Ar ais 
 Ar aghaidh 
Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa
9ú téarma parlaiminteach - Samhain 2023
EPUB 159kPDF 726k
CLÁR
NOTA DON LEITHEOIR
COIMRE DE NA PRÍOMHGHNÍOMHARTHA DLÍ A BHAINEANN LEIS NA RIALACHA NÓS IMEACHTA

TEIDEAL VIII : COISTÍ AGUS TOSCAIREACHTAÍ
CAIBIDIL 1 : COISTÍ

Riail 222 : Éisteachtaí poiblí agus díospóireachtaí maidir leis na tionscnaimh ó na saoránaigh

1.   I gcás ina mbeidh an fógra maidir le tionscnamh ó na saoránaigh foilsithe ag an gCoimisiún sa chlár ábhartha de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (1), déanfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, ar mholadh ó Chathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, an méid seo a leanas:

(a)   a chur de chúram ar an gcoiste atá freagrach as an ábhar de réir Iarscríbhinn VI eagrú a dhéanamh ar an éisteacht phoiblí dá bhforáiltear in Airteagal 14(2) de Rialachán (AE) 2019/788; beidh an coiste atá freagrach as achainíocha comhlachaithe go huathoibríoch faoi Riail 57;

(b)   féadfaidh an tUachtarán, más rud é maidir le dhá thionscnamh ó na saoránaigh nó níos mó, a bhfuil na fógraí ina leith foilsithe sa chlár ábhartha de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2019/788 agus a bhfuil ábhar comhchosúil acu, a chinneadh, tar éis dul i gcomhairle leis na heagraithe, go bhfuil éisteacht phoiblí chomhpháirteach le heagrú ina ndéileálfar leis na tionscnaimh go léir ó na saoránaigh ar bhonn cothrom.

2.   Maidir leis an gcoiste atá freagrach as an ábhar:

(a)   déanfaidh sé a fhíorú an raibh cruinniú ag an gCoimisiún leis an ngrúpa eagraithe ag leibhéal iomchuí i gcomhréir le hAirteagal 15(1) de Rialachán (AE) 2019/788;

(b)   déanfaidh sé a áirithiú, más gá sin, le tacaíocht Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí, go mbeidh an Coimisiún páirteach go cuí in eagrú na héisteachta poiblí agus go mbeidh ionadaíocht ag leibhéal iomchuí aige san éisteacht.

3.   Déanfaidh Cathaoirleach an choiste atá freagrach as an ábhar an éisteacht phoiblí a chomóradh ag dáta iomchuí laistigh de thrí mhí ón tionscnamh a thíolacadh chuig an gCoimisiún de bhun Airteagal 13 de Rialachán (AE) 2019/788.

4.   Eagróidh an coiste freagrach an éisteacht phoiblí sa Pharlaimint, i gcomhréir le cibé institiúidí agus comhlachtaí de chuid an Aontais ar mian leo a bheith páirteach inti, más iomchuí. Féadfaidh sé a iarraidh ar gheallsealbhóirí eile a bheith i láthair.

Déanfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar cuireadh a thabhairt do ghrúpa ionadaíoch de na heagraithe, lena n- áirítear duine amháin ar a laghad de na daoine teagmhála dá dtagraítear sin Airteagal 5(3), an chéad fhomhír, de Rialachán (AE) 2019/788, an tionscnamh a chur i láthair ag an éisteacht.

5.   Déanfaidh an Biúró, i gcomhréir leis na socruithe atá comhaontaithe leis an gCoimisiún, rialacha a ghlacadh maidir leis na costais a bheidh tabhaithe a aisíoc.

6.   Féadfaidh Uachtarán na Parlaiminte agus Cathaoirleach Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí a gcumhachtaí faoin Riail seo a tharmligean chuig Leas-Uachtarán agus chuig cathaoirleach eile faoi seach.

7.   Má bhíonn na coinníollacha a leagtar síos i Riail 57 nó i Riail 58 á gcomhlíonadh, beidh feidhm freisin ag na coinníollacha sin, le coistí eile. Beidh feidhm freisin ag Rialacha 210 agus 211.

Ní bheidh feidhm ag Riail 25(9) maidir le héisteachtaí poiblí i ndáil le tionscnaimh ó na saoránaigh.

8.   Beidh díospóireacht ag an bParlaimint ar thionscnamh ó na saoránaigh a bhfuil fógra ina leith foilsithe sa chlár ábhartha de bhun Airteagal 14(1) de Rialachán (AE) 2019/788, ag páirtseisiún tar éis na héisteachta poiblí agus, déanfaidh sí, nuair a bheidh an díospóireacht á cur ar a clár oibre, a chinneadh i dtaobh cibé acu ba cheart nó nár cheart an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún. Ní dhéanfaidh sí an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún má tá tuarascáil ar an ábhar céanna nó ar ábhar comhchosúil sceidealta lena tógáil sa pháirtseisiún céanna nó sa pháirtseisiún ina dhiaidh sin, mura rud é go molann an tUachtarán a mhalairt ar chúiseanna eisceachtúla. Má chinneann an Pharlaimint an díospóireacht a thabhairt chun críche le rún, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar, grúpa polaitiúil nó Feisirí a shroicheann an tairseach íseal ar a laghad tairiscint i gcomhair rúin a chur síos. Beidh feidhm mutatis mutandis ag Riail 132(3) go (8) a bhaineann le tairiscintí i gcomhair rúin a chur síos agus le vótáil a dhéanamh orthu.

9.   Tar éis na teachtaireachta ón gCoimisiún lena leagfar amach a chonclúidí dlíthiúla agus polaitiúla maidir le tionscnamh ar leith ó na saoránaigh, déanfaidh an Pharlaimint measúnú ar na gníomhartha a ghlac an Coimisiún de thoradh na teachtaireachta sin. I gcás ina mainníonn an Coimisiún togra iomchuí a chur isteach maidir le tionscnamh ó na saoránaigh, féadfaidh an coiste atá freagrach as an ábhar éisteacht a eagrú i gcomhairliúchán le heagraithe an tionscnaimh ó na saoránaigh. Thairis sin, féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh i dtaobh ar cheart díospóireacht sa suí iomlánach a reáchtáil agus ar cheart an díospóireacht sin a thabhairt chun críche le rún. Beidh feidhm mutatis mutandis ag na nósanna imeachta a leagtar síos i Mír 8. Féadfaidh an Pharlaimint a chinneadh freisin an ceart a thugtar di le hAirteagal 225 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a fheidhmiú, agus an nós imeachta a leagtar síos i Riail 47 á ghníomhachtú ar an gcaoi sin.

(1) Rialachán (AE) 2019/788 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Aibreán 2019 maidir leis an Tionscnamh Eorpach ó na saoránaigh (IO L 130, 17.5.2019, lch. 55).
An nuashonrú is déanaí: 27 Deireadh Fómhair 2023Fógra dlíthiúil - Beartas príobháideachais