Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL V : CAIDREAMH LE hINSTITIUIDÍ AGUS LE COMHLACHTAÍ EILE
CAIBIDIL 3 : CEISTEANNA PARLAIMINTEACHA

Riail 141 : Ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair

1.   Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 140(1), (2), agus (3) i ndáil le ceisteanna i gcomhair freagra i scríbhinn maidir leis an Sásra Maoirseachta Aonair agus an Sásra Réitigh Aonair. Déanfar líon na gceisteanna sin a dhealú ón uaslíon de shé cheist in aghaidh na míosa dá bhforáiltear i Riail 140(1).

2.   Más rud é nach mbeidh freagra i scríbhinn faighte ar cheist laistigh de thréimhse cúig seachtaine, féadfar, ar iarraidh ó údar na ceiste, í a chur ar an gclár oibre don chéad chruinniú eile den choiste freagrach le Cathaoirleach Bhord an tseolaí.

An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais