Éifeachtúlacht acmhainní agus an geilleagar ciorclach

Bileoga Eolais AE 05-12-2023

Tá leibhéil arda truaillithe, díghrádaithe comhshaoil agus ídiú na n-acmhainní nádúrtha ann mar thoradh ar phatrúin úsáide acmhainní an ama atá caite agus ar na patrúin reatha. Tá beartas dramhaíola AE dírithe go tradisiúnta ar bhainistiú dramhaíola inbhuanaithe. Is é is aidhm don Treochlár chuig Eoraip Éifeachtúil Acmhainní agus don Phacáiste don Gheilleagar Ciorclach geilleagar AE a athrú go dtí geilleagar inbhuanaithe faoi 2050. Faoin gComhaontú Glas don Eoraip, soláthraítear leis an bPlean Gníomhaíochta don Gheilleagar Ciorclach clár oibre atá dírithe ar an todhchaí le haghaidh Aontas Eorpach a bheidh níos glaine agus níos iomaíche.