ar chearta an duine, lena n-áireofar plean chun deireadh a chur le neamhionannais tithíochta, sláinte, fostaíochta agus oideachais; ba cheart cuspóirí sonracha, inchomparáide, indéanta, ceangailteacha agus faoi cheangal ama a chur san áireamh chun cuimsiú na Romach a chosaint agus a fheabhsú, lena n-áirítear Romaigh atá mar chuid de ghrúpaí a bhfuil il-idirdhealú os a gcomhair, amhail an óige, mná agus cailíní, daoine LADTI agus daoine faoi mhíchumas, chun oideachas cuimsitheach agus forbairt luath-óige a chur chun cinn agus chun idirdhealú agus deighilt a chomhrac; ba cheart dó tosaíocht a thabhairt do chur chuige ceartais, i bhfianaise nádúr comhchoiteann agus struchtúrach an idirdhealaithe i gcoinne na Romach; á chur i bhfáth gur cheart go ndíreodh an togra tar éis 2020 ón gCoimisiún ar an mbochtaineacht agus frithghiofógachas a chomhrac, feabhas a chur ar dálaí maireachtála agus sláinte agus cur chuige spriocdhírithe agus príomhshrutha a chomhcheangal;

4. á thabhairt dá haire go bhfuil gá le hathrú bunúsach sa chur chuige chun go mbeadh próiseas AE amach anseo maidir le cuimsiú na Romach rathúil agus inchreidte, chun aistriú ó chur chuige atharthaíoch go ceann neamh-atharthaíoch agus beartais maidir le Romaigh á bhforbairt; ag cur béim ar an bhfíoras gur cheart dlús a chur faoi iarrachtaí náisiúnta sna Ballstáit i dtreo chuimsiú na Romach; á chur i bhfáth áfach gur cheart an bhéim a chur ar na Ballstáit sin a bhfuil daonra mór Romach acu, cás ina gcuthraíonn próiseas neamhéifeachtach chuimsiú na Romach dúshláin mhaicreacnamaíocha, ina méadaítear éagothromaíochtaí réigiúnacha agus, dá bhrí sin, a bhfuil ina bhac ar chomhtháthú sóisialta AE; á chur i bhfios go láidir gur cheart tacaíocht AE chuig na tíortha sin a bheith i gcomhréir leis na dúshláin, agus ba cheart níos mó airde a dhíriú ar éifeachtacht na mbeartais agus na mbeart sna tíortha sin, á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart go n-áiritheofar gné sheachtrach freisin maidir le tíortha aontachais, tíortha is iarrthóirí agus tíortha is iarrthóirí ionchasacha mar aon le tíortha comharsanachta, a bhféadfadh an tAontas tacú leo straitéisí cuimsitheacha fadtéarmacha um chuimsiú na Romach a fhorbairt agus tacaíocht airgeadais a thairiscint dóibh i réimsí amhail an oideachas, sláinte, tithíocht agus fostaíocht;

5.  á iarraidh ar an gCoimisiún an nasc idir ionstraimí agus cuspóirí airgeadais agus beartais príomhshrutha AE a bhaineann le forbairt shocheacnamaíoch agus cuimsiú socheacnamaíoch na Romach a leag an Coimisiún amach ina thogra atá ceangailteach ó thaobh dlí de; á iarraidh ar an gCoimisiún cistiú le haghaidh chomhionannas, chuimsiú agus rannpháirtíocht na Romach a shlógadh faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil le haghaidh 2021-2027 agus faoi Phlean Téarnaimh AE; ag áitiú, i ndáil leis sin, i gcás eintitis atá i mbun cleachtais idirdhealaitheacha i gcoinne na Romach, nó a thógann cinntí nó a chuireann bearta chun feidhme chuige sin, nár cheart dóibh a bheith incháilithe do chistiú ó bhuiséad an Aontais; á iarraidh ar an gCoimisiún, ar na Ballstáit agus ar na tíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha na sásraí airgeadais príomhshrutha atá ann cheana a choigeartú agus iad a dhéanamh solúbtha le haghaidh úsáid chumaiscthe i bpobal Romacha trí rochtain ar fhaisnéis, obair for-rochtana, fothú acmhainneachta, seachadadh cúnaimh theicniúil agus ráthaíochtaí a chumasú le linn an phróisis iarratais ar chistiú; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb iad na rialtais áitiúla agus ENRanna go minic is éifeachtaí a chaitheann cistí ar an leibhéal áitiúil, agus dá bhrí sin, á iarraidh ar an gCoimisiún na cistí a leithdháiltear go díreach orthu a mhéadú, agus ionadaithe áitiúla Romacha a thabhairt isteach sa chur chun feidhme; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim, chun tacú le heagraíochtaí sochaí sibhialta Romacha agus eagraíochtaí sochaí sibhialta ar son na Romach, gur cheart ceanglais chómhaoinithe níos solúbtha a thabhairt san áireamh, mar nach bhfuil acmhainní dílse ag go leor ENRanna, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, agus gur bacainn é sin do ENRanna ón bpobal cistiú AE a rochtain; á iarraidh ar an gCoimisiún freagairt éifeachtach a thabhairt ar an mbuairt faoin spás atá ann do shochaí shibhialta neamhspleách i mBallstáit áirithe, ar spás é atá ag laghdú de réir a chéile; á chur in iúl gur cúis bhuartha di go bhféadfadh ciorruithe tarlú mar thoradh ar ráig an choróinvíris maidir le cláir um Chearta agus Luachanna i CAI 2021-2027, a mbeadh tionchar diúltach acu ar eagraíochtaí sochaí sibhialta atá ag obair ar son phobail Romacha agus a dhéanfadh difear dá bhrí sin ar obair for-rochtana i bpobal Romacha; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an riosca sin go héifeachtach; 

6. á iarraidh ar na Ballstáit tacaíocht airgeadais AE a chomhlánú chun staid na Romach a fheabhsú; ag iarraidh ar na Ballstáit a lua cén leibhéal cistiúcháin a bheadh ag teastáil chun na bearta beartaithe le haghaidh chuimsiú na Romach a chur i gcrích agus a lua cén méid airgid a bheadh ar fáil le haghaidh na mbeart sin ó na buiséid náisiúnta agus ó bhuiséad an Aontais;

7. á iarraidh ar na Ballstáit modheolaíochtaí mapála níos fearr a chomhtháthú le haghaidh na bpobal Romach imeallaithe agus chun sásraí cistithe níos láidre a chomhtháthú ina struchtúir forbartha réigiúnacha agus áitiúla lena gceadófar infheistíochtaí níos spriocdhírithe sna pobail Romacha imeallaithe agus pobail Romacha a chur san áireamh ar bhonn níos fearr i gcur chun feidhme cistí chun a áirithiú go dtiocfaidh na cistí a leithdháilfear chomh fada leis na Romaigh agus go gcaithfear go cuí iad agus nach mbainfear mí-úsáid astu;

Bailiú sonraí imdhealaithe

2

8. á thabhairt chun suntais go gcaithfear sonraí stóinsithe arna n-imdhealú de réir inscne agus de réir aoise a bhailiú go córasach chun bonn eolais a chur faoi riachtanais agus anailís chomhthéacs, agus cabhrú le spriocanna agus táscairí tionchair a shocrú chun an toradh is fearr a áirithiú ó thaobh riachtanais a mheaitseáil le pleanáil agus buiséadú, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon; ag leagan béim ar thábhacht modhanna meastóireachta tionchair frithfhíorasacha chun an bhearna idir creataí beartais agus cur chun feidhme ar bráid a laghdú; á mheabhrú gur teorainn chriticiúil d’idirghabhálacha áirithe í an bhearna idir uaillmhian agus acmhainneacht an struchtúir atá i bhfeidhm chun torthaí a bhaint amach, de bharr easpa pleanála sonraí-bhunaithe, buiséadú neamh-leordhóthanach agus teacht chun cinn riachtanais nua gan choinne;

9. á mheabhrú gur chinn CIE in 2016 gur dúshlán suntasach é faireachán agus measúnú a dhéanamh ar dhul chun cinn na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach do na Ballstáit go léir ar tugadh cuairt orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún cuir chuige atá nuálach, atá dírithe ar thionchar agus atá bunaithe ar shonraí a thógáil, ar cuir chuige iad a bheidh le húsáid mar ionchur díreach sa chéad ghlúin eile de chláir;

10.  á iarraidh ar an gCoimisiún comhoibriú leis na Ballstáit ar mhodheolaíocht choiteann chun sonraí comhionannais a bheidh imdhealaithe ó thaobh eitneachta de réir mar a shainmhínítear i dTreoir AE maidir le Comhionannas Ciníocha a bhailiú agus a fhoilsiú a bheidh deonadh, anaithnid agus a áiritheoidh cosaint sonraí pearsanta, sainaitheantas agus comhairliúchán leis na pobail ábhartha, chun sonraí iontaofa, inchomparáide a fháil i gcomhréir leis na creataí dlíthiúla náisiúnta agus le reachtaíocht AE maidir le cosaint sonraí chun tacú le beartais bunaithe ar fhianaise, chun éifeachtacht straitéisí agus bearta a rinneadh a fheabhsú agus chun fadhbanna struchtúracha a aithint;

11. á iarraidh ar na Ballstáit na sonraí go léir atá ar fáil dóibh a úsáid chun tagarmharcanna a bhunú agus chun forbairt cláir beartais a threorú; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil sé ríthábhachtach próifíl níos cruinne den daonra Romach agus a riachtanais a fhorbairt, lena n-áirítear sna tíortha is iarrthóirí; á chur i bhfios go láidir go mbeadh treoirlínte ó Ghníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha lárnach chuige sin;

Rannpháirtíocht chothrom na Romach i bpróisis chinnteoireacha, Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú

12. ag iarraidh ar an gCoimisiún sásra cuimsitheach a bhunú chun rannpháirtíocht chothrom eagraíochtaí sochaí sibhialta Romacha, eagraíochtaí sochaí sibhialta a oibríonn ar son na Romach, saineolaithe Romacha agus daoine den phobal Romach ó gach leibhéal, agus aistriú á dhéanamh ó chur chuige atharthaíoch go ceann neamh-atharthaíoch, lena n-áirítear na daoine sin atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil agus réigiúnach, a áirithiú, agus aird á tabhairt ar ghné na hinscne sa díospóireacht beartais agus i gcinnteoireacht; á iarraidh ar na Ballstáit oideachas agus líon na vótálaithe i measc na Romach a chur chun cinn;

13.  á iarraidh ar an gCoimisiún Tascfhórsa Romach ar leibhéal AE a fhorbairt chun cuimsiú na Romach i réimsí beartais éagsúla a éascú agus Romaigh a chumhachtú trí thacú le fothú acmhainneachta na ngníomhaithe go léir a bhfuil baint acu le bainistiú agus cur chun feidhme na mbeartas Romach náisiúnta agus de chuid an Aontais, i mbealach suntasach, díniteach, neamhchlaonta, cuimsitheach agus trédhearcach; á iarraidh ar na Ballstáit déanamh amhlaidh nuair a cruthaíonn siad a Straitéisí Náisiúnta tar éis 2020 féin maidir le Cuimsiú na Romach; á chur i bhfáth nach mór do gheallsealbhóirí áitiúla agus réigiúnacha, lena n-áirítear ENRanna, gníomhaithe, saineolaithe áitiúla agus réigiúnacha, daoine den phobal, daoine atá thíos le frithghiofógachas rannpháirt shuntasach a bheith acu i bhforbairt, cur chun feidhme agus faireachán na Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú agus na mbeartas poiblí eile i leith na Romach, agus comhchaighdeán cáilíochta ceangailteach á dhéanamh de rannpháirtíocht na Romach sa chreat agus i Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú amach anseo;

14. ag iarraidh ar na Ballstáit forbairt a dhéanamh ar Straitéisí Náisiúnta tar éis 2020 maidir le Cuimsiú na Romach, lena ngabhfaidh creat cuimsitheach do mheasúnú comhpháirteach agus buiséad réamhshainithe leormhaith, a chuirfear ar áireamh sna buiséid náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla faoi réir athbhreithniú agus meastóireacht thréimhsiúil agus a bheidh ag teacht le scála na riachtanas cuimsithe shóisialta atá ag na Romaigh; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór go mbeadh cuimsiú na Romach i measc na dtosaíochtaí nuair a bheidh buiséid áitiúla, réigiúnacha agus náisiúnta á bhforbairt; á iarraidh ar na Ballstáit an comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais a chur san áireamh i gcur chuige cothrománach ina gcuid Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú, i ngach réimse den saol poiblí; á iarraidh ar an gCoimisiún measúnú ar an dul chun cinn atá déanta chun na cuspóirí ó na Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú a bhaint amach a chur san áireamh sna moltaí tírshonracha;

Frithghiofógachas agus idirdhealú trasnach

15. á athdhearbhú a seasaimh agus na moltaí a chuir sí ar aghaidh ina rún an 25 Deireadh Fómhair 2017 maidir leis na gnéithe de chearta bunúsacha a bhaineann le lánpháirtiú na Romach in AE: an frithghiofógachas a chomhrac; Ós rud é go ndearnadh gníomhaíocht teoranta go dtí seo, á iarraidh ar an gCoimisiún na moltaí sin a chomhtháthú i dtogra AE tar éis 2020 maidir le Comhionannas, Cuimsiú, Rannpháirtíocht na Romach agus le Dul i nGleic le Frithghiofógachas uaidh, go háirithe na moltaí a bhaineann le frithghiofógachas agus fírinne agus athmhuintearais mar gurb iad sin an bhunchloch chun sochaí láidir agus chuimsitheach a thógáil; ag diúltú go láidir don insint pholaitiúil agus don phobalachas chun beartas rialtais a fhorbairt maidir le frithghiofógachas a ghríosadh, ceap milleáin a dhéanamh de na Romaigh agus idirdhealú nó deighilt a chur chun cinn go díreach nó go hindíreach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil gníomhaíochtaí polaitiúla den sórt sin i gcoinne, ní hamháin na bunreachtanna náisiúnta, ach i gcoinne na gceart bunúsach agus na luachanna bunúsacha freisin mar a chumhdaítear i gConarthaí an Aontais Eorpaigh; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, gníomhaíocht láithreach a dhéanamh trí nósanna imeachta um shárú a oscailt nuair atá riosca de shárú ar dhlíthe an Aontais;

16. á iarraidh ar na Ballstáit an frithghiofógachas a aithint go hoifigiúil mar chineál sonrach ciníochais in aghaidh na Romach;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic le frithghiofógachas i leith na Romach ar fud phríomhréimsí an togra tar éis 2020 agus á éileamh bearta éifeachta reachtacha agus beartais ar leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal Eorpach chun dul i ngleic leis an bhfeiniméan sin sna Ballstáit agus i dtíortha is iarrthóirí nó is iarrthóirí ionchasacha araon; á mheas gur saincheist chothrománach é an comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais agus gur cheart é a chur san áireamh i ngach réimse de bheartas an Aontais, lena n-áirítear teicneolaíocht nua; á iarraidh ar na Ballstáit á áirithiú nach gcruthóidh na teicneolaíocht nua a bheidh deartha agus in úsáid ag údaráis forfheidhmithe dlí riosca idirdhealaithe do mhionlaigh chiníocha agus eitneacha; á iarraidh ar an gCoimisiún obair na gComhlachtaí Comhionannais Náisiúnta a chomhtháthú tuilleadh i bhforbairt agus cur chun feidhme an chreata beartais amach anseo; á iarraidh ar an gCoimisiún thairis sin, sineirgí níos láidre a fhorbairt idir na Comhlachtaí Comhionannais Náisiúnta agus na Pointí Teagmhála Náisiúnta Romacha chun comhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais; á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas éifeachtach, sainordú agus acmhainní riachtanacha na gcomhlachtaí comhionannais a ráthú chun iad a chumasú a gcuid tascanna a dhéanamh maidir le cur chun cinn agus cosaint na gceart bunúsach de chuid na Romach; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gurb iad comhlachtaí comhionannais na hinstitiúidí cearta chun sonraí a bhailiú agus treochtaí i leith an fhrithghiofógachais a tharraingt agus iad a dhíriú ar an leibhéal Eorpach;

18. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain chothrom ar cheartas agus comhionannas faoin dlí a dhaingniú do na Romaigh; á iarraidh ar na Ballstát na Romaigh a chosaint ar bagairtí ó ghrúpaí atá i bhfad amach ar an eite dheis, teagmhais mhí-úsáide ó phóilíní a imscrúdú agus rannpháirtíocht na Romach i bhforfheidhmiú an dlí agus i bhfórsaí slándála a áirithiú;

19. á mholadh do na Ballstáit treoirlínte a ghlacadh agus cúrsaí oiliúna a fhorbairt i measc fórsaí póilíneachta i gcoinne choiriúlú díréireach na Romach, i gcoinne próifíliú eitneachta, nósanna imeachta stad agus cuardaigh iomarcacha, ruathair gan cúis maidir le lonnaíochtaí Romacha, gabháil threallach agus scriosadh maoine, úsáid iomarcach an fhornirt le linn gabhálacha, ionsaithe, bagairtí, cóir náireach, mí-úsáid fhisiciúil, agus diúltú do chearta le linn ceistiú agus coimeád ag póilíní agus maidir le tearc-phóilíneacht i ndáil le coireanna a dhéantar i gcoinne na Romach, nach gcuirtear cúnamh nó cosaint ar fáil (amhail i gcásanna gáinneála agus d’íospartaigh foréigin teaghlaigh) nó nach ndéantar imscrúdú i gcásanna coireanna a thuairiscíonn Romaigh (coireanna fuath go háirithe), nó gur beag cúnaimh agus cosanta a thugtar nó an t-imscrúdú a dhéantarsna cásanna sin; á iarraidh ar na Ballstát a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla lán-imscrúdú ar chásanna den sórt sin; á iarraidh ar na Ballstáit leigheasanna iomchuí a chur ar fáil;

