Baile

Duais Sakharov

Duais Sakharov: Duais Pharlaimint na hEorpa do chosantóirí ceart daonna  © European Parliament

Bronnadh Duais Sakharov um Shaoirse Smaointeoireachta, arb ionann í agus an comhartha ómóis is mó a thugann an tAontas Eorpach do dhícheall chearta an duine, den chéad uair in 1988 ar Nelson Mandela agus Anatoli Marchenko. Aithnítear léi daoine, grúpaí agus eagraíochtaí atá tar éis sárchion a dhéanamh do chosaint na saoirse smaointeoireachta.

Is tríd an duais agus trína líonra comhlachaithe a thacaíonn an tAontas Eorpach le buaiteoirí, a neartaítear agus a chumasaítear agus iad ag troid ar son a gcúiseanna.Is ar easaontaigh, ceannairí polaitiúla, iriseoirí, dlíodóirí, gníomhaithe na sochaí sibhialta, scríbhneoirí, máithreacha, mná céile, ceannairí mionlaigh, grúpa frithsceimhlitheoireachta, gníomhaithe síochána, gníomhaí frithchéasta, cartúnaí, príosúnach coinsiasa fadphianbhreithe, scannánóir, na Náisiúin Aontaithe mar chomhlacht agus fiú leanbh a throid ar son an chirt chun oideachais a bronnadh an duais go dtí seo. Cuirtear chun cinn go háirithe léi saoirse cainte, cearta mionlach, urraim don dlí idirnáisiúnta, forbairt an daonlathais agus riail an dlí a chur chun feidhme. Tar éis dóibh Duais Sakharov a bhuachan, bronnadh Duais Nobel na Síochána ar roinnt buaiteoirí freisin, Nelson Mandela, Malala Yousafzai, Denis Mukwege agus Nadia Murad ina measc.

Bronnann Parlaimint na hEorpa Duais Sakharov le dearlaic EUR 50 000 i suí iomlánach foirmiúil in Strasbourg i dtreo dheireadh gach bliana. Féadfaidh grúpaí polaitiúla den Pharlaimint agus Feisirí aonair iarrthóirí a ainmniú, (teastaíonn tacaíocht 40 Feisire ar a laghad do gach iarrthóir). Cuirtear na hainmnithigh i láthair ag suí comhpháirteach de na Coistí um Ghnóthaí Eachtracha agus um Fhorbairt agus den Fhochoiste um Chearta an Duine agus vótálann comhaltaí na lánchoistí ar ghearrliosta de thriúr. Roghnaíonn Comhdháil na nUachtarán, ar comhlacht de chuid Pharlaimint na hEorpa é a threoraíonn an t-uachtarán agus ina gcuimsítear ceannairí na ngrúpaí polaitiúla éagsúla uile a bhfuil ionadaíocht acu sa Pharlaimint, an buaiteoir nó na buaiteoirí deireanacha, a fhágann gur rogha Eorpach amach.

The Sakharov Prize - what it means