Creat AE do bheartais fhioscacha

Bileoga Eolais AE 14-12-2023

Chun cobhsaíocht an Aontais Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta a áirithiú, is gá creat láidir a bheith ann chun airgeadas poiblí neamh-inbhuanaithe a sheachaint a mhéid is féidir. Tháinig athchóiriú (cuid den Sé-Phaca) lena leasaítear an Comhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (CCF), i bhfeidhm ag deireadh 2011. Tháinig athchóiriú eile sa réimse beartais sin, an Conradh idir-rialtasach ar Chobhsaíocht, ar Chomhordú agus ar Rialachas san Aontas Eacnamaíoch agus Airgeadaíochta (TSCG), lena n-áirítear an Comhshocrú Buiséadach, i bhfeidhm go luath in 2013. Thairis sin, tháinig rialachán maidir le measúnú a dhéanamh ar dhréachtphleananna buiséadacha naisiúnta (cuid den ‘Dé-Phaca’) i bhfeidhm i mí Bhealtaine 2013. An 26 Aibreán 2023, thíolaic an Coimisiún a thograí reachtacha le haghaidh athchóiriú rialachais eacnamaíoch an Aontais.