20. á chur in iúl gur geal léi na ráitis ó Chomhairle na hEorpa go bhfuil gá tuilleadh anailís agus gníomhaíocht a dhéanamh maidir le feiniméan na fuathchainte ar líne d’fhonn bealaí nua a aimsiú agus a rialú chun reitric den chineál sin a chomhrac amhail insint mhalartach agus teicneolaíochtaí seiceála fíricí;

21. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha chun feidhme agus go bhforfheidhmeofar go héifeachtach í, agus go n-áiritheofar forfheidhmiú éifeachtach an Chinnidh Réime maidir le Ciníochas agus Seineafóibe chun an frithghiofógachas leanúnach a chomhrac; á athdhearbhú a hiarraidh ar an gComhairle, an chaibidlíocht ar an treoir chothrománach maidir leis an bhfrith-idirdhealú a scaoileadh, ós rud é gur réamhriachtanas í chun comhionannas a bhaint amach san Aontas;

22. á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, a n-iarrachtaí a neartú chun an t-idirdhealú, an fhuathchaint agus coireanna fuath a chomhrac laistigh de reachtaíocht frith-idirdhealaithe náisiúnta agus de chuid an Aontais, go háirithe sa mhéid a bhaineann le faireachán a dhéanamh ar staid na n-íospartach Romach atá thíos leis agus cúnamh breithiúnach a sholáthar;

23. á mheabhrú oibleagáid na mBallstát faoin Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha chun comhlacht speisialaithe a ainmniú le haghaidh chur chun cinn an uile dhuine gan idirdhealú ar fhoras cine ná bunadh eitneach;

24. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim gur cheart don Aontas agus do na Ballstáit gníomhaíocht a dhéanamh maidir le staid agus cearta na ndaoine aonair san Aontas a bhfuil idirdhealú trasnach ag bagairt orthu, go háirithe mná, daoine LADTI agus daoine atá faoi mhíchumas;

25. á mheabhrú ról ríthábhachtach na meán maidir le dearcthaí frithghiofógacha a laghdú trí mhionlaigh a thuairisciú ar bhonn neamh-idirdhealaitheach;

Sláinte

26. á iarraidh ar na Ballstáit bearta a fhorbairt chun rochtain ar chúram sláinte inacmhainne, coisctheach agus íceach de dhea-cháilíocht a fheabhsú do Romaigh, lena n-áirítear cúram sláinte gnéis agus atáirgthe, agus go háirithe do mhná, leanaí, daoine scothaosta agus daoine faoi mhíchumas; á athdhearbhú gur gné lárnach chuige sin rochtain ar sheirbhísí sláinte a fheabhsú, is é sin, an rochtain fhisiciúil agus bacainní doláimhsithe na claontachta agus an chiníochais a bhaint;

27. á iarraidh ar na Ballstáit maoiniú leordhóthanach a leithdháileadh chun feabhas a chur ar riocht sláinte ginearálta na bpobal Romacha trí shláinte agus oideachas gnéis, trí ghníomhaíochtaí scagtha sláinte soghluaiste i réimsí deighilte, trí fheachtais oideachais sláinte maidir le cosc, agus trí oiliúint a chur ar oibrithe sláinte agus sóisialta maidir leis an éagsúlacht, rud a rannchuidíonn le córais sláinte AE a chur in oiriúint don éagsúlacht;

28. ag cáineadh go láidir deighilt eitneach na mban Romach i saoráidí cúraim sláinte mháthartha; á iarraidh ar na Ballstáit cineálacha uile deighilte eitní i saoráidí sláinte a thoirmeasc láithreach bonn, lena n-áirítear suíomhanna cúraim sláinte mháthartha;

29. á iarraidh ar an Ballstáit leigheasanna éifeachtacha agus tráthúla a áirithiú don uile dhuine a tháinig slán as aimridiú éigeantach agus comhéigneach, lena n-áirítear trí scéimeanna cúitimh éifeachtacha a bhunú;

Rochtain chomhionann agus chothrom ar oideachas, ar ealaíona na Romach, ar theanga na Romach agus ar chultúr na Romach

30. á iarraidh ar an gCoimisiún uirlisí nó fochláir cistiúcháin nua a dhearadh ar cheart a bheith comhlántach le bearta na mBallstát do thacaíocht spriocdhírithe agus shaincheaptha in oideachas ardcháilíochta a thabhairt do dhaltaí Romacha ó 3 bliana d’aois ar aghaidh, ar daltaí iad atá ag déileáil le fíorbhochtaineacht agus nach bhfuil aon rochtain acu ar thionscnaimh cistiúcháin oideachais agus cuimsithe shóisialta atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo ón Aontas, amhail Erasmus Plus, an Rathaíocht i dtaobh Leanaí nó Ciste Sóisialta na hEorpa Plus;

31. ag tabhairt dá haire, le blianta beaga anuas, nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta bainte amach i roinnt Ballstát maidir le hoideachas a chur ar leanaí Romacha atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, go háirithe mar gheall ar an easpa toil pholaitiúil agus ar an bhfrithghiofógachas atá ann, rud is cúis le bearna mhór a bheith ann fós idir daltaí agus mic léinn ar Romaigh iad agus nach Romaigh iad ó thaobh an leibhéil oideachais de; á mheabhrú go bhfuil sé bunriachtanach tús comhionann saoil a thabhairt do leanaí Romacha chun deireadh a chur le seachadadh na bochtaineachta ó ghlúin go glúin; ag tathant ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh ar fud na réimsí beartais uile, agus áit tosaíochta ar chláir oibre na rialtas a thabhairt d’oideachas a chur ar leanaí Romacha;

32. á mholadh gur cheart tús a chur le hoideachas a chur ar dhaltaí Romacha a luaithe is féidir, agus aird á tabhairt ar na dálaí sonracha i ngach Ballstát, trína gcur san áireamh i seirbhísí luath-óige agus cúraim leanaí atá comhionann, inacmhainne, inrochtana agus cuimsitheach; ag tathant ar na Ballstáit straitéisí agus cláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme atá dírithe ar rochtain na Romach ar shaoráidí cúraim leanaí, ar scoileanna agus ar ollscoileanna a éascú, ar réamhriachtanas í don fhorbairt phearsanta agus gairme, agus á mheabhrú gur bealach cuimsithe den scoth iad gníomhaíochtaí seach-churaclaim, amhail gníomhaíochtaí spóirt nó ealaíne;

33. á iarraidh ar an gCoimisiún agus na Ballstáit cistiú leordhóthanach a áirithiú do ENRanna a sholáthraíonn gníomhaíochtaí den sórt sin, toisc gur ríthábhachtach iad na gníomhaíochtaí sin chun timpeallacht agus dálaí a chruthú ina bhfuil comhionannas deiseanna ag leanaí as gach cineál cúlra; á mheas gur ríthábhachtach é freisin an malartú dea-chleachtas idir Ballstáit sa réimse sin;

34. á chur in iúl gur chúis bhuartha ar leith di ardleibhéal deighilte na leanaí Romacha i scoileanna agus an cleachtas idirdhealaitheach leanaí Romacha a chur i scoileanna do leanaí faoi mhíchumas fhoghlama, ar nithe iad atá ag leanúint ar aghaidh i roinnt Ballstát; ag tathant ar na Ballstáit lena mbaineann deireadh a chur le cleachtais den sórt sin i gcomhréir le reachtaíocht frith-idirdhealaithe infheidhme; á iarraidh ar na Ballstáit tosaíocht a thabhairt do bhearta chun deireadh a chur le haon chineál deighilte daltaí Romacha ar scoil nó i rang i gcomhréir le Moladh ón gComhairle in 2013, trí raon leathan bearta lena dtugtar rannpháirt do gheallsealbhóirí áitiúla, go háirithe tuismitheoirí agus leanaí Romacha, mar aon le heagraíochtaí pobail a chur chun feidhme agus trí ghníomhaíochtaí múscailte feasachta a fhorbairt;

35. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcomhlíonfaidh na scoileanna agus cigireachtaí uile a n-oibleagáid dhlíthiúil chun scoileanna a dhídheighilt agus freisin go dtabharfaidh siad gealltanas sonraí a bhailiú agus a fhoilsiú go bliantúil maidir leis an staid deighilte scoile ar gach leibhéal, lena n-áirítear trí smachtbhanna a chur orthu siúd i gcás neamhchomhlíonta; á iarraidh ar na Ballstáit go ndéanfaí dea-chleachtais a mhalartú amhail coimisiún aireachta maidir le dídheighilt a bhunú, a chur ar a chumas agus acmhainní a chur ar fáil dó chun tacaíocht a thabhairt do scoileanna ar mian leo dídheighilt a dhéanamh agus smachtbhanna a chur orthu siúd i gcás neamhchomhlíonta (AM 251); á mheabhrú gur oscail an Coimisiún 3 nós imeachta um shárú maidir le deighilt leanaí Romacha; den tuairim nach ndearnadh feabhas ar bith le blianta beaga anuas in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin; á iarraidh, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún tuilleadh beart a dhéanamh agus, más gá, na cásanna sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

36.  á mheabhrú gur géarghá go mbeadh tuismitheoirí Romacha rannpháirteach i ngach céim de scolaíocht a leanaí; ag tathant ar na Ballstáit cláir a fhorbairt atá dírithe ar thuismitheoirí Romacha a chuimsiú i bpróiséas scolaíochta agus forbartha oideachais agus pearsanta a leanaí; á chur i bhfáth go bhfuil cumas na mBallstát rannpháirtíocht na dtuismitheoirí Romacha a áirithiú ag brath go mór ar an iliomad tosca, idir thosca sochaíocha agus thosca eacnamaíocha, agus ag éileamh tacaíocht speisialta – i dtaca le sláine sláinte, bia scoile agus éadaí scoile – do theaghlaigh Romacha atá ag tabhairt aghaidh ar dheacrachtaí eacnamaíocha, sóisialta, leighis nó tithíochta; á chreidiúint gur cheart deiseanna nua do leanaí a d’éirigh as an scoil agus/nó nach bhfuil léamh ná scileanna bunúsacha acu a dhearadh chun go leanfaidh siad ar aghaidh lena n-oideachas. á iarraidh ar Bhallstáit lánúsáid a bhaint as an gCiste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí ina leith sin;

37. á iarraidh ar Bhallstáit AE rochtain chomhionann a áirithiú do leanaí Romacha ar oideachas ardcháilíochta lena n-áirítear trí dheiseanna foghlama seirbhíse pobail agus deiseanna foghlama ar feadh an tsaoil; á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt, ó thaobh struchtúir de, ar urraim d’éagsúlacht, do thuiscint idirchultúrtha agus do chearta an duine i gcuraclaim gnáthscoile agus sna meáin; agus á iarraidh go gcuirfí cearta an duine, oiliúint ar cheannaireacht agus ar shaoránacht dhaonlathach mar aon le stair na Romach san áireamh ina gcuid gcuraclam scoile agus cláir ollscoile Romacha a leathnú ar an leibhéal Eorpach;

38. á iarraidh ar na Ballstáit dlíthe agus bearta beartais a dhearadh lena ndírítear ar réitigh a áirithiú do leanaí Romacha uile a ndearnadh diagnóisiú mícheart orthu agus ar cuireadh i scoileanna speisialta nó i ranganna agus scoileanna iad do leanaí Romacha amháin bunaithe ar thionscnaimh eitneacha agus, dá bharr sin, rinneadh a gcearta bunúsacha agus deiseanna d’oideachas ardcháilíochta agus do phoist mhaithe a dhiúltú dóibh;

39. den tuairim, le COVID-19, go raibh gá le modhanna agus teicneolaíocht faisnéise agus cumarsáide (TFC) a úsáid go gníomhach; á chur i bhfáth áfach gur léiríodh leis an bpaindéim easpa ullmhachta neamhleor i gclaochlú digiteach toisc nach bhfuil mórán teaghlach de chúlra Romach ná a scoileanna feistithe le huirlisí agus scileanna TCF leordhóthanacha, agus gur minic nach bhfuil acmhainn acu do leictreachas ná do nascacht dhigiteach, á mheas gur túsphointe an oideachais dhigitigh é seilbh a bheith ar ghaireas TCF, ag tathant, dá bhrí sin, ar an gCoimisiún uirlisí TCF a bhailiú agus iad a dháileadh i measc na dteaghlach agus na leanaí is leochailí chun uirlisí bunúsacha le haghaidh cianfhoghlama a sholáthar dóibh agus iad a ullmhú le haghaidh na haoise digití; á mheas gur bunchlocha iad rochtain ar an idirlíon agus scileanna TCF den aois dhigiteach atá le teacht gan mhoill do gach saoránach agus, dá réir sin, tá siad ríthábhachtach do chumhachtú na Romach chomh maith; á iarraidh ar an gCoimisiún, dá bharr sin, forálacha a bhaineann le rochtain idirlín a thabhairt isteach sa togra tar éis na bliana 2020; á iarraidh ar na Ballstáit scileanna TCF a chur lena gcuraclam ó aois óg agus infheistiú i gcláir litearthachta digití ar féidir leo tacú le leanaí Romacha;

40.  á iarraidh ar na Ballstáit teanga, cultúr agus stair na Romach a chur chun cinn i gcuraclaim scoile, i músaeim agus i gcineálacha eile de léiriú cultúrtha agus stairiúil, agus aitheantas a thabhairt do rannchuidiú chultúr na Romach mar chuid den Oidhreacht Eorpach; á iarraidh ar na Ballstáit bearta comhleanúnacha agus comhsheasmhacha a fhorbairt, le buiséid iomchuí chun ealaíona agus cultúr na Romach a spreagadh, a thacú agus a chur chun cinn, chun taighde a dhéanamh ar ábhar agus ar oidhreacht dhobhraite chultúr traidisiúnta na Romach, agus iad a chaomhnú, agus ceardaíocht thraidisiúnta na Romach a chur chun cinn;

Tithíocht ardcháilíochta agus inacmhainne, ceartas comhshaoil

41. á chur i bhfios go láidir nach ionann tithíocht agus tráchtearra, gur riachtanas é, agus nach féidir le daoine a bheith rannpháirteach go hiomlán sa tsochaí agus rochtain a fháil ar chearta bunúsacha dá huireasa; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit moltaí de Thuarascáil an Choimisinéara um Chearta an Duine de Chomhairle na hEorpa “Coiste Eorpach ar Chearta Sóisialta (ECSR) An ceart chun tithíochta inacmhainne: Dualgas faillithe na hEorpa ” a chomhtháthú ina mbeartais, le tagairt áirithe a áirithiú go nglacfaidh na Ballstáit uile go pras le bheith faoi cheangal ag Airteagal 31 don leagan athbhreithnithe de Chairt Shóisialta na hEorpa lena bpléitear leis an gceart chun tithíochta, agus go gcuirfear dlús le hinfheistiú i dtithíocht shóisialta agus inacmhainne chun deireadh a chur le ró-ualach na gcostas tithíochta, go háirithe i measc grúpaí imeallaithe;

42. ag spreagadh go láidir do na Ballstáit a áirithiú go bhfuil na Romaigh cláraithe go cuí le cáipéisí aitheantais agus le teastais bhreithe, agus go bhfuil a réadmhaoin (talamh agus teach) cláraithe chomh maith céanna agus chun nósanna imeachta dlíthiúla agus riaracháin níos solúbtha a áirithiú don todhchaí;

43. á iarraidh ar na Ballstáit éifeachtaí phaindéim COVID-19 i ndálaí tithíochta plódaithe agus mídhaonna ina bhfuil cónaí ar Romaigh a íoslaghdú, lena ndéantar a lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla a dlisteanú, trí infheistíocht a dhéanamh i bhfeabhsú bonneagair agus tithíochta le haghaidh lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla a dlisteanaíodh le déanaí; 

44. á iarraidh ar na Ballstáit sásra cuimsitheach a ghlacadh chun a áirithiú go cuirfear cosc ar idirdhealú agus ar dhrochíde i gcoinne na Romach i réimse na tithíochta, agus go gcuirfear smachtbhanna ina leith, chun dul i ngleic le saincheist na heaspa dídine agus chun láithreáin stad leordhóthanacha agus iomchuí a sholáthar do Romaigh aistreacha; á iarraidh ar na Ballstáit cosc a chur ar dhíshealbhú éigeantach ar Romaigh trína áirithiú go ndéantar cleachtais den sórt sin i gcomhréir go hiomlán leis an dlí idirnáisiúnta, an dlí Eorpach agus an dlí náisiúnta; á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar fógra réasúnta agus faisnéis leormhaith a sholáthar do na daoine lena mbaineann, agus á chur i bhfios nár cheart aon díshealbhú a dhéanamh gan tithíocht ionadach, chaighdeánach, inacmhainne agus ardcháilíochta i suíomh dídheighilte, ina bhfuil rochtain ar sheirbhísí poiblí, a sholáthar; ag leagan béim ar an ngá práinneach atá le hinfheistíochtaí poiblí chun an ceann is fearr a fháil ar dheighilt; á iarraidh ar na Ballstáit dídheighilt spásúil a chur chun cinn; á chur i bhfios go bhfágann leithlisiú geografach agus deighilt tithíochta nach féidir le daoine ar de mhionlaigh eitneacha iad poist chuibhiúla a bheith acu, gan beann ar a leibhéal cáilíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach teacht ar réitigh ar díshealbhuithe trí oibriú i gcomhar le hinstitiúidí éagsúla, agus gur cheart gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar thithíocht na Romach a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí náisiúnta níos leithne agus i dtionscnaimh reachtacha lena ndírítear ar thithíocht shóisialta nó ar chláir chúnaimh shóisialta;

