Iompar d’iarnród

Bileoga Eolais AE 01-02-2024

Tá beartas iompair iarnróid AE dírithe ar limistéar Eorpach aonair iarnróid a chruthú. Glacadh trí phacáiste agus athmhúnlú in imeacht 10 mbliana tar éis an earnáil iarnróid a oscailt d’iomaíocht in 2001. Glacadh an ceathrú pacáiste, a ceapadh chun an limistéar Eorpach aonair iarnróid a chomhlánú, i mí Aibreáin 2016 (an colún teicniúil) agus i mí na Nollag 2016 (an colún margaidh).