Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh

Bileoga Eolais AE 22-01-2024

Tá Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE) ar cheann de sheacht n-institiúid AE. Dhá chúirt dlí atá inti: an Chúirt Bhreithiúnais féin agus an Chúirt Ghinearálta. Tá sí freagrach as dlínse an Aontais Eorpaigh. Áirithíonn na cúirteanna go léirmhínítear agus go gcuirtear i bhfeidhm i gceart dlí príomha agus tánaisteach AE in AE. Déanann siad athbhreithniú ar dhlíthiúlacht gníomhartha institiúidí AE agus déanann siad cinneadh an bhfuil a n-oibleagáidí comhlíonta ag Ballstáit faoin dlí príomha agus tánaisteach. Tugann an Chúirt Bhreithiúnais léirmhínithe chomh maith ar dhlí AE nuair a iarrann breithiúna náisiúnta uirthi amhlaidh a dhéanamh.