45.  á mheabhrú gurb iad na daoine is díorthaí is mó atá thíos leis mar gheall ar éifeachtaí ráig COVID-19, lena n-áirítear pobail Romacha ar fud AE agus á chur in iúl gur saoth léi go bhfuil tuilleadh idirdhealaithe agus imeallaithe á dhéanamh ar phobail Romacha de bharr phaindéim an choróinvíris; á iarraidh ar na Ballstáit bearta práinneacha a ghlacadh faoi ghéarchéim COVID-19 chun aghaidh a thabhairt ar an easpa uisce, ar an easpa sláintíochta leormhaithe, ar an easpa leictreachais agus ar easpa an bhonneagair is gá i bpobail Romacha bhochta; á iarraidh ar na Ballstáit lonnaíochtaí Romacha a áireamh go hiomlán i mbearta dífhabhtaithe, toirmeasc a chur ar chealú seirbhísí fóntais bunúsacha le linn na paindéime, breithniú a dhéanamh i dtaobh costais tomhaltais a fhóirdheonú do na daoine is leochailí agus dóibh siúd a bhfuil ioncam caillte acu, nó íocaíochtaí a chalcadh go dtí deireadh thréimhse an phlean téarnaimh, tacaíocht airgeadais do thuismitheoirí aonair/do mháithreacha aonair le haghaidh cúram leanaí, íocaíochtaí cíosa agus costais tí eile a sholáthar chun an cruatan airgeadais a mhaolú, go háirithe i bhfianaise na gcaillteanas post;

46. á iarraidh go ndéanfaí Conradh Aarhus, lena nasctar cearta comhshaoil agus cearta an duine, a chur chun feidhme ar fud an Aontais; ag moladh go ndéanfaí éagóracha comhshaoil a chomhtháthú sa togra tar éis na bliana 2020 agus á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na cineálacha éagsúla d’idirdhealú comhshaoil;

Mná agus cailíní Romacha

47. á chur i bhfáth gur gá tosaíocht a thabhairt do ghné na hinscne agus do bheartais atá íogair ó thaobh inscne de agus d’fhoréigean a chomhrac (lena n-áirítear gáinneáil ar dhaoine); ag tathant ar na Ballstáit go léir nár dhaingnigh Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill é sin a dhéanamh go práinneach; ag tabhairt dá haire go dtabharfaidh beartais amach anseo aitheantas do na héagsúlachtaí sin agus aghaidh a thabhairt orthu trí idirghabhálacha sonracha agus cineálacha tacaíochta ar leith a sholáthar do mhná Romacha; á chur i bhfáth gur cheart bearta sonracha chun cumhacht a thabhairt do mhná Romacha agus do chailíní Romacha a bheartú, mar gheall go ndéantar il-idirdhealú orthu go minic; 

48. á iarraidh ar rialtais na mBallstát, ar údaráis áitiúla agus, i gcás inarb ábhartha, ar institiúidí AE mná Romacha a rannpháirtiú, trí eagraíochtaí ban, agus geallsealbhóirí ábhartha, in ullmhú, cur chun feidhme, meastóireacht agus faireachán NRIS agus naisc a chruthú idir comhlachtaí comhionannais inscne, eagraíochtaí um chearta na mban agus straitéisí um chuimsiú sóisialta chun muinín a chothú le pobail agus íogaireacht i leith comhthéacsanna áitiúla a áirithiú;

49. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go gcuirfear caibidil shonrach maidir le cearta na mban agus comhionannas inscne san áireamh ina Straitéisí Náisiúnta um Chuimsiú, agus go gcuirfear i bhfeidhm i ngach roinn de, bearta príomhshruthaithe inscne atá dírithe ar chearta na mban agus ar an ngné comhionannais inscne a chur chun cinn, go háirithe maidir le leithdháileadh cistí, i gcomhréir le conclúidí ón gComhairle i leith Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, lena gcuirtear béim ar an ngá atá le gné na hinscne a chur i bhfeidhm i mbeartais agus i ngníomhaíochtaí uile chun dul chun cinn a dhéanamh maidir le cuimsiú na Romach; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a mheas an bhfuil na beartais ag baint amach na feabhsuithe inmhianaithe do mhná Romacha agus do chailíní Romacha, agus beart a dhéanamh má tá easpa dul chun cinn;

50. á iarraidh ar na Ballstáit bearta a dhearadh chun tacú le mná Romacha chun a n-acmhainneacht agus a bhféidearthachtaí gníomhú mar shaoránaigh ghníomhacha, neamhspleácha, fhéinmhuiníneacha agus fuascailte a chomhlíonadh; á iarraidh ar na Ballstáit na córais sláinte agus idirghabhála scoile, atá éigeantach, a leathnú chuig pobail Romacha uile, chun idirghabhálaí do gach 500 duine a áirithiú agus maoiniú ceart agus tacaíocht cheart a thabhairt do na córais, agus ról níos ríthábhachtaí a thabhairt do na hidirghabhálaithe sa phróiseas um chuimsiú;

51. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cailíní agus mná Romacha a áireamh ar bhealach níos sainráite i mbeartais mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear an Ráthaíocht don Aos Óg;

52. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar cearta bunúsacha na mban Romach agus leanaí Romacha, agus – freisin trí fheachtais ardaithe feasachta – go mbeidh mná agus cailíní Romacha ar an eolas faoi na cearta atá acu faoi reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana maidir le comhionannas inscne agus idirdhealú, agus chun traidisiúin phatrarcacha agus ghnéasaíocha a chomhrac tuilleadh;

Seirbhísí fostaíochta ar ardcháilíocht

53. á iarraidh ar na Ballstáit seirbhísí fostaíochta ar ardcháilíocht do Romaigh óga a áirithiú, lena n-áirítear iad siúd nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna agus atá ag dul i ngleic le fíorbhochtaineacht;

54. á iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht maidir le treoirlínte agus caighdeáin i gcomhair beartais earcaíochta atá saor ó idirdhealú le haghaidh na mBallstát agus le haghaidh fostóirí a thíolacadh, lena n-áirítear moltaí maidir le pleananna comhionannais a ghlacadh ar leibhéal na gcuideachtaí agus i gcomhaontuithe comhchoiteanna earnálacha agus maidir le cur chun feidhme tascfhórsaí éagsúlachta san ionad oibre, lena n-áirítear dul i ngleic le steiréitíopaí, le réamhchlaonadh agus le dearcthaí diúltacha, cosc a chur le hidirdhealú san earcaíocht, san ardú céime, sa phá agus sa rochtain ar oiliúint; á thabhairt chun suntais gur cheart na pleananna gníomhaíochta comhionannais sin a úsáid freisin chun éagsúlacht eitneach agus chultúrtha san ionad oibre a chur chun cinn, chun rialacháin inmheánacha i gcoinne an chiníochais agus an idirdhealaithe agus an chiaptha a bhaineann leis an gciníochas san ionad oibre a fhorbairt, chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar earcaíocht, dul chun cinn agus coinneáil lucht saothair de réir snáithe comhionannais chun cleachtais idirdhealaitheacha dhíreacha nó indíreacha a shainaithint agus chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh chun neamhionannas i ngach ceann de na réimsí sin a laghdú agus, chuige sin, sonraí comhionannais a bhailiú i ndáil le caighdeáin maidir le príobháideachas agus le cearta bunúsacha;

55. á thabhairt chun suntais gurb iad na pointí is bunúsaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu i réimse fhostaíocht na Romach ná an t-aistriú éifeachtach ón oideachas go dtí an margadh saothair oscailte, ag leagan béim ar a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le cineálacha éagsula fostaíochta neamhdhearbhaithe, le hidirdhealú ag fostóirí agus an t-éileamh ar shaothar a mheaitseáil leis an soláthar saothair;

56. á iarraidh ar an gCoimisiún a ghealltanas a chomhall i leith plean gníomhaíochta a ghlacadh chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus chun cuimsiú na Romach a ionchorprú mar tháscaire sa scórchlár sóisialta; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit rochtain ar phoist chuibhiúla, pá cothrom agus dálaí oibre cothroma a áirithiú do na Romaigh agus chun a ráthú go mbeidh córais cosanta sóisialta agus seirbhísí sóisialta leormhaith, inrochtana agus á n-úsáid ag na tairbhithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann, agus go n-áireofar leo cumhdach sláinte uilíoch gan idirdhealú, chomh maith le scéimeanna ioncaim íosta agus cearta pinsin;

°

° °

57. ag treorú dá hUachtarán an rún seo a chur ar aghaidh chuig an gComhairle agus chuig an gCoimisiún, chuig rialtais agus parlaimintí na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí, chuig parlaimintí agus comhairlí fonáisiúnta na mBallstát agus na dtíortha is iarrthóirí, chuig Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh um Chearta Bunúsacha, chuig an Eagraíocht um Shlándáil agus Comhar san Eoraip, chuig Coiste Eorpach na Réigiún, chuig Comhairle na hEorpa agus chuig na Náisiúin Aontaithe.


 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM FHOSTAÍOCHT AGUS UM GHNÓTHAÍ SÓISIALTA (29.6.2020)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

ar chur chun feidhme Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romach san Eoraip a chomhrac

(2020/2011(INI))

Rapóirtéir don tuairim (*): Tomáš Zdechovský

(*) Coiste comhlachaithe – Riail 57 de na Rialacha Nós Imeachta

 

 

 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Fhostaíocht agus um Ghnóthaí Sóisialta ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A. de bhrí, de bhun Airteagal 9 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, go ndéanfaidh an tAontas, agus a bheartais agus a ghníomhaíochtaí á sainiú agus á gcur chun feidhme aige, ceanglais atá nasctha le hardleibhéal fostaíochta a chur chun cinn, le cosaint shóisialta leormhaith a ráthú, leis an eisiamh sóisialta a chomhrac agus le hardleibhéal oideachais, oiliúna agus cosanta do shláinte an duine, a chur san áireamh;

B. de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a ghlacadh chun cearta sóisialta daoine ar de ghrúpaí imeallaithe iad, amhail daoine de chúlra Romach, a atreisiú;

C. de bhrí gur geal linn go mór gealltanas an Choimisiúin Creat Straitéiseach Eorpach athneartaithe iar 2020 do chomhionannas na Romach, don cheartas sóisialta agus eacnamaíoch agus don chomhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais a fhorbairt;

D. de bhrí gurb iad na Romaigh an mionlach eitneach is mó san Eoraip a bhfuil tuairim is 6 milliún díobh ina gcónaí in AE, ní hamháin in éagsúlacht eitneach ach freisin in éagsúlacht shocheacnamaíoch mhór agus a bhfuil orthu dul i ngleic le hil-idirdhealú; de bhrí go bhfuil tuairim is 80 % de na Romaigh ina gcónaí faoi bhun thairseach baoil bochtaineachta a dtíre; de bhrí go bhfuil 43 % de na Romaigh (ar fir 56 % díobh agus ar mná 29 % díobh) i gcineál éigin d’fhostaíocht íoctha i gcomparáid le meán AE de 70 % in 2015[35]; de bhrí nach bhfreastalaíonn 50 % de na Romaigh atá idir 6 agus 24 bliana d’aois ar scoil agus nach bhfuil 63 % de na Romaigh óga (atá idir 16 agus 24 bliana d’aois) i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna (NEET) i gcomparáid le meán AE de 12 %[36]; de bhrí gur mheasa in 2016 ná in 2011 an sciar méadaitheach de na Romaigh nach raibh i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna[37];

E. de bhrí go bhfuil an comhionannas inscne agus staid na leanaí Romacha agus na Romach óg ina ndá phríomhréimse maidir leis na Romaigh a lánpháirtiú agus a áireamh nach dtugtar aghaidh orthu go leordhóthanach ar leibhéal AE ná ar leibhéal na mBallstát[38]; de bhrí go bhfuil saol guagach ag sciar suntasach de mhná Romacha agus go bhfuil siad leochaileach go sonrach de bharr leithcheal trasnach; de bhrí nach mór an comhionannas idir mná agus fir a áirithiú agus a chothú i ngach réimse, lena n-áirítear sa rannpháirtíocht i margadh an tsaothair, i téarmaí agus coinníollacha fostaíochta, i bpá, i gcáilíocht, in oiliúint, in athrú gairme, in ionchais agus i ndul chun cinn;

F. de bhrí go gcinneann dálaí maireachtála na Romach, a leibhéal scolaíochta agus a stádas sláinte an stádas socheacnamaíoch agus an stádas atá acu i margadh an tsaothair; de bhrí gur minic a bhíonn na Romaigh i ngleic le fáinne fí na bochtaineachta, leis an eisiamh, a bhíonn oideachas íseal orthu agus cáilíochtaí ísle acu, rud a chuireann cosc orthu fostaíocht sheasmhach a aimsiú toisc nach gcomhlíonann siad riachtanais an phoist; de bhrí go bhfágann neamhionannais shocheacnamaíocha agus sláinte atá fós ann agus cineálacha éagsúla d’idirdhealú, lena n-áirítear frithghiofógachas agus aoiseachas, na Romaigh, go háirithe daoine scothaosta, a bheith i riocht leochaileach;

G. de bhrí go bhfuil an comhrac i gcoinne idirdhealú struchtúrach na Romach, lena n-áirítear réimsí tosaíochta an oideachais, na fostaíochta, na rochtana ar chúram sláinte agus ar thithíocht, agus feabhas suntasach a chur ar a stádas socheacnamaíoch, ag brath ar chaipiteal sóisialta agus cultúrtha a mhéadú sna timpeallachtaí ina bhfuil pobail Romacha i láthair agus ar chur chuige fadtéarmach, ilpháirtithe leasmhara i leith lánpháirtiú na Romach le rannpháirtíocht ghníomhach na Romach ag gach céim;

H. de bhrí go dtagraíonn bailiú sonraí comhionannais do gach cineál sonraí imdhealaithe a úsáidtear chun measúnú a dhéanamh ar staid chomparáideach grúpaí sonracha atá i mbaol idirdhealaithe, beartais phoiblí a dhearadh lena rannchuidítear le comhionannas a chur chun cinn agus a gcur chun feidhme a mheasúnú, agus go ndéantar é ar bhonn fianaise agus ní ar thoimhdí amháin; de bhrí go dteastaíonn toiliú eisiach ó na daoine is ábhar don bhailiú sonraí chun sonraí den sórt sin a bhailiú (i.e. sonraí lena nochtar tionscnamh eitneach nó reiligiún) agus gur minic is féidir leis a bheith conspóideach; de bhrí gurb é atá toirmiscthe go soiléir ná próifíliú ciníoch nó eitneach, trína ndéantar daoine, gan a dtoiliú, a shainaithint ar bhonn braistintí nó ginearálaithe tríú páirtí ar bhonn cine, eitneachta, reiligiúin nó tionscnamh náisiúnta;

I. de bhrí go leantar d’idirdhealú a dhéanamh ar dhaoine ar de ghrúpaí mionlaigh iad agus iad ag cur isteach ar phoist agus fiú agus an post acu agus go leanann siad de bheith i ngleic le cóir neamh-chomhionann; de bhrí gurb ionann pá níos ísle, easpa ionchais ghairme, dálaí oibre neamhbhuana agus deacra, an t-urlár greamaitheach agus an tsíleáil ghloine, ciapadh agus dífhostú éagórach, agus roinnt de na comharthaí; de bhrí gur dóchúla níos lú rochtana a bheith ag mionlaigh eitneacha ar chearta fostaíochta agus ar chosaint; de bhrí gur cosúil tionscnamh eitneach a bheith tábhachtach freisin maidir le ciapadh san ionad oibre, agus go ndealraíonn sé gur constaic mhór ar dhul chun cinn gairme é;

J. de bhrí go bhfuil cónaí ar fhormhór na bpobal Romach, go háirithe iad siúd i lár na hEorpa agus in oirthear na hEorpa, i lonnaíochtaí deighilte, go minic i gceantair ina bhfuil tionchar mór ar an gcomhshaol, atá eisiata ón tsochaí agus a bhfuil deighilt spásúil, coinníollacha fochaighdeánacha agus bochtaineacht glúine ag bagairt orthu; de bhrí, de réir na tuarascála ón gCoimisiún an 5 Meán Fómhair maidir le cur chun feidhme straitéisí náisiúnta um lánpháirtiú na Romach (COM(2019)0406), nach bhfuil rochtain ar uisce reatha ag aon trian de theaghlaigh Romacha, go bhfuil leithreas sruthlaithe faoi dhíon nó cithfholcadán faoi dhíon ag beagáinín níos mó ná an leathchuid díobh, agus go raibh cónaí ar 78 % de na Romaigh i dtithíocht róphlódaithe in 2016; de bhrí go bhfuil cónaí ar dhuine amháin as gach deichniúr i dtithíocht atá ar uireasa leictreachais; de bhrí go dtugann na sonraí atá ar fáil agus na táscairí toraidh ó shuirbhéanna ionadaíocha ó naoi mBallstát le fios go raibh cúrsaí tithíochta fós gan athrú den chuid is mó idir 2011 agus 2016, gan ach roinnt feabhsuithe ar rochtain ar uisce agus ar áiseanna bunúsacha i roinnt Ballstát;

K. de bhrí go bhfuil an deighilt spásúil fós ar cheann de na príomhdhúshláin i réimse na tithíochta; de bhrí go ndéantar idirdhealú ar 43 % de na Romaigh agus iad ag iarraidh tithíocht a cheannach nó a fháil ar cíos agus nach bhfuil siad eolach a ndóthain ar a gcearta ó thaobh an chomhionannais de[39]; de bhrí go bhfuil maoin atá ar iarraidh agus doiciméid phearsanta amhail teastais bhreithe agus cártaí aitheantais ina mbacainn ar rochtain a fháil ar thithíocht, ar sheirbhísí poiblí nó ar sheirbhísí státchabhrach bunriachtanacha;

L. de bhrí gur measa deacrachtaí na Romach mar gheall ar ghéarchéim COVID-19, ós rud é go raibh tionchar ag iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta na géarchéime ar an bpobal Romach, go háirithe ar mhná, agus gur déine, dá bharr sin, na neamhionannais atá ann faoi láthair i ngach réimse tosaíochta um chuimsiú na Romach; de bhrí go bhfuil na Romaigh go mór i mbaol iarmhairtí diúltacha ghéarchéim COVID-19, agus go mbeidh rochtain theoranta acu ar chúram sláinte, ar oideachas, ar shochair shóisialta – lena n-áirítear sochair dhífhostaíochta – nó ar aon bheart eile a bhfuil sé d’aidhm aige tionchar an choróinvíris a mhaolú;

M. de bhrí gur measa éagothromaíochtaí réigiúnacha agus geiteamú mar gheall ar dhroch-bhonneagar iompair agus ar easpa comhlachtaí agus seirbhísí riaracháin phoiblí, go háirithe institiúidí oideachais agus soláthar sláinte ardcháilíochta;

1. á thabhairt chun suntais go bhfuil na Romaigh ar cheann de na grúpaí mionlaigh is mó san Eoraip a bhfuil na rátaí is airde bochtaineachta, idirdhealaithe struchtúraigh agus eisiaimh shóisialta ina mbagairt orthu agus nach ndéantar a gcearta bunúsacha, go háirithe cearta eacnamaíocha agus sóisialta, a urramú; á chur in iúl gurb oth léi, in ainneoin rathúnas eacnamaíoch in AE, agus in ainneoin Chreat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach (NRIS) agus an chiste chomhtháthaithe, agus na mbeart a tugadh isteach le deich mbliana anuas maidir le cuimsiú sóisialta na Romach, go bhfuil staid fhoriomlán na Romach in AE gan athrú agus nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta déanta i réimsí na tithíochta, na fostaíochta, an oideachais agus an chúraim sláinte; á iarraidh ar údaráis áitiúla agus ar rialtais áitiúla NRIS a chur chun feidhme go héifeachtach; á iarraidh ar an gCoimisiún ceannaireacht a léiriú le dea-shampla agus beartas príomhshruthaithe maidir leis na Romaigh a thabhairt isteach ar gach leibhéal dá bheartais, dá chláir agus dá thionscadail chun idirdhealú a chosc agus chun cabhrú le cuimsiú na Romach inár sochaithe a chur i ngníomh; á iarraidh ar an gCoimisiún seasamh le cur chuige trasnach agus il-gheallsealbhóra i leith NRIS agus rannpháirtíocht ghníomhach na Romach a chur chun cinn, óna n-ullmhúchán go dtí a gcur chun feidhme;

2. á iarraidh ar an gCoimisiún spriocanna, cuspóirí agus bearta ceangailteacha do na Ballstáit, amlíne shoiléir agus ceanglais shoiléire agus cheangailteacha dul chun cinn, mar aon le táscairí ratha agus cistiú leormhaith do chur chun feidhme an chéad Chreata eile de chuid an Aontais maidir le NRIS a leagan amach; á iarraidh ar údaráis áitiúla agus ar rialtais áitiúla cur chun feidhme NRIS a leagan síos mar thosaíocht;

3. á mheabhrú di an rún uaithi an 12 Feabhra 2019 maidir leis an ngá le Creat Straitéiseach AE neartaithe tar éis na bliana 2020 do Straitéisí Náisiúnta maidir le Comhtháthú na Romach agus dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh an fhrithghiofógachais[40]; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit Creat Straitéiseach AE uaillmhianach, cuimsitheach agus ceangailteach um chomhionannas na Romach, um an gceartas sóisialta agus eacnamaíoch agus um an gcomhrac i gcoinne an fhrithghiofógachais don ré i ndiaidh 2020 a mholadh agus iad féin a thiomnú dó, ar creat é lena ngabhfadh cuspóirí comhchoiteanna nithiúla ar leibhéal AE agus caighdeáin íosta ar féidir leis na Ballstáit iad a thiontú ina spriocanna náisiúnta, agus i gcás ina bhfuil sainiúlachtaí tíre ábhartha sa mhéid atá sé mar aidhm leo níos mó ná na híoschaighdeáin a bhaint amach, agus a áirithiú go dtabharfar aghaidh mar is ceart ar idirdhealú iolrach agus trasnach, ar phríomhshruthú inscne agus ar chur chuige atá íogair do leanaí;

4. á thabhairt chun suntais gur gá fáinne fí na bochtaineachta i gcás na Romach sin lena mbaineann a bhriseadh trí ghníomhaíochtaí spriocdhírithe éifeachtacha a dhéanamh ón aois is luaithe is féidir, mar gur féidir le bearta spriocdhírithe ar gach leibhéal oideachais a bheith ina n-uirlisí éifeachtacha chun an bhochtaineacht a chomhrac, agus á chur i bhfáth gur gá feabhas a chur ar aistrithe chuig leibhéil níos airde oideachais agus tacú leis na bearta sin trí leas a bhaint as infheistíochtaí sóisialta;

5. á iarraidh go dtabharfaí níos mó airde ar na Ballstáit sin ina bhfuil pobal mór Romach agus a ghlac bearta a bhí sách neamhéifeachtach san am a chuaigh thart. á chur i bhfáth gur cheart don Choimisiún faireachán a dhéanamh ar na Ballstáit sin agus ar a mbeartais agus a mbearta, agus gur cheart dó tacaíocht níos fearr a thabhairt dóibh;

6. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit comhionannas cuimsitheach a choimirciú do dhaoine Romacha – agus aird ar leith á tabhairt ar mhná agus cailíní, agus daoine faoi mhíchumas a bheith ina n-íospartaigh idirdhealaithe thrasnaigh – i ngach réimse den saol;

7. á iarraidh ar na Ballstáit Treoir ón gComhairle an 2 Iúil 2008 maidir le prionsabal na córa comhionainne a chur chun feidhme idir daoine gan beann ar reiligiún nó creideamh, míchumas, aois nó claonadh gnéis (COM/2008/0426) a ghlacadh;

8. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit an bhochtaineacht a chur san áireamh, agus béim ar leith á leagan ar bhochtaineacht leanaí, ar eisiamh sóisialta agus ar fhrithghiofógachas agus ar neamh-idirdhealú mar ghnéithe trasghearrthacha trí na ceithre phríomhréimse de Straitéis AE maidir leis na Romaigh agus NRIS, agus a áirithiú, ar an gcaoi sin, go rannchuideoidh comhionannas, deiseanna fostaíochta inbhuanaithe, oideachas cuimsitheach, tithíocht ardcháilíochta, agus cúram sláinte leormhaith le feabhsú foriomlán dhea-bhail na Romach, agus go dtabharfar aghaidh mar is ceart ar il-idirdhealú agus ar idirdhealú trasnach, ar phríomhshruthú inscne agus ar chur chuige atá íogair do leanaí sa Chreat Straitéiseach maidir le NRIS don ré i ndiaidh 2020 agus faoi NRIS; á iarraidh ar údaráis agus rialtais áitiúla agus réigiúnacha tús áite a thabhairt do ghlacadh, athbhreithniú agus cur chun feidhme NRIS i gcomhréir leis an gCreat Straitéiseach AE don ré i ndiaidh 2020, agus a ráthú go mbeidh dlúthnasc idir na straitéisí sin agus beartais phríomhshrutha;

9. á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht chothrom eagraíochtaí sochaí sibhialta Romacha, saineolaithe Romacha agus daoine den phobal Romach, go háirithe iad siúd atá gníomhach ar an leibhéal áitiúil agus ar an leibhéal réigiúnach, i ndíospóireachtaí beartais agus i gcinnteoireacht a áirithiú;

10. ag aithint gur cheart, chun cearta sóisialta agus eacnamaíocha na Romach a ráthú, cur chuige níos cuimsithí a bhreithniú, lena n-áirítear neartú a dhéanamh ar aitheantas institiúideach an mhionlaigh Romach mar ghníomhaí sóisialta agus rannpháirtíocht éifeachtach agus eagraithe eagraíochtaí ionadaíocha na sochaí sibhialta Romach, rud a d’fhágfadh go bhféadfaidís a bheith rannpháirteach go fóinteach i gcur chun feidhme na mbeartas eacnamaíoch agus sóisialta agus san fhaireachán agus sa mheastóireacht orthu; á iarraidh ar an gCoimisiún rannpháirtíocht na Romach a mheas mar chaighdeán comhchoiteann cáilíochta ceangailteach do Chreat Straitéiseach an Aontais a bheidh ann amach anseo agus do na straitéisí náisiúnta agus go n-áirithíonn sásraí airgeadais agus struchtúracha rannpháirtíocht chomhionann agus ar ardcháilíocht;

11. á thabhairt chun suntais go réitíonn an fhostaíocht an bealach i dtreo an chuimsithe shóisialta agus nach mór, dá bhrí sin, go mbeadh deis ag mionlaigh eitneacha páirt iomlán a ghlacadh i margadh an tsaothair agus nach mór feidhm a bheith ag an bprionsabal ‘stádas comhionann agus pá comhionann as obair chomhionann’ maidir le gach oibrí;

 

12. á iarraidh ar an gCoimisiún teachtaireacht maidir le treoirlínte agus caighdeáin i gcomhair beartais earcaíochta atá saor ó idirdhealú le haghaidh na mBallstát agus le haghaidh fostóirí a thíolacadh, lena n-áirítear moltaí maidir le pleananna comhionannais a ghlacadh ar leibhéal na gcuideachtaí agus i gcomhaontuithe comhchoiteanna earnálacha agus maidir le cur chun feidhme tascfhórsaí éagsúlachta san ionad oibre, lena n-áirítear dul i ngleic le steiréitíopaí, le réamhchlaonadh agus le dearcthaí diúltacha, cosc a chur le hidirdhealú san earcaíocht, san ardú céime, sa phá agus sa rochtain ar oiliúint; á thabhairt chun suntais gur cheart na pleananna gníomhaíochta comhionannais sin a úsáid freisin chun éagsúlacht eitneach agus chultúrtha san ionad oibre a chur chun cinn, chun rialacháin inmheánacha i gcoinne an chiníochais agus an idirdhealaithe agus an chiaptha a bhaineann leis an gciníochas san ionad oibre a fhorbairt, chun faireachán agus athbhreithniú a dhéanamh ar earcaíocht, dul chun cinn agus coinneáil lucht saothair de réir snáithe comhionannais chun cleachtais idirdhealaitheacha dhíreacha nó indíreacha a shainaithint agus chun bearta ceartaitheacha a ghlacadh chun neamhionannas i ngach ceann de na réimsí sin a laghdú agus, chuige sin, sonraí comhionannais a bhailiú i ndáil le caighdeáin maidir le príobháideachas agus le cearta bunúsacha;

13. á iarraidh ar an gCoimisiún creat comhchoiteann AE a ghlacadh le haghaidh sonraí comhionannais imdhealaithe atá iontaofa agus inchomparáide a bhailiú agus a anailísiú chun an t-idirdhealú a chomhrac, lena n-áirítear san fhostaíocht; á chur in iúl, thairis sin, gur cheart go gcuimseofaí ann táscairí margaidh saothair chun comhionannas a thomhas, lena n-áirítear seasamh fostaíochta imirceach agus grúpaí mionlaigh, agus caighdeáin maidir le príobháideachas agus le cearta bunúsacha á n-urramú ina n-iomláine;

14. á thabhairt chun suntais gurb iad na pointí is bunúsaí ar gá aghaidh a thabhairt orthu i réimse fhostaíocht na Romach ná an t-aistriú éifeachtach ón oideachas go dtí an margadh saothair oscailte, i bhfianaise ráta ard an neamhfhreastail, na neamhláithreachta agus na luathfhágála scoile a dhéanann difear do leanaí agus don óige Romach; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le steiréitíopaí diúltacha ar minic iad a bheith ar na bacainní is mó ar fhostaíocht a fháil; á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé dul i ngleic le cineálacha éagsula fostaíochta neamhdhearbhaithe, le hidirdhealú ag fostóirí, an t-éileamh ar shaothar a mheaitseáil leis an soláthar saothair agus dul i ngleic leis na rátaí méadaitheacha d’aos óg na Romach nach bhfuil san oideachas;

15. á iarraidh ar an gCoimisiún a ghealltanas a chomhall i leith plean gníomhaíochta a ghlacadh chun Colún Eorpach na gCeart Sóisialta a chur chun feidhme agus chun cuimsiú na Romach a ionchorprú mar tháscaire sa scórchlár sóisialta; ag tathant ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit aird ar leith a thabhairt ar an bpobal Romach chun a staid shonrach a léiriú agus chun a bhfostaíocht ardcháilíochta, rochtain ar phoist chuibhiúla, pá cothrom agus dálaí oibre cothroma a áirithiú agus chun a ráthú go mbeidh córais cosanta sóisialta agus seirbhísí sóisialta leormhaith, inrochtana agus á n-úsáid ag na tairbhithe uile a d’fhéadfadh a bheith ann, agus go n-áireofar leo cumhdach sláinte uilíoch gan idirdhealú, chomh maith le scéimeanna ioncaim íosta agus cearta pinsin;

16. á mheabhrú go bhfuil roinnt beart glactha ag na Ballstáit chun feabhas a chur ar fhreastal scoile na leanaí Romach, amhail béile saor in aisce agus téacsleabhair saor in aisce a sholáthar i scoileanna chomh maith leis an oibleagáid freastal ar oideachas naíonra/réamhscoile ó aois óg do gach leanbh a leathnú; á chur i bhfáth gur cheart leanúint de na dea-chleachtais sin;

17. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú, nuair a fheidhmíonn daoine de chúlra Romach a gcearta soghluaisteachta, gur féidir leo rochtain a fháil ar an gcúram sláinte uile is gá sa Bhallstát ina bhfuil cónaí orthu; á chur i bhfáth nár cheart an bhochtaineacht ná stádas cónaithe aon duine a bheith mar bhacainn ar rochtain a fháil ar sheirbhísí sláinte agus sóisialta;

18. á iarraidh ar na Ballstáit infheistíocht a dhéanamh i sásraí faireacháin saothair agus i sásraí gearáin a fhaigheann tacaíocht ó acmhainní, atá inrochtana agus éifeachtach do gach oibrí, gan beann ar a náisiúntacht ná ar a stádas cónaithe, chun oibrithe a chosaint ar fhrithbheartú fostóirí agus ar iarmhairtí díobhálacha agus chun tacú le heagraíochtaí na sochaí sibhialta i ndáil le faisnéis a sholáthar d’oibrithe faoina gcearta agus faoi conas iad a fheidhmiú;

19. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh an plean téarnaimh agus an Creat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) nua do 2021-2027 ceangailte go daingean le Creat Straitéiseach AE maidir leis na Romaigh um Chomhionannas, um Chuimsiú agus um Rannpháirtíocht, lena spriocanna ceangailteacha agus lena gcur i bhfeidhm ag Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach; á thabhairt chun suntais, chun na críche sin, go gcaithfear sonraí stóinsithe arna n-imdhealú de réir inscne agus de réir aoise a bhailiú go córasach chun bonn eolais a chur faoi riachtanais agus anailís chomhthéacs, agus treoir a leagan síos maidir le spriocanna agus táscairí tionchair a shocrú chun an toradh is fearr a áirithiú ó thaobh riachtanais a mheaitseáil le pleanáil agus buiséadú de, ar an leibhéal náisiúnta agus ar leibhéal an Aontais araon;

20. ag tathant ar an gCoimisiún agus ar an gComhairle aghaidh a thabhairt ar staid éagothrom na Romach ar fud AE i gCiste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+); á mheabhrú di a rún an 4 Aibreán 2019 maidir leis an togra le haghaidh rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (CSE+)[41], a n-áirítear in Airteagal 4(1)(viiia) de an cuspóir sonrach i dtaca le ‘comhrac i gcoinne an idirdhealaithe in aghaidh pobail imeallaithe amhail na Romaigh agus lánpháirtiú socheacnamaíoch na bpobal sin a chur chun cinn’;

21. á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht chúramach a dhéanamh ar tháscairí tionchair lánpháirtiú na Romach don tréimhse 2014-2020 agus dea-chleachtais agus easnaimh a shainaithint; á mheabhrú di go raibh an faireachán ar lánpháirtiú na Romach le feabhsú ar bhonn Thosaíocht Infheistíochta CSE 9 (ii), ar bhonn na gcuspóirí sonracha ábhartha a leagtar amach i gcláir oibríochtúla CSE agus Chiste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE), agus trí chomhtháscaire aschuir CSE a úsáid do rannpháirtithe, táscairí agus spriocanna sonracha cláir;

22. ag moladh go n-éascódh an Coimisiún malartú dea-chleachtas idir na Ballstáit agus go ndéanfadh sé faireachán ar an staid chun measúnú rialta a sholáthar;

23. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit ionadaithe ó pobail na Romach, lena n-áirítear an óige, a áireamh sna próisis chomhairliúcháin agus chinnteoireachta ar leibhéal an Aontais agus ar an leibhéal náisiúnta araon;

24. á mheabhrú di go bhfuil ról rialtas áitiúil agus náisiúnta, comhpháirtíochtaí láidre agus tiomantas geallsealbhóirí áitiúla, amhail bardais áitiúla agus cigireachtaí scoile, ríthábhachtach chun lánpháirtiú inbhuanaithe na Romach a bhaint amach;

25. á chur i bhfios go láidir go gcaithfidh na húdaráis stáit ábhartha gealltanas práinneach agus críochnúil a thabhairt go ndéanfaidh siad daltaí Romach a dhídheighilt i scoileanna, a rannpháirtíocht i saolré iomlán an oideachais a mhéadú agus an cháilíocht chéanna foghlama agus gnáthfhoghlaim chuimsitheach a áirithiú do chách; ag tabhairt dá haire gurb oth léi gur cleachtas coitianta idirdhealaitheach fós é mídhiagnóis leanaí Romach mar leanaí ag a bhfuil riachtanais speisialta oideachais, a fhágann líon díréireach leanaí Romach a bheith ag freastal ar scoileanna ‘speisialta’, rud a scarann iad ón ngnáthchóras scoile agus a fhágann gur minic a chuirtear oideachas dona orthu; á mheabhrú di na cinntí a rinne an Chúirt Eorpach um Chearta an Duine agus na himeachtaí um shárú maidir le hidirdhealú ar scoil Romach i gcoinne trí Bhallstát: an tSeicia (2014), an tSlóvaic (2015) agus an Ungáir (2016); á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach ndearnadh feabhas ar bith nó gur beag feabhais a rinneadh le blianta beaga anuas in ainneoin iarrachtaí an Choimisiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún meastóireacht a dhéanamh ar na bearta ceartaitheacha faoi seach agus ar a dtionchar ar leanaí Romach agus, má mheastar nach leor iad ná nach bhfuil siad éifeachtach go leormhaith, na cásanna sin a tharchur chuig Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh;

26. á mheabhrú di tábhacht ról na n-oideoirí Romach agus a láithreacht i gcomhlachtaí oideachais ó thaobh cabhrú le próiseas an dídheighilte de agus na Romaigh a spreagadh le freastal ar chláir foghlama ar feadh an tsaoil agus ar oideachas aosach; ag moladh go leanfaí de Romaigh a oiliúint agus a fhostú mar mheantóirí óige agus mar idirghabhálaithe oideachais chun tacú le haistrithe san oideachas agus chuig margadh an tsaothair; á thabhairt chun suntais an gá atá ann díriú ar na Romaigh ar bhealach níos sainráite le beartais ghníomhacha maidir le margadh an tsaothair, lena n-áirítear an Ráthaíocht don Aos Óg, agus idirdhealú maidir le rochtain ar mhargadh an tsaothair agus san ionad oibre a fhaire agus a chomhrac go córasach; á iarraidh go gcuirfí oiliúint ar sheirbhísí poiblí fostaíochta maidir le conas dul i dteagmháil le grúpaí imeallaithe agus conas déileáil leo;

27. á iarraidh go ndéanfaí an comhbheartas talmhaíochta (CBT) a athdhearadh, lena bhféadfaí cineálacha nuálacha oibre talmhaíochta a dhéanamh agus lena gcuirfí chun cinn iad, lena n-áirítear comharchumainn shóisialta do phobail Romach, agus a d’fhéadfadh ról tábhachtach a bheith aige freisin maidir le córas bia atá cóir, sláintiúil agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a chruthú; á chur i bhfáth go rannchuideodh an ghníomhaíocht sin le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach; á iarraidh go ndéanfaí dea-chleachtais sa réimse sin a chur chun cinn agus a mhalartú i measc na mBallstát;

28. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige comhordaithe a fhorbairt chun leanaí Romach a lánpháirtiú sa tsochaí; á iarraidh, dá bhrí sin, go nglacfaí go práinneach an Ráthaíocht Eorpach i dtaobh Leanaí i CSE+ le hacmhainní tiomnaithe chun tacú le glúin a thógáil amach as an mbochtaineacht;

29. á chur i bhfios go láidir go gcuireann bacainní ar sheirbhísí cúraim sláinte agus easpa feasachta bunúsaí sláinte le deighilt fhorleathan daltaí Romach ar scoil; á chur i bhfáth gurb amhlaidh, sa bhreis ar an bhfrithghiofógachas forleathan sna sochaithe ina gcónaíonn na Romaigh, gurb iad na míbhuntáistí struchtúracha a mbíonn orthu dul i ngleic leo ó thaobh clárú réamhscoile agus eisiamh sóisialta de na bunchúiseanna atá le scoileanna deighilte agus le hidirdhealú in aghaidh leanaí Romach, rud is siocair le fáinne fí na dífhostaíochta agus na bochtaineachta; á chur i bhfáth gur den ríthábhacht é aghaidh a thabhairt ar na bunchúiseanna sin agus fós feasacht a ardú freisin;

30. á chur in iúl gur geal léi na hiarrachtaí a rinne roinnt Ballstát a ghlac uirlisí reachtacha d’fhonn comhsheasmhacht idir cáilíocht agus comhionannas an oideachais a áirithiú, agus fós oideachas cuimsitheach a thabhairt isteach; ag tabhairt dá haire gurb é is aidhm do na bearta sin ná leanaí Romach, mar aon le grúpaí eile atá faoi mhíbhuntáiste, a lánpháirtiú, a mhéid is féidir, sa chóras oideachais ó oideachas luath-óige go hoideachas meánscoile uachtaraí, rud atá ina réamhriachtanas d’fhorbairt phearsanta agus gairm bheatha linbh;

31. á mheabhrú di gur tuairim dhearfach gurb ea an tuairim ar na hidirghabhálaithe Romach agus ar na cláir thacaíochta sláinte Romach, mar shampla maidir le rochtain an phobail Romach ar sheirbhísí sláinte a éascú, maidir le feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar shaoráidí sláinteachais agus sláintíochta, agus maidir le haghaidh a thabhairt ar riachtanais shonracha sláinte na mban Romach; á chur i bhfios go láidir gur mhéadaigh a rialtais faoi seach an clár idirghabhálaithe sláinte Romach sa Bhulgáir, sa Rómáin agus sa tSlóvaic, agus go léirítear athruithe dearfacha sna meastóireachtaí a rinneadh orthu (i.e. iompraíocht nach raibh chomh hidirdhealaitheach céanna a bheith léirithe ag soláthraithe sláinte agus bacainní eile a chuireann cosc ar rochtain ar an tsláinte sa bhreis ar ghníomhaíochtaí oideachais lena ndírítear ar phobail); á chur i bhfios go láidir, áfach, go léirítear sa mheastóireacht ar na cláir sin gur gá dul i dtreo cuir chuige nua agus níos éifeachtaí, ag bogadh ó idirghabhálaithe Romach go dtí athchóiriú institiúideach lena dtéitear i ngleic le hidirdhealú institiúideach i gcóras[42];

32. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé tacú le rannpháirtíocht tuismitheoirí i ngníomhaíochtaí scoile agus oideachais agus ar a thábhachtaí atá sé a bhfeasacht a ardú maidir lena thábhachtaí atá an t-oideachas réamhscoile, clárú leanaí agus freastal scoile; ag tabhairt dá haire gurb oth léi go mbíonn rochtain theoranta ar oideachas agus cúram réamh-bhunscoile fós ag leanaí Romach i roinnt Ballstát; ag tabhairt dá haire gurb oth léi go bhfuil AE agus na Ballstáit i bhfad ó na spriocanna a leagtar amach i gcreat AE maidir le cuimsiú na Romach a bhaint amach;

33. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfaidh na húdaráis inniúla réigiúnacha agus áitiúla, i gcomhar leis an tsochaí shibhialta agus le geallsealbhóirí eacnamaíocha, beartais fostaíochta agus shóisialta atá dírithe ar na Romaigh a chur chun feidhme agus faireachán a dhéanamh ar thorthaí na mbeartas sin, ach gan grúpaí sochaíocha eile a eisiamh i gcásanna comhchosúla; á iarraidh ar na Ballstáit, thairis sin, bearta coisctheacha agus ceartaitheacha a ghlacadh chun an ceann is fearr a fháil ar steiréitíopaí agus frithghiofógachas i margadh an tsaothair, tosaíocht a dhéanamh de chumhachtú cuardaitheoirí poist Romach le haghaidh seirbhísí poiblí fostaíochta agus fostóirí, agus tacaíocht chomhthreomhar i ndáil le socrúchán fostaíochta a sholáthar trí oiliúint ghairmiúil, intéirneachtaí le TF agus oiliúint teanga agus cur chun cinn scileanna fiontraíochta; á chur i bhfáth an ról ríthábhachtach atá ag seirbhísí fostaíochta poiblí i ndáil le fostaíocht na Romach a chur chun cinn sa státseirbhís agus i ndáil le teagmháil a dhéanamh le cuardaitheoirí poist Romach atá faoi mhíbhuntáiste;

34. á chur i bhfáth a thábhachtaí atá sé rochtain ar an oideachas, ar an ardoideachas, ar phrintíseachtaí agus ar ghairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) a chur chun cinn do na Romaigh chun a gcuimsiú eacnamaíoch agus sóisialta a chur chun cinn; á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim nach n-aithnítear VET go leordhóthanach fós mar thosaíocht agus mar réiteach lena dtugtar caoi chun deiseanna do na Romaigh a shlógadh agus a sholáthar; ag moladh do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh scéimeanna gairmoiliúna lena ndírítear ar na Romaigh ina léiriú ar a staid shonrach, chomh maith le héilimh mhéadaithe mhargadh an tsaothair: á mheabhrú di go bhfuil ganntanas oibrithe oilte i ndán don Eoraip atá ag dul in aois agus nár cheart a mheas, dá bhrí sin, gur ualach iad Romaigh óga ach gur deis gurb ea iad agus go bhféadfaidís a bheith ina n-oibrithe amach anseo; á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht níos láidre ó ghnólachtaí a spreagadh, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, agus breithniú a dhéanamh i dtaobh tacú le forbairt fiontar sóisialta chun ionaid oibre inbhuanaithe a chruthú do na Romaigh, agus béim á leagan ar mhná Romach;

35. á thabhairt chun suntais gur minic na Romaigh ag obair faoi choinníollacha forbhásacha fostaíochta nó i staideanna neamhthipiciúla fostaíochta; á chur in iúl go bhfuil sí go láidir den tuairim gur cheart an ionstraim nua um Thacaíocht shealadach ar mhaithe le Baol Dífhostaíochta a mhaolú i Staid Éigeandála (SURE) a bheith dírithe orthu siúd is leochailí sna Ballstáit;

36. á iarraidh ar an gCoimisiún dlí an Aontais a chur i gcomhréir le creat dlíthiúil na Náisiún Aontaithe maidir le ceart an duine chun uisce agus infheidhmeacht na dtreoracha a bhaineann le huisce a leathnú chun fadhbanna a bhaineann le hinrochtaineacht agus inacmhainneacht an tsoláthair uisce agus seirbhísí uisce a áireamh; á iarraidh ar an gCoimisiún táscairí agus sásraí faireacháin a fhorbairt maidir le cothromas sóisialta sa rochtain ar uisce agus ar shláintíocht sna Ballstáit, a chur de chúram ar Ghníomhaireacht an Aontais um Chearta Bunúsacha bailiú bliantúil sonraí a dhéanamh, agus cistí a chur i leataobh chun dul i ngleic le rochtain theoranta ar sheirbhísí soláthair uisce agus sláintíochta do ghrúpaí atá eisiata go sóisialta agus a ndéantar idirdhealú eitneach iontu;

37. á iarraidh ar na Ballstáit iarracht chomhbheartaithe a dhéanamh ar fheasacht a ardú agus ar an bpobal a chur ar an eolas faoi chuimsiú na Romach;

38. á iarraidh ar na Ballstáit éifeachtaí phaindéim COVID-19 i ndálaí tithíochta plódaithe agus mídhaonna ina bhfuil cónaí ar Romaigh a íoslaghdú trína lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla a dhlisteanú, trí infheistíocht a dhéanamh i mbonneagar agus i bhfeabhsú tithíochta le haghaidh lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla a dlisteanaíodh le déanaí agus trí láithreáin stad leordhóthanacha agus iomchuí le haghaidh Romaigh aistreacha a sholáthar; á iarraidh ar na Ballstáit tithíocht bhuan, chuibhiúil, inacmhainne, sábháilte ó thaobh an chomhshaoil de, agus dhídheighilte a sholáthar, mar rogha mhalartach, do na Romaigh a bhfuil cónaí orthu faoi láthair i lonnaíochtaí neamhfhoirmiúla;

39. á iarraidh ar na Ballstáit bearta práinneacha a ghlacadh faoi ghéarchéim COVID-19 chun aghaidh a thabhairt ar an easpa uisce, ar an easpa sláintíocht leormhaith, ar an easpa leictreachais agus ar easpa an bhonneagair is gá i bpobail bhochta na Romach; á iarraidh ar na Ballstáit lonnaíochtaí Romach a áireamh go hiomlán i mbearta dífhabhtaithe, toirmeasc a chur ar chealú seirbhísí fóntais bunúsacha le linn na paindéime, breithniú a dhéanamh i dtaobh costais tomhaltais a fhóirdheonú do na daoine is leochailí agus dóibh siúd a bhfuil ioncam caillte acu, nó íocaíochtaí a chalcadh go dtí deireadh thréimhse an phlean téarnaimh, tacaíocht airgeadais do thuismitheoirí aonair/do mháithreacha aonair le haghaidh cúram leanaí, íocaíochtaí cíosa agus costais tí eile a sholáthar chun an cruatan airgeadais a mhaolú, go háirithe i bhfianaise na gcaillteanas post;

40. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach bhfágfar aon Romach ar lár mar thoradh ar ghéarchéim COVID-19, trí thacú le hoibrithe Romach leochaileacha, go háirithe mná agus tuismitheoirí aonair; agus trí fhorálacha agus táscairí sonracha maidir leis na Romaigh a áireamh agus ionstraimí Eorpacha le haghaidh tacaíocht shealadach (e.g. SURE agus an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí (FEAD)) á gcur chun feidhme acu;

41. á mheabhrú di go soláthraítear leis an Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha[43] cosaint agus ráthaíochtaí do chóir chomhionann maidir le rochtain ar earraí agus ar sheirbhísí agus maidir lena soláthar, lena n-áirítear tithíocht, atá go príomha faoi shainchúram rialtas náisiúnta agus rialtas réigiúnach; á thabhairt chun suntais, mar gheall ar chearta tithíochta na Romach a shárú, go mbíonn tionchar diúltach ar an oideachas, ar an bhfostaíocht agus ar thorthaí sláinte agus go ndéantar dochar don chuimsiú sóisialta ar an iomlán; á chur i bhfáth gur gá trasuíomh cuí agus éifeachtach agus cur chun feidhme iomchuí na Treorach a áirithiú;

42. á chur i bhfáth go bhfuil sé tábhachtach, i réimse na n-idirghabhálacha tithíochta spriocdhírithe, próiseas rannpháirteach a chur ar bun ina mbeidh na Romaigh rannpháirteach ón tús; ag moladh gur cheart na beartais tithíochta a bheith bunaithe ar choincheap na comhroinnte costais nó na ranníocaíochtaí tairbhí do thithíocht agus d’fhóntais, áit a bhféadfadh tairbhithe Romach iad féin a eagrú, a dtionscnaimh féin a úsáid agus páirt a ghlacadh i bpleanáil a lonnaíochtaí féin[44];

43. á iarraidh ar na Ballstáit dídheighilt spásúil a chur chun cinn agus tairbhithe na Romach a rannpháirtiú i ndearadh agus cur chun feidhme tionscadal tithíochta, chun díshealbhuithe éigeantacha a laghdú agus a chosc, chun aghaidh a thabhairt ar shaincheist na heaspa dídine agus chun láithreáin stad leordhóthanacha agus iomchuí a sholáthar le haghaidh Romaigh aistreacha; á chur i bhfios go bhfágann leithlisiú geografach agus deighilt tithíochta nach féidir le daoine ar de mhionlaigh eitneacha iad poist chuibhiúla a bheith acu, gan beann ar a leibhéal cáilíochta; ag tabhairt dá haire go bhfuil sé ríthábhachtach teacht ar réitigh ar díshealbhuithe trí oibriú i gcomhar le hinstitiúidí éagsúla, agus gur cheart gníomhaíochtaí lena dtugtar aghaidh ar thithíocht na Romach a chomhtháthú i ngníomhaíochtaí náisiúnta níos leithne agus i dtionscnaimh reachtacha lena ndírítear ar thithíocht shóisialta nó ar chláir chúnaimh shóisialta; á chur i bhfios nár cheart aon díshealbhú a dhéanamh gan tithíocht ionadach, chaighdeánach, inacmhainne agus ardcháilíochta i suíomh dídheighilte, ina bhfuil rochtain ar sheirbhísí poiblí, a sholáthar; ag cur béim ar an ngá práinneach atá le hinfheistíochtaí poiblí chun an ceann is fearr a fháil ar leithscaradh;

44. á iarraidh ar na Ballstáit tagairt do neamhionannais gheografacha, do leithscaradh cónaithe, agus do thréith chuimsitheach agus iolrach na míbhuntáistí i bpleanáil, díriú, cur chun feidhme agus faireachán na mbeart um chuimsiú na Romach, toisc gur féidir cur chuige críochach a bheith ábhartha agus bearta maidir le cuimsiú sóisialta á bpleanáil agus á gcur chun feidhme; ag moladh go gcuirfeadh na Ballstáit dlús lena n-iarrachtaí maidir le rochtain ar uisce óil sábháilte, ar shláintíocht, agus ar chórais séarachais a sholáthar agus maidir le cur chun feidhme an chirt chun caighdeáin maireachtála leormhaithe, chomh maith leis an gceart chun timpeallachta sláintiúla agus sábháilte; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go ndéanfar beartais a chomhtháthú chun frithghiofógachas de gach cineál a chomhrac agus chun idirdhealú comhshaoil a aithint mar choincheap sonrach den fhrithghiofógachas; ag moladh go ndéanfaí an comhshaol a chomhtháthú sa chreat don ré i ndiaidh 2020 agus á iarraidh ar an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na cineálacha éagsúla idirdhealaithe comhshaoil;

45. ag iarraidh go ndéanfadh an tAontas Eorpach agus na Ballstáit iarrachtaí breise ar an Seimeastar Eorpach, CSE+ agus cistí uile an Aontais don tréimhse 2021-2027 a ailíniú le NRIS agus le Colún Eorpach na gCeart Sóisialta, agus ag tathant ar na Ballstáit an sciar dá mbuiséid náisiúnta a leithdháiltear chun na críche sin a dhearbhú go poiblí, agus liosta de thionscadail mhaoinithe a fhoilsiú;

46. ag cáineadh aon chineál idirdhealaithe a tharlaíonn nuair a ligtear teach ar cíos nó nuair a dhéantar iarratas ar phost; á mheabhrú di, dá bhrí sin, oibleagáid na mBallstát faoin Treoir maidir le Comhionannas Ciníocha comhlacht speisialaithe a ainmniú le haghaidh chur chun cinn an uile dhuine, gan a bheith faoi réir idirdhealú ar fhoras cine ná bunadh eitneach; á iarraidh ar na Ballstáit neamhspleáchas, acmhainní, sainordú agus cumhachtaí a gcomhlachtaí comhionannais náisiúnta a neartú chun dlús a chur leis an gcomhrac in aghaidh an idirdhealaithe, lena n-áirítear idirdhealú institiúideach, i gcoinne na Romach tríd an Moladh ón gCoimisiún maidir le caighdeáin do chomhlachtaí comhionannais a chur chun feidhme[45];

47. á iarraidh ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar shaincheisteanna na tithíochta agus na heaspa dídine trí bhearta amhail an stoc tithíochta sóisialta a fhorbairt, rochtain neamh-idirdhealaitheach ar thithíocht shóisialta a chur chun cinn nó trí thacú le tionscadail rathúla amhail micriasachtaí do theaghlaigh Romach; á thabhairt chun suntais an cur chuige a bhfuil gealladh faoi maidir le tionscnaimh ‘tithíochta ar dtús’ chun easpa dídine a chosc agus a chomhrac; ag moladh go ndéanfadh na Ballstáit breithniú i dtaobh aistriú ó shamhail staighre soláthair seirbhíse go dtí seirbhísí atá bunaithe ar thithíocht, a chomhlánaíonn soláthar tithíochta le tacaíocht tionlacain a chuimsíonn gnéithe fostaíochta, oideachais, sláinte agus forbartha pobail; á iarraidh ar na Ballstáit díriú ar bheartais lena dtacaítear le daoine atá i mbaol bochtaineachta, lena n-áirítear na Romaigh, ionas gur féidir leo rochtain a bheith acu ar phoist chuibhiúla; á iarraidh ar na Ballstáit díriú ar an ógra go háirithe, ionas go gcríochnóidh siad a scolaíocht meánscoile;

48. ag aithint gur tugadh isteach tosaíocht chistiúcháin shonrach do na Romaigh i Rialachán na bhForálacha Coiteanna[46] agus gur tháinig moltaí tírshonracha a bhaineann le cuimsiú na Romach chun bheith ina gceanglas le haghaidh cistí a dheonú maidir lena chur chun cinn; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún a ráthú go mbeidh na hathruithe sin ina siocair le tionscadail shonracha a rachaidh chun tairbhe do na Romaigh ar bráid[47], gan beann ar chatagóir an réigiúin; á iarraidh ar an gCoimisiún faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme na straitéise ag cruinnithe rialta leis na Ballstáit agus tuarascálacha maidir le leithdháileadh cistí ina leith sin a fhoilsiú; á iarraidh ar an gCoimisiún scrúdú a dhéanamh ar na cúiseanna atá le rátaí ionsúcháin ísle i roinnt Ballstát, i gcomhréir leis na moltaí a d’eisigh Cúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE) do na Ballstáit agus don Choimisiún ina tuarascáil speisialta[48];

49. ag tabhairt dá haire gurb oth léi an nasc lag idir na huirlisí cistiúcháin atá ar fáil agus na pleananna straitéiseacha agus na cuspóirí a bhaineann le forbairt shocheacnamaíoch agus cuimsiú na Romach; á iarraidh ar na Ballstáit sásraí faireacháin agus maoirseachta éifeachtúla a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go ndéanfar cláir phríomhshrutha, lena n-áirítear iad siúd a chumhdaítear le Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta na hEorpa (CSIE), a chaitheamh i gceart agus nach mbainfear mí-úsáid astu; ag cur béim ar an bhfíoras go bhfuil tábhacht ar leith ag roinnt le faireachán chun pleanáil a dhéanamh faoi choinne aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ann maidir le haon idirghabháil a chur chun feidhme, agus na rioscaí sin a mhaolú, agus go dtacódh sé tuilleadh le tionscnaimh bheartais atá bunaithe ar fhianaise agus le socrú spriocanna agus leithdháileadh acmhainní níos éifeachtaí; á mheabhrú di gur chinn Cúirt Iniúchóirí na hEorpa in 2016 gur leithdháileadh CSIE i measc na mBallstát de réir táscairí nach raibh aon ábharthacht ar leith ag baint leo don phobal Romach, agus go raibh sí den tuairim nach iad na táscairí sin an bealach is iomchuí le cinneadh a dhéanamh maidir le cá mhéad de mhaoiniú an Aontais le haghaidh lánpháirtiú na Romach ba cheart a leithdháileadh ar gach Ballstát; ag cur béim ar thábhacht modhanna meastóireachta tionchair frithfhíorasacha chun an bhearna idir creat beartais agus cur chun feidhme ar bráid a laghdú;

50. á chur in iúl go bhfuil sí den tuairim go bhfuil an príomhshruthú fós ábhartha, toisc nach mbeidh bearta spriocdhírithe astu féin éifeachtach go leor; á chur i bhfáth, dá bhrí sin, gur gá na gnéithe de lánpháirtiú na Romach a phríomhshruthú tuilleadh i mbearta beartais AE agus i mbearta beartais náisiúnta;

51. ag aithint nach próiseas meicniúil é idirghabhálacha a aistriú ó thír amháin go tír eile; cé go bhféadfadh na cuspóirí, na modhanna oibre agus na huirlisí a bheith inaistrithe, gur gá straitéisí agus próisis a oiriúnú don suíomh áitiúil agus go bhféadfadh sé go mbainfeadh na coinníollacha sin le hacmhainneacht institiúideach, le tacaíocht ó na gníomhaithe éagsúla, nó leis an gcomhthéacs áitiúil; á iarraidh ar na Ballstáit agus ar an gCoimisiún, dá bhrí sin, úsáid cheart a bhaint as na modhanna meastóireachta tionchair fhrithfhíorasacha agus na torthaí éagsúla sna Ballstáit a chur i gcomparáid le chéile agus a mhíniú;

52. á iarraidh ar an Aontas Eorpach agus ar na Ballstáit sonraí agus taighde a neartú chun idirdhealú trasnach a shainaithint agus a thuiscint níos fearr; ag moladh don Choimisiún súil a choimeád ar na gnéithe ilghnéitheacha den bhochtaineacht agus den eisiamh sóisialta i bpobail na Romach trí úsáid a bhaint as an gcomhtháscaire maidir le daoine atá i mbaol na bochtaineachta nó an eisiaimh shóisialta (AROPE) in Eurostat;

53. ag moladh don Choimisiún cuir chuige atá nuálach, atá dírithe ar thionchar agus atá bunaithe ar shonraí a thógáil, ar cuir chuige iad a bheidh le húsáid mar ionchur díreach sa chéad ghlúin eile de chláir (clár Invest EU don tréimhse 2021-27 agus clársceidealú CSE+) agus straitéisí (go háirithe Straitéis iar-2020 AE maidir le Comhionannas agus Cuimsiú na Romach);

54. á chur i bhfios go láidir gurb iad na daoine is díothaí is mó atá thíos leis mar gheall ar iarmhairtí phaindéim COVID-19, lena n-áirítear pobail na Romach ar fud na hEorpa; ag cur béim ar an bhfíoras nach mór do AE díriú ar riachtanais láithreacha a chuid saoránach, agus freagraí gasta agus leormhaithe a thabhairt ar fhadhbanna atá ann cheana chun comhtháthú a neartú, muinín in institiúidí AE a mhéadú agus luachanna AE a chleachtadh – go háirithe, luach na dlúthpháirtíochta; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit meastóireacht a dhéanamh ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 do staid na bpobal Romach agus bearta éifeachtacha a bhreithniú; á chur in iúl gur geal léi go bhfuiltear ag moladh go neartófaí an Ciste um Chabhair Eorpach do na Daoine is Díothaí chun tacú leo siúd is mó atá i ngátar; ag tabhairt dá haire gurb oth léi go bhféadfadh paindéim COVID-19 a bheith ina siocair le ciorruithe ar an gcéad CAI eile don tréimhse 2021-2027, rud a mbeidh tionchar diúltach aige ar eagraíochtaí na sochaí sibhialta a sheasann an fód do phobail na Romach agus a dhéanfaidh difear, dá réir sin, dá n-obair for-rochtana.

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

23.6.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

46

5

3

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Atidzhe Alieva-Veli, Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Andrea Bocskor, Milan Brglez, Sylvie Brunet, David Casa, Leila Chaibi, Margarita de la Pisa Carrión, Klára Dobrev, Jarosław Duda, Estrella Durá Ferrandis, Lucia Ďuriš Nicholsonová, Rosa Estaràs Ferragut, Nicolaus Fest, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Helmut Geuking, Alicia Homs Ginel, France Jamet, Agnes Jongerius, Radan Kanev, Ádám Kósa, Stelios Kympouropoulos, Katrin Langensiepen, Miriam Lexmann, Elena Lizzi, Radka Maxová, Sandra Pereira, Dragoș Pîslaru, Manuel Pizarro, Dennis Radtke, Elżbieta Rafalska, Guido Reil, Daniela Rondinelli, Mounir Satouri, Monica Semedo, Beata Szydło, Eugen Tomac, Romana Tomc, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne, Nikolaj Villumsen, Marianne Vind, Maria Walsh, Stefania Zambelli, Tatjana Ždanoka, Tomáš Zdechovský

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Anna Júlia Donáth, José Gusmão, Pierfrancesco Majorino, Kim Van Sparrentak

 


 

TORADH NA VÓTÁLA CRÍOCHNAITHÍ LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

46

+

EPP

David Casa, Jarosław Duda, Rosa Estaràs Ferragut, Loucas Fourlas, Cindy Franssen, Radan Kanev, Stelios Kympouropoulos, Miriam Lexmann, Dennis Radtke, Eugen Tomac, Romana Tomc, Maria Walsh, Tomáš Zdechovský

S&D

Marc Angel, Gabriele Bischoff, Vilija Blinkevičiūtė, Milan Brglez, Klára Dobrev, Estrella Durá Ferrandis, Heléne Fritzon, Alicia Homs Ginel, Agnes Jongerius, Pierfrancesco Majorino, Manuel Pizarro, Marianne Vind

RENEW

Atidzhe Alieva-Veli, Sylvie Brunet, Anna Júlia Donáth, Dragoș Pîslaru, Monica Semedo, Yana Toom, Marie-Pierre Vedrenne

VERTS/ALE

Katrin Langensiepen, Mounir Satouri, Kim Van Sparrentak, Tatjana Ždanoka

ECR

Helmut Geuking, Elżbieta Rafalska, Beata Szydło, Margarita de la Pisa Carrión, Lucia Ďuriš Nicholsonová

GUE/NGL

Leila Chaibi, José Gusmão, Sandra Pereira, Nikolaj Villumsen

NI

Daniela Rondinelli

 

5

-

ID

Nicolaus Fest, France Jamet, Elena Lizzi, Guido Reil, Stefania Zambelli

 

3

0

EPP

Andrea Bocskor, Ádám Kósa

RENEW

Radka Maxová

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHULTÚR AGUS UM OIDEACHAS (23.6.2020)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

maidir leis an tuarascáil ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: Dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romach san Eoraip a chomhrac

(2020/2011(INI))

Rapóirtéir: Peter Pollák 

 


MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chultúr agus um Oideachas ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

1.  ag tabhairt dá haire, le blianta beaga anuas, nach bhfuil ach dul chun cinn teoranta bainte amach i roinnt Ballstát maidir le hoideachas a chur ar leanaí Romach atá faoi mhíbhuntáiste sóisialta, go háirithe mar gheall ar an easpa toil pholaitiúil agus ar an bhfrithghiofógachas atá ann, rud atá ina shiocair leis an mbearna atá ann idir daltaí agus mic léinn ar Romaigh iad agus iadsan nach Romaigh iad a bheith fós suntasach ó thaobh thorthaí an oideachais de; á mheabhrú gur den bhunriachtanas é tús comhionann saoil a thabhairt do leanaí Romach chun deireadh a chur le fáinne fí na bochtaineachta ó ghlúin go glúin; ag tathant ar na Ballstáit cur chuige iomlánaíoch a ghlacadh ar fud na réimsí beartais uile, agus tús áite ar chláir oibre na rialtas a thabhairt d’oideachas na leanaí Romach, chun an bhochtaineacht, an t-eisiamh sóisialta agus an frithghiofógachas a fhulaingíonn siad a chomhrac go héifeachtach;

2.  á mheabhrú di gur saoránaigh den Aontas Eorpach iad na daltaí Romach, agus go bhfuil na cearta agus na hoibleagáidí céanna acu, agus gur cheart, dá bhrí sin, comhionannas deiseanna a thabhairt dóibh agus oideachas i suíomhanna oideachais príomhshrutha ardcháilíochta agus cuimsitheacha a chur orthu ar gach leibhéal; á mheabhrú di go bhfuil an cleachtas i leith daltaí Romach a dheighilt i scoileanna nó i ranganna speisialta, fiú amháin laistigh de na suíomhanna oideachais príomhshrutha, fós forleathan i roinnt Ballstát in ainneoin na reachtaíochta agus na mbeartas frith-idirdhealaithe atá cheana ann; á áitiú gur cheart straitéisí dídheighilte éifeachtacha, atá bunaithe ar thagarmharcanna dídheighilte agus ar mhalartú dea-chleachtas maidir le hoideachas cuimsitheach agus idirchultúrtha, a chur i bhfeidhm, go háirithe i mBallstáit AE ina bhfuil daonra suntasach Romach; á mheabhrú go bhfuil ról na n-oideoirí Romach bunriachtanach ó thaobh an t-oideachas a dhídheighilt, agus á chur i bhfáth go bhfuil gá le feasacht a mhúscailt agus le hoiliúint frith-idirdhealaithe do bhaill foirne oideachais chun deireadh éifeachtach a chur leis an bhfrithghifógachas san earnáil oideachais;

 

3. á mholadh, i bhfianaise a thábhachtaí atá oideachas ardcháilíochta luath-óige, arb eol ina leith go bhfuil sé comhghaolach le torthaí foghlama níos fearr agus go leagann sé bunchloch síos do chuimsiú sóisialta níos déanaí, gur cheart tús a chur le hoideachas a chur ar dhaltaí Romacha a luaithe is féidir, ag trí bliana d’aois más féidir, agus aird á tabhairt ar na dálaí sonracha i ngach Ballstát, trína gcur san áireamh i seirbhísí luath-óige agus cúraim leanaí atá inacmhainne, inrochtana agus cuimsitheach; ag tathant ar na Ballstáit straitéisí agus cláir a fhorbairt agus a chur chun feidhme atá dírithe ar rochtain na Romach ar shaoráidí cúraim leanaí, ar scoileanna agus ar ollscoileanna a éascú, ar réamhriachtanas í don fhorbairt phearsanta agus gairme, agus ag meabhrú gur bealach cuimsithe den scoth iad gníomhaíochtaí seach-churaclaim, amhail gníomhaíochtaí spóirt nó ealaíne;

4. á áitiú gur cheart do leanaí Romacha fanacht sa chóras oideachais go dtí go mbeidh an t-oideachas meánscoile uachtaraí ar a laghad curtha i gcrích acu; ag tathant ar na Ballstáit, chuige sin, maoiniú leordhóthanach a áirithiú ionas gur féidir acmhainneachtaí na scoileanna agus na múinteoirí freagairt go hiomchuí do riachtanais foghlama na ndaltaí Romacha a threisiú le beartais oideachais príomhshrutha; á iarraidh ar an gCoimisiún feabhas a chur ar a straitéis chun iarracht a dhéanamh ar líon na leanaí Romacha atá ag éirí as an gcóras oideachais a laghdú tuilleadh agus nach mbeadh orthu rang a dhéanamh arís, go háirithe trí anailís a dhéanamh ar na bearta sin lena mbaineann an ráta rathúlachta is airde, trí mhalartú dea-chleachtas idir na Ballstáit a éascú agus trí scéalta rathúlachta na Romach a chur chun cinn in Erasmus+; á chur i bhfáth gur gá tacaíocht teaghlaigh a chur ar fáil agus oiliúint iomchuí a chur ar mhúinteoirí, mar aon le tacaíocht luath, rialta agus thráthúil do dhaltaí agus mic léinn Romacha, lena n-áirítear foghlaim tar éis na scoile;

5. ag tathant ar na Ballstáit an t-aistriú idir conairí oideachais éagsúla a éascú, lena n-áirítear suas go dtí an t-oideachas treasach, trí threoir leormhaith oideachais agus gairme agus cláir tacaíochta a sholáthar, agus trí oiliúint chumhachtaithe don aistriú ón scoil go dtí an saol oibre a chur ar fáil, mar aon le cúnamh airgeadais amhail scoláireachtaí, deontais agus iasachtaí, chun go mbeidh Romaigh óga in ann na cáilíochtaí a fháil – lena n-áirítear scileanna digiteacha agus fiontraíochta – a bheidh de dhíth orthu chun gur féidir leo imeascadh go héifeachtach sa tsochaí agus sa mhargadh saothair;

6. ag meabhrú gur géarghá go mbeadh tuismitheoirí Romacha rannpháirteach i ngach céim de scolaíocht a leanaí; ag tathant ar na Ballstáit cláir a fhorbairt atá dírithe ar thuismitheoirí Romacha a chuimsiú i bpróiséas scolaíochta agus forbartha oideachais agus pearsanta a leanaí; á chur i bhfáth go bhfuil cumas na mBallstát rannpháirtíocht na dtuismitheoirí Romacha a áirithiú ag brath go mór ar an iliomad tosca, idir thosca sochaíocha agus tosca eacnamaíocha, agus ag éileamh tacaíocht speisialta – i dtaca le sláine sláinte, bia scoile agus éadaí scoile – do theaghlaigh Romacha atá ag tabhairt aghaidh ar dheacrachtaí eacnamaíocha, sóisialta, leighis nó tithíochta;

7. á chur i bhfáth go gcuireann bearta arna nglacadh i gcomhthéacs phaindéim reatha COVID-19 isteach go díréireach ar dhaltaí Romacha, ós rud é go bhfuil cónaí ar a bhformhór díobh i gcomharsanachtaí imeallaithe agus bochta agus nach bhfuil siad in acmhainn rochtain a fháil ar an gcianfhoghlaim nó ar an scolaíocht bhaile; ag tathant ar na Ballstáit cás a sheachaint ina mbeadh cliseadh oideachais iomlán do na leanaí Romacha sin agus a áirithiú go mbainfidh siad tairbhe as an gcáilíocht chéanna oideachais is atá ag daltaí eile;

8. ag tathant ar na Ballstáit teanga, cultúr agus stair na Romach a chur chun cinn i gcuraclaim scoile mar straitéis chun dul i ngleic leis an idirdhealú, chun dearcthaí diúltacha i leith na ndaoine de chúlra Romach a laghdú agus chun a gcuimsiú soch-chultúrtha a fheabhsú.


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

22.6.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

25

3

2

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Asim Ademov, Isabella Adinolfi, Christine Anderson, Andrea Bocskor, Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re, Laurence Farreng, Tomasz Frankowski, Romeo Franz, Irena Joveva, Petra Kammerevert, Niyazi Kizilyürek, Predrag Fred Matić, Dace Melbārde, Victor Negrescu, Niklas Nienaß, Peter Pollák, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Andrey Slabakov, Massimiliano Smeriglio, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Salima Yenbou, Milan Zver

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Pernando Barrena Arza, Loucas Fourlas, Ibán García Del Blanco

 

 

 


VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

 

25

+

PPE

Asim Ademov, Andrea Bocskor, Loucas Fourlas, Tomasz Frankowski, Peter Pollák, Michaela Šojdrová, Sabine Verheyen, Milan Zver

S&D

Ibán García del Blanco, Petra Kammerevert, Predrag Fred Matić, Victor Negrescu, Marcos Ros Sempere, Domènec Ruiz Devesa, Massimiliano Smeriglio

RENEW

Vlad-Marius Botoş, Ilana Cicurel, Laurence Farreng, Irena Joveva

VERTS/ALE

Romeo Franz, Niklas Nienaß, Salima Yenbou

GUE/NGL

Pernando Barrena Arza, Niyazi Kizilyürek

NI

Isabella Adinolfi

 

3

-

ID

Christine Anderson, Gilbert Collard, Gianantonio Da Re

 

2

0

ECR

Dace Melbārde, Andrey Slabakov

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 


 

 

 

 

TUAIRIM ÓN gCOISTE UM CHEARTA NA mBAN AGUS UM CHOMHIONANNAS INSCNE (9.7.2020)

chuig an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile

maidir leis an tuarascáil ar chur chun feidhme na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach: Dearcthaí diúltacha i leith daoine de chúlra Romach san Eoraip a chomhrac

(2020/2011(INI))

Rapóirtéir don tuairim: Lívia Járóka

 

 


 

MOLTAÍ

Iarrann an Coiste um Chearta na mBan agus um Chomhionannas Inscne ar an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile, mar an coiste atá freagrach, na moltaí seo a leanas a ionchorprú ina thairiscint i gcomhair rúin:

A de bhrí gurb iad na Romaigh an mionlach eitneach is mó san Eoraip agus tuairim is 6 milliún duine de chúlra Romach ina gcónaí in AE, a bhfuil saoránacht Ballstáit ag a bhformhór; de bhrí go gcuimsíonn an téarma ‘Romach’ grúpaí ilchineálacha, lena n-áirítear Romaigh, Giofóga, Taistealaithe, Manúisigh, Aisceailígh, Sintígh agus daoine Boyash; de bhrí go bhfuil ceart comhionann ag gach duine in AE, agus dualgas orthu, a bheith ina bhall iomlán, gníomhach agus comhtháite den tsochaí, agus go léiríonn staitisticí go bhfuil a gceart daonna fós á gceilt ar na Romaigh san Eoraip agus go bhfuil tuairim is 80 % de dhaoine de chúlra Romach ina gcónaí faoi bhun thairseach baoil bochtaineachta a dtíre; de bhrí gur cuid de chultúr agus luachanna na hEorpa iad na Romaigh agus gur rannchuidigh siad le saibhreas cultúrtha, éagsúlacht, geilleagar agus stair choiteann AE; de bhrí go bhfuil ról ríthábhachtach sa chomhtháthú sóisialta ag cosaint agus neartú na hoidhreachta cultúrtha a bhaineann le mionlaigh náisiúnta sna Ballstáit; de bhrí nach mór daoine de chúlra Romach a bheith in ann páirt iomlán a ghlacadh i bpleanáil, cur chun feidhme, meastóireacht agus faireachán beart chun feabhas a chur ar a gcás, agus fíor-thuairim a thabhairt de;

B. de bhrí gur minic a dhéantar idirdhealú trasnach ar mhná agus cailíní de chúlra Romach, arb idirdhealú é a bhaineann le frithghiofógachas agus gnéasachas agus le steiréitíopaí díobhálacha, agus gur minic a dhéantar an t-idirdhealú sin sa tsochaí i gcoitinne agus laistigh dá bpobail féin; de bhrí go bhfuil siad ar cheann de na grúpaí is mó atá faoi mhíbhuntáiste sna Ballstáit, go bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí neamhleora ina bhfuil rochtain mhíchothrom ar oideachas, ar obair, ar sheirbhísí sláinte, ar uisce buacaire agus ar shláintíocht, agus bacainní sonracha orthu, agus go bhfuil siad i measc na ngrúpaí is mó atá thíos leis mar gheall ar phaindéim COVID-19;

C. de bhrí gur mionlach é an pobal Romach atá i mbaol eisiamh sóisialta, mar gheall ar rochtain neamhchothrom ar oideachas nó mar gheall ar leibhéil ísle oideachais, rud a fhágann iad a bheith ar díth na gcáilíochtaí is gá i margadh an tsaothair agus, uime sin, gur measa a staid maireachtála agus sláinte; de bhrí go bhfuil sciar na neamhláithreachta, na luathfhágála scoile agus an céatadán de dhaoine óga nach bhfuil i mbun fostaíochta, oideachais ná oiliúna (NEETanna) i measc na Romach i bhfad níos airde ná an meán, agus 68 % de na Romaigh ag fágáil an oideachais go luath i gcodarsnacht le sprioc Eoraip 2020 go mbeadh an sciar de luathfhágálaithe scoile cothrom le 10 %; de bhrí nach dtéann ach 18 % de leanaí de chúlra Romach ar aghaidh go dtí an t-ardoideachas; de bhrí go bhfuil gá le tacaíocht oideachais níos fearr, le pleanáil ghairme agus le hathrú meoin i measc gairmithe san oideachas i leith daltaí Romacha chun tacú lena scileanna poist agus lena rochtain ar shaothar;

D. de bhrí gur daoine nach bhfuil i mbun oideachais, fostaíochta ná oiliúna iad 72 % de mhná óga de chúlra Romach atá idir 16 agus 24 bliana d’aois, i gcomparáid le 55 % d’fhir óga de chúlra Romach; de bhrí gur thug 28 % de na mná uile de chúlra Romach a ndearnadh suirbhé orthu i suirbhé EU-MIDIS II le fios gurb í ‘obair tí’ a bpríomhghníomhacht, i gcomparáid le 6 % de na fir uile; de bhrí go bhfuil an cóimheas sin ard do mhná de chúlra Romach i gcomparáid le mná sa phobal i gcoitinne[49]; de bhrí go ndéanann steiréitíopaí inscne, traidisiúin agus struchtúir phatrarcacha dochar do mhná agus d’fhir, go gcuireann siad bac ar chearta ban agus ar bhaint amach an chomhionannais inscne agus nach féidir iad a úsáid riamh mar leithscéal d’fhoréigean ná do leatrom: de bhrí gur bunriachtanach ó aois óg uirlisí oideachais i gcomhair oideachas atá íogair ó thaobh inscne de chun dul i ngleic le steiréitíopaí;

E. de bhrí, ag aois an-óg, go dtagann cuid mhór den phobal Romach chun bheith neamhspleách agus go mbíonn muirear orthu; de bhrí go bhfuil mná óga Romacha ar a bhfuil muirear agus a bhfuil cónaí orthu i lonnaíochtaí neamhleora go mór i mbaol an eisiaimh agus an imeallaithe; de bhrí gur gá an feiniméan sin a thuiscint agus dul i ngleic leis trí bhearta atá íogair ó thaobh inscne de in éineacht leis na Romaigh; de bhrí gur gá infheistíochtaí atá spriocdhírithe agus atá íogair ó thaobh inscne de a dhéanamh, go sonrach, i ndáil le mná agus fir óga de chúlra Romach a phós, a d’fhág an scoil agus a chuaigh i mbun oibre ag aois óg, rud a fhágann go bhfaigheann siad poist ar bheagán oiliúna agus nach mbíonn mórán deiseanna acu forbairt phearsanta a dhéanamh; de bhrí gur bunriachtanach, dá bhrí sin, comhairleoireacht, ról an teaghlaigh, agus eolas faoi chearta gnéis agus atáirgthe maidir le tacaíocht a thabhairt do theaghlaigh óga de chúlra Romach agus go dteastaíonn ina leith obair atá íogair ó thaobh cultúir de agus atá bunaithe ar eolas bunúsach ar dhifríochtaí cultúrtha agus ar thraidisiúin chultúrtha idir cultúr na Romach agus an gnáthchultúr;

F. de bhrí go bhfuil mná de chúlra Romach go mór i mbaol na bochtaineachta, an eisiaimh shóisialta agus na diandíothachta; de bhrí nach bhfuil rochtain acu ar thithíocht ná ar oideachas, gur lú líon na mban Romacha atá i bhfostaíocht i gcomparáid le líon na bhfear Romach agus leis an bpobal i gcoitinne agus go bhfuil a gcearta sláinte fós á sárú; de bhrí go bhfuil faillí mhór fós á déanamh sna riachtanais shonracha atá ag Romaigh LGBTI+, ag mná Romacha atá faoi mhíchumas agus ag Romaigh scothaosta;

G. de bhrí go bhfuil na rátaí fostaíochta i bhfad níos ísle (16 %) do mhná de chúlra Romach ná d’fhir de chúlra Romach (34 %); de bhrí, i gcomparáid leis sin, go bhfuil an bhearna inscne fós suntasach sa phobal i gcoitinne, ach nach bhfuil sí chomh mór agus atá sí i measc daoine de chúlra Romach – tá 71 % d’fhir fostaithe, i gcomparáid le 57 % de mhná[50];

H. de bhrí go bhfuil rochtain ar sheirbhísí sláinte thar a bheith tábhachtach do mhná, go háirithe rochtain shábháilte, thráthúil agus iomlán ar shláinte agus cearta gnéis agus atáirgthe (SRHR), ós rud é gur bonn é chun comhionannas inscne a bhaint amach;

I. de bhrí go bhfuil cónaí ar líon suntasach daoine de chúlra Romach sna Balcáin Thiar, ar daoine iad a bhfuil a n-ionchas saoil, a sláinte, a leibhéil oideachais, an fhostaíocht atá acu agus an staid ina bhfuil siad níos measa i gcomparáid le daoine atá ina gcónaí san Aontas Eorpach;

J. de bhrí go bhfuil mná de chúlra Romach á n-eisiamh go comhsheasmhach ó rannpháirtíocht fhóinteach sa tsochaí agus sa daonlathas, agus go bhfuil easpa ionadaíochta acu i bparlaimintí Eorpacha agus náisiúnta araon agus ar an leibhéal réigiúnach agus ar an leibhéal áitiúil; de bhrí go bhfuil sé bunriachtanach tacú le cur chun cinn an chomhionannais inscne agus an chomhionannais do mhionlaigh sa phobal Romach; de bhrí nach mór prionsabal an phríomhshruthaithe inscne a chur i bhfeidhm maidir le feabhsú staid na Romach a phleanáil, a chur chun feidhme, a mheas agus faireachán a dhéanamh air;

K. de bhrí gur bunluachanna iad prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an chomhionannais a chumhdaítear sa Chonradh ar an Aontas Eorpach agus i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh; de bhrí go bhfuil bacainní ar leith le sárú ag daoine de chúlra Romach ó thaobh rochtain a fháil ar sheirbhísí poiblí i réimsí na fostaíochta, na tithíochta agus an oideachais luath-óige; de bhrí go mbíonn tionchar níos mó fós ag an idirdhealú sin ar mhná mar gur minic a bhíonn orthu cuid mhór de na cúraimí tí a ghlacadh orthu féin; de bhrí go bhfuil faillí mhór fós á déanamh i riachtanais shonracha íospartaigh an idirdhealaithe arb é gnéaschlaonadh is siocair leis;

L. de bhrí go ndearna iarmhairtí eacnamaíocha agus sóisialta ghéarchéim COVID-19 difear suntasach don phobal Romach; de bhrí go bhfuil a bhfoinsí ioncaim laethúil caillte ag a lán Romach agus go bhfuil rochtain laghdaithe acu ar shochair shóisialta, rud atá níos deacra de dheasca bearta coraintín; de bhrí go bhfuil méadú tagtha ar an líon coireanna fuatha agus cásanna idirdhealaithe i gcoinne saoránaigh Romacha i réimsí áirithe le linn na paindéime agus go bhfuil baol díréireach ag roinnt leo do mhná agus do chailíní;

1. á chur in iúl gurb oth léi an easpa thromchúiseach dul chun cinn atá déanta maidir le cumhachtú agus cuimsiú ban Romacha ó glacadh Creat AE do Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach (NRIS) suas go dtí 2020;

2. ag tathant ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar mná agus cailíní de chúlra Romach a áireamh i gcur chun feidhme na Straitéise maidir le Comhionannas Inscne agus i ngach céim den cheapadh beartais i réimsí beartais uile AE, lena n-áirítear Plean Téarnaimh AE agus an creat airgeadais ilbhliantúil (CAI) treisithe don tréimhse 2021-2027, i gcomhréir le prionsabal ginearálta na trasnachta a roinneann leis an Straitéis; á iarraidh ar an gCoimisiún gné na hinscne a ráthú i gCreat uaillmhianach de chuid an Aontais do NRIS don ré i ndiaidh 2020; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cur chuige atá íogair ó thaobh inscne agus leanaí de a áireamh agus a phríomhshruthú bunaithe ar anailís ar na riachtanais atá ag mná agus leanaí de chúlra Romach agus idirghabhálacha spriocdhírithe lena ndírítear ar na cearta atá ag mná de chúlra Romach, ar chumhachtú agus ar phríomhshruthú inscne sa chéad NRIS eile;

3. ag tathant ar na Ballstáit torthaí éifeachtacha a bhaint amach maidir le bearta áitiúla a chur chun feidhme chun tacú le NRIS i gceithre phríomhréimse: rochtain ar oideachas, fostaíocht, cúram sláinte agus tithíocht; á iarraidh, dá bhrí sin, ar rialtais na mBallstát, ar údaráis áitiúla agus, i gcás inarb ábhartha, ar institiúidí AE mná Romacha a rannpháirtiú, trí eagraíochtaí ban, eagraíochtaí neamhrialtasacha Romacha agus geallsealbhóirí ábhartha, in ullmhú, cur chun feidhme, meastóireacht agus faireachán NRIS agus naisc a chruthú idir comhlachtaí comhionannais inscne, eagraíochtaí um chearta na mban agus straitéisí um chuimsiú sóisialta chun muinín a chothú le pobail agus íogaireacht i leith comhthéacsanna áitiúla a áirithiú; á iarraidh ar an gCoimisiún freisin aghaidh a thabhairt ar an gcomhionannas inscne ar bhealach comhsheasmhach agus Straitéis AE 2020 agus na cláir athchóirithe náisiúnta á gcur chun feidhme aige; á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit dul i ngleic leis an bhfrithghiofógachas mar chineál ciníochais ar féidir idirdhealú struchtúrach teacht as;

4. á iarraidh ar an gCoimisiún ‘sreabhchairt’ de phróiseas AE um chuimsiú na Romach a thíolacadh lena gcumhdófar an méid a baineadh amach, na cuspóirí, na bearta sonracha arna n-úsáid chun na cuspóirí sin a ghnóthú, an staid mar atá maidir le bearta cur chun feidhme agus na chéad chéimeanna eile;

5. á chur i bhfáth go gcaithfear urraim a thabhairt do chearta gnéis agus atáirgthe mná agus cailíní de chúlra Romach, lena n-áirítear obair a dhéanamh chun feabhas a chur ar an rochtain atá acu ar oideachas gnéasach cuimsitheach, ar scrúduithe leighis, ar chúram réamhbhreithe agus iarbhreithe agus ar phleanáil teaghlaigh – lena n-áirítear ginmhilleadh sábháilte agus dlíthiúil; ag cáineadh go láidir idirdheighilt eitneach mná de chúlra Romach i saoráidí cúraim sláinte do mháithreacha; á iarraidh ar na Ballstáit an uile chineál leithscartha eitnigh i saoráidí sláinte a thoirmeasc láithreach bonn, lena n-áirítear suíomhanna cúraim sláinte do mháithreacha; á iarraidh ar an Ballstáit leigheasanna éifeachtacha agus tráthúla a áirithiú don uile dhuine a tháinig slán as steiriliú éigeantach agus comhéigneach, lena n-áirítear trí scéimeanna cúitimh éifeachtacha a bhunú;

6. á iarraidh ar na Ballstáit rochtain ar chláir oideachais dhídheighilte, go háirithe an fhoghlaim luath-óige, an fhoghlaim aosach agus an fhoghlaim ar feadh an tsaoil, a áireamh ina gcláir um Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach maille le gníomhaíochtaí spriocdhírithe chun aghaidh a thabhairt ar neamhláithreacht agus luathfhágáil na scoile ionas go n-áireofar mná Romacha san oideachas agus i margadh an tsaothair uime sin; á iarraidh ar na Ballstáit cumhachtú ban agus cailíní Romacha a áireamh mar chuspóir cothrománach i réimsí tosaíochta uile na Straitéisí Náisiúnta maidir le Lánpháirtiú na Romach, agus a rannpháirtíocht sa tsochaí agus sa saol poiblí a spreagadh go gníomhach; ag tathant ar na Ballstáit aghaidh a thabhairt ar fhoréigean inscnebhunaithe i gcoinne mná agus cailíní de chúlra Romach, lena n-áirítear póstaí luatha agus póstaí éigeantais, easpa rochtana ar SRHR, steiriliú éigeantach, brúidiúlacht póilíní, nó cineálacha éagsúla dúshaothraithe eile;

7. ag tathant, dá bhrí sin, ar na Ballstáit go léir nár dhaingnigh Coinbhinsiún Iostanbúl go fóill é sin a dhéanamh mar ábhar práinne;

8. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit cailíní agus mná de chúlra Romach a áireamh ar bhealach níos sainráite i mbeartais mhargadh an tsaothair, lena n-áirítear an Ráthaíocht don Aos Óg;

9. á thabhairt chun suntais go gcaithfear poist agus beatha daoine de chúlra Romach a dhaingniú chun nach mbeidh siad níos boichte agus níos leochailí fós tar éis na tréimhse sin; á iarraidh, dá bhrí sin, go ndéanfaí Coinbhinsiúin 190 agus 189 na hEagraíochta Idirnáisiúnta Saothair a chur chun feidhme, chun cearta oibrithe, go háirithe cearta ban, a neartú d’fhonn deireadh a chur leis an ngeilleagar neamhfhoirmiúil;

10. á iarraidh ar na Ballstáit na forálacha a leagtar amach sa mholadh ón gComhairle an 9 Nollaig 2013[51] a chur chun feidhme, lena gcuirtear chun cinn deiseanna fostaíochta sa státseirbhís do dhaoine ar de bhunadh mionlach eitneach iad, amhail daoine de chúlra Romach agus mná go háirithe;

11. á chur i bhfáth go bhféadfadh sé gur mar gheall ar líon mór ban a bheith ag déanamh obair tí mar a bpríomhghníomhaíocht go bhfuil bearna inscne ann sa rannpháirtíocht i margadh an tsaothair i measc daoine de chúlra Romach; á iarraidh ar na Ballstáit steiréitíopaí eitneacha agus inscnebhunaithe a dhéanann difear do mhná de chúlra Romach a chomhrac;

12. á iarraidh ar na Ballstáit rannpháirtíocht níos láidre gnólachtaí a spreagadh, go háirithe ar an leibhéal áitiúil, agus breithniú a dhéanamh i dtaobh tacú le forbairt fiontar sóisialta chun ionaid oibre inbhuanaithe a chruthú do dhaoine de chúlra Romach, agus béim á leagan ar mhná;

13. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit fíorphlean cistithe a bhunú chun mná, agus go háirithe na mná is leochailí, a fhuascailt ón bhforéigean fearaíoch agus gnéasach agus chun a chur ar a gcumas cúnamh éigeandála agus morálta a fháil le rochtain ar thithíocht, faireachán síceolaíoch agus airgeadais agus tacaíocht do neamhspleáchas airgeadais;

14. á thabhairt chun suntais go gcaithfear cúnamh speisialta a chur i bhfeidhm do na mná is leochailí, i.e. íospartaigh gáinneála agus striapachais, chun go mbeidh siad in ann an cúram agus an tslándáil is gá a fháil chun iad a fhuascailt ón teacht i dtír gnéasach;

15. ag súil le straitéis AE atá ar na bacáin maidir le deireadh a chur leis an ngáinneáil ar dhaoine, ós rud é go bhfuil mná agus cailíní de chúlra Romach an-leochaileach; á chur i bhfios go láidir go bhfuil gá le fócas soiléir inscne agus le dearcadh atá dírithe ar chearta íospartach, lena n-áirítear bearta agus straitéisí chun an t-éileamh a laghdú; á iarraidh ar an gComhairle, thairis sin, an chaibidlíocht ar an treoir chothrománach maidir leis an bhfrith-idirdhealú a scaoileadh, ós rud é gur réamhriachtanas í chun comhionannas a bhaint amach san Aontas;

16. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit beartais phoiblí a fhorbairt chun timpeallacht a chruthú inar féidir le daoine de chúlra Romach teagmhais de chóir idirdhealaitheach, lena n-áirítear próifíliú eitneach idirdhealaitheach, a thuairisciú go muiníneach, agus a fhios a bheith acu go nglacann na húdaráis inniúla go dáiríre lena gcuid gearán agus go ndéileálann na húdaráis inniúla leo;

17. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit tacú le rochtain ar cheartas do na Romaigh, agus béim á leagan ar íospartaigh idirdhealaithe ilchineálaigh amhail mná, LGBTI+ agus Romaigh nach saoránaigh iad agus acmhainneacht comhlachtaí comhionannais déileáil le hidirdhealú i gcoinne daoine de chúlra Romach a atreisiú;

18. á iarraidh ar na Ballstáit an leithscaradh spáis, na díshealbhuithe éigeantacha agus an easpa dídine lena mbíonn ar fhir agus mná de chúlra Romach dul i ngleic a chomhrac; ag tabhairt dá aire, agus é ina ábhar imní di, gurb í an tithíocht, de réir thuarascáil cur chun feidhme 2019 ón gCoimisiún[52], an beartas lena ngabhann an líon is lú samplaí de chuir chuige a bhfuil gealladh fúthu is coiteann ag roinnt tíortha; á iarraidh ar na Ballstáit, dá bhrí sin, bearta a dhéanamh chun feabhas ollmhór a chur ar dhálaí tithíochta le beartais thrédhearcacha, agus céim a ghlacadh i dtreo na dídheighilte mar thosaíocht fhadtéarmach seachas feabhas a chur ar cháilíocht i suíomhanna leithscartha; á chur i bhfáth go gcaithfear tairbhithe de chúlra Romach a rannpháirtiú i gceapadh agus cur chun feidhme roghanna tithíochta pobail agus aonair;

19. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú nach ndéanfaidh bearta déine difear díréireach do mhná Romacha ná do mhná den Lucht Siúil agus go mbeidh prionsabail chearta an duine mar bhonn taca le cinntí buiséid; ag moladh do na Ballstáit cláir a chur ar bun a bheidh spriocdhírithe agus saincheaptha chun tacaíocht a sholáthar do mhná de chúlra Romach lena méadófar a rannpháirtíocht trí bhíthin oideachais (lena n-áirítear oideachas cultúrtha, stairiúil agus sibhialta), gníomhaíocht ghairmiúil, cosaint sláinte agus tithíocht níos fearr agus lena dtabharfar aghaidh ar aon réimsí ina bhféadfaí idirdhealú a dhéanamh; á iarraidh ar an gCoimisiún uirlis nó fochlár cistiúcháin nua atá nasctha le clár cistiúcháin oideachais agus shóisialta de chuid an Aontais atá ann cheana, agus atá beartaithe le haghaidh tacaíocht spriocdhírithe agus shaincheaptha chun oideachas ardcháilíochta a sholáthar do dhaltaí de chúlra Romach, agus do chailíní go háirithe, a bhreithniú;

20. á thabhairt chun suntais a thábhachtaí atá sé daoine óga de chúlra Romach a spreagadh leis an ardoideachas a chríochnú chun feabhas a chur ar a n-ionchais fostaíochta agus ar a rannpháirtíocht sa tsochaí;

21. á iarraidh ar na Ballstáit béim níos mó a leagan ar ghnéithe críochacha an chuimsithe shóisialta ina NRIS, agus díriú ar na micriréigiúin is díothaí trí bhíthin cláir forbartha atá casta agus comhtháite;

22. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit measúnuithe tionchair inscne a dhéanamh agus bearta sonracha a gcuid NRIS á gceapadh acu;

23. á iarraidh ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh rochtain chomhionann ar oideachas leanaí agus oideachas luath-óige, seirbhísí forbartha leanaí agus oideachas comhpháirtíochta tuismitheoirí ardcháilíochta agus inacmhainne do leanaí de chúlra Romach, spriocanna Barcelona do chúram leanaí a thabhairt isteach athuair, agus seirbhísí cúraim inrochtana, inacmhainne agus ardcháilíochta a fhorbairt don saolré iomlán;

24. á iarraidh ar na Ballstáit gach beart is gá a dhéanamh chun cosc a chur ar dhífhostú fostaithe le linn toirchis nó máithreachais, agus breithniú a dhéanamh i dtaobh tógáil leanaí a aithint mar thréimhse a chuirtear san áireamh i leith teidlíochtaí pinsin;

25. á iarraidh ar na Ballstáit líonraí de dhaltaí de chúlra Romach a chur chun cinn, dlúthpháirtíocht eatarthu a spreagadh, chun infheictheacht cásanna rathúla a mhéadú agus chun leithlisiú daltaí de chúlra Romach a shárú;

26. á iarraidh ar na Ballstáit teaghlaigh de chúlra Romach a spreagadh le bheith rannpháirteach i scoileanna, measúnú a dhéanamh ar na scoileanna ina ndéanann leanaí agus daoine óga de chúlra Romach staidéar, agus gach athrú is gá a dhéanamh chun comhtháthú agus gnóthachtáil oideachasúil gach duine a áirithiú; á chur i bhfios gur cheart go ndíreodh beartais shonracha ar chailíní de chúlra Romach, ar bhonn cásanna rathúla a bhailíochtaigh an pobal acadúil;

27. á chur i bhfios gur cheart dea-chleachtais ó na Ballstáit a mhalartú agus a chur chun cinn ar fud na hEorpa, lena n-áirítear réigiún na mBalcán, maidir le, inter alia, struchtúr na tithíochta agus na tacaíochta soghluaisteachta, rochtain ar sheirbhísí sláinte lena n-áirítear SRHR agus cumhdach árachais sláinte, beartais chánach agus saoráidí luath-óige a chur chun cinn; ag tabhairt dá haire gur cheart beartais chánach a bharrfheabhsú chun dreasachtaí do rannpháirtíocht i margadh an tsaothair i measc mná de chúlra Romach a neartú;

28. á iarraidh ar an gCoimisiún agus ar na Ballstáit a áirithiú go n-urramófar na cearta bunúsacha atá ag mná agus leanaí de chúlra Romach, trí úsáid a bhaint as modhanna éagsúla lena n-áirítear feachtais ardaithe feasachta, chun a áirithiú go mbeidh mná agus cailíní de chúlra Romach ar an eolas faoi na cearta atá acu faoi reachtaíocht náisiúnta atá ann cheana maidir le comhionannas inscne agus idirdhealú, agus chun traidisiúin phatrarcacha agus ghnéasaíocha a chomhrac tuilleadh;

29. á iarraidh ar na Ballstáit moltaí tír-shonracha reatha agus atá ar na bacáin a chur chun feidhme faoin Seimeastar Eorpach, lena n-áirítear bearta do mhná de chúlra Romach i gcomhaontuithe comhpháirtíochta; á chur i bhfáth, thairis sin, go dteastaíonn bailiú córasach sonraí imdhealaithe stóinsithe agus táscairí tionchair chun bonn eolais a chur faoi fhorbairtí beartais agus chun a áirithiú go ndéanfar an dul chun cinn a thomhas agus go ndéanfar faireachán air; ag meabhrú a thábhachtaí atá fothú acmhainneachta ina leith sin;

30. á chur i bhfáth nach mór do NRIS díriú ar mhná de chúlra Romach a chumhachtú chun smacht a bheith acu ar a saol féin trí bheith ina ngníomhairí infheicthe don athrú laistigh dá bpobail agus trína nguth a úsáid chun tionchar a imirt ar bheartais agus cláir a dhéanann difear dóibh; á chur i bhfáth nach mór do NRIS an athléimneacht shocheacnamaíoch atá ag mná de chúlra Romach a atreisiú (i.e. a gcumas dul in oiriúint don timpeallacht eacnamaíoch atá ag athrú go tapa), trí choigilteas a chur i bhfeidhm agus trí chosc a chur ar laghdú sócmhainní.

 


 

FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

Dáta an ghlactha

3.7.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

27

7

0

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Christine Anderson, Simona Baldassarre, Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Annika Bruna, Margarita de la Pisa Carrión, Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Lívia Járóka, Arba Kokalari, Alice Kuhnke, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Andżelika Anna Możdżanowska, Maria Noichl, Pina Picierno, Sirpa Pietikäinen, Samira Rafaela, Evelyn Regner, Diana Riba i Giner, Eugenia Rodríguez Palop, María Soraya Rodríguez Ramos, Christine Schneider, Isabella Tovaglieri, Ernest Urtasun, Hilde Vautmans, Elissavet Vozemberg-Vrionidi, Chrysoula Zacharopoulou

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Abir Al-Sahlani, Elena Kountoura, Terry Reintke, Jadwiga Wiśniewska

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE AR IARRADH TUAIRIM AIR

27

+

GUE/NGL

Elena Kountoura, Eugenia Rodríguez Palop

PPE

Rosa Estaràs Ferragut, Frances Fitzgerald, Cindy Franssen, Lívia Járóka, Arba Kokalari, Elżbieta Katarzyna Łukacijewska, Sirpa Pietikäinen, Christine Schneider, Elissavet Vozemberg-Vrionidi

Renew

Abir Al-Sahlani, Samira Rafaela, María Soraya Rodríguez Ramos, Hilde Vautmans, Chrysoula Zacharopoulou

S&D

Robert Biedroń, Vilija Blinkevičiūtė, Heléne Fritzon, Lina Gálvez Muñoz, Maria Noichl, Pina Picierno, Evelyn Regner

Verts/ALE

Alice Kuhnke, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ernest Urtasun

 

7

-

ECR

Margarita de la Pisa Carrión, Andżelika Anna Możdżanowska, Jadwiga Wiśniewska

ID

Christine Anderson, Simona Baldassarre, Annika Bruna, Isabella Tovaglieri

 

0

0

 

 

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 


FAISNÉIS MAIDIR LE GLACADH SA CHOISTE FREAGRACH

Dáta an ghlactha

3.9.2020

 

 

 

Toradh na vótála críochnaithí

+:

–:

0:

52

9

5

Feisirí a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Magdalena Adamowicz, Malik Azmani, Katarina Barley, Pernando Barrena Arza, Pietro Bartolo, Nicolas Bay, Vladimír Bilčík, Vasile Blaga, Ioan-Rareş Bogdan, Patrick Breyer, Saskia Bricmont, Joachim Stanisław Brudziński, Jorge Buxadé Villalba, Damien Carême, Caterina Chinnici, Clare Daly, Anna Júlia Donáth, Lena Düpont, Cornelia Ernst, Laura Ferrara, Nicolaus Fest, Jean-Paul Garraud, Sylvie Guillaume, Andrzej Halicki, Balázs Hidvéghi, Evin Incir, Sophia in ‘t Veld, Patryk Jaki, Lívia Járóka, Marina Kaljurand, Assita Kanko, Fabienne Keller, Peter Kofod, Moritz Körner, Alice Kuhnke, Juan Fernando López Aguilar, Lukas Mandl, Nuno Melo, Roberta Metsola, Nadine Morano, Javier Moreno Sánchez, Maite Pagazaurtundúa, Nicola Procaccini, Paulo Rangel, Terry Reintke, Diana Riba i Giner, Ralf Seekatz, Birgit Sippel, Sylwia Spurek, Tineke Strik, Ramona Strugariu, Annalisa Tardino, Tomas Tobé, Dragoş Tudorache, Milan Uhrík, Tom Vandendriessche, Bettina Vollath, Jadwiga Wiśniewska, Elena Yoncheva, Javier Zarzalejos

Comhaltaí ionaid a bhí i láthair ag an vótáil chríochnaitheach

Malin Björk, Klára Dobrev, Nathalie Loiseau, Kostas Papadakis, Domènec Ruiz Devesa, Loránt Vincze

 


 

VÓTÁIL CHRÍOCHNAITHEACH LE GLAO ROLLA SA CHOISTE FREAGRACH

52

+

PPE

Magdalena ADAMOWICZ, Vladimír BILČÍK, Vasile BLAGA, Ioan-Rareş BOGDAN, Lena DÜPONT, Andrzej HALICKI, Balázs HIDVÉGHI, Lívia JÁRÓKA, Lukas MANDL, Nuno MELO, Roberta METSOLA, Nadine MORANO, Paulo RANGEL, Ralf SEEKATZ, Tomas TOBÉ, Loránt VINCZE, Javier ZARZALEJOS

S&D

Katarina BARLEY, Pietro BARTOLO, Caterina CHINNICI, Klára DOBREV, Sylvie GUILLAUME, Evin INCIR, Marina KALJURAND, Juan Fernando LÓPEZ AGUILAR, Javier MORENO SÁNCHEZ, Domènec RUIZ DEVESA, Birgit SIPPEL, Sylwia SPUREK, Bettina VOLLATH, Elena YONCHEVA

RENEW

Malik AZMANI, Anna Júlia DONÁTH, Sophia in 't VELD, Fabienne KELLER, Moritz KÖRNER, Nathalie LOISEAU, Maite PAGAZAURTUNDÚA, Ramona STRUGARIU, Dragoş TUDORACHE

GLASAIGH/ALE

Patrick BREYER, Saskia BRICMONT, Damien CARÊME, Alice KUHNKE, Terry REINTKE, Diana RIBA I GINER, Tineke STRIK

EUL/NGL

Pernando BARRENA ARZA, Malin BJÖRK, Clare DALY, Cornelia ERNST

NI

Laura FERRARA 

 

9

-

ID

Nicolas BAY, Nicolaus FEST, Jean-Paul GARRAUD, Peter KOFOD, Annalisa TARDINO, Tom VANDENDRIESSCHE

ECR

Jorge BUXADÉ VILLALBA, Nicola PROCACCINI

NI

Milan UHRÍK

 

5

0

ECR

Joachim Stanisław BRUDZIŃSKI, Patryk JAKI, Assita KANKO, Jadwiga WIŚNIEWSKA

NI

Kostas PAPADAKIS

 

Eochair:

+ : i bhfabhar

- : i gcoinne

0 : staonadh

 

 

 

 

 

An nuashonrú is déanaí: 11 Meán Fómhair 2020
Